Mikhail Sholokhov

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Mikhail Sholokhov sa bhliain 1938

Scríbhneoir Rúiseach a bhí i Mikhail Aleksandrovich Sholokhov (rugadh é in aice le Rostov na Donu i ndeisceart na Rúise ar an 24 Bealtaine 1905, agus fuair sé bás ar an 24 Feabhra 1984). Bronnadh Duais Nobel sa Litríocht air sa bhliain 1965,[1] agus ba é an t-úrscéal fada eipiciúil úd Тихий Дон/Tikhiy Don ("An Abhainn Chiúin Don") a thabhaigh an duais dó. Is í dúchinniúint na gCosacach cois Abhainn Don i ndeisceart na Rúise is ábhar don úrscéal.

Saol agus saothar[athraigh | edit source]

Tháinig an scríbhneoir chun saoil i gKruzhlinin, baile beag ar cuid de thailte an stanitsa úd Veshenskaya (is é is brí le stanitsa ná brainse áitiúil de chuid Arm na gCosacach sa tSean-Rúis), sa cheantar tuaithe timpeall na cathrach úd Rostov na Donu. Bhí athair an scríbhneora, Aleksandr Mikhailovich Sholokhov, ag dul le ceirdeanna éagsúla, idir mhuilleoireacht, fheirmeoireacht, agus cheannaíocht eallaigh. Bean bhocht Úcránach ab ea máthair an scríbhneora, Anastasia Danilovna Chernikova, agus í ina baintreach i ndiaidh Cosacaigh nuair a phós Aleksandr í. Ní raibh ceá ná ciú aici ag an am; níor fhoghlaim sí léamh ná scríobh ach ina bean aosta di, nuair a theastaigh uaithi litreacha a chur chuig a mac cáiliúil.

Bhí Mikhail óg ag freastal ar scoil, ach nuair a bhí sé trí bliana déag d'aois, d'éirigh sé as le dul le cogaíocht i gCogadh Cathartha na Rúise.

Thosaigh sé ag scríbhneoireacht nuair a bhí sé seacht mbliana déag, agus chríochnaigh sé an chéad ghearrscéal dhá bhliain ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1922, chuaigh sé go Moscó, agus é ag dréim lena chuid a shaothrú ar iriseoireacht, ach níor éirigh leis sin ach go measartha. B'éigean dó, mar sin, bia agus beatha a choinneáil leis féin ar obair chrua chorpartha, cosúil le stíbheadóireacht agus saoirsineacht chloiche. Bhí sé ina chuntasóir fosta, ó am go ham. Mar sin féin, bhí a dhóthain ama aige le freastal ar na seimineáir scríbhneoireachta. Theastaigh uaidh dul ar ollscoil freisin le hoideachas ceart a bhaint amach dó, ach nuair nár éirigh leis, d'fhill sé abhaile agus shocraigh síos i Veshenskaya sa bhliain 1924.

Phós sé Mariya Pyetrovna Gromoslavskaya sa bhliain chéanna - bean de phór uasal Chosacach, nó bhí a hathair ina ataman - ina ghinearál - ar stanitsa de chuid Arm na gCosacach. Saolaíodh ceathrar clainne dóibh: Svetlana Mikhailovna, Aleksandr Mikhailovich, Mikhail Mikhailovich, agus Mariya Mikhailovna.

Bhí Sholokhov ag foilsiú a chuid scéalta sna hirisí ón mbliain 1923 ar aghaidh. Sa bhliain 1926, tháinig na chéad bhailiúcháin i gcló faoi chlúdach leabhair, mar atá, Донские рассказы/Donskie rasskazy ("Gearrscéalta ó Abhainn Don") agus Лазоревая степь/Lazorevaya step ("An Steip Ghormghlas").

Ba é an mórúrscéal Тихий Дон/Tikhiy Don a thabhaigh clú domhanda don scríbhneoir. Foilsíodh ina cheithre imleabhar é ar dtús. Tháinig an chéad trí cinn acu i gcló sna blianta 1927-1928, ach níor cuireadh an ceann deireadh acu ar fáil ach sa bhliain 1940. Is é is ábhar don leabhar ná cinniúint na gCosacach i gCogadh Cathartha na Rúise. Cé go raibh an scríbhneoir féin ina Chumannach ceartchreidmheach, léirigh sé an-tuiscint do chás na gCosacach frith-Bhoilséavach i rith an chogaidh, rud a chuir fearg ar na léirmheastóirí Cumannacha. Thaitin an leabhar le Stailín go pearsanta, áfach, rud a shábháil an scríbhneoir chomh maith leis an leabhar ó lámh thapaidh na rúnseirbhíse. Mar sin, glacadh leis an úrscéal sa deireadh mar cheann de chlasaicigh mhóra na litríochta Sóivéadaí. I rith an Dara Cogadh Domhanda, haistríodh an leabhar gona lán teangacha ar fud an domhain, agus thug na léitheoirí Iartharacha féin an-taitneamh di.

Dealbh cuimhneacháin i Rostov na Donu i nDeisceart na Rúise

Níor éirigh chomh maith leis an úrscéal mór Поднятая целина/Podnyataya tselina ("An Branar Úr"). Foilsíodh an chéad imleabhar sa bhliain 1932, agus an dara ceann sa bhliain 1959. Thug an leabhar seo cur síos ar chomhsheilbhiú na dtailte san Aontas Sóivéadach - is é sin, an "dí-Chulacú" inar cuireadh ruaigeadh ar na mílte scológa as a dtailte toisc go raibh siad ina "bhfeirmeoirí saibhre", ina "gCulacaigh" de réir na tuisceana Cumannaí. Níor éirigh leis an leabhar go rómhaith, agus is dócha nach mbeifeá ag súil lena mhalairt, ó nach dtoillfeadh an ceartchreidmheachas Cumannach agus an fhírinne in aon leabhar amháin.

I rith bhlianta an chogaidh, d'fhoilsigh Sholokhov sleachta as úrscéal cogaidh nach raibh sé ábalta a chríochnú. Thairis sin, scríobh sé an gearrscéal fada Судьба человека/Sud'ba chelovyeka ("Cinniúint an Duine") faoi shaighdiúir Rúiseach ina chime ag na Gearmánaigh. Bhí sé ag obair ina chomhfhreagraí cogaidh, agus d'fhoilsigh sé cuid mhaith alt agus gné-alt i stíl cheartchreidmheach Chumannach.

Sa bhliain 1965, bronnadh Duais Nobel air sa litríocht. B'é an t-aon scríbhneoir Sóivéadach amháin a fuair an duais le caoinchead an rialtais Shóivéadaigh.

Fuair sé bás le hailse scornaí,[2] ó bhí sé an-trom ar thobac.

Leabharliosta Rúisise[athraigh | edit source]

  1. Донские рассказы/Donskiye rasskazý ("Scéalta ó Abhainn Don")
  2. Лазоревая степь/Lazoryevaya step´ ("An Steip Ghormghlas")
  3. Тихий Дон/Tikhiy Don ("Don, an Abhainn Chiúin"). Is é an t-úrscéal eipiciúil seo príomhshaothar Sholokhov. Tá cupla aistriúchán Béarla den cheann seo ann: And Quiet Flows the Don/The Don Flows Home to the Sea (an chéad dá imleabhar, 1934-1940), Quiet Flows the Don (aistriúchán iomlán, 1966). Scannánaíodh an t-úrscéal seo san Aontas Sóivéadach sna blianta 1957-58. B'é Sergei Gerasimov a stiúraigh an scannán, agus b'iad na príomhaisteoirí ná Petr Petrovich Glyebov (i bpáirt Grigoriy Myelyekhov), Elina Avraamovna Bystritskaya (i bpáirt Aksinya), Zinaida Mikhailovna Kiriyenko (i bpáirt Natalya) agus Lyudmila Ivanovna Khityayeva (i bpáirt Darya).
  4. Поднятая целина/Podnyataya tselina ("An Branar Úr")
  5. Они сражались за Родину/Oni srazhalis' za Rodinu ("Chuir siad troid ar son a dTire Dúchais")
  6. Наука ненависти/Nauka nenavisti ("Eolaíocht an Fhuatha")
  7. Слово о Родине/Slovo o Rodinye ("Focal faoin Tír Dhúchais")
  8. Судьба человека/Sud'ba chelovyeka ("Cinniúint an Duine")
  9. По велению души/Po vyelyeniyu dushi ("Mar a ordaíonn an t-anam")
  10. Россия в сердце/Rossiya v serdtse ("An Rúis sa Chroí")
  11. Собрание сочинений/Sobraniye sochinyeniy (a chuid saothar cnuasaithe in ocht n-imleabhar)

Tagairtí[athraigh | edit source]