Ailse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
cealla ag fás agus ag táirgeadh

Ailse a thugtar ar ghrúpa de ghalair áirithe ina mbíonn cealla ag fás agus ag táirgeadh cóipeanna as smacht[1]. Galar is ea ailse a fhéadfaidh a bheith marfach ina dtarlaíonn atáirgeadh neamhrialta i bhfíochán ar leith ionas go gcruthaítear siad sa cholainn[2].

Nuair is mall fás is leathadh an tsiada, is siad éadrom é, cosúil le faithní is baill dobhráin. Is siad urchóideach siad a leathann trí insíothlú isteach i bhfíocháin eile nó a théann isteach in imshruthú na fola, a neadaíonn is a fhásann siada (meiteastáiseanna) in áiteanna eile ar fud na colainne.

Is iomaí saghas ailse atá ann, agus is galair mharfacha iad cuid mhaith díobh. Tá níos mó ná 100 saghas ann, agus is cúis í le níos mó ná 30% de na básanna in Éirinn sa bhliain 2017[3].

Cúiseanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá go leor cúiseanna éagsúla ann.

Maraíonn ailse duine trí fhíocháin riachtanacha a mhilleadh, cur isteach ar a bhfeidhmeanna (trí othrasú, rith fola is ionfhabhtú), nó cur isteach ar chothú na colainne. Is údar ailse nó carcainigin aon ghníomhaí a chuireann tús le hailse.

Tá an-chuid harcainiginí ar eolas, ina measc caitheamh tobac, deatach tionsclaíoch, X-radaíocht, gáma-radaíocht, radaíocht ultraivialait, agus an-chuid ábhair datha, mar shampla aispeist.

Meastar go gcuireann carcainigin bun le hathruithe i ngéinte cille, agus gur uaidh sin a spreagann na géinte athraithe an fás neamhrialta ailseach.

Anailís[athraigh | athraigh vicithéacs]

Déantar anailísiú micreascópach ar chealla an tsiada urchóidigh, agus léiríonn sé sin airíonna is bunús na gceall.

Ailse ghoile

Má bhíonn airíonna bunúsacha na gceall caillte, deirtear go bhfuil siad nearnhdhifreáilte (anaplaisteach), agus de ghnáth bíonn siad mar seo an-urchóideach, ag fás meiteastáiseanna go tapa.

Go hiondúil ligeann anailís rnhicreascópach na gceall ailseach don dochtúir an chóireáil is fearr a phleanáil chun teacht sa mhullach ar an ailse: máinliacht, radaiteiripe le X-radaíocht nó gáma-radaíocht, nó ceimiteiripe le drugaí éagsúla.

Tíopeolaíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rangaítear ailsí i 4 ghrúpa mar seo:

  • carsanóma (a thosaíonn sa chraiceann nó i gcealla dromchlacha (eipitéileacha) na bhfíochán taobh istigh den cholainn),
  • sarcóma (a bhaineann le cnámh, matán, loingeán nó saill),
  • leoicéime (a thosaíonn i gcealla bána (leocaicítí) na fola), agus
  • liomfóma (a thosaíonn sa líonra feadán a bhailíonn an limfe, an leacht gan dath a phúscann amach as na fíocháin sa cholainn).

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Úsáidtear an leagan aillse i nGaeilge na hAlban.
  2. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  3. https://www.cancer.ie/about-us/media-centre/cancer-statistics agus http://www.cso.ie/en/index.html