Caitheamh tobac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Is fearr liom Afton"
Bhí na hÉireannaigh i gcónaí ag caitheamh tobac ?!

Is éard atá i gceist le caitheamh tobac ná cleachtadh ina n-ionanálaítear deatach dóite duilleoga tobac, ag baint úsáid de ghnáth as toitíní, todóga nó píopaí.[1]

Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cleachtadh andúile é, agus is eol go gcuireann sé tús, agus/nó go ngéaraíonn sé, le cuid mhaith galar, ailse scamhóg, ailse scornaí, galar corónach croí, is riochtaí riospráide cosúil le broincíteas is eimfiséime go háirithe.

Méadaíonn an priacal de réir mar a mhéadaíonn an líon toitíní a chaitear. I gcuid mhaith tíortha tá feachtais fógraíochta ina choinne, toirmeasc reachtúil ar fhógraíocht tobac, agus fógraí ar phriacail an tobac ar phaicéid toitíní.[1]

Cosc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cosc ar chaitheamh tobac in áiteanna oibre in Éirinn faoi na hAchtanna um Shláinte Phoiblí (Tobac) 2002-2015. Is é cuspóir an choisc ná le fostaithe agus an pobal a chosaint ó nochtadh d'éifeachtaí dochracha agus tocsaineacha deataigh tobac san ionad oibre.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh isteach an cleachtadh san Eoraip ó Mheiriceá ag taiscéalaithe luatha, sa 16ú haois.

Tóir mhór ar thoitíní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chéad leath den 20ú haois, bhí an chuma ar an scéal go raibh an domhan mór is a mháthair ag caitheamh toitín nó ag ól an phíopa. Ag tórraimh, go dtí lár an chéid seo caite, bhí sé mar nós (agus mar dhualgas) gal den phíopa cré a bheith agat chun ómós a thabhairt don té a bhí faoi chlár. Sa bhliain 1929 chuir gluaiseacht fheimineach i Meiriceá tús le feachtas ionas go mbeadh an stádas céanna ag mná is a bhí ag fir maidir le toitíní, sé sin go bhféadfaidís iad a chaitheamh go poiblí..[3]

Ba phrapa tábhachtach scannáin agus amharclannaíochta é an toitín chomh maith. Bhí toitíní gnéasúil. Sa scannán Now, Voyager (1942), lasann Jeremiah (Paul Henried) dhá thoitín ina bhéal, ceann dó féin agus ceann do Charlotte (Bette Davis). Tugann sé ceann acu di agus seo leis an mbeirt acu á gcaitheamh agus a súile greamaithe ina chéile chun a thabhairt le tuiscint go mbeadh caidreamh collaí ar na bacáin.[3]

Bhí trí bhua luaite le toitíní ag lucht bolscaireachta tobac: tanaíocht, suaimhniú néaróg agus balsam iarchaidrimh chollaí

Sna 1960idí, ba bheag buachaill óg idir naoi agus cúig bliana déag ná raibh gabhair chun tobac air. Tháinig leanaí ar an saol le toitíní fáiscthe idir a liopaí roimh na 1970idí. Sna seascaidí bhíodh pacaí ‘toitíní milse’ ar díol sna siopaí agus bailiúchán de phictiúir de réaltaí caide agus pictiúir de chineálacha eile istigh iontu agus iad á mbailiú ag na páistí. Bhí bunanna dearga orthu amhail is go rabhadar lasta agus bhíodh sé mar nós ag na gasúir ligint orthu go raibh siad á gcaitheamh sular itheann sé iad.[3][4]

1970idí - inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh scagairí isteach sna seachtóidí chun an nimhiú nicitín a staonadh agus a laghdú. Timpeall an ama sin bhí an ceangal le nicitín agus ailse (gan trácht ar ghalair riospráide eile) ag teacht chun solais de réir a chéile. Rinne na comhlachtaí tobac i Meiriceá tréaniarracht an ceangal sin a cheilt ach diaidh ar ndiaidh ligeadh an cat as an mál

Níl gnaoi na ndaoine ar chaitheamh tobac mar a bhíodh. Ó 2002 ar aghaidh, tá toirmeasc in Éirinn ar chaitheamh tobac in ionaid oibre,[2] agus timpeall an domhain ó shin. Ó 2005 tá conradh rialaithe tobac i bhfeidhm is é faofa ag 57 rialtas, cuid de chlár chun an líon daoine ar domhan a chaitheann tobac a laghdú go leanúnach.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Hussey, Matt (2011). "Caitheamh tobac". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 109.
  2. 2.0 2.1 Citizensinformation.ie. "Cosc ar chaitheamh tobac sa láthair oibre" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-04-01.
  3. 3.0 3.1 3.2 Mícheál Ó Ruairc (1 Aibreán 2024). "Bhíomar go léir faoi gheasa mar pháistí ag toitíní agus tobac" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-01.
  4. Tá cur síos déanta ag Peig Sayers agus Maidhc Dainín Ó Sé ina ndírbheathaisnéisí ar ghabhair an tobac