Peig Sayers

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPeig Sayers

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1873
Dún Chaoin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1958
84/85 bliana d'aois
Daingean Uí Chúis, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdírbheathaisnéisí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCuimhní cinn, dírbheathaisnéis, scéal agus eachtra
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
PáisteMicheál Ó Gaoithín Cuir in eagar ar Wikidata

Discogs: 5785316 Find a Grave: 6522708 Cuir in eagar ar Wikidata

Seanchaí agus dírbheathaisnéisí Éireannach ab ea Peig Sayers (29 Márta 18738 Nollaig 1958).[1][2] Bhí cáil an bhéaloidis ar bhean an Bhlascaoid agus ceansaíodh a cuimhní cinn in go leor leabhar. Ina measc bhí a dírbheathaisnéis 'Peig' – leabhar éigeantach ar churaclam na hArdteistiméireachta ar feadh breis agus 30 bliain.[3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Peig Sayers ar an saol i nDún Chaoin, baile beag i gContae Chiarraí, ar 29 Márta 1873. D’aistrigh sí isteach ar an mBlascaod Mór sa bhliain 1892 nuair a phós sí Pádraig (Peatsaí Flint) Ó Gaoithín ón mBlascaod Mór, agus d'aistrigh sí ansin leis.

Bhí Peig Sayers ina cónaí ar an oileán go dtí an bhliain 1953, nuair a tréigeadh na Blascaodaí ar fad. Bhog sí go hospidéal an Daingin. Fuair sí bás ansin sa bhliain 1958, agus tá sí curtha i reilig Dhún Chaoin.

an Blascaod Mór

Seanchaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

an Blascaod Mór

Seanchaí agus scéalaí den scoth ab ea í. Ach ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aici, cé go raibh sé ar a cumas Béarla a léamh agus a scríobh de réir an daonáirimh. Ba dhual athar di é, nó nuair a bhí sí óg, chluineadh sí na mílte scéalta agus eachtraí á n-insint ag a hathair agus é ag déanamh airneáin le fir an bhaile.

Scaip a cáil mar scéalaí agus í fós ina bean óg agus thosaigh scoláirí aitheanta ar chuma Carl Marstrander agus Robin Flower ag bailiú scéalta uaithi.

Uaimh

Dheachtaigh sí a cuid scéalta do Sheosamh Ó Dálaigh (bhí sé ar dhuine den bheagán bailitheoirí lánaimseartha a chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann ag obair i dtríochaidí an 20ú haois).[4]

Pearsantacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ard-chomhluadar ab ea í agus lán de ghreann agus de rógaireacht. Ní raibh sí cúngaigeantach in aon aon chor ach a mhalairt, an-oscailte. "Is léir gur laoch í Peig sa lá atá inniu ann ó thaobh an fheimineachais de, feimineachas a bhfuil brí nua leis sa lá atá inniu ann."[3]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le cabhair a mic, Mícheál Ó Gaoithín, foilsíodh a leabhar dírbheathaisnéise 'Peig' sa bhliain 1936.

I measc na leabhar eile inar breacadh a cuimhní cinn tá Machnamh Seanamhná agus Beatha Pheig Sayers.

Do bhailigh Coimisiún Bhéaloideas Éireann suas le 375 scéal ó Pheig, breis agus 5,000 leathanach lámhscríofa.

A dírbheathaisnéise, Peig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil uirthi go háirithe de bharr a dírbheathaisnéise, Peig. Ba é a mac, Micheál, a bhreac an scéal síos uaithi, agus foilsíodh an leabhar sa bhliain 1936.

Sa bhliain 1962 a cuireadh 'Peig' ar churaclam na hArdteiste don chéad uair. Rinne na glúinte de dhaltaí meánscoile in Éirinn staidéar ar an leabhar sin agus bhí mórán acu nach raibh buíoch de Pheig bhocht. Bhí seanabhlas ag mórán air toisc deacracht na teangan agus duairceas an chuntais, dar leo.

Rinneadh leabhar roghnach don saothar sa bhliain 1995.[3] Mar sin féin roghnaigh mórán múinteoirí an leabhar do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméarachta. Athraíodh an curaclam sa bhliain 1999 agus scriosadh an leabhar 1999.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cllár faisnéise faoi Pheig a stiúraigh an déantóir scannán Breandán Feiritéar[6]
  • Paddywhackery, Sraith TG4 (2007)[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "SAYERS, Peig (1873–1958)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-03-29.
  2. "Sayers, Peig (‘Peig Mhór’) | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-03-29.
  3. 3.0 3.1 3.2 Seán Mac an tSíthigh / Nuacht RTÉ (2023-03-29). "Imeachtaí comórtha i nDún Chaoin 150 bliain ó rugadh Peig Sayers" (as ga-IE). 
  4. "Ó DÁLAIGH, Seosamh (1909–1992)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2023-03-29.
  5. "School's Irish syllabus gets a shot of realism" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-03-29.
  6. "Voice of Generations The Story of Peig Sayers" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2023-03-29.
  7. "The Daltaí Boards: Paddywhackery Peig". www.daltai.com. Dáta rochtana: 2023-03-29.