Na Blascaodaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachNa Blascaodaí
Dunmore-Head-and-Blasket-Islands.JPG
Cineál Grúpa oileán
Suíomh
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí
 52°05′21″N 10°32′49″W / 52.089166666667°N 10.546944444444°W / 52.089166666667; -10.546944444444Comhordanáidí: 52°05′21″N 10°32′49″W / 52.089166666667°N 10.546944444444°W / 52.089166666667; -10.546944444444
Farraige An tAigéan Atlantach
Tréithe
Airde 292 m

Grúpa oileán suite amach ó chósta Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí is ea na Blascaodaí. Níl éinne ina gcónaí ar na hoileáin ó d’aistríodh na daoine deireanacha amach ón mBlascaod Mór i 1953.

Na hOileáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad seo a leanas na hoileáin:

Saibhreas Cultúrtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an saol crua ar na Blascaodaí. Is ar an iascaireacht agus ar an bhfeirmeoireacht a mhair na daoine agus iad ag streachailt leis an aimsir lá i ndiaidh lae. De bharr na himirce agus an mheatha, tréigeadh an t-oileán uathúil seo go hiomlán in 1953.[1]

Tá cáil ar na hoileáin mar gheall ar an saibhreas cultúrtha a bhí ag baint le muintir na n-oileán. D’fhág pobal an oileáin lorg ollmhór cultúrtha ina ndiaidh.

Rinne dream acadúil ón taobh amuigh staidéir theangeolaíocha agus antraipeolaíocha ar na hoileánaigh.

Thaifead muintir na n-oileán saol a bpobail i sraith leabhar atá thar a bheith luachmhar mar thaifid shóisialta agus is seoda iad i litríocht na Gaeilge. Thug siad léargas ar an am atá caite. I measc na saothar seo, faightear An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, Peig le Peig Sayers agus Fiche Blian ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin.

Na hoileáin

Ionad an Bhlascaoid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ionad oidhreachta agus músaem uathúil i nDún Chaoin, ar an ngob is faide siar de Chorca Dhuibhne.[1] Déantar stair agus oidhreacht an oileáin a cheiliúradh, le léiriúcháin idirghníomhacha, iarsmaí a bhain leis an oiléan, meáin chlosamhairc agus saothair ealaíne.[2] Ta suas le 20 duine fostaithe in Ionad an Bhlascaoid agus tugann breis agus 10,000 duine cuairt ar an áit gach bliain.

Áilleacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pádraig Ua Maoileoin:

"Féachaimís uainn siar agus ó thuaidh. Tá an Tiaracht faoi raon ár súl, Inis Mhic Úibhlean ar ár gclé agus Inis Tuaisceart ar ár ndeis. Níor caitheadh a oiread scannán riamh le haon radharc ná mar atá caite le seo; cuireann sé draíocht ar dhaoine."

Muiris Ó Súilleabháin

"Bhí an Blascaod sínte siar díreach ar dhroim na mara, agus ba chosúil le long mhór í a bheadh ag réabadh na farraige ar gach taobh di, agus na Blascaodaí beaga ina thimpeall ar nós cráin mhuice go mbeadh a hál ina dhiaidh."

Tomás Ó Criomhthain

"Níor gá dhuit corraí as láthair do bhonn ón mullóg chun lán do scamhóg den ghaoth chumhra a ghlacadh, pé aird a mbeadh sí ag teacht. Bhíodh iontas orm cad fáth a mbíodh lucht na gcathrach ag sroichint a leithéid d'áit, ach níor ghá dom aon iontas a dhéanamh de."
"Leagas mo shúil sa timpeall ar muir agus ar talamh. Ní fheadar an raibh sé i gcumas aon tsúile eile corpartha faoin ngréin a oiread suaitheantais a fheiscint as aon lantán amháin is mar chonaic mo shúilese san am seo, agus gach iontas acu á chur in iúl dom gurbh é an Máistir Beannaithe a riaraigh iad...."

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Ionad an Bhlascaoid Mhóir | Oidhreacht Éireann". heritageireland.ie. Dáta rochtana: 2022-06-28.
  2. Seán Mac an tSíthigh / Nuacht RTÉ (2022-06-27). "Mórthaispeántas nua oscailte in Ionad an Bhlascaoid" (as ga).