An tOileánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn tOileánach
(ga) An t-Oileánach Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarTomás Ó Criomhthain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire, 1929 Cuir in eagar ar Wikidata
Foilsitheoirluach anaithnid
Tréith
Seánrabeathaisnéis Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na leathanach286 Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: toileachsclbheat00crio

Leabhar Gaeilge leis an scríbhneoir Tomás Ó Criomhthain is ea An tOileánach, cuntas ar shaol an údair agus é ag éirí aníos ar an mBlascaod Mór. Críochnaíodh sa bhliain 1923 é, agus foilsíodh sa bhliain 1929 é. Cín lae atá ann, bailithe le chéile ag an gCiarraíoch Brian Ó Ceallaigh ó litreacha a sheol Ó Criomhthain chuige sa phost. Féachtar air mar cheann de sároibreacha na Gaeilge, a thugann léargas ar saol na ndaoine ar an oileán iargúlta seo, atá tréigthe sa lá atá inniu ann, agus an saghas Gaeilge a bhí á labhairt acu.

Spreagadh an Leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spreag Brian Ó Ceallaigh as Cill Airne Tomás chun cín lae a scríobh na blianta tar éis an Chéad Chogadh Domhanda - chruthaigh sé don oileánach go bhféadfadh tuairiscí faoi shaol na ngnáthdhaoine i gceantar iargúlta a bheith spéisiúil trí shampla de scéalta le Maxim Gorky agus Pierre Loti a thabhairt dó le léamh. Scríobh Ó Criomhthain litreacha gach lá chuig Ó Ceallaigh agus ba as na cuntais sin a cuireadh an leabhar An tOileánach le chéile. Thosaigh Tomás ag moladh do dhaoine óga dul i mbun scríbhneoireachta chomh maith. Sa bhliain 1923 bhí triúr i mbun pinn:- é féin, Míchael Ó Gaoithín agus Eibhlín (Neilí) Ní Shúilleabháin.