Is í Cill Airne an t-ionad turasóireachta is cáiliúla agus is mó a bhfuil forbairt thráchtála déanta air in Éirinn. Is baile margaidh í atá lonnaithe san áit a dtagann bóithre Luimnigh-Bheanntraí agus Chorcaí-Thrá Lí le chéile agus is í baile ardeaglaise dheoise Chaitliceach Chiarraí í. Tá clú is cáil ar fud na cruinne ar na radhairc rómánsúla de lochanna is de shléibhte atá le feiceáil sa cheantar. Tá iomrá ar shaibhreas, éagsúlacht agus raidhse fhlóra an cheantair chomh maith (ina measc Arbtus unedo agus an raithneach thearc úd Trichomanes radicans) Tá roinnt séadchomharthaí ársa inspéise ann chomh maith. Sa bhaile féin is é an t-aon fhoirgneamh arbh fhiú trácht air ná Ardeaglais Naomh Muire (1842-55), a dhear Augustus Welby Pugin; tá sé seo ar cheann de na heiseamláirí is fearr sa tír de shéipéil a tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí.
Bhí na chéad lonnaíocht san àit timpeall an bhlian 640, ar an oileàn Inis Faithlinn i Loch Léin. Bhí sé lonnaíocht reiligiúnach, mainistir a bhunaigh Naomh Finian Lobhar.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.