An Chéad Chogadh Domhanda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Chéad Chogadh Domhanda
An Chéad Chogadh Domhanda
Dáta: 28 Iúil 1914 – 11 Samhain 1918
Áit: An Eoraip, an Afraic agus an Meánoirthear
Toradh: Bua na Chomhghuaillithe. Cuireadh Conradh na Náisiún ar bun. Deireadh le hImpireacht na Gearmáine, hImpireacht na hOstaire-Ungáire, hImpireacht na Rúise, srl.
Céilí comhraic
An Comhghuaillithe:
An Fhrainc
Ríocht Aontaithe
Impireacht na Rúise (1914-1917)
Ríocht na hIodáil (1915-)
Stáit Aontaithe Mheiriceá (1917-)
An tSeapáin
An tSeirbia
An Bheilg
Hejaz
An Ghréig (1917-)
An Phortaingéil
… srl ...
Na Cumhachtaí Láir:
Impireacht na Gearmáine
An Ostair-Ungáir
Impireacht Otamánach
An Bhulgáir (1915-)
… srl ...
Ceannasaithe
Nioclás II
Lavr Kornilov
Raymond Poincaré
Georges Clemenceau
Seoirse V
H. H. Asquith
Horatio Kitchener
D. Lloyd George
Albert I
Victor Emmanuel III
Woodrow Wilson
An tImpire Taishō
Petar I
... srl ...
Franz Iosaf I
Séarlas I
A von Straussenburg
Uilliam II
Erich von Falkenhayn
Paul von Hindenburg
Mehmed V
Ferdinand I
... srl ...
Slua
Taismigh
Básanna: 5,525,000
Gortaithe: 12,831,500
In easnamh: 4,121,000
Básanna: 4,386,000
Gortaithe: 8,388,000
In easnamh: 3,629,000

Is éard a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Domhandaan Cogadh Mór ná coimhlint dhomhanda a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san Eoraip. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh.

Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo.

An "cogadh a chuirfeadh deireadh le gach cogadh"[1]...  b'shin a chreid daoine a bhí thart nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, ar an 11 Samhain 1918. An 11ú uair, ar an 11ú lá den 11ú mí.  Bhí breall orthu; tá cogaí níos uafásaí tarlaithe ó shin[2].

Cúiseanna an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rás na nArm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurb as aontú na Gearmáine sa bhliain 1870 a d'eascair an Cogadh Mór, nó nuair a tháinig na mion stáit Ghearmánacha le chéile in aon mhór stát amháin, b'ionann sin agus cothromaíocht na gcumhachtaí san Eoraip a chur ag guagaíl.

Ar dtús, ní raibh cuma ró-dhona ar na cúrsaí, nó bhí Otto von Bismarck, Seansailéir na Gearmáine, meáite ar an tsíocháin a choinneáil le tíortha eile na hEorpa, agus é ag dul i muinín taidhleoireachta agus conarthaí éagsúla leis an gcuspóir seo a bhaint amach.

Thar aon rud eile, níor theastaigh ó Bismarck go bhfágfaí an Ghearmáin ag cur troda ar dhá chathéadan san am chéanna, agus mar sin, bhí sé dírithe ar chaidreamh cairdiúil a choinneáil le hImpireacht na Rúise, nó ba é an rud ba mhó a chuir eagla air ná an Fhrainc agus an Rúis a bheith ag ionsaí a thíre ón dá thaobh.

Sa bhliain 1888, áfach, ba é an tImpire Uilliam a Dó a tháinig chun cumhachta sa Ghearmáin. Ní raibh sé sásta le polasaithe ciallmhara measartha Bismarck, agus thug sé bata is bóthar don tSeansailéir sa bhliain 1890. Bhí dearcadh náisiúnaíoch impiriúlach ag Uilliam, agus é dianbharúlach go raibh sé daite dó "áit faoin ngrian" a bhaint amach don Ghearmáin. Ní raibh mórán suime aige sa taidhleoireacht ná sna conarthaí arbh iad for agus fónamh Bismarck iad.

Feachtas bolscaireachta, cárta phoist, Carruthers & Batsford, Winnipeg Canada 1916

Chuir stiúir nua bhagrach na Gearmáine míchompord ar na Sasanaigh, go háirithe an dóigh a raibh loingeas cogaidh na Gearmáine ag dul i méadaíocht. Ba iad na longa Sasanacha a bhí "ag rialú na dtonnta" ar fud an domhain. Ba dóigh le lucht rialtais na Ríochta Aontaithe go raibh na Gearmánaigh ag tabhairt a ndúshláin lena gcuid longa nua cogaidh. Mar sin, thosaigh na Sasanaigh féin ag tógáil longa láidre cogaidh de chineál nua - dreadnoughts, a fuair a n-ainm ón gcéad long chogaidh den chineál seo, an HMS Dreadnought.

Chuir an rás armála idir an Bhreatain Mhór agus an Ghearmáin spreagadh i dtíortha eile na hEorpa téisclim a dhéanamh do chogadh mhór, agus an caiteachas míleata ag dul i méadaíocht ar fud na hilchríche.

Míleatachas agus uathlathas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saighdiúirí Éireannacha ag ligean scíth le linn Chath an Somme, 1 Iúil 1916

Chuir Uachtarán na Stát Aontaithe, Woodrow Wilson, agus daoine eile an pobal i dtreo an mhíleatachais. Cheap siad go raibh an cogadh ina iarmhairt ar an méid cumhachta a bhí cruinnithe ag an aicme uachtarach. Bhí Wilson ag súil go gcuirfí Conradh na Náisiún ar bun agus cheap sé dá bhfaigheadh na Stáit réidh lena n-airm go mbeadh síocháin ar domhan.

Impiriúlachas eacnamaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheap Vladimir Lenin go raibh cúis an chogaidh ag baint leis an impiriúlachas domhanda. Mar fhianaise d'úsáid sé tuairimí Karl Marx agus John A. Hobson, a dúirt níos luaithe go mbrisfeadh cogadh domhanda amach dá leanfaí ar aghaidh leis an impiriúlachas. Chuir sé an argóint chun tosaigh go raibh na bainc shaibhre taobh thiar den rialtas i stáit áirithe. An rud faoin tuairim seo ná: Cén fáth nach raibh cogadh idir an Fhrainc agus Sasana? Bhí an bheirt acu ag leathadh amach a n-impireachtaí san Aifric agus san Áise, agus ba bheag nár thosaigh cogadh i Fashoda. Chun an fhírinne a rá, thosaigh impiriúlachas na hOstair-Ungáire agus na Rúise i dtaobh na mBalcán.

Iomaíocht i dtaobh eitneach agus an polaitíocht, sean agus nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Impireacht Otamánach ag iarraidh díoltas a bhaint amach sa bhliain 1914: Rumeliya Muhacirin-i Islamiyesi Cemiyeti,

Chreid an domhan go raibh cogadh idir an Ostair-Ungáir agus an tSeirbia chun teacht pé scéal é (cé nach n-aontaíonn an staraí A. J. P. Taylor leis sin), de dheasca go raibh an tír ag titim as a chéile agus an náisiúnachas ag fás ar fud na mBalcán. Tharla an fás seo de bharr gur thit an Tuirc as a chéile (bhí cogadh sa Libia idir iad féin agus an Iodáil inar chaill siad). Thug an Rúis tacaíocht dóibh toisc go raibh nasc reiligiúnda agus eithneach eatarthu, ach freisin ón uair go raibh suim acu i dteacht ar phoirt uisce te.

An fhadhb i gcomhair na Gearmáine ná go raibh sé suite i lár na hEorpa agus éasca le hionsaí ar an ábhar sin. Freisin, bhí an Fhrainc fós feargach mar gheall ar chailliúint Alsace agus Lorraine sa chogadh leis an bPrúis. Ar deireadh rinne na Fhrancaigh comhghuaillíocht leis na Rúisigh, ionas go raibh rudaí ag éirí dainséarach don Ghearmáin.

Forógra cogaidh agus tús an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Pleananna Cogaidh, an Mhímhuinín agus an Slógadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir

Ceann de chúiseanna an chogaidh ab ea na pleananna réamhcheaptha a bhí ag na cumhachtaí go léir leis an gcogadh a bhuachan. Ba é Plean Schlieffen, plean slógtha na Gearmána, a tharraing an cogadh anuas ar an ilchríoch. Go bunúsach, bhí sé bunaithe ar an smaoineamh go n-ionsófaí an Fhrainc gan seans a fhágáil aici eagar ceart cogaidh a chur ar a cuid saighdiúirí in am.

An plean a bhí ag na Francaigh bhí sé dírithe ar an gceantar tionsclaíoch chois abhainn Ruhr, an Ruhrgebiet, a fhorghabháil, nó ní fhéadfadh an Ghearmáin cogadh a chur in uireasa na tionsclaíochta ansin.

De réir plean eile de chuid na bhFrancach shlógfaí an t-arm go sciobtha le teorainn na Gearmáine agus na hOstaire-Ungáire a bhaint amach. Chruthaigh na pleananna seo atmaisféar cogúil so-adhainte idir na tíortha.

Forógra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an rud a chuir an lasair sa bharrach ná dúnmharú Franz Ferdinand, Ard-Diúc agus ball de rítheaghlach na hOstaire, i Sairéavó sa Bhoisnia. Feallmharaíodh Ard-diúc Franz Ferdinand na hOstaire agus a bhean chéile Sophie, Bandiúc Hohenberg, ar an 28 Meitheamh 1914, i Sairéavó ag Gavrilo Princip. Ba ea dúnmharú Franz Ferdinand a chuir tús ar shraith imeachtaí a tharla go gairid ina dhiaidh.

Tús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh An Chéad Chogadh Domhanda ar an 28 Iúil 1914, aithnítear go forleathan, nuair a d'fhógair an Ostair-Ungáir cogadh ar an tSeirbia.

Ansin d'iompaigh an cogadh ina choimhlint dhomhanda de réir a dhinimice féin. Thacaigh an Ghearmáin leis an Ostair-Ungáir trí “sheic bhán” a thabhairt di.[3] Ansin d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Rúis ar 1 Lúnasa; rinne arm na himpireachta ionradh ar Lucsambrug ar 2 Lúnasa, agus d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an bhFrainc ar 3 Lúnasa.

3 Lúnasa 1914: Pálás Buckingham, léirsithe poiblí tírghrá

Tar éis ionradh na nGearmánach ar an mBeilg ar an 4 Lúnasa,[3] d'fhógair an Bhreatain Mhór cogadh ar an nGearmáin agus ar a comhghuaillithe. Ar an lá céanna, dhearbhaigh Woodrow Wilson go raibh na Stáit Aontaithe neodrach.

Ainneoin na heagla roimh an gCogadh a bhí tar éis fás le mí roimhe sin, sna laethanta ina dhiaidh, bhí léirsithe poiblí tírghrá ar fud na hEorpa tríd agus saoránaigh á ngríosadh chun tacú leis an gcogadh. Bhí na pleananna cogaidh chomh socair roimh ré ag na hairm is nach raibh na státairí ábalta an t-arrachtach a stopadh.

Éire agus Tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a fógraíodh an cogadh ar 4 Lúnasa 1914, bhí corradh le 25,000 Éireannach cheana féin ar dualgas i ngnátharm na Breataine agus 30,000 Éireannach sa chúltaca. Bhrostaigh na mílte le liostáil in Éirinn sa samharadh 1914 cionn is go raibh cuid mhór daoine ag súil go mbeadh an comhrac thart faoin Nollaig [4]  

An cogaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

úsáid as gás nimhe le linn an chogaidh, 1918

Na céad urchair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caitheadh na céad urchair ag Arm na Breataine ag an bhFronta Thiar ar an 22 Lúnasa 1914 lasmuigh de Mons na Beilge agus na 4th Royal Irish Dragoon Guards i lár an aonaigh.[5]

Ag tús an chogaidh bhí arm beag (Fórsa Sluaíochta na Breataine) de 70,000 saighdiúir curtha ag an mBreatain chun dul i gcoinne arm na Gearmáine a bhí ag déanamh ionradh ar an Fhrainc agus an Bheilg.

D’áirigh an Fórsa seo ceithre reisimint de Mharcshlua Éireannach agus naoi gcathlán coisithe Éireannacha.

Na buaicphointí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh cuid mhaith de na cathanna ar an gCathéadan Thiar. Ach le fírinne chuaigh ascnamh an dá thaobh i bhfostú ansin, agus d'fhan na saighdiúirí sna trinsí ar feadh na mblianta fada, ag iarraidh latrach an áir idir an dá thrinse a thrasnú. Rith an cathéadan seo ón Muir Thuaidh go teorainn na hEilvéise.

saighdiúirí gortaithe ag filleadh ón gcath: 1916

Cathanna:

Bhí an cogadh ar siúl ar feadh dhá bhliain faoi mí Iúil 1916 agus bhí na Cumhachtaí Comhghuaillíocha páirteach i straitéis de chomhionsaithe i gcoinne na gCumhachtaí Láir. Thug an Bhreatain agus an Fhrainc aghaidh ar fhórsaí na Gearmáine ar fud an cheantair i dtuaisceart na Fraince ar ar tugadh "an Fronta Thiar".

11 Samhain 1918: sínitheoirí an chomhaontaithe, an sos cogaidh a chuir deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Sa phictiúr, ionadaithe ón bhFrainc, ón nGearmáin agus ón mBreatain a síníodh na cáipéisí, lasmuigh de charráiste an Ghinearáil Foch i bhForaois Compiègne.[5]

Deireadh an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 11 Samhain 1918, síníodh sos cogaidh, nó an Armstad, rud a chuir deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Glacadh leis an sos cogaidh go foirmiúil i gcarráiste an Ghinearáil Ferdinand Foch i bhForaois Compiègne sa Fhrainc ag 5:10am. Ach lean an chogaíocht an maidin sin go dtí 11am.

Maraíodh Henry Gunther, ag 10:59, 11/11/1918

Maraíodh 11,000 an maidin sin, 3,500 saighdiúir Meiriceánach ina measc[6]. Ag 10:59 ar 11/11/1918, lámhachadh Henry Gunther, poncán de shliocht Gearmánach[7].

Fuair naoi milliún saighdiúir bás i machaire an áir, agus d'éag na milliúin sibhialtach chomh maith. Ó thosaigh an Cogadh, fuair níos mó ná 16 mhilliún bás, lena n-áirítear tuairim agus 7 milliún sibhialtach.

Síocháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

An bhliain dár gcionn, síníodh Conradh Versailles. Conradh síochána idirnáisiúnta ab ea an Conradh Versailles, a chuir deireadh leis an gCéad Cogadh Domhanda idir na Comhghuaillithe agus an Ghearmáin.

Síníodh an Conradh ar an 28 Meitheamh 1919 i bPálás Versailles i bPáras na Fraince. Gearradh coinníollacha diana ar an nGearmáin.[2]

Conradh Versailles

Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús le deich dtír nua, agus tógadh a lán talaimh ón Ghearmáin.

Bhí a lán torthaí ag an gcogadh sin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sleachta as saothar Ghabriel Rosenstock (2014). "Rogha Gabriel" (ga). roghaghabriel.blogspot.com. Dáta rochtana: 2020-11-11.
  2. 2.0 2.1 aonghus.blogspot.fr. "cogadh-chun-deireadh-chuir-le-cogai". Dáta rochtana: 2018.
  3. 3.0 3.1 UCD (2016). "Decade of Centenaries".
  4. CCEA. "CAD É MAR A THARLA SÉ GUR THROID AONTACHTAITHE AGUS NÁISIÚNAITHE AR AN TAOBH CHÉANNA?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-28. Dáta rochtana: 2016.
  5. 5.0 5.1 Jan Dąbrowski, Wielka (1937). "“Armisticetrain” in Wojna 1914-1918," (Vársá 1937). 
  6. historynet.com. "Wasted Lives". Dáta rochtana: 2018.
  7. Wikipedia. "Henry Gunther". Dáta rochtana: 2018.