Muiris Ó Súilleabháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Muiris Ó Súilleabháin
Saol
Eolas breithe An Blascaod Mór, Feabhra 19, 1904
Náisiúntacht Éire
Bás Conamara, Meitheamh 25, 1950
Oideachas
Teangacha An Ghaeilge
Gairm
Gairm scríbhneoir
Teach tréigthe Mhuiris Uí Shúilleabháin ar an mBlascaod Mór.

Ba scríbhneoir Éireannach é Muiris Ó Súilleabháin nó Maurice O'Sullivan (19 Feabhra 190425 Meitheamh 1950) as an mBlascaod Mór; bhain sé cáil amach lena leabhar Fiche Blian ag Fás, a foilsíodh as Gaeilge sa bhliain 1933[1] (agus as Béarla faoin teideal Twenty Years a' Growing).

Cnoc na Cathrach inniu

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Cáit Ní Ghuithín, neacht le Tomás Ó Criomhthain, a mháthair. Cailleadh í ar 2 Márta 1905 agus cuireadh Muiris chuig dílleachtlann sa Daingean. Thóg a athair abhaile go dtí an Blascaod Mór é sa bhliain 1911 agus d'fhoghlaim sé Gaeilge ann.

Bhí beirt deirfiúracha agus beirt deartháireacha ag Muiris.. Bhí sé ag beartú a dheartháir agus Eibhlín a leanúint go Meiriceá. Ach mhol an scoláire óg Sasanach George Thomson dó in 1927 dul isteach sa Gharda Síochána. D’fhág sé c i Márta 1927.

Tar éis oiliúna mar gharda, cuireadh go dtí Indreabhán, Co. na Gaillimhe, é ar 12 Samhain 1927. Go hUachtar Ard a cuireadh é sa bhliain 1950 agus d’fhan Cáit agus an leanbh ab óige a bhí aige sa Cheathrú Rua

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De thaisme a bádh é ar an Domhnach 25 Meitheamh 1950. Shnámhadh sé gach lá. Chuaigh sé ag snámh gar go leor do Chnoc na Lus (Gentian Hill) agus Cnoc na Cathrach i nGaillimh. Chuaigh feacht láidir farraige ina choinne ach throid sé, ag snámh ina choinne ar feadh achair fada ag iarraidh an talamh a bhaint amach.[2] D’éirigh leis teacht ar ais. Ach tháinig laige air agus bádh ansin é i gcúig cheintiméadar uisce. Tá sé curtha i mBarr an Doire sa Cheathrú Rua.

Fiche Bliain ag Fás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa scéal seo, déanann Ó Súilleabháin cur síos ar a shaol féin agus é ag éirí aníos ar an mBlascaod Mór, an t-oileán is mó de Na Blascaoidí i gContae Chiarraí.

Glactar leis go bhfuil an saothar seo ar cheann de chlasaicí na hÉireann, agus is sampla maith é de chanúint Gaeilge na Mumhan. Tá sliocht as an scéal le clúdach ar scrúdú na hArdteistiméireachta in Éirinn, sliocht nach raibh san áireamh sa chéad leagan den scéal toisc nach raibh An Gúm sásta é a fhoilsiú, de bharr go dtéann beirt bhuachaillí isteach i dteach tábhairne ann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ó SÚILLEABHÁIN, Muiris (1904–1950)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-06-25.
  2. "The Daltaí Boards: Muiris Ó Súilleabháin". www.daltai.com. Dáta rochtana: 2019-06-25.