An Cheathrú Rua
An Cheathrú Rua | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | |||
Contae in Éirinn | Contae na Gaillimhe | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 1 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1165719 |
Sráidbhaile mór is ea an Cheathrú Rua[1] (Carraroe as Béarla go traidisiúnta) atá suite i gContae na Gaillimhe, Éire. Tá sí i lár Ghaeltacht Chonamara agus i gcroílár Shlí an Atlantaigh Fhiáin.[2]
An sráidbhaile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí thart 2,472 duine ina gcónaí i gceantar na Ceathrún Rua sa bhliain 2017.[3]
Tá an ceantar méadaithe go mór le blianta beaga anuas, agus dá thairbhe sin tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. Ní fada an lá ó nach raibh sa mbaile ach cúpla siopa, tithe ósta agus eastát tionsclaíochta amháin, ach tá go leor tógáil ar siúl sa gceantar le gairid. Tá go leor tithíochta príobháidí agus eastáit tógtha sa mbaile le cúpla bliain anuas.
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantar turasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil ar húicéirí na Gaillimhe (Púcáin) agus ar Thrá an Dóilín (ceann de na trí cinn i gContae na Gaillimhe amháin a bhfuil Bratach Gorm bainte aici).
Tagann roinnt turasóirí chuig an gceantar chun iad a fheiceáil agus Gaeilge a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh den chultúr agus den traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta.
Is ar an gCeathrú Rua atá Coláiste Chiaráin suite, agus na mílte scoláire óga ag teacht ansin gach uile bhliain chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agus rásaí curach ar an mbaile freisin.
Sa bhliain 2024, bhí ionad cultúir agus oidhreachta beartaithe do Chéibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua.[4]
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Ghaeilge (Canúint Chonnachta go sainiúil) príomhtheanga labhartha na Ceathrún Rua, agus tá sí ar na háiteanna is láidre Gaeilge i nGaeltacht Chonnacht agus in Éirinn na laethanta seo.
Labhraíonn 65.1% den phobal an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais, de réir fhigiúirí Údaráis na Gaeltachta.
Áras Mháirtín Uí Chadhain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Áras Mháirtín Uí Chadhain ar cheann de na hionaid Ghaeltachta atá ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, lonnaithe ar an gCeathrú Rua.[5] Déantar freastal ar mhic léinn lánaimseartha agus páirtaimseartha san Ionad, agus cuirtear raon leathan cúrsaí ar fáil ag gach leibhéal.
Foinse
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an nuachtán náisiúnta Foinse bunaithe anseo (1996-2013).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “An Cheathrú Rua/Carrowroe | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Baile / Home" (en). ancheathrurua. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-13. Dáta rochtana: 2020-07-25.
- ↑ "Gaillimh | An Ghaeilge & An Ghaeltacht" (ga-IE). Údarás na Gaeltachta. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-07-04. Dáta rochtana: 2020-07-25.
- ↑ "Iarratas pleanála déanta chun ionad cultúir agus ealaíon a thógáil ar an Spidéal" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-11-15). Dáta rochtana: 2024-11-15.
- ↑ Áras Mháirtín Uí Chadhain. "An Cheathrú Rua - NUI Galway". www.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2020-07-25.