Jump to content

Foinse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánFoinse
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh1996 Cuir in eagar ar Wikidata
Seoladh poistAn Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Áit a fhoilsitheAn Cheathrú Rua


Suíomhfoinse.ie Cuir in eagar ar Wikidata
RSS 

Facebook: foinse X: Foinsenuachtan Cuir in eagar ar Wikidata

Nuachtán Gaeilge ba ea Foinse. Bhí sé ar fáil i gcló idir 1996 agus 2013 (agus cuid de i bhfoirm dhigiteach sna blianta deireanacha). Nuachtán táblóideach, ba é an t-ábhar a bhí le fáil in Foinse ná nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta, scéalta Gaeilge agus Gaeltachta, spóirt, taistil, gnó agus oideachais agus cultúir.

Foinse neamhspleách (1996–2009)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús "ré órga na cumarsáide Gaeilge" a thug Breandán Delap ar 1996 ní ba dhéanaí, an uair ar tháinig TG4 ar an aer agus a fhoilsíodh an chéad eagrán de Foinse faoina cheannas.[1] Shíl an t-iriseoir Máiréad Ní Chinnéide gur thug sé "gairmiúlacht isteach in iriseoireacht na Gaeilge nach raibh ann roimhe". B'é an nuachtán Gaeilge "is fearr dá bhfaca mise," a deir sí, tráth a bhí sé neamhspleách.[2] Thug an léachtóir le hiriseoireacht Íte Ní Chionnaith "sárnuachtán" air.[3] Chuaigh pobal na Gaeilge i dtaithí ar plé agus anailís a fháil ann ó leithéidí Chathal Mhic Choille agus Phóilín agus Áine Ní Chiaráin, iriseoirí "téagartha" a bhain cáil amach don nuachtán.[4][5]

Bhíodh an nuachtán á fhoilsiú ar an gCeathrú Rua i gConamara agus chlóbhuailtí é san Uaimh ar dtús (agus níos déanaí i dTrá Lí, Co. Ciarraí). Bhí 30 fostaí ann ar an 13 D.F. 1996 nuair a foilsíodh é don chéad uair. Ní mó ná sásta a bhí Conradh na Gaeilge leis an nuachtán nua toisc nár foilsíodh alt ón iar-uachtarán Proinsias Mac Aonghusa ag cáineadh an aire oideachais as diúltú an Gaeloideachas a mhaoiniú.[6]

Theastaigh ón úinéir Pádraig Ó Céidigh "gur nuachtán a bheadh ann, agus go dtarlódh sé gur trí mheán na Gaeilge a bheadh na scéalta á gcur i gcló. Ní haon nuachtán cúise a bhí uainn." Chuireadar rompu "múnla nua" a chruthú d'iriseoireacht na Gaeilge, go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta de. Bhí siad ar cheann de na chéad chomhlachtaí nuachta a d’úsáid an t-idirlíon. Is i bhFoinse a briseadh scéal faoi shos comhraic ó Thuaidh.[7]

Dúirt an t-eagarthóir gur chuidigh iomaíocht ó iriseoirí Gaeilge eile le lucht Foinse bheith cíocrach "scéalta maithe a aimsiú agus caighdeán an fhoilseacháin a fheabhsú."[8]

Is maidin Dé Sathairn a bhíodh sean-Fhoinse ar fáil, rud a bhí feiliúnach tríd is tríd dar le Delap. Lig sé don nuachtán "nuacht reatha na seachtaine a chuimsiú agus blaiseadh a thabhairt ar céard a bhí romhainn".[9]

Ar Son na Cúise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh an leathanach fonóideach Ar Son na Cúise ann mar chuid den nuachtán. Obair foirne a bhí ann a thaitin leis an léitheoirí agus "léirigh go raibh pobal na Gaeilge in ann gáire a dhéanamh faoi féin."[2]

Cruachás airgeadais

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharraing an t-úinéir Pádraig Ó Céidigh siar as an nuachtán sa bhliain 2009 de dheasca laghdú ar theacht isteach. Níor leor an tairiscint a bhí á thabhairt ag an bhForas lena dhéanamh brabúsach arís dar leis.[10][3] An géarchéim eacnamaíochta a bhí faoi deara sin dar le Donncha Ó hÉallaithe, agus cliseadh i margadh na fógraíochta a ghabh leis.[11] Bhí laghdú suntasach tar éis teacht ar an díolachán freisin áfach.[12] D'fhógair Ó Céidigh nach raibh sé féin agus Foras na Gaeilge ar aon intinn faoi choinníollacha conartha nua.[13][14][15]

“Nuair a fógraíodh an conradh nua i mí Mhárta na bliana seo rinne Foinse iarratas le go bhféadfaí 160,000 cóip a dháileadh sa tseachtain in áit timpeall 5,000. Níor ghlac an Foras leis an bplean gnó seo agus thairg siad conradh ceithre bliana do Foinse bunaithe ar an struchtúr dáileacháin a bhí ann go dtí sin. Ní raibh Foinse ábalta riachtanais an chonartha nua a chomhlíonadh".[16]

Mhaigh Ó hÉallaithe nár theip ar Fhoinse brabach a dhéanamh "ach a mhalairt."[11] Dúirt Ní Chinnéide gur "cailleadh an t-eolas agus an taithí a bhí ag an fhoireann" nuair a tháinig an deireadh tobann leis.[2]

Foinse nua (2009–2013)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíodh á fhoilsiú arís sa bhliain 2009 agus gan baint ag Foras na Gaeilge le cúrsaí dáileacháin feasta.[17][18] Bhí sí á scaipeadh in éineacht leis an Irish Independent agus de réir tuairiscí bhíodh méadú mór sna léitheoirí gach seachtain ar an gCéadaoin toisc Foinse a bheith ann.[19][20] Sa bhliain 2011 bhí 40% den díolachán i gceantair Ghaeltachta.[20]

Ghabh athrú treo agus athrú béime leis an socrú nua. Bhí colúnaithe éadroma ar nós Dhaithí Uí Shé agus Hector Uí Eochagáin faoi bhráid na léitheoirí seachas "iriseoirí fadbhunaithe agus téagartha".[5] Leagan amach "tarraingteach" a bhí air agus bhíodh comórtais "spreagúla" agus meascán ábhar ann, é dírithe cuid mhór ar scoláirí meánscoile agus ar fhoghlaimeoirí.[20] Níor thaitin an treo nua le gach léitheoir.[21]

B'í Foinse an t-aon nuachtán i nGaeilge dá raibh á chur i gcló ó tháinig deireadh le Lá Nua sa bhliain 2008,[nóta 1] agus ní raibh sé ag fáil maoiniú ar bith ón stát ná ó eagraíocht Ghaeilge ar bith.[22][23][20] Shaothraigh Foinse brabach "don dá nuachtán trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir."[22] Bhíodh "obair iontach" á dhéanamh ag Foinse nua, ag cinntiú go mbíodh rochtain ag líon mór teaghlaigh ar nuachtán Gaeilge nach mbíodh roimhe.[3] D'éirigh léi "spriocphobal agus bearna ar leith dá chuid féin" a aimsiú.[24]

I Mí Meán Fómhair 2013 d'fhógair an foilsitheoir Móinéar Teo. ar na meáin shóisialta nach mbeadh fáil ar an leagan clóbhuailte i ndiaidh na míosa sin.[18][22] Dúradh, áfach, go leanfadh Foinse uirthi ag soláthar ábhair ar líne, rud nár tharla.[25]

B'fhada ón ré órga thuasluaite a bhí an staid nua. Mar sin féin, "ní críoch ach athfhás" a bhí ann dar le Breandán Delap nó in imeacht coicíse fógraíodh bunú Sheachtain, a bheadh ar aon mhúnla le Foinse, a bheag nó a mhór.[22][26] Seoladh Tuairisc.ie bliain ina dhiaidh sin, ar 9 Deireadh Fómhair 2014.[25]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léitheoireacht bhreise

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Breandán Delap (Samhain 2006). "Go leor le baint amach go fóill ag na meáin Ghaeilge". Beo! (67). 
  2. 2.0 2.1 2.2 Uí Chollatáin (2011), lgh 112–113.
  3. 3.0 3.1 3.2 Íte Ní Chionnaith (Márta 2013). "Deireadh curtha le nuachtán Gaeilge eile". Feasta 66 (3): lgh 11–13. 
  4. Uí Chollatáin (2011), lch 150.
  5. 5.0 5.1 Breandán Delap (Nollaig 2009). "Na Nuachtáin Nua". Beo! (104). 
  6. Cartlann RTÉ (2021-10-11). "FÍSEÁN: Cothrom an lae seo 25 bliain ó shin, bhí spéis á cur i nuachtán nua Gaeilge agus ábhairín aighnis á chothú aige freisin". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-02.
  7. Maitiú Ó Coimín (2021-10-14). "Cuimhní ar an gcéad eagrán de ‘Foinse’ fiche a cúig bliain níos déanaí". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  8. Breandán Delap (Deireadh Fómhair 2008). "Margadh deacair na bhfoilseachán Gaeilge". Beo! (90). 
  9. "Cén Cinéal Nuachtáin atá de Dhíth ar Phobal na Gaeilge?" (Meán Fómhair 2009). Beo! (101). 
  10. Nuacht RTÉ (2009-06-25). "Foinse newspaper to close over funding" (as Béarla). 
  11. 11.0 11.1 Donncha Ó hÉallaithe (Eanáir 2014). "An Nuachtán Gaeilge ina Phraiseach ag an bhForas". Beo! (153). 
  12. Uí Chollatáin (2011), lch 18.
  13. Nuacht RTÉ (2009-06-25). "Foinse newspaper to close over funding" (as Béarla). 
  14. BBC, "Irish language paper closes" (en-GB) (2009-06-26). Dáta rochtana: 2024-05-02.
  15. Bridget Bhreathnach. "Deireadh le foilsiú Foinse". Foinse. 
  16. andrumamornuacht.blogspot.com. "Blogger". accounts.google.com. Dáta rochtana: 2023-10-24.
  17. Emer Ní Chéidigh (27 Aibreán 2012). "About Us" (en). Foinse. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Aibreán 2014.
  18. 18.0 18.1 "Deireadh ré don nuachtán Foinse". Gaelport (10 Meán Fómhair 2013). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Meitheamh 2015. Dáta rochtana: 11 Meán Fómhair 2013.
  19. "Baile". Foinse (2013-09-06). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-09-06. Dáta rochtana: 2024-05-02.
  20. 20.0 20.1 20.2 20.3 Uí Chollatáin (2011), lgh 57–59.
  21. "Amharcann Balor ar an Nollaig" (Nollaig 2009). Beo! (104). 
  22. 22.0 22.1 22.2 22.3 Breandán Delap (Deireadh Fómhair 2013). "An bhFuil Pobal Léitheoireachta Gaeilge Ann?". Beo! (150). 
  23. Bridget Breathnach. "Deireadh an lae sroichte ag Lá Nua ach cúiseanna bróid acu". Foinse. 
  24. Uí Chollatáin (2011), lch 17.
  25. 25.0 25.1 "Goan wonders what Kenny’s linguistic ‘legacy’ will be" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-09.
  26. Conchubhar (2013-09-26). "Shock horror! Independent publishes its own Irish language news supplement" (en). Slugger O'Toole. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  1. Féach áfach an suíomh nuachta Nuacht24.