Spórt

Is éard is spórt ann ná cluiche nó gníomhaíocht fisiciúil, a bhíonn iomaíocht i gceist leis go minic, a dhéantar ar mhaithe le scileanna fisiciúla a fhorbairt, aclaíocht nó féin-fhorbairt. Is minic go mbíonn siamsaíocht i gceist freisin, go háirithe nuair bhreathnaíonn lucht féachana nó lucht tacaíochta ar spórt.
Tá iliomad cineálacha agus formáidí spóirt ann. Mar shampla, tá spórt aonair agus spórt foirne ann, agus bíonn comórtas áirithe oscailte (ina mbíonn cead ag duine ar bith páirt a ghlacadh) nó dúnta (ina gcuirtear srian ar luthchleasaí páirt a ghlacadh mura gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe).
Go ginearálta, bíonn gníomhaíocht fhisiciúil i gceist le spórt ar bith, in éineacht le hiomaíocht agus córas scórála.
Is iad na spóirt is bunúsaí ná na comórtaisí nirt, luais, léimnigh, agus lúthchleasaíochta. Chomh maith le sin, tá tóir ar rásaí con agus capall, seóléimrigh capall, rásaí snámha, seoltóireacht, rámhaíocht, cadhcáil, na healaíona míleata, marcaíocht mhaidhme, rásaíocht mótair agus rothar ar fud an domhain.
Tá nasc láidir ann idir an spórt agus an eolaíocht. Bíonn faid, airdí, agus amanna le tomhas. Bíonn matáin, croí agus scamhóga láidre ag lúthchleasaithe.[1]
Stair an spóirt
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ní fios cén uair a imríodh spórt den chéad uair, ach tá fianaise ann go raibh cluichí de sórt éigin ag muintir na Síne thart ar an mbliain 4000 RCh[2]. Tuigtear freisin go raibh móréileamh ar ghleacaíocht san Éigipt. Is léir ó shéadchomharthaí go raibh córas rialacha i gceist do na cluichí sin[3].
Inniu, tá Cluichí Oilimpeacha na Gréige agus Rásaí Tailteann na hÉireann i measc na gcruinnithe móra spóirt is eol dúinn ón stair. Bhí comórtais lúthchleasaíochta ann sna Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 776 R.C. le beagnach 3000 bliain anuas, tá iomaíocht ar siúl ag daoine i gcomórtais reatha, léime, caithimh agus siúil.[1]
Ceiliúrtar ar 6 Aibreán gach bliain an "Lá Idirnáisiúnta Spóirt ar son na Forbartha agus na Síochána".
Cluichí foirne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá tábhacht inniu go fóill le comórtaisí luais, léimní agus nirt, ach tá níos mó béime ar chluichí foirne. Tá cluichí eile a imrítear ina mbíonn duine in aghaidh duine, nó i bhfoirne, a bhfuil scil nó deiseacht láimhe i gceist, mar atá dairteanna, leadóg, lámhach piléar agus saighead, caitheamh puc agus caitheamh casúir, scátáil, tumadh agus liathróid láimhe. Tá foirm ar leith de lúthchleasaíocht ann ina mbíonn an lúthchleasaí ag déanamh cleasa agus é ag casadh ar mhaide.
Spóirt gheimhridh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an-ráchairt ar an spórt geimhridh ar fud an domhain, ar nós sciáil ailpíneach, sciáil Nordach, scátáil, scátáil figiúir, lúg, agus gluaiseacht chláir-sneachta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 COGG. "Eureka - Bainimid Sult as Spórt". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-01-28. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-03-03. Dáta rochtana: 2010-01-15.
- ↑ http://www.ioa.leeds.ac.uk/1980s/84085.htm
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |