Leadóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportLeadóg
Cineálcluiche liathróide, spórt raicéid agus spórt oilimpeach
Cruthú1 Lúnasa 1882
Tír dhúchaisSasana
Líon íosta imreoirí2
Líon uasta imreoirí4
Cúirt leadóige

Cineál spóirt í an leadóg ina bhfuil beirt imreoirí nó dhá fhoireann (beirt imreoirí ar aon fhoireann amháin) ag bualadh na liathróide thar líon taobh istigh den chúirt imeartha.

An cluiche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mura n-éiríonn le himreoir an liathróid a chur thar an líon isteach i leathchúirt an fhreasúra, caillfidh sé/sí an pointe. An fhoireann is mó a scórálfaidh pointí, is léi a bheidh an bua. Úsáidtear raicéid leis an liathróid bheag a bhualadh. Imrítear leadóg ar cheithre dhromchla - crua, cré, féar agus cairpéad.

Na comórtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn ceithre phríomh-chomórtas leadóige, (comórtais Grand Slam) ar siúl gach bliain - an Australian Open san Astráil (cúirteanna crua), an Tournoi de Roland-Garros sa Fhrainc (cúirteanna cré), The Championships, Wimbledon i Londain, Sasana (cúirteanna féir), agus an US Open i Meiriceá (cúirteanna crua).

Is spórt Oilimpeach í an leadóg freisin.

Comórtas Wimbledon[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil mhór ar an gcomórtas leadóige a imrítear ar chúirt Wimbledon chuile Shamhradh. Téann na himreoirí móra cáiliúla ar fad go Sasana le páirt a ghlacadh sa gcomórtas seo agus is éacht ann féin é an chraobh a thabhairt leat i Wimbledon. Is iomaí imreoir clúiteach a cuireadh dá gcos sa gcomórtas agus is minic go mbíonn sé fíor-dheacair breithiúnas a thabhairt ar an mbuaiteoir. Téann maithe agus móruaisle chuig na comórtais. Caitear na milliúin ar chúltaca galánta, hataí péacógacha agus spéaclaí gréine. Itear neart sú talún agus uachtar. Má theastaíonn uait freastal ar an ócáid mhór seo ní mhór duit do dheis a thapú go luath agus ticéad a chur in áirithe, ach glac leis go mbeidh lán ladhair le hioc agat ar an ticéad. Craoltar an ócáid ar TG4 agus BBC chuile bhliain.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is seanspórt í an fíor-leadóg, a bhí á himirt san Eoraip i rith na Meánaoise, ach ba iad na Sasanaigh a chuir tús leis an gcluiche nua-aimseartha sa naoú haois déag. Sa bhliain 1877 a cuireadh tús le craobh Wimbledon. Thosaigh an National Lawn Tennis Championship (US Open) i Newport, Rhode Island, sa bhliain 1881,[1] craobh Roland Garros sa bhliain 1891[2] agus an Australian Open sa bhliain 1905.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.ri.gov/facts/trivia.php
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-05-26. Dáta rochtana: 2010-05-12.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-04-13. Dáta rochtana: 2010-05-12.