Sasana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Sasana
Bratach Shasana
Bratach
Mana: Gan ann dó
Amhrán náisiúnta: God Save the Queen agus Jerusalem (de facto)
Suíomh Shasana
Príomhchathair Londain
51°30′ Thuaidh 0°10′ Thiar
An chathair is mó Londain
Teangacha oifigiúla Béarla (de facto)
Rialtas Monarcacht
Elizabeth II [1]
cuid den Ríocht Aontaithe
Lonnú na hAngla-Shacsanaigh
5ú - 6ú haois AD
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
130,279 km² (97ú)
Daonra
 • Meas. ó 2016
 • Daonáireamh 2011
 • Dlús
 
55,268,100 (58ú)
53,012,456
424.3/km² (30ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
U S$10.28 billiún ([[Liosta tíortha de réir OTI (PCC)|]])
US$37,747 ([[Liosta na dtíortha de réir OTI (PCC) an duine|]])
Airgeadra Punt steirling (GBP; £) (GBP)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
0 (UTC)
+1 (UTC)
Fearann Idirlín
Glaochód +44
{{{fonótaí}}}

Tír in oileán na Breataine Móire is ea Sasana (Béarla: England; Coirnis: Pow Sows). Is é Sasana an tír is mó sa Ríocht Aontaithe.

An tír[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé ag críochantaíocht le hAlbain sa tuaisceart agus leis an mBreatain Bheag san iarthar. Go hoifigiúil, is cuid de é Corn na Breataine, ach níl Oileán MhanainnOileáin Mhuir nIocht suite i Sasana. Is é Sasana an náisiún is mó sa Ríocht Aontaithe. Fuair sé a ainm ó na Sacsanaigh, a chuir an tír ar bun. Thángadar go dtí an Bhreatain ó mhór-roinn na hEorpa. Thugadar a dteanga leo go dtí an Bhreatain, an Sacs-Bhéarla nó an Béarla mar is gnách a thabhairt air anois. Scaipeadh teanga agus cultúr Shasana ar fud an domhain le linn ré Impireacht na Breataine, a mbíodh críocha ollmhóra faoi smacht aici i ngach mór-roinn.

Tírdhreach agus Timpeallacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall ar thrí chúigiú achair na Breataine Móire atá i Sasana, chomh maith le roinnt oileán eile, de shaghas Inis Iocht agus Na Scillí. Chomh maith le bheith ag críochantaíocht leis an mBreatain Bheag agus an Albain, tá Sasana scartha ón Fhrainc ag dorchla mara de 34 chiliméadar, agus tollán iarnróid á gceangailt idir Folkestone agus Calais. Tá cóstaí ar cheithre fharraige ag Sasana: ar an Aigéan Atlantach, ar Mhuir Éireann, ar an Muir Thuaidh, agus ar Mhuir nIocht.

Is iad Felixstowe agus Grimsby agus Immingham na poirt is mó i Sasana[2][3], agus is í an tSabhrainn an abhainn is mó atá i Sasana. Is í an abhainn is mó atá go hiomlán i Sasana (tá an tSabhrainn sa Bhreatain Bheag freisin) ná an Tamais. Cosúil le hÉirinn, tá a lán tírdhreacha cnocaigh i Sasana, go háirithe sa Tuaisceart agus san Iarthar, agus lochanna go leor inti. Is í an loch is mó sa tír ná Lake Windermere, suite i réigiún fíor-ainmnithe na Lake District.

Inbhear na Sabhrainne, agus a dhá droichead, ag breathnú chun an Deiscirt. Is de chuid Shasana é an bruach clé, agus is de chuid na Breataine Bige é an bruach deas.

Is iad na Pennines an sliabhraon is sine sa réigiún, iad cruthaithe ag deireadh na Pailéasóiche 300 milliún bliana ó shin. Is go príomha as gaineamhchloch, aolchloch agus gual iad. Tá réigiúin charst sna réigiúin saibhir de chailcít, de shaghas Yorkshire agus Derbyshire mar shamplaí. Tá ann trí pháirc náisiúnta: na Yorkshire Dales, Páirc Náisiúnta Nortumbarlann, agus an Peak District. Is í an bhinn is airde i Sasana ná Scafell Pike, i gContae Cumbria. Go cóngarach leis an teorainn Albanach, tá suite na Cheviot Hills.

Faightear an chuid is mó d'ísilcríocha Shasana laisteas de na Pennines, agus grúpaí éagsúla cnoc ann: na Cotswolds, na Chilterns, na North Downs agus na South Downs ina n-áireamh – nuair a bhuaileann siad leis an muir, feictear an charraig bhán atá iontu, mar shampla ag Aillte Dover. Is de thalamh ard é den chuid is mó leathinis an Iardheiscirt, na páirceanna náisiúnta Exmoor agus Dartmoor ach go háirithe, agus tá aeráid aigéanach láidir aici.

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is aeráid aigéanach mheasartha atá ag Sasana. Bíonn an aimsir séimh: ní bhíonn an mheánteocht íosta laistíos de 0°C fiú sna míonna is fuaire, agus ní théann an mheánteocht ardaitheach lastuas de 25°C sna cinn is teo.[4] Is iad Mí Eanáir agus Mí Feabhra na míonna is fuaire, an dara ceann go háirithe ar an gcósta, fad is Mí Iúil an mí is teo. Tá an fliuchras spréite ar fad na bliana, cé go mbíonn an samhradh níos tirime go ginearálta ná an geimhreadh.

In áireamh na dtosca ar aeráid Shasana, tá an chóngaracht atá aige leis an Aigéan Atlantach, a dhomhanleithead tuaisceartach, agus téamh na farraige i Sruth na Murascaille – na tosca céanna a shocraíonn aeráid na hÉireann, bíodh go bhfuil gach ceann eatarthu i láidreacht beagán níos lú. Is sa Lake District, san Iarthuaisceart, atá na háiteanna is fliche na tíre. Ó thosaíodh cáipéisí na haimsire, is í 38.5°C an teocht is airde ar a ndearnadh cuntas, ar 10ú Mhí Lúnasa 2003 ag Brogdale, Kent, agus is í −26.1°C an teocht is ísle, ar 10ú Mhí Eanáir 1982 in Edgmond, Shropshire.

Cathracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spéirlíne Cathrach Londaine feicthe ó Halla na Cathrach. Feictear an Gherkin agus an abhann Tamaise ina háireamh.
Spéirlíne Chathrach Londan feicthe ó Halla na Cathrach
Spéirlíne Mhanchain

Is í Londain, an phríomhchathair, cathair is mó Shasana – má thomhaistear de réir daonra sa líomatáiste faoi fhoirgnimh, tá thart ar 10 milliún duine inti. Ina diaidh, tá Manchain (2.5 milliún), Birmingham (2.5 milliún), Leeds (1.8 milliún) agus Learpholl (800,000).[5]

Sampla de chathracha Shasana a leanas sa liosta seo:

Contaetha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin: Stair Shasana

Roimh 800,000 bliana ó shin a tháinig na céad daoine go Sasana, agus uirlisí agus lorganna coise a aimsíodh in Happisburgh, Norfolk, ar na céad rianta daonna a aimsíodh sa tír. Is í an rian is sine de Homo Sapiens in Eoraip an Iar-Thuaiscirt ná cnámh géill a aimsíodh in Uaimh Kents (Kents Cavern), Devon, a meastar a aois ar idir 41,000 agus 44,000 bliana. Tá cónaí ar Homo Sapiens go leanúnach i Sasana ó 13,000 bliana ó shin, deireadh na haoise oighir is déanaí. Meastar gur thosaigh an tréimhse Mhéisiliteach sa Bhreatain Mhór timpeall ar an am seo, 11,000 RRC. Tháinig an tréimhse Neoiliteach timpeall ar 4500 RRC, lorgtha le hathruithe móra cultúrtha, agus an Chré-umhaois, lorgtha le húsáid na n-uirlisí cré-umha, timpeall ar 2100 RRC. Meastar gur thosaigh an Iarnnaois (a shainmhítear mar an tréimhse ó thosaíodh ar uirlisí iarainn a úsáid go dtí gur thosaíodh ar scríobh na staire) timpeall ar 750 RRC, agus tá a fhios againn gurbh iad na Briotanaigh, pobal a raibh teanga Cheilteach acu, a bhí ar an mórphobal i Sasana sa tréimhse seo, in éindí le roinnt treibheanna Beilgeacha, pobal Ceilteach eile, san oir-dheisceart.

Sa bhliain 43 AD, thosaigh gabháil na Rómhánach ar an mBreatain Mhór; i rith na mblianta a lean uirthi seo, d'iomlaoidíodh smacht na hImpireachta Rómhánaí ar chodanna éagsúla an oileáin; is sna codanna is cothroime agus is gaire leis an Mór-Roinn, san Oirthear agus sa Deisceart, áfach, a bhíodh is mó smachta acu; na codanna, den chuid is mó, a d'eireodh i Sasana sa tréimhse tar éis imeachta na hImpireachta. Is na Rómhánaigh a bhunaigh cuid mhór de chathracha Shasana an lae inniu, ina n-áireamh Londain, Eabhrac, agus gach cathair a bhfuil deireadh -chester uirthi as Béarla, nós Mhanchain (Manchester) agus Colchester.

Ag tosú an 5ú céad, d'imigh na Rómhánaigh den Bhreatain Mhór, ionas lena bhfócas a chur ar chroí na himpireachta a chosaint. Lig a n-imeacht an chuid den oileán a bhí faoina smacht – an chuid is mó dá n-éireodh i Sasana – gan riarachán socraithe, agus rinne sé seo éasca do threibheanna as an Ísiltír, an nGearmáin Thuaidh, agus an Danmhairg – na hAingligh, na Sacsanaigh, agus na Iútaigh – a theacht isteach agus a shocrú ar an oileán. Is as na Sacsanaigh, as a ainmnítear réigiún na Sacsaine sa Ghearmáin freisin, a thagann an t-ainm Sasana don tír, agus is as na hAingligh a thagann an t-ainm England as Béarla. Is na treibheanna seo a thug an cultúr Gearmánach don tír leo, ina áireamh seo a dteangacha, a d'éireodh isteach sa Sean-Bhéarla, agus sa chuid is mó den tír ar Sasana é – gach cuid seachas Corn na Breataine, codanna eile den iar-dheisceart, agus cuid den iar-thuaisceart – chuir an cultúr Gearmánach an seanchultúr Briotanach as áit.

Ó timpeall na bliana 800, d'éirigh ruathair Lochlannacha coitianta, agus níos moille tháinig méid mhór Lochlannach chun áitriú i Sasana, san Oirthear agus sa Tuaisceart go háirithe. Sa tréimhse seo fosta, rinne rialtóirí éagsúla iarrachtaí na ríochtaí Angla-Sacsanacha éagsúla a aontú, dá bharr sin a cruthaíodh 'Sasana' féin mar ríocht aontaithe faoin 10ú céad.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réigiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Oirthuaisceart Shasana
  2. Iarthuaisceart Shasana
  3. Sír Eabhraic agus an Humber
  4. An Lár-Réigiún Thiar
  5. An Lár-Réigiún Thoir
  6. Sasana Thoir
  7. Oirdheisceart Shasana
  8. Iardheisceart Shasana

Siombailí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad an St George's Cross agus armas na Three Lions príomhshiombailí Shasana. Úsáídtear siombailí eile freisin, mar shampla an dair agus an rós. Is é Lá Naomh Seoirse (23 Aibreán) an lá náisiúnta.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is daonlathas parlaiminte de facto í an Ríocht Aontaithe, a bhfuil Sasana ina chuid de, cé go bhfuil ceart de jure ag an mbanríon diúltú le dlí ar bith as an bparlaimint. Toisc go nglactar de réir a chéile nach gceadófaí leis an mbanríon diúltú le dlithe na parlaiminte i ndáiríre, is féidir a rá gur ag an bparlaimint amháin a bhfuil an chumhacht deireanach sa Ríocht Aontaithe – tá an tír neamhchoiteann ar an nós nach bhfuil bunreacht scríofa aici; mar sin, is féidir leis an bparlaimint dlí ar bith a athrú ach amháin le tromlach simplí i vóta parlaiminte. Tá parlaimintí cineachta ag Tuaisceart Éireann, ag an Albain, agus ag an mBreatain Bheag (faoi réir dheireanach na parlaiminte i Westminster), ach níl a leithéid ag Sasana féin. Is é an Páirtí Coimeádach an páirtí a fuair an méid is mó vótaí i Sasana san olltoghchán is deireanaí (45.4%), leannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre (41.9%), an Páirtí Daonlathach Liobrálach (7.8%), Páirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe (2.1%), agus an Páirtí Glas (1.9%). I vótáil an Bhreatimeachta sa bhliain 2016, ba é Sasana an tír a vótáil ba mhó i bhfabhar an Bhreatimeachta i measc ceithre náisiún na Ríochta Aontaithe : 53% i Sasana i gcomórtas le 52% sa Ríocht ar fad. Tá dhá chineál riaracháin áitiúla i Sasana: sna réigiúin níos tuaithiúla, bíonn go ginearálta dhá leibhéal rialtais: comhairlí contae taobh thuas agus comhairlí áitiúla fúthu sin; sna réigiúin níos uirbí, bíonn go hiondúil leibhéal amháin ar a dtugtar unitary authority,údarás aonadach (sna réigiúin níos tuaithiúla díobh sin) nó boroughbuirg (sna ceantair is uirbí).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Visit England (bord turasóireachta)