Stair Shasana
Is é Sasana an tír is mó san Ríocht Aontaithe. D'eascair an t-ainm Sasana ó na Angla-Shacsanaigh a tháinig sa 5ú haois. Tír amháin aontaithe ab ea críoch Sasana ó shin an 10ú haois. Sa bhliain 1707, cheangail an Bhreatain (Sasana and an Bhreatain Bheag) le hAlbain chun an Bhreatain Mhór a chruthú.
An Réamhstair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh 800,000 bliana ó shin a tháinig na chéad daoine go Sasana, agus uirlisí agus lorganna coise a aimsíodh in Happisburgh, Norfolk, ar na chéad rianta daonna a aimsíodh sa tír. Is í an rian is sine de Homo Sapiens in Eoraip an Iar-Thuaiscirt ná cnámh géill a aimsíodh in Uaimh Kents (Kents Cavern), Devon, a meastar a aois ar idir 41,000 agus 44,000 bliana. Tá cónaí ar Homo Sapiens go leanúnach i Sasana ó 13,000 bliana ó shin, deireadh na haoise oighir is déanaí. Meastar gur thosaigh an tréimhse Mhéisiliteach sa Bhreatain Mhór timpeall ar an am seo, 11,000 RRC. Tháinig an tréimhse Neoiliteach timpeall ar 4500 RRC, lorgtha le hathruithe móra cultúrtha, agus an Chré-umhaois, lorgtha le húsáid na n-uirlisí cré-umha, timpeall ar 2100 RRC. Meastar gur thosaigh an Iarnnaois (a shainmhínítear mar an tréimhse ó thosaíodh ar uirlisí iarainn a úsáid go dtí gur thosaíodh ar scríobh na staire) timpeall ar 750 RRC, agus tá a fhios againn gurbh iad na Briotanaigh, pobal a raibh teanga Cheilteach acu, a bhí ar an mórphobal i Sasana sa tréimhse seo, in éindí le roinnt treibheanna Beilgeacha, pobal Ceilteach eile, san oirdheisceart.
Tréimhse na Rómánach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 43 AD, thosaigh gabháil na Rómhánach ar an mBreatain Mhór; i rith na mblianta a lean uirthi seo, d'iomlaoidíodh smacht na hImpireachta Rómhánaí ar chodanna éagsúla an oileáin; is sna codanna is cothroime agus is gaire leis an Mór-Roinn, san Oirthear agus sa Deisceart, áfach, a bhíodh is mó smachta acu; na codanna, den chuid is mó, a d'eireodh i Sasana sa tréimhse tar éis imeachta na hImpireachta. Is na Rómhánaigh a bhunaigh cuid mhór de chathracha Shasana an lae inniu, ina n-áireamh Londain, Eabhrac, agus gach cathair a bhfuil deireadh -chester uirthi as Béarla, nós Mhanchain (Manchester) agus Colchester.
Teacht na dtreibheanna Gearmánacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ag tosú an 5ú céad, d'imigh na Rómhánaigh den Bhreatain Mhór, ionas lena bhfócas a chur ar chroí na himpireachta a chosaint. Lig a n-imeacht an chuid den oileán a bhí faoina smacht – an chuid is mó dá n-éireodh i Sasana – gan riarachán socraithe, agus rinne sé seo éasca do threibheanna as an Ísiltír, an nGearmáin Thuaidh, agus an Danmhairg – na hAingligh, na Sacsanaigh, agus na Iútaigh – a theacht isteach agus a shocrú ar an oileán. Is as na Sacsanaigh, as a ainmnítear réigiún na Sacsaine sa Ghearmáin freisin, a thagann an t-ainm Sasana don tír, agus is as na hAingligh a thagann an t-ainm England as Béarla. Is na treibheanna seo a thug an cultúr Gearmánach don tír leo, ina áireamh seo a dteangacha, a d'éireodh isteach sa Sean-Bhéarla. Sa chuid is mó den tír ar Sasana é anois – gach cuid seachas Corn na Breataine, codanna eile den iardheisceart, agus cuid den iarthuaisceart – chuir an cultúr Gearmánach an seanchultúr Briotanach as áit.
Ó timpeall na bliana 800, d'éirigh ruathair Lochlannacha coitianta, agus níos moille tháinig méid mhór Lochlannach chun áitriú i Sasana, san Oirthear agus sa Tuaisceart go háirithe. Sa tréimhse seo fosta, rinne rialtóirí éagsúla iarrachtaí na ríochtaí Angla-Sacsanacha éagsúla a aontú; is dá bharr sin a cruthaíodh 'Sasana' féin mar ríocht aontaithe faoin 10ú céad.
Na Meánaoiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1066, rinne fórsaí Normannacha forghabháil ar Shasana. D'fhan an ríshliocht a bhunaigh an rí a ghiollaigh an fhorghabháil seo, an rí Liam I, i gcumhacht ar Shasana ar feadh níos mó ná leath-aoise go dtí gur tháinig an ghéarchéim chomharbais ar a dtugtar An Ainrialtacht, idir 1135 agus 1153. I ndiaidh na tréimhse cogaidh seo, tháinig Sasana faoi riail Theaghlach na bPlantaigíneach, teaghlach a choinnigh an chathaoir ríoga go dtí 1485. Sa tréimhse seo a síníodh an Chairt Mhór, nó an Magna Carta, conradh polaitiúil a chuir teorannacha ar chumhacht an rí i gcomórtas leis na barúin. Troideadh freisin an Cogadh Céad Bliain, idir theaghlaigh ríoga Shasana agus na Fraince. Sna 1400idí, troideadh Cogadh na Rósanna, cogadh comharbais eile, idir Theaghlach Lancaster agus Theaghlach Eabhrac. Cuireadh deireadh leis an gcoimhlint seo i 1485, nuair a tháinig Anraí Túdar i gcoróin.
Na Túdair go dtí cruthú na Ríochta Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi Theaghlach na dTúdar agus ina ndiaidh sin faoi Theaghlach na Stíobhartaí, d'éirigh Sasana ina chumhacht chóilíneach, agus é ag leathnú a shmachta ar Éirinn i measc tíortha eile. I lár riail na Stíobhartaí, bhris Cogadh Cathartha Shasana amach idir lucht tacaíochta an Rí Séarlas I agus lucht tacaíochta Pharlaimint Shasana, cogadh a bhí ina chuid de Chogaidh na dTrí Ríochta, agus é bainteach le Cogadh na hAon Bhliana Déag in Éirinn. B'é an toradh air seo ná cuireadh an rí Séarlas I chun báis agus bunú poblachta parlaiminte ab ainm dó Comhlathas Shasana i 1649, a d'iompaíodh ina dheachtóireacht mhíleata faoi Oilibhéar Cromail sa bhliain 1653, ab ainm dósan An Coimirceas. Cuireadh an mhonarcacht ar bun arís i 1660, cé go lean aighnis faoin reiligiún agus faoin chumhacht ar aghaidh; mar thoradh ar na haighnis seo a cuireadh rí eile, an rí Séamas II, as an ríchathaoir sa 'Réabhlóid Ghlórmhar' sa bhliain 1688. Bhí an Bhreatain Bheag faoi riail Shasana cheana féin ón 13ú haois, agus í measta mar chuid de Shasana ag an rialtas, agus sa bhliain 1707, d'aontaíodh Sasana agus Albain chun stát nua, Ríocht na Breataine Móire, a chruthú. Tugadh ar Éire a theacht isteach sa ríocht seo sa bhliain 1801, ag athrú ainm na ríochta go 'Ríocht na Breataine Móire agus Éireann', nó An Ríocht Aontaithe' mar ghiorrúchán.
Impireacht na Breataine
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ndiaidh na réabhlóide tionsclaíochta, bhí an Ríocht Aontaithe ag rialú ar impireacht coilíneach, an ceann is mó a bhí sa stair thaifeadta. Le linn próiseas déchóilínithe san 20ú haois, d'éirigh beagnach gach dúiche thar lear den impireacht seo neamhspleách. Ina ainneoin sin, tá tionchar chultúrtha Shasana go leathan agus go domhain i gcuid mór acu go fóill.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Concas na Normannach
- An Phlá Mhór
- Éirí Amach na dTuathánach
- Cogadh na Rósanna
- Ré Túdarach
- Díscaoileadh na Mainistreacha
- Ré Eilíseach
- Cogadh Cathartha Shasana
- An Réabhlóid Ghlórmhar
- Acht an Aontais 1707
- Réabhlóid Thionsclaíoch
- Impireacht na Breataine
- Ré Victeoiriach
- An Chéad Chogadh Domhanda
- An Dara Cogadh Domhanda