Normannaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaNormannaigh

Cineálgrúpa eitneach stairiúil
Léarscáil dáileacháin
Ridire Normannach

Ó na Lochlannaigh a shocraigh síos sa Normainn i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na Normannaigh, arbh í an Fhraincis a dteanga labhartha.

Ar nós na Lochlannach rompu, tháinig siad i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile san Eoraip. Ba é Liam Concar agus a arm Normannach a bhuail na Sasanaigh ag Cath Hastings i 1066.

Tháinig na Normannaigh go hÉirinn níos déanaí, nuair a thug Diarmuid Mac Murchadha cuireadh do Strongbow teacht i gcúnamh air nuair a bhí aighneas idir é féin agus a chuid tiarnaí comharsanacha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]