Cath Hastings

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath Hastings
Cuid de: Concas na Normannach
Cath Hastings

Bás an Rí Arald ag Cath Hastings, á léiriú ar Thaipéis Bayeux

Dáta: 14 Deireadh Fómhair 1066
Áit: Is gaire, Hastings (Oirdheisceart Shasana)
Toradh: Bua Normannach
Céilí comhraic
Na Normannaigh
(Le tacaíocht ó: na Francaigh, Briotánaigh, & Phléimeannaigh)
Na hAngla-Sacsanaigh
(Le tacaíocht ó: na Þingalið)
Ceannasaithe
Liam Concar Arald Godwinson
Slua
~8,400 ~7,500
Taismigh
~3,000 básanna ~5,000 básanna
† Fuair bás sa choimhlint

Ag Cath Hastings, a troideadh maidin Shathairn ar 14 Deireadh Fómhair 1066, chloígh na Franc-Normannaigh, faoi Liam Concar, Diúc na Normainne, na Sasanaigh, faoi rí Shasana, Arald Godwinson, agus d'éirigh le Diúc na Normainne, Ríocht Shasana a ghabháil. Bhí an blár catha aon chiliméadar déag ó thuaidh de Hastings, gearr don bhaile Battle, an lá inniu.


Ba í tosca an chatha ná gur bhfuair Éadbhard an Choinfeasóra bás, agus níor fhan aon sliocht air, in Eanáir 1066, rud a chur streachailt chomharbais ar bun idir roinnt éilitheoirí ar a ríchathaoir. Rinneadh rí ar Shasana de Arald go gairid tar éis bháis Éadbhaird, ach bhí air aghaidh a thabhairt ar ionraí an Diúic, a dheartháir féin Tostig agus Harald Hardråde (Rí na hIorua). Chloigh Hardråde agus Tostig arm Sasanach (a bhí bailithe le chéile faoi dheifir) ag Cath Fulford ar 20 Meán Fómhair 1066, agus bhí an beirt acu ina sheal féin treascartha ag Arald i gCath Stamford Bridge, cúig lá ina dhiaidh sin. Fágadh básanna na díse, Tostig agus Hardråde ag Stamford Bridge, an rí Liam amháin mar chéile comhraic tromchúiseach Araild. Fad is a bhí Arald agus a chuid fórsaí ag teacht chucu féin, ghla an Rí Liam a chuid fórsaí ionraidh i dtír i ndeisceart Shasana ag Pevensey ar 28 Meán Fómhair, 1066 agus bunaíodh trácheann an choncais. Cuireadh iachall ar Arald máirseáil go tapa ó dheas le, ag bailiú fórsaí ’s a d’imigh sé










Naisc Sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]