Lochlannaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Na Lochlannaigh)
Jump to navigation Jump to search
Imeachtaí agus blianta do thurais thábhachtacha na Lochlannach

B'fhir gnó, coilínigh agus, mar is eol go leathan, foghlaithe mara iad na Lochlannaigh nó Uigingigh nó Vairingiaigh a shíolraigh as Críoch Lochlann. Idir na blianta 800 agus 1050, rinneadar coilíniú, réabadh agus trádáil ar fud chóstaí, aibhneacha agus oileáin na hEorpa agus fiú oirthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Thugadar Norðmenn (fir aduaidh) orthu féin. Tugann Lochlannaigh an lae inniu fós nordbor nó daoine aduaidh orthu féin.

D'fhág na Lochlannaigh ina dtír dhúchais mar gheall ar easpa talún cósta torthúil agus ródhaonra . Ó thart ar 800 AD ar aghaidh bhí Éire faoi ionsaí rialta ag foghlaithe Lochlannacha a chreach na mainistreacha saibhre agus a thug a meath sa deireadh. Na Lochlannaigh a bhunaigh poist trádála in Éirinn, a d'fhorbair ina dhiaidh sin ina mbailte móra agus i gcathracha amhail Áth Cliath, Corcaigh, Luimneach agus Port Láirge.[1] Chreidtí gurb iad na Lochlannaigh a thug "Duibhlinn" ar an gcathair, ach is léir ón ainm Gaelach go raibh áitreabh ann rompu.



Bád Lochlannach ar stampa poist ó na hOileáin Fharó Tá fios maith ar a gcrógacht agus a gcruas i gcogadh, ach thógadar bailte freisin, agus bhí bua acu le hobair lámha agus le trádáil. Sa Rúis agus san Impireacht Bhiosántach, thugtaí na Vairingiaigh (Væringjar, ar bhrí leis ná "fir geasa") ar na Lochlannaigh, agus thugtaí an Garda Vairingiach ar fhir cosanta Lochlannach na hImpireachta Biosántaí. Thugtaí Danair, Gearmánaigh agus Normannaigh orthu freisin, agus as Gaeilge déantaí idirdhealú idir Dubhghaill nó Danair, agus Fionnghaill, nó Ioruaigh. Is iad na hIoruaigh, na Danair, na Sualannaigh, na hÍoslannaigh agus na Faróigh náisiún an lae inniu a shíolraíonn don chuid is mó ó na Lochlannaigh. Is de shíol Lochlannach cuid éigin den daonra i Sasana, in Albain, in oirthear na hÉireann agus i dtuaisceart na Fraince.

B'astu siúd a shocraigh síos i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na Normannaigh, arbh í an Fhraincis a dteanga, agus tháinig siadsan i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile in iarthar na hEorpa ón 11ú haois ar aghaidh.


B'astú siúd a shocraigh síos i dtuaisceart na Fraince a shíolraigh na Normannaigh, arbh í an Fhraincis a dteanga, agus tháinig siadsan i dtír in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile in iarthar na hEorpa ón 11ú haois ar aghaidh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]