Jump to content

An Impireacht Bhiosántach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Impireacht Bhiosántach
Βασιλεία Ῥωμαίων (grc) Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósCathair Chonstaintín Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 41° 00′ 45″ N, 28° 58′ 48″ E / 41.0125°N,28.98°E / 41.0125; 28.98
Tréimhse stairiúilImpireacht na Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCathair Chonstaintín Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán17,000,000 (300) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilLaidin na meánaoise
Gréigis na Meánaoise Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deImpireacht na Róimhe
An Róimh sa Mheán-Aois Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síImpireacht na Róimhe, Impireacht na Róimhe Thiar, Latin Empire (en) Aistrigh agus An Ibéir Shasainid (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú285
286
330
17 Eanáir 395
Díscaoileadh29 Bealtaine 1453
Á leanúint agÉimíríocht na Créite, an Impireacht Otamánach, Diúcacht Brescia, Maona of Chios and Phocaea (en) Aistrigh agus Latin Empire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht absalóideach agus Dominate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
 Ceannaire stáitImpire Biosántach Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrasoladas Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil

Ba í leanúint na hImpireachta Rómhánaí i riocht nua, an Impireacht Bhiosántach, a mhair ón Seansaol déanach go dtí titim Chathair Chonstaintín sa bhliain 1453 A.D. Bhí contrárthacht ann san Impireacht Rómhánach eadar an t-Iarthar Laidineach agus an t-Oirthear Gréagach, agus mhalartaigh an cothrom eatarthu le linn na n-aoiseanna.

Cé go raibh nasc nár briseadh ann ó thaobh réime na n-impirí agus nádúr a chóras rialtais, is féidir stair na ré Biosántaí a dhealú de na haoiseanna ní ba luaithe i stair na hImpireachta Rómhánaí. Gan mhóimint áirithe mar an phointe bheacht ag ar thiontaigh Impireacht na Róimhe i n-a hImpireacht Bhiosántach, luann staraithe athruithe mar theacht na Gréigise in áit na Laidine; an t-aistriú príomhchathrach ón Róimh go Cathair Chonstaintín, agus an suaitheadh reiligiúnach faoi Theodaisias a hAon, an t-impire a ghlac leis an Chríostaíocht mar reiligiún an stáit agus a chuir cosc ar an phágántacht. Rinne an saineolaí George Ostrogorsky athchoimre chruinn ar an bhforbairt mar, “sintéis an chultúir Ghréagaigh leis an chreideamh Chríostaí, faoi chóras rialtais Rómhánaigh.”

Athraíodh teorainneacha na himpireachta le linn a staire, ag leathnú agus ag laghdú le huaillmhianta a rialtóirí. Cé gur cailleadh cuid mhór dá críocha i ndiaidh thitim na Róimhe sa cúigiú haois, bhí an impireacht chomh mór agus a bheadh ariamh sa chéad aois eile de bhrí ratha mhíleata an Impire Iústainiáin, a chuir cósta na hAfraice Thuaidh, an Iodáil, chomh maith leis an Róimh í fhéin faoi smacht impiriúil arís. Leathnaíodh an teorainn san oirthear i rith réimis Mháraíciais a hAon, agus neartaíodh rialú Biosántach ó thuaidh. Spreagadh cogadh d’fhiche bliain nuair a feallmharaíodh Maraícias, áfach, agus bhí acmhainní na himpireachta sáraithe i ndiaidh na coimhlinte sin. Agus an impireacht lagaithe tar éis na mblianta ag troid, thoisigh na Moslamaigh ag déanamh ionsaithe ar na Biosántaigh sa seachtú haois. I gcaitheamh seacht mbliana, thóg na hArabaigh de na Biosántaigh a bproibhinsí ba luachmhaire: an Éigipt agus an tSiria.

Tháinig athbheochan le teacht an ríshleachta Mhacadónaigh sa naoú haois. Chuaidh an impireacht i méid agus i saibhreas faoi riail an teaghlaigh sin, sular cailleadh an mhórchuid d’Anatóil do na Turcaigh i ndiaidh chath Mhanzikert sa bhliain 1071. Lean an impireacht i laige den uair sin. Buaileadh buille mór uirthi i rith na cheathrú crosáide, nuair a cloíodh Cathair Chonstaintín, cailleadh údarás lárnach, agus scaradh an impireacht i stáit bheaga neamhspleácha a bhíodh in iomaíocht le n-a chéile.

Thóg na Biosántaigh Cathair Chonstaintín ar ais sa bhliain 1261, éacht a mharcáil athbhunú a n-impireachta. Ach, ón bhliain sin go dtí a laethanta deiridh, cha raibh innti ach stát faoi ionsaithe naimhde ní ba láidire, agus faoi ualaí éagsúla eile nach mbeadh sí ábalta a shárú. Bhí an impireacht go han-laghdaithe faoin ré úd agus, beag ar bheag, le linn an cheathrú chéid déag, thóg na Turcaigh an dornán de thíortha a bhí fágtha do na Biosántaigh, go dtí gur cuireadh deireadh leis an Impireacht Bhiosántach le titim Chathair Chonstaintín sa bhliain 1452.

Is iomaí ainm a thugtaí ar an impireacht i ndiaidh a titime: “Impireacht na nGréagach;” “Impireacht an Oirthir,” agus “An Impireacht Dheireanach,” san áireamh.[1]

Bhí na Biosántaigh bródúil as a n-oidhreacht Rómhánach agus stádas na cathrach sin mar lár an domhain Chríostaí. Ó tharla go raibh a mothú féiniúlachta chomh dlúthcheangailte don Róimh, is rud nádúrtha é gur thógadar “Romaioi” (Rómhánaigh) mar dhaonainm.[2] Is dócha gur aontaigh na Moslamaigh leo ar an ádhbhar sin, mar ba é “Rum” –Rómhánach–an t-ainm a thugaidís orthu.[3] B’fhearr le daoine in iarthar na hEorpa, áfach, an focal "Graeci" (Gréagaigh) nuair a labhraídís faoi n-a gcomharsana in oirthear na himpireachta, de réir mhaíomh na n-iartharach gurbh iad fhéin, agus iadsan amháin, na fíor-Rómhánaigh.

Ba é an chéad údar a d’úsáid an téarma “Biosántach” le tagairt a dhéanamh don impireacht ná Laonikos Chalkokondyles (1516-1580). Céad bliain ní ba dheireanaí, faoi thionchar Chalkokondyles, d’úsáid an staraí Hieronymus Wolf an téarma (i n-a “Corpus Historiae Byzantinae”) le béim a chur ar an chodarsnacht eadar cultúr na Rómhánach agus cultúr na nGréagach sa Ré Chlasaiceach.[4] Faoin ochtú haois déag, bhí an focal “Biosántach” scaipte go forleathan i measc an tsaoghail acadúil, a bhuidhe le saothair scríbhneoirí Francacha, leithéid Montesquieu, agus is annamh a thugtar aon ainm eile uirthi sa lá atá inniubh ann.  

I ndiaidh bhás Alastair Mhóir (323 R.Ch.), roinneadh an impireacht a chruthaigh sé eadar na Diadóchaí (a ghinearáil ba shinsearaí) le gach aon duine acu i gceannas ar a réigiún fhéin.[5] Ón dtús, bhí na Diadóchaí ag fógairt cogaidh ar a chéile chun a smacht fhéin a chur ar na codanna eile den iar-impireacht. Mhair an ré coimhlinte seo breis agus céad bliain, sula dtáinig na Rómhánaigh ar an bhfód.[6]

Dióicléitiánas.

Ba léir an staid lagaithe ina raibh ríochtaí na nDiadóchaí agus bhain na Rómhánaigh tairbhe as achrann na nGréagach. Toisíodh próiseas gabhála ar na tíortha sin leis an Chogadh Shiriach, agus le linn na n-aoiseanna roimh Chríost, trí chath agus trí scéiméireacht, tháinig na Rómhánaigh, céim ar chéim, i bhfeidhm ar Oirthear na Meánmhara, togra a cuireadh i gcrích nuair a gabhadh Coraint sa bhliain 146 R.Ch.

Aois neamhchinnteachta a bhí ann don Impireacht Rómhánach sa tríú céad i ndiaidh bhreith Chríost, leis an oiread dúshlán a bhí roimpi. Bhí a córas rialtais agus a fórsaí míleata i mí-eagar, a laigeacht le feiceáil go soiléir, agus naimhde ar a teorainneacha ag bagairt ionnsaithe. Bhí arm na hImpireachta Rómhánaí scartha eadar faicsin réigiúnacha, agus tugadh “impirí-shaighdiúirí” ar na ginearáil a bhí i n-a gceannairí orthu. Mheas ceann acu, Dióicléitiánas, go raibh an stát rómhór le fear amháin a bheith i gceannas air agus, in iarracht an fhadhb a dh’fhuascladh, bhunaigh sé an Teitrearcacht (nó rialú ceathrair), córas ina raibh údarás na himpireachta roinnte eadar beirt Augustus (nó ard-impirí), duine acu a rialódh san iarthar, nuair a bhíodh an t-impire eile i gceannas ar an oirthear, agus Caesar (tánaiste) acu araon a dtigeadh i gcomharbas i ndiaidh bhás a Augustuis.[7]

Bhí rath go leor ar an chóras seo go dtí gur cailleadh an t-Impire Constaintias sa bhliain 306. Fógraíodh ansin go mbeadh a mhac, Constaintín, i gcoróin Augustuis agus Caesair ag an am céanna.[8] Pléascadh cogadh cathartha de bharr na dánachta seo, coimhlint lán scéiméireachta agus tréatúireachta. Ba é Constaintín a tháinig slán as an chogadh, agus aithníodh é mar Augustus na himpireachta iomláine sa bhliain 324. Le linn na sé bliana i n-a dhiaidh sin, athtógadh Cathair Bhiosáintiam faoi n-a mhaoirseacht i gcaoi agus go mbeadh stádas mar phríomhchathair na himpireachta agus an teideal “Róimh Nua” cuí dhaoithe (cé gur “Constantinopolis” [Cathair Chonstaintín] a thugtaí uirthi sa ghnáthchaint).[9]

Constaintín a hAon agus an Róimh Nua

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhór an socrú, an phríomhchathair a aistriú don Ghréig, cé nach raibh an Róimh (i dháiríre) i n-a lár rialtais ag an uair sin, agus b’amhlaidh le fada. (Níor chónaigh aon impire sa Róimh ó mheán na tríú haoise, mar shampla). Os a choinne sin, is iomaí buntáiste a bhí ag Biosaintiam ó thaobh leagan amach na háite, suite, mar a bhí, i lárionad na Meánmhara agus na mbealaí trádála a bhaineadh léithe. Lonnaithe eadar dhá mhór-roinn agus dhá fharraige, ar chríoch thaobh thiar na Slíghe Síoda, agus oscailte go Bealach na Spíosraí a leanadh go dtí an Afraic agus an India, bhí Biosaintiam ar na háiteanna ab fhearr a dtigeadh le rialtóir a roghnú mar bhunáit a rialtais.

Cathair Chonstaintín

Chun a chathair nua a chosaint, chuaidh Constaintín i ngleic le tógáil ballaí ollmhóra, a bhí i n-a struchtúr ba shuntasaí den chathair faoi am a gcomhlíonta. I n-a theannta leis na múrtha cosanta, dhaingnigh sé an caladh, agus thimpeallaigh sé é le cabhlachán–beartaí a rinne den Róimh Nua an chathair ba mhó ba shábháilte den ré. [10]Leasaitheoir gníomhach a bhí i gConstaintín, agus d'oibrigh sé chun feabhsuithe i réimsí éagsúla eile a bhunú. Chuir sé i bhfeidhm airgeadra seasmhach, an solidus (bonn d’ór), in áit an aureus (a bhí déanta d’airgead). D’athchóirigh sé an maorlathas agus an t-arm–dhá fhorás a bhuin sé leas as i rith na gcogaí a lean go gairid i ndiaidh an tsaothair sin.  

Cé nár fógraíodh an Chríostaíocht mar reiligiún oifigiúil a’ stáit le linn réimis Chonstaintín, ba é an chéad impire a thiontaigh daoithe, agus bhí an rialtas claonta dá creidmhigh. Frasaíodh pribhléidí éagsúla ar na Críostaithe: tugadh tús áit dóibh in earcú do phostanna sa riarachán; díolmhaíodh na cléirigh saor ó chánachas, agus tugadh údarás breitheamhna sibhialta do na heaspaig. [11]Bhunaigh Constaintín prionsabal na neamh-eadarghabhála maidir le cúrsaí creidimh (is é sin, ní cheadófaí don impire aon ghné dogma a shocrú ar a chonlán fhéin), cé gur choimeád sé an chumhacht chun comhairlí na hEaglaise a ghairm ar son conspóidí reiligiúnacha a réiteach. [12]Mar sin, thionóil Constaintín an Sionad d’Arles, agus leis an Chomhairle Nícaea neartaíodh ról an Impire mar cheannaire na hEaglaise.

Ré Ionraí agus Titim an Iarthair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhrúigh dúshláin éagsúla ar an impireacht ins an chúigiú haois fosta, eadar theacht na mBarbarach, conspóid teorann, agus reibiliúin a tharla de dheasca na staide lagaithe ina raibh sí. Bhí an domhan Rómhánach i n-a chíor thuathail (fiú sular scaradh an impireacht eadar an bheirt mhac de chuid an Impire Teodaiseas), agus le linn na n-anachainí, tháinig na Barbaraigh chun cinn i n-a bhfórsa míleata aontaithe, neamhspleách agus uathbhásach, agus d’oibrigh siad go díograiseach leis an lámh in uachtar a fháil os cionn na ngrúpaí eile den Impireacht Rómhánach. [13]

Attila.

Is casta an stair eadar na Barbaraigh agus na Rómhánaigh. Cuireadh an dá chine le chéile ag deireadh a’ cheathrú chéid nuair a tháinig sraith treibheanna isteach san impireacht mar dhídeanaí. Pobail Ghearmánacha ab iad, don chuid ba mhó (Gotaigh, Viseagotaigh, Vandail, agus araile), agus iad ag teitheadh ó na Hun, pobal trodach Oirthearach a bhí ag leathnú a dteorainneacha trí ionnsaithe siar.[14] Tháinig an iomarca theifeach ag ráta róthapaidh chun na heachtrannaigh seo a bheith comhtháthaithe go síothúil san impireacht–agus d’fhás achrann agus amhras dá bharr.

Ar feadh glúnta, bhí na Barbaraigh iomallaithe eadar Hunaigh throdacha agus Rómhánaigh dhoicheallacha, agus mhéadaigh an fuath a bhí ag na gnáthdhaoine Barbaracha dá sochaí óstach i gcaitheamh na mblianta úd. I measc roinnt na gceannairí Barbaracha, áfach, d’fhorbair dearcadh fabhrach don Róimh, a cultúr, agus an tsibhialtacht a chruthaigh sí. Mar a dúirt Athabhalf, rí na Viseagotach: “Go gcuimhnítear mé mar an t-é a chuir an impireacht ar ais, óir is léir nach dtig liom í a athrú.” [15]

Tháinig an dá mhac de chuid an Impire Teodaiseas i n-a gcomharbas mar chomh-impirí i ndiaidh bhás a n-athar sa bhliain 395, le Honóirias ag rialú san iarthar, agus Arcaideas i gceannas ar an oirthear.[16] Agus é an-óg, cuireadh Honóirias faoi stiúradh a’ ghinearáil Stiliceo. Mac máthar Romhánaí agus athar Vandalaigh a bhí i Stiliceo, a chuaidh chun cinn ag lán seol trí chéimeanna an airm. I ndiaidh blianta i seirbhís don impireacht, cúitíodh Stiliceo leis an onóir a bheith ceaptha i n-a gharda cosanta do Theodaiseas, agus rinne an t-impire sin ginearál de giota beag ní ba dheireanaí. Chomh mór agus a bhí an meas ag Teodaiseas ar an ghinearál leath-Vandalach go ndearna sé cleamhnas eadar Stiliceo agus a neacht, Flavia Serena, in ainneoin go raibh na huaisle míshásta le pósadh géige gile den rítheaghlach Rómhánach le fear fola measctha.

Le Teodaiseas marbh, tharla gur thiontaigh ról Stiliceo ó chaomhnóir mhac impire do leasrí an taoibh thiar den Impireacht Rómhanach.[17]Ní raibh Stiliceo sásta leis sin, áfach, agus thoisigh sé ag beartú ar threascairt Rúfanais, a mhacasamhail a bhí a threorú Arcaideas ins an oirthear. Níorbh fhada sular fhorbair achrann eadar an dá thaobh, agus tharla conspóid teorann faoi úinéireacht Iliria (réigiún lárnach a chomhfhreagraíonn don Albáin den lá atá inniubh ann). Le cois a suite straitéiseach, b'í Iliria an áit ba thábhachtaí maidir le hearcaíocht mhíleata. Barbaraigh ab iad, an mhórchuid de na saighdiúirí a bhíodh á n-earcú ag an am sin, agus b’é an oiread ollmhór dá bpobal a maraíodh ar seirbhís don impireacht i rith a’ chogaidh i measc cúiseanna gearáin agus feirge a spreag na Barbaraigh chun reibiliúin in aghaidh na Rómhánach.

Feachtas Alaraic agus Creachadh na Róimhe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn na cúigiú haoise, tháinig na Barbaraigh le chéile i gcónaidhmeanna faoi smacht ceannairí feidhmiúla, agus ba é Alaraic a hAon, rí na Viseagotach, an phearsa ba thábhactaí de na taoisigh siúd. Scéal maireachtála i lár coimhlinte anordúla mí-ionraice atá i mbeathfhaisnéis Alaraic, inar choinnigh sé a staid agus a chéim mar cheannaire chumasach trí stuaim phraiticiúil agus uainíocht géillsine eadar faicsin éagsúla. Bhí sé i n-a ghinearál faoi Theodaiseas, [18]ach i ndiaidh bhás an impire sin, ainmníodh Alaraic mar rí na nGotach, agus chuaidh sé chun cogaidh in aghaidh na hImpireachta Rómhánaí sa bhliain 395, i bhfeachtas creachta tríd an tuath.

Tá tuairimíocht éagsúil fá cad é ba bhunchúis a’ tsocraithe dul i gcomhrac in aghaidh na n-údarás. Go ginearálta, is í barúil na staraithe go raibh Alaraic faoi bhrú fhreagracht a dhualgais mar rí nua na nGotach; go raibh sé ag iarraidh staid a chinntiú dá phobal i gcóras na himpireachta, agus, ós fear míleata atá i gceist, nach ionntas gur roghnaigh sé an bealach chun cogaidh leis an méid sin a chur i gcrích.

Scaradh na hImpireachta Rómhánaí sa bhliain 395.

D’iompaigh cothrom cumhachta na himpireachta tar éis sléachta mhílte ban agus clainne na mBarbarach a d’ordaigh an t-Impire Honóirias i mbabhta de pharanóia. I ndiaidh an ainghnímh sin, líonadh arm Alaraic le hoiread mór na mBarbarach ar dúnmharaíodh a dteaghlaigh, agus iad i n-a saighdiúirí proifisiúnta, spreagtha chun cogadh a dhéanamh le tréan díoltais. Le tacaíocht na bhfear Viseagotach agus na saighdiúirí úra a raibh sé i ndiaidh earcú, shocraigh Alaraic feachtas creachta a dhéanamh tríd an Iodáil. Sa bhliain 408, rinne na Barbaraigh a mbealach ó dheas go suaimhneach, “mar go rabhadar ag dul don fheis” de réir an staraí.

Bhí timpeall 800,000 duine i n-a gcónaí sa Róimh ag an am sin, an chathair ba mhó den ré. Níor léirigh na Rómhánaigh a lán misnigh ná oiread mór stuaime faoi scáth na mBarbarach a bhí ag druidim orthu, agus nuair a chuir na Barbaraigh a gcathair faoi léigear, pléascadh uathbhás millteanach tríd na daoine. D’iarr na sagairt phágánacha ar an Phápa ceadúnas íobairtí a dhéanamh san fhóram. Níor ceadaíodh.

Agus an chathair i n-a cíor thuathail, bhí cliúmhilleadh nimhneach á scaipeadh fán bhanríon Serena. In easpa fianaise ar bith, agus in ainneoin gurbh í baintreach Stiliceo agus neacht an Impire Teodaiseas, dúradh go raibh sí i gcomhcheilg le hAlaraic, agus go mbeadh sí ag seoladh faisnéise don rí Barbarach. Is dócha go raibh an ráfla seo bunaithe ar an bhfíric go raibh roinnt socruithe polaitiúla pragmatacha déanta ag Stiliceo maidir le hAlaraic i rith na staire fada casta eadar an dá cheannaire. Ba leor sin, i measc scaoll na héigeandála, le bás Sherena a chinntiú, agus d’ordaigh Seanad na Róimhe go dtachtfaí an banphrionsa.

Bhlocáil na Barbaraigh an Tibir le bac a chur ar an sruth soláthairtí don Róimh. Agus na daoine ar iomall an ghorta, seoladh teachtaí den seanad Rómhánach chuig an rí Barbarach le comhréiteach a dhéanamh agus anachain a chosc. Do liostaigh Alaraic a chuid éileamh: an t-ór agus an t-airgead iomlán chomh maith leis na hearraí toigh, agus na sclábhaithe uile den chathair a bheith seachadta chuige. Nuair a d’fhiafraigh na teachtaí cad é a d’fhágfaí do na Rómhánaigh, d’fhreagair Alaraic: “a mbeathaí”.[19] Íocadh an t-airgead, agus baineadh an léigear. D’fhulaing an Róimh léigear eile an bhliain dár gcionn, áfach.[20]

D’fhill Alaraic ar an Róimh sa bhliain 409, le harm méadaithe ag 40,000 fear a raibh sé i ndiaidh earcú de na sclábhaithe a shaor sé i ndiaidh an chéad léigir. An babhta seo, bhí Alaraic ag éileamh go mbeirfí dó cíoscháin bhliantúil d’ór agus de ghrán, agus go ngéillfí tíortha san Iodáil agus sna Balcáin dá phobal. Bhí Alaraic trí chéile nuair a fuair sé litir mhaslach dá chuid éileamh. Chuir sé deireadh leis an chaibidlíocht, agus d’ullmhaigh sé a shaighdiúirí i gcomhair cogaidh.[21]

Rinne sé athmhachnamh nuair a chluin sé tuairisc gur earcaigh Honóirias arm de 10,000 Hunach. D’ofráil Alaraic téarmaí nua: go dtabharfaí do na Viseagotaigh tíortha i Noricum agus oiread gráin a mheasfadh na Rómhánaigh a bheith réasúnta. Theip ar an bheartaíocht i ndiaidh iarracht feallmharfa inar bheag nár maraíodh Alaraic. Ansin, i staid bhuile, shocraigh Alaraic ar sprioc sonrach amháin: gabháil na Róimhe. Tar éis léigir ghairid, osclaíodh na geataí móra.

Creachadh mórán de na foirgnimh mhóra. Maslaíodh maisealéam na nImpirí Ágastais agus Hadriáin–tógadh amach a gcuid luaithreach agus scaipeadh iad. Goideadh arbh fhéidir leis na Barbaraigh a thógáil. Scriosadh an Geata Saláirian, loiteadh na garraithe Salluist, agus loisceadh an bhaisleac Iúilia. In ainneoin a’ chreachta agus an fhoréigin fhorleathain, spáráladh na hardeaglaisí de Pheadar agus de Phól, cé gur goideadh ciborium airgid den Phálás Lataránach. Fágadh pobal na Róimhe cloíte, agus mórán díobh tógtha mar sclábhaithe, Galla Placidia–deirbhiúr an impire–san áireamh. Éilíodh airgead-fhuascladh ar roinnt daoine, rinneadh sclábhaithe de chuid eile acu, agus éigníodh mórán sular dúnmharaíodh iad.

Ba shin an chéad uair a creachadh an Róimh ar feadh 800 blianta, agus baineadh siar as na daoine ar fud an dá thaobh na himpireachta, óir dhearcaidís don Róimh mar an Chathair Shíoraí. Do nocht an tubaiste an laigeacht mhíleata inar thit na Rómhánaigh agus cé chomh soleonta agus a bhí Impireacht an Iarthair. Do scríobh Naomh Iaróm: “Más féidir go dtitfeadh an Róimh, cad é atá sábháilte”. Bhí an Impireacht Rómhánach Thiar ag teipeadh faoi bhrú na bhfadhbanna eiseacha, agus bhí an creachadh ar na heachtraí ab uathbhásaí go dtí an uair sin. Bhí treascairt agus reibiliúin ag scriosadh na himpireachta, agus bhí naimhde ar an iomall ag bagairt ionsaithe.

Sa bhliain 442, tháinig Geinseiric, rí na Vandal, ins an Afraic le harm dá chine fhéin le cois a chomhghuallithe Alannacha. Ins an tréimhse céanna, d’fhoghlaim na Frainc an buntáiste a bhaineas leis an aontacht, agus thug Clóvas a hAon na ríochtaí beaga den Fhrainc faoi n-a cheannaireacht. Thuig na Biosántaigh fírinne a’ cháis pholaitiúil agus, in áit aghaidh a thabhairt ar Chlóvas, thugadar aitheantas dó. Ainmníodh é mar chonsal agus cheannaire ar thailte a chomhfheagraíonn don Fhrainc den am i láthair.[22]

Ó thaobh an airm Rómhánaigh, d’ísligh dílseacht don impireacht i gcomhréir le méadú an oiread saighdiúirí Barbaracha ina ranganna. Buaileadh an Róimh le creachadh ní ba chruaidhe sa bhliain 455, agus Vandail na húdair leis an uair sin.[23] Thit Impireacht an Iarthair fá dheireadh sa bhliain 476, nuair a baineadh an t-Impire Ágastalas as a ríchathaoir, agus Ódabhacar, rí Barbarach, ag tógáil a áite le hé fhéin a dh’fhógairt mar Rí na hIodáile.

I gCathair Chonstaintin, tháinig Léó a hAon i gcomharbas ar Mharaícian sa bhliain 457. Cé gur thoisigh sé a réimeas ar teaghrán ag Aspar, an phríomhghinearál Alanach, shaor Léó é fhéin de thionchar na nAlanach trí chomhghuaillíocht leis na hIosamhraigh, treibh leath-Bharbarach de dheisceart na hAnatóile.

Le céadta, b’iad na ceannairí míleata a chorónaíodh na himpirí, agus b’amhlaidh i gcás Léó fosta. Fear diaganta a bhí ann, áfach, agus bhunaigh Léó nós nua le béim a chur ar an cheangal eadar Eaglais agus Impireacht. Chuaidh Léó don Hagia Sóphia mar a chuir sé an choróin ar an altóir. Agus é ag imeacht den eaglais, corónaíodh Léó ag Anatólas, Patrarc Chathair Chonstaintín. Mhair an cleachtadh seo go dtí an Meán Aois, agus thóg searmanas a’ chorónaithe nádúr ní ba reiligiúnaí le linn na gcéadta.

Ins an bhliain 468, theip ar iarracht a rinne Léó le smacht Afraic Thuaidh a thógáil ar ais de na Vandail. Faoin uair sin, níor fágadh don Impireacht Thiar ach an Iodáil agus na tíortha ó dheas na Danóibe go dtí na Balcáin. Sa bhliain 466, mar choingheall a chomhghuaillíochta leis na hIosamhraigh, rinne Léó cleamhnas dá nighean Ariadné leis an Iosamhrach Tarasicodissa, a d’athraigh a ainm do Zéineo. Nuair a cailleadh Léó sa bhliain 474, rinneadh impire de mhac Zéineo agus Ariadné. Corónaíodh mar Léó a Dó é, agus bhí Zéineo i n-a thánaiste dhó gus go bhfuair Léó bás roinnt míosa ní ba mhoille.[24]

Agus Zéineo ag rialú san oirthear, thit impireacht an iarthair nuair a treascraíodh Rómalas Ágastas ag Ódabhacar, ginearál Barbarach, sa bhliain 476. Chun an Iodáil a athghabháil, bhunaigh Zéineo comhghuaillíocht leis na hOstragotaigh de Theodóraic. Thug sé an rí sin chun na hIodáile mar magister militum per Italiam (is é sin, Ardcheannaire Míleata na hIodáile). Tháinig Teodóraic in áit Ódabhacar mar rialtóir a’ taoibh thiar den impireacht agus, mar sin, d’aimsigh Zéineo smacht–go h-oifigiúil, ar a laghad–ar an impireacht iomlán, agus fuair sé réidh d’iomaitheoir neamhiontaobhtha d’aon iarraidh.

I ndiaidh bhás Zéineo, fágadh dá bhaintreach, Ariadné, impire nua a chur i n-a ionad, agus ba é Anastaiseas a roghnaigh sí. Cé gur mhaorlathaí aosta a bhí ann, tharla gur shaothraigh Anastaiseas go bríomhar chun leasa na himpireachta. Chuir sé córas úr cánachais i bhfeidhm, agus leis an ioncam de bhí sé ábalta ballaí cosanta a thógáil leis na Sasánaigh a choimeád amuigh.  

Réimeas Iústainiáin a hAon

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le teacht a' séú chéid, tháinig an Impireacht Bhiosántach i n-a cinseal d’ór faoi réimeas Iústainiáin a hAon (527-565). Rialtóir go han-ghníomhach a bhí ann, ar a dtugtar uaireanta “An Rómhánach Deireanach,” mar gurbh é an t-impire deiridh a tógadh leis an Laidin, agus gur athghabháil sé a lán tíortha den Impireacht Rómhánach san iarthar.[25]

Iústainián 1.

Ba é an ginearál Beileasáirias a chuir an saothar míleata sin i gcrích, i gceann arm a d’athshealbhaigh cuid mhaith na gcríoch a cailleadh le titim na Róimhe. [26]Taobh astoigh de sheacht mbliana, chloígh na Biosántaigh cósta na hAfraice Thuaidh, sular chuir siad an ríocht Ostragotach faoi n-a gcos. Leis an bhuadh Bhiosántach úd, cuireadh an Dalmáit, an tSicil agus leithinis na hIodáile ar ais faoi smacht impiriúil.[27]

Le cois na n-éachtaí míleata, d'oibrigh Iustainián go dícheallach chun leasa an domhain Bhiosántaigh i réimsí éagsúla eile. Chuaidh sé i mbun fheachtas tógála, agus tá an ard-eaglais Hagia Sóphia i measc na dtorthaí is suaitheanta den obair. Maireann oidhreacht eile de réimeas Iustainiáin i n-a Corpus Juris Civilis (Corpas an Dlíghe Shibhialta), agus é in úsáid (le mionathruithe) i dtíortha ar fud an domhain don lá atá inniubh ann.[28]

Chomh maith leis a stuaim i gcúrsaí polaitíochta agus a uaillmhianta domhanda, bhí sé de chliú ar Iustainián gurbh fhear diaganta a bhí ann a d’oibrigh go díograiseach i gcosaint an chreidimh Chríostaí. Mar sin, aithnítear é mar naomh san Eaglais Ortadocsach.

Trí chogadh agus trí chonradh síthe, bhí na Biosántaigh ábalta na Sasánaigh a choinneáil i sáinn agus fairsing a gcríocha fhéin a mhéadú ag an am céanna. Sáraíodh airgead na mBiosántach ag na cogaí, áfach, agus fágadh an impireacht ní ba sholeonta i ndiaidh leathnú a dteorainneacha.  

B’ionntach an chliú a thuill an impireacht roimh thitim na Róimhe, le cineál glóire a chuir sí ar leith. Bhí sin caillte le céadta faoi theacht Iústainiáin, a bhí i gceannas ar impireacht laghdaithe, íslithe. Ach mhair nóisean na ré órga i samhlú na mBiosántach fós, agus thoisigh an t-impire ar tóir na glóire sin a athaimsiú, i ndóchas go ndealródh sí ar a chliú fhéin. Bhí sé meáite aige go mb’é fhéin a d'athshealbhódh na tíortha caillte, agus, leis sin mar aidhm aige, chuaidh Iústainián i gcomhairle le Beileasáirias, ginearál d'Arm an Oirthir, le pleanannaí ionsaithe ar an Afraic Thuaidh a dh’fhorbairt.[29] An bliain dár gcionn, le n-a arm de 18,000 fear, thug Beileasáirias buadh ar Gheileamar, Rí na Vandal, agus cuireadh fáilte a' laoich roimhe sa bhliain 534 nuair a d’fhill sé ar Chathair Chonstaintín.

Agus sin curtha i gcrích, d’aimsigh Iústainián ar athghabháil na hIodáile agus cósta na Dalmáite, a bhí faoi smacht na nOstragotach. Gabhadh go héascaigh Neapoil agus an tSicil. [30]I gcás na Róimhe, áfach, bhí feidhm ar na Biosántaigh léigear a dhéanamh. Níor mhair an bhlocáil fada, agus d’oscail an Pápa na geataí i mí na Nollag den bhliain 536.[31] Le fuinneamh an fheachtais ag cruinniú nirt, lean na Biosántaigh ó thuaidh, ag teannadh ar na Gotaigh tríd an Iodáil. Sháraigh siad na Gotaigh i Mílánó, agus i n-a gcathair dhaingnithe, Ravena, mar ar gabhadh an ceannasaí Gotach Vidhge sular tógadh é don Ghréig mar chime.[32]

Níor luaithe agus a bhí Beileasáirias ar ais i gCathair Chonstaintín ná gur athghrúpáil na Gotaigh (an babhta seo faoi cheannaireacht Thóiteala), agus roimh fhada tháinigeadar chun geataí na Róimhe. [33]Laghdaigh an meas agus an muinín a bhí ag Iústainián do Bheileasáirias i rith na mblianta, ach cha raibh rogha aige ach é a sheoladh don Iodáil. In ainneoin amhrais Iústainiáin, thug Beileasáirias buadh ar na Gotaigh aon turas eile, agus bhí an Róimh gaibhte aige sa bhliain 546.[34]

Ghair Iústainián ar Bheileasáirias go bhfillfeadh sé chun na cúirte impiriúla. Bhí Tóiteala i ndiaidh an Róimh a ghabháil don darna tráth, agus b’é Nairséis a bhfuair an t-ordú chun déileáil leis an uair sin, in ionad Bheileasáiriais. I gceann arm ollmhór, thug Nairséis aghaidh ar na Gotaigh i gcath a chríochnaigh le bás Thóiteala. Bhí Nairséis ábalta ansin a chuid saighdiúirí a dhíriú ó dheas go Verona, mar a raibh an t-aon daingean a bhí fágtha do na Gotaigh. Géilleadh an baile do na Biosántaigh i mí Iúil, 561.

Méid na hImpireachta Biosántaí ag deireadh réimis Iústainiáin.

Le tamall fada, ba mhian le Iústainián gabháil na Spáinne a bhuint amach, agus leis an tranglam cogaí a bhí ar siúbhal, roghnaigh sé an mhóimint cheart le n-a dheis a thapú. Sa bhliain 562, do láinseáil sé armáid chun oirdheisceart na Spáinne, mar a chuir an t-arm Biosántach ruaig ar na Gotaigh. Cath cinntitheach a bhí ann, agus bhí an mhórchuid d’Afraic Thuaidh, cuid mhaith na Spáinne, agus roinnt oileán den Mheánmhara tógtha isteach an “Loch Rómhánach” i ndiaidh na ruaige.

Bhuin Iústainián tairbhe mhaith as a pholasaí ionsaitheach ins an iarthar. Ins an oirthear, áfach, bhí na Biosántaigh ag streachailt i gcoimhlint cosanta in aghaidh na Sasánach, agus chríochnaigh an cogadh sin le cath Chailinceo agus buadh Shasánach. Cé gur cloíodh na Biosántaigh, d’aimsigh Iústainián téarmaí réasúnta maithe i ndiaidh chailleadh an chogaidh. Síníodh conradh inar géilleadh do na Biosántaigh an leithinis Lazica ar chósta na Seoirsia. Leis an réigiún sin faoi n-a smacht, chuir na Biosántaigh bac ar thrácht trádála Sasánaí sa Mhuir Dhubh.

Mhair an tsíocháin ocht mbliana sular chuir Chosramh, rí na Sasánach, críoch leis, agus é ag ionsaí ar an Mheaspatáim Rómhánach. Ghabh na Sasánaigh Aintíoch go tapaidh, agus Latia ins an chéad bhliain eile. Cath gan fógairt a bhíodh ann, de straitéis luathchogaidh. Ghabhtaí cathair ag na Sasánaigh sula bhfágaidís í de mhalairt ar airgead fuascailte. Chríochnaigh an choimhlint seo nuair a shínigh Iústainián conradh inar aontaigh na Biosántaigh 400 solidí a dh’íocadh go bliantúil.

Ins na blianta céanna, chomh maith leis na hionsaithe Peirseacha, b’éigean do na Biosántaigh aghaidh a thabhairt ar na Bulgáraigh, agus iad a teacht ins na Balcáin le smacht uathbhásach a imirt ar an réigiún. Thoisigh a bhfeachtas sceimhle sa bhliain 514, agus iad ag comhordú ionsaithe ar fud na Gréige. Bhí ionradh dírithe chun lár na Gréige, nuair a tháinig arm eile acu i gCallaípoil, agus an treas ag máirseáil ar Chathair Chonstaintín.

Cé nach raibh na Bulgáraigh ábalta na ballaí cosanta a shárú, ní raibh na Biosántaigh slán ó sceimhle na ruathairí fós. B’fheachtas drochaigeanta dochrach a bhí i n-a bhfilleadh chun a dtíre fhéin, agus iad ag lot agus ag loscadh gach uile bhaile i n-a gcosán. Níor bhagair na Bulgáraigh an Impireacht Bhiosántach arís, ach thrasnaigh grúpaí eile an teorainn roimh dheireadh réimeas Iústainiáin, agus gach aon tráth bhí an t-impire ábalta srian a chur orthu, trí chogadh, trí chealg nó trí chomhréiteach.

Saothar Dhlí-eolaíochta Iústainiáin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin am ar corónaíodh Iústainián sa bhliain 526, bhí tranglam ollmhór de reachtaíocht carntha, agus bhí athchóiriú na ndlíthe sin ar na héachtaí ba shuntasaí dá réimeas. Athbhreithníodh na sean leabharthaí dlíghe chun athrá agus neamhréiteach a scriosadh, dlíthe dúbláilte a chomhoiriúnú, chomh maith le dlíthe scaoilte agus béarlagair casta a shimpliú.[35] Athchoimre de 20,000 leabhar de reachtaíocht Rómhánach atá i gceist, agus na dlíthe sin le bheith athbhunaithe ar phrionsabail Chríostaí agus béasaí a’ domhain Ghréagaigh. Taobh astoigh de chúig bliana, bhí ceithre leabhar cruinn mar thoradh a’ tsaothair–ceithre leabhar a rialaigh na caidrimh eadar na saoránaigh, agus a shocraigh an bhaint eadar an pobal agus an stát le céadta as sin amach.[36]

Ceisteanna Reiligiúnacha Ré Iústainiáin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ré reiligiúnach ar fad a bhí ann, lán conspóide diagachta, lán gnáth-dhaoine creidimh, agus, ó ba rud é go ndearcaidís dá gceannairí eaglasta le treoir a fháil ó thaobh ceisteanna reiligiúnacha, thigeadh sluaite na gcreidmheach i gcampa amháin, nó i gcampa eile maidir leis na dogmaí a bhí á scaipeadh ar fud na himpireachta. B’amhlaidh i gcás na Neastórachta agus a diúltú: an t-Aon-nádúrachas.

Mhaíomh Neastór agus a leantóirí go raibh dhá phearsa ag Íosa Críost, le n-a ghné dhaonna, agus a ghné dhiaga ar leith ón-a chéile. Mheas an Eaglais go raibh eiriceacht ann óir, de réir an dogma oifigiúil, nach bhfuil ach an t-aon phearsa in Íosa, agus a dhá ghné le chéile gan dealú, gan mhearbhall.

Glacadh leis an Neastóracht go háirithe san oirthear, ar an teorainn leis an ríocht Sasánach, sean-namhaid na mBiosántach, agus bhí imní ann go bhforbrófaí bagairt don aontacht na hImpireachta Biosántaí de bhrí éagsúlachta reiligiúnaí. Ba chasta an cheist pholaitiúil roimh Iústainián, agus dhírigh sé ar fhuascladh na faidhbe nach gcoimhtheodh dream amháin nó an dream eile den diospóireacht. Mar sin, ghairm Iústainián ar an Phápa agus na heaspaig le comhairle a thionól–an cúigiú chomhairle dá cineál.

Bhrúigh an t-impire go láidir ar an Phontaif agus na heaspaig ionas go ndiúltóidís an Neastóracht, agus i ndiaidh diospóireachta malltriallaí, cháin an Pápa an eiriceacht go hoifigiúil i mí Feabhra, 555.  

Na Círéibeacha Nika

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ins an bhliain 532, bhí na Biosántaigh faoi bhrú an cogadh a chothú san iarthar agus an chíoscháin a dh’íocadh san oirthear. Chomh maith le costas cúrsaí eachtracha, bhí iompar flúirseach feiceálach an Impire Iústainián ag dul thar cailc, agus bhí cúlchiste na himpireachta beagnach ídithe ag a chaitheamh neamhshrianta. Mar sin, chun an scéal eacnamaíoch a dh’fheabhsú, d’fhostaigh Iústainián Seán de Chappadocia mar ardbhailitheoir cánach. Rinne an t-oifigeach a dhícheall chun an t-airgead a aimsiú, agus leis an oiread díograise gur spreag sé goimh na ndaoine agus sraith tarluithe tubaisteacha.[37]

Ré aráin agus sorcas a bhí ann sna laethanta sin, agus bhí an-tóir ar rásaí a’ hipeadróim.[38]Bhí ceithre fhoireann rásaíocht carbad, le leantóirí dúthrachtacha ag gach aon cheann acu, agus na foirne úd i n-a mbaill de chumainn chumhachtacha. B’ait an scéal leis na cumainn sin, chomh casta agus a bhí a nádúr agus an ról a d’imir siad ins an tsochaí. Le dlúth-iomaíocht na rásaí a choinneáil, bhí feidhm ar arm oibrithe de cheirdeanna éagsúla a bheith ann: traenálaithe capall, saoir cairte, paraimhíochainóirí, agus araile. Le cois a n-obair sna rásaí, ghníomhaíodh roinnt fear de chuid na gcumann mar ghardaí cosanta agus gheallghlacadóirí dá bpatrúin fosta.

Ach bhí tuilleadh fós don bhaint eatarthu: d’oibríodh na cumainn mar bhuidheanta de ghríosóirí polaitiúla dá máighistrí chomh maith. Thar na blianta, chuir siad barr feabhais don dóigh ina scaipidís teachtaireachtaí a máighstrí i measc na ndaoine, agus leis an saoghal cruinnithe sa hipeadróm, bhuineadh na cumainn tairbhe as an phlód ollmhór a bheith faoi cuing acu agus i dteacht a mbolscaireachta.

Ó am go ham, léirítí toil na ndaoine, nó toil a bpatrún, i gcíréibeacha a thógadh na cumainn. Chan é gur ainriail iomlán a bhíodh ann. Foréigean polaitiúil cuibheasach teoranta a bhí i gceist, faoi smacht agus srian ag ceannairí na gcumann. Sa bhliain 532, áfach, bhí tosca éagsúla ann a spreag na daoine chun iompair go han-dána i dtéarmaí teannais a gcuid éileamh agus scála na corraíola a rad siad.

Mhéadaigh misneach na gcumann i gcomhréir le deacrachtaí an impire, agus é lagaithe faoi bhrú a chogaidh in aghaidh na Sasánach. Tugadh tuilleadh uchtaigh fós do na cumainn nuair a fuair siad tacaíocht ó sheanadóirí a bhí míshásta fá pholasaithe chánachas Iústainiáin. Mar sin a tháinig Cathair Chonstaintín ag pointe réabhlóide, agus bhí cinneadh conspóideach breise ó thaobh an rialtais mar an phreab deiridh a spreag an anachain.

Ar an 10 Eanáir, d’éalaigh beirt chime ó choimeád na n-údarás le tearmann a dh’iarraidh in eaglais éigin, agus an dís acu faoi bhreith bháis. Fir na gcumann a bhí ann–an t-aon duine acu de chuid a’ chumainn ghoirm, agus an fear eile den bhfaicsean glas. Chloígh na póilíní le traidisiún a’ tearmainn, ach chuir siad garda timpeall na heaglaise in ullmhú d'athghabháil na gcoirpeach.

Sa tríú lá déag de mhí Eanáir, tháinig mórshlua feargach don hipeadróm ag scairteadh amach a gclamhsán agus a gcuid maslú don impire, agus é ag coimhead as balcóin a’ pháláis ríoga.[39] Go dtí an rás deiridh, in ionad na ngnáth-ghártha de dhathannaí na bhfoirne, bhí sluaite na gcumann aontaithe ag áitiú go glórmhar go dtabharfaí maithiúnas dá gcomrádaithe. Ag deireadh na rásaíochta, thoisigh siad ag glaoch “nika”, is é sin, “cloígh” nó “bua”. Leis sin, do lasc na dronganna amach chun an pálás a ionsaí. Loisceadh mórán foirgneamh le linn na seachtaine de chíréibeacha, an ard-eaglais Hagia Sóphia san áireamh.

In ainneoin an fhornirt, do lean na rásaí ar aghaidh ar an darna lá den ainriail. An lá úd, plódaíodh an hipeadróm de chíréibeoirí, agus iad a gáireadh amach a gcuid gearán. Bhí Iústainián chomh croite ag radharc staide agus sráideanna líonta le mórshlua ar mire gur ghéill sé don éileamh go gcuirfí Seán de Chappadocia as a phost. Cruthaíodh nach mba leor géilleadh an impire leis an daoscarshlua a shuaimhniú, áfach. Níorbh fhéidir leis na saighdiúirí Gotacha a chur na círéibeoirí fá smacht ach oiread. D’imigh gríosóirí na gcumann i bhfiáin, agus fad’s a bhí a n-amhais ag coirloscadh na cathrach, chuaidh a gceannairí ar lorg dhuine uasail a d’fhéadfaidís a chur in áit Iústainiáin mar impire. Lean an rachlas ar aghaidh ar feadh laethanta.

Ar an Domhnach, d’áitigh Iústainián ar an slua aon turas eile. D’aidmhigh sé go raibh a chuid earráidí déanta aige. (Is é sin rud ba cheart do gach uile dhuine a admháil.) Ach chuaidh Iústainián ní b’fhaide ná sin. Gheall sé go dtabharfaí pardúin do na círéibeoirí, agus bhí an t-impire chomh uiríslithe go dtug sé a leithscéal don ghramaisc. Cha raibh fonn a’ mhaithiúnais ag an ghrascar, agus d’fhógair na círéibeoirí go dtreascróidís an t-impire–agus go mb’é Heapaiteas a chuirfidís in ionad Iústainiáin.

Bhí an t-impire ar tí teite, agus b’fhéidir go n-imíodh sé murach áitiú a mhná chéile, Téadóra. Deirtear go dtug sí ar Iústainián le neart iomlán a roscaireachta chun é a choinneáil ins an phálás. “Níor cheart do rí a bheatha a choimeád i ndiaidh chailleadh a chorónach,” agus: “Chan fheicfinn an lá nach dtabharfaí ‘a bhanríon’ orm”. [40]Dúirt sí fosta, de réir Procóipiais, “is maith an dath corcra, agus oiriúnach don taiséadach é.”[41]

Bhí ceannairí a’ reibiliúin sa hipeadróm, agus iad ar tí an choróin a chur ar Heapaiteas, nuair a tháinig dís na nginearál ab fhearr le Iústainián–Beileasáirias agus Múndús–ar iomall na staide. Foirgneamh fada ubhchruthach a bhí innte, ag a raibh ach dhá bhealach amach–agus iad ag na taobhanna ab fhaide óna chéile. Threoraigh Beileasáirias a chuid fear isteach ar thaobh amháin, agus Múndús ag dul isteach le n-a bhuidhean fhéin ar an taobh eile. Sáiníodh ceannaircigh na gcumann eadar an dá ghrúpa de shaighdiúirí, agus thoisigh na trúpaí ag tabhairt ruathair ar an slua. Go tobann, rug Beileasáirias ar Heapaiteas, nuair a thoisigh Múndús ag sléachtadh na sluaite sáinnithe.[42]

Bhí meascán suaite agus normaltachta i ndiaidh áir a’ hipeadróim, inar maraíodh tuilleadh ar 30,000 duine. Básaíodh Heapaitias (thug an banríon ar an impire a chlaonadh chun trócaire a shárú), agus díbríodh roinnt de na seanadóirí a thug tacaíocht do na círéibeoirí.[43] Coigistíodh eastáit na gceannairceach fosta, cé go dtug Iústainián tír agus teidil do mhic Heapaiteais ní ba mhoille. B’fhada sular cuireadh rásaíocht ar siúbhal sa hipeadróm arís, cé gur mhair na cumainn san eadarlinn (agus bhí feidhm ar an rialtas iad a scriosadh sa bhliain deiridh de réimeas Iústainiáin). Athtógáladh foirgnimh na cathrach, go sonrach an Hagia Sóphia (an Chríonnacht Naomhtha), ar na heaglaisí is clúití, is áille ar domhan.

Dísheallbhú na nGréagach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Méadaíodh an Impireacht Bhiosántach le linn réimis Iústiniáin a hAon, a bhuí le stuaim agus sárbhua an ghinearáil Beileasáirias, cé go raibh na tíortha nua-chloíte ar forbhás ón dtús, agus cailleadh na críocha úd i gcaitheamh na mblianta. Chuaidh achar na himpireachta i gcuinge gus go dtáinig an teorainn Bhiosántach gar don phríomhchathair, agus an chosaint di fágtha i bhfaillí. Tamall beag i ndiaidh bhás Iústainiáin a hAon, rinne na Lombardaigh ionsaí ar an Iodáil, agus thógadar smacht ar dhá thrian den leithinis. Sa Spáinn, cailleadh Córdoba do na Viseagotaigh go héascaidh, sular thit an chuid eile den phroibhinse ní ba mhoille. Tháinig na Turcaigh i gCrimé den chéad uair ariamh, agus sa bhliain 577 thrasnaigh sluaite Slavacha an teorainn thoir.

Ó tharla gur cailleadh na tíortha thiar a gabhadh faoi réimeas Iústainiáin, shocraigh lár cumhachta den impireacht san oirthear arís. De réir choingheall chonradh síochána a socraíodh le linn an Impire Iústainiáin a hAon, bhí na Biosántaigh faoi oibleagáid cíos-cháin a chur do na Sasánaigh. Chloídh na Biosántaigh leis an chonradh go dtí réimeas Iústainiáin a Dó, a dhiúltaigh an t-airgead a dh’íocadh, agus pléascadh cogadh fada de dheasca dhánacht an impire sin. Cuireadh deireadh leis an choimhlint sa bhliain 591, nuair a shínigh an t-Impire Máraícias conradh le Chosramh, an t-impire Sasánach. Socrú ní ba bhuntáistí do na Biosántaigh a bhí ann, inar géilleadh an taobh thiar d’Arméin don Impireacht Bhiosántach.

Bhunaigh Maraícias riarachán Biosántach san iarthar, i Ravena agus Cartágó. Timpeall an ama sin, ba ghá aghaidh a thabhairt do na Slavaigh a bhí a dh'ionsaí isteach sna Balcáin. Ní hamháin gur chreachadar bailte taobh astoigh den teorainn, thoisigh na Slavaigh sin a thabhairt futhub ar nós ní ba dhaingnithe gus gur bhunaigh siad a ríochtaí oifigiúla.

Mhair an cogadh in aghaidh na Slavach ón bhliain 595 go dtí dheireadh na bliana 602. Thiontaigh an t-arm chun ceannairce sa bhliain sin, agus cuireadh an t-impire agus a mhic chun báis. Le linn an fholúis pholaitiúil a tharla dá bharr, lonnaigh oiread mór Slavach sa tuath na mBalcán. Luath go leor, ba iad an pobal ba mhó sa réigiún, agus bhí na Gréagaigh fágtha teoranta do bhailte ar an chósta.

Éigeandáil agus Athrú na hImpireachta (610-711)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ré athruithe a bhí ann sa séú céad, chan amháin i dtéarmaí an scéil polaitíochta agus cúrsaí críche, ach ó thaobh ceisteanna cultúrtha agus reiligiúnacha fosta. Chuaidh an litríocht chlasaiceach in éag, agus bhí leabharthaí creidimh á bhfoilsiú i n-a háit. Sa bhliain 602, dhúnmharaigh Phócas an t-Impire Maraícias chun an choróin a bhaint de. [44] Comhaontaíonn na foinsí Biosántacha gur thíoránach paranóideach a bhí i bPócas, a chéasadh go dian duine ar bith a mbíodh amhras aige faoi.[45] [46]Cuireadh le chéile roinnt plotaí in aghaidh an fhorghabhálaí, ach theip ar scéim i ndiaidh scéime sula dtáinig Hearaiclias thar sáile le harmáid faoi sheol ar a raibh íomhá Mhuire. Ba é a chuir Phócas ó choróin.

Sa tríú bliain de réimeas Hearaicliais, 613, d’fhorghabh na Sasánaigh Iarúsailéim, agus bhuin siad an Fhíor-Chros Naomhtha den chathair. Mar sin, bhí cogadh naomhtha ann, leis na Biosántaigh ag iompar archeiropoietos (ícóin a ndeirtí nach raibh lámh fir ina ndéantús) mar bhratacha cogaidh. Nuair a theip ar na hAvair forbhas Chathair Chonstaintín a bhuint amach sa bhliain 626, dúradh go raibh idirghabháil Mhuire i gceist le buint an léigir, ó ba rud é gur threoraigh an Patrarc Sairgias mórshiúbhal le híomhánna na Maighdine timpeall na múrtha cosanta. Má bhí Muire agus na haingil ar thaobh na mBiosántach nó nach raibh, scriosadh an mhórchuid den arm Sasánach i Níneibhé sa bhliain 627, agus i 629 chuir Hearaiclias an Chros Naomhtha san áit ba chuí in Iarúsailéim. Cé go raibh an lá buaite acu, fágadh na Biosántaigh leathchaite ag an chogadh–agus bhain na hArabaigh tairbhe as an scéal ní ba dheireanaigh.

Tar éis dóibh a rialú a dhaingniú sa Mheánoirthear, dhírigh na hArabaigh fuinneamh a ndúthrachta ar an Anatóil. Ba mhinic na ruathair Arabacha isteach dúiche na himpireachta, agus cuireadh Cathair Chonstaintín faoi léigear eile a mhair ón bhliain 674 go dtí 678. Ruaigeadh na hArabaigh ar dheireadh tríd an úsáid de thine ghréagach, agus síníodh sos cogaidh de thríocha bliain eadar an Impireacht Bhiosántach agus an Chailifeacht Úmaighead. Sháraigh na hArabaigh an conradh luath go leor, áfach, agus d’fhulaing Cathair Chonstaintín meath mall de dheasca a n-ionsaithe. D’íslíodh daonra na cathrach de 500,000 go ní ba lú ná 70,000 duine, agus d’éirigh an chathair ní ba thalmhaiche sa phróiseas. Cailleadh an Éigipt do na hArabaigh sa bhliain 618, agus, leis sin, an soláthar gráin den réigiún don impireacht.

Ba é Hearaclias a d’fhógair an t-Aonthoileachas mar chomhghéilleadh eadar ceartchreideamh na hEaglaise agus eirceachtaí ní ba heitreadocsaí fós, ar nós na Neastórachta. Leis an ordú céanna, chuir sé cosc ar dhiospóireacht fán adhbhar. Bhí an chonspóid seo a chruthaigh an oiread trioblóide do Hearaclias beo fós i lá a gharmhic, an t-Impire Constans, agus d'eisigh Constans ordú den chineál chéanna sa bhliain 648. Ach bhí creideamh na bpatrarcaí ní ba láidire ná mar a mheas na himpirí, agus ag comhairle na hEaglaise sa bhliain dár gcionn, cháin an Pápa Mairtín an t-impire as é a bheith ag cur a ládar isteach i gcúrsaí creidimh.

Theip ar Chonstans i n-a chuid iarrachtaí meán-bhealach a stiúradh eadar an Eaglais agus na heiricigh. D’ordaigh sé go ngabhfaí an Pápa, agus tugadh é go Cathair Chonstaintín mar choirpeach. Sa bhliain 653, díbríodh an Pápa bocht chun Chearsóine, agus ba den áit sin ar imigh sé ar shlí na fírinne dhá bhliain ní ba dheireanaí. Sa bhliain 668, casadh bás ní ba neamhiomráití ar Chonstans nuair a scoilt giolla a chlaigeann le buicéad sna folcadáin.

An Dealbh-bhriseadh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tús na hochtú haoise, bhí mothúchán ag fás i measc roinnte den tsochaí Bhiosántach go raibh urraim a’ phobail do na dealbha agus do na pictiúir reiligiúnacha i ndiaidh tiontú in íoladhradh. [47]Bhí an oiread nirt tagtha don dearcadh seo agus go raibh a dtacaí ar tí feachtas uathbháis a scaoileadh amach, le cuspóir an Eaglais a ghortghlanadh dá híocóin agus dá dealbha. Ar an láimh eile den diospóireacht, i measc iad a bhí ar son chosaint na n-íomhánna, d’áitigh siad nach raibh in ardmheas ar na híocóin ach machnamh ar naomhthacht na bhfigiúirí a bhí siombalaithe ionntu.

Bhí an Pápa den dara dream, agus mhínigh sé smaoineadh na hEaglaise ar an ádhbhar nuair a d’eisigh sé fógra frith-íoladhradh. Ba é an t-íoladhradh a cháin an Pápa, seachas na híocóin iad fhéin. Bhí an t-Impire Léo a Trí go díograiseach in aghaidh na n-íomhánna, áfach, agus chonacthas dó nach raibh i bhfógra na hEaglaise ach anglais iarleanna.

I lár Chathair Chonstaintín, roimh an Phálás Mhór, a bhí an Geata Chré-umha suite, séadchomhartha ollmhór álainn a bhí gléasta le mósáicí agus dealbha de mharmar, an Críost den Gheata an ceann ba chlúití díobh. Sa bhliain 726 AD, d’ordaigh an t-Impire Léó go mbainfí amach an dealbh sin, an príomh-íocón den impireacht. Sa bhliain 730, d’fhógair Léó feachtas dealbh-bhriste. Cuireadh patrarcaí a ghníomhaíodh in aghaidh an fheachtais as a bpostanna, tugadh greadtaí do heaglaisigh mhícheansa, agus cuireadh oiread mór na gcléireach i bpríosún.

Leis an dúshlán a thug an t-impire don Phápa ó thaobh a údarás reiligiúnaigh, agus na brúidiúlachta a bhí sé a dhíriú in aghaidh na gcléireach, bhí an caidreamh eadar an impire agus na patrarcaí caillte. B’ansin a dhearc ceannairí na hEaglaise chuig na ríthe Francacha mar rialtóirí a d’fhéadfadh an ról de chosantóirí a’ Chreidimh agus na Pápachtachta a thógáil.

Faoi bhás Léó a Trí, fágadh an impireacht scoilte in achrann reiligiúnach ar feadh céadta. Lean an polasaí dealbh-bhriste i bhfeidhm faoi oidhre Léó, a mhac Constaintín a Cúig, agus é ní ba dhúthrachtaí ná Léó fán ádhbhar.[48] Leathanaigh Constaintín an ghéarleanúint. Iad a thabharfadh ómós do na naoimh agus daoine a ghuífeadh ar thaisí naomhtha, bhí siad dírithe ansin ag amhlais an impire.

Bhí Constaintín chomh gaibhte leis an bhfeachtas uathbhásach–le cois an chogaidh in aghaidh na nArabach–gur lig sé cúrsaí Iodálacha i bhfaillí. Thuig an Pápa go raibh sé tréigthe gan chosaint, agus na Lombardaigh ag ionsaí ar fud mheán na hIodáile. Mar sin, thrasnaigh sé na hAlpaí a dh’iarraidh cuidithe ar ríthe na bhFranc. B’as na heachtraí seo a dtáinig na tíortha Pápachtacha i n-a stát fhéin.

Nuair a cailleadh an t-Impire Léó a Ceathair ag an eitinn sa bhliain 780, corónaíodh Constaintín a Cúig, a bhí naoi mbliana d’aois ag an am sin. Rialaigh a mháthair, Írín, mar leasrí le linn leanbaíocht a’ gharsúin-impire, agus b’ise a chuir ceal ar an ghéarleanúint reiligiúnach nuair a ghairm sí comhairle na hEaglaise le polasaí a’ dealbh-bhriste a dhiúltú go hoifigiúil. Le Constaintín ag teacht i n-a fhear, thug Írín ar na ginearáil go n-aithneoidís ise mar bhan-impire, agus a mhac mar thánaiste. Chuaidh sí thar fóir leis an bhfiontar sin, áfach, agus i mí Dheireadh Fómhair, d’fhógair ceannairí an airm go mba Chonstaintín an t-aon mhonarc amháin den Impireacht Bhiosántach.

Bhí Constaintín faoi mhíbhuntáiste easpa stuaime, agus níor mhair a réimeas go han-fada. Scrios sé a chliú, agus chuir sé na daoine i n-a choinne as na cinntí conspóideacha a ndearna sé, go suntasach an dalladh a rinne sé ar a ghinearál dílis, Alacsas Mósaílé. Bhuin Írín tairbhe as míchliú a mic, agus thapaigh sí a deis leis an choróin a ghabháil ar ais de.

Séarlas Mór, Rí na bhFranc.

B’ise an t-aon bhan-impire i stair na himpireachta (cé gur dhiúltaigh sí an teideal). Chan amháin gur thóg Írín an choróin de Chonstaintín, chinntigh sí go ndéanfaí dalladh air fosta. Le linn na n-eachtraí seo, d’fhorbair caidreamh tairbheach eadar an Pápa Léó a Trí agus Séarlas Mór, Rí na bhFranc.[49]

Cuireadh a lán coireanna i leith an Phápa, eadar adhaltranas agus mionnú éithigh. Sa bhliain 795, ba bheag nár gabhadh é ag buidhean a naimhde, agus rún acu na súile agus an teanga a bhaint dá chlaigeann. D’iarr Léó ar Shéarlas go gcosnódh Séarlas a bheatha, agus cuireadh an Pápa abhaile don Róimh le garda armtha Francach. An bhliain dár gcionn, tháinig Séarlas sa Róimh le freastal ar an lítheachas i leith an Phápa. Dúirt Séarlas, a bhí i gceannas ar na himeachtaí, nach raibh an t-údarás ag aon duine breitheamhnas a thabhairt ar Phápa. Ar an 23 Nollaig, mhionnaigh an Pápa móid neamhchiontachta, agus cuireadh críoch leis an chás. Ag Aifreann a’ mheán oídhche de Lá Nollag AD 800, corónaíodh Séarlas ag an Phápa, a d’fhógair an Franc Imperator Romanorum, nó “Impire na Rómhánach”. [50]

Tá sé ar na ceisteanna níos conspóidí ó thaobh stair na mBiosántach ná cad é go díreach a bhí i gceist leis an chorónú agus an teideal a dtug an Pápa do Shéarlas. Deir roinnt staraithe go raibh an Pápa faoi chomaoin ag an rí Francach as an méad cuidithe a fuair sé de, agus nach raibh sa searmanas ach cleasaíocht pholaitiúil phragmatach deartha chun tairbhe an dá fhear. Tá staraithe eile de bharúil níos carthanaí. Dar leo gurbh é “Rí na gCríostaithe” nó “Rí a’ Domhain Chríostaí” ba bhrí don teideal “Imperator Romanorum,” ós rud é gurbh í an Róimh lár na hEaglaise Caitlicí, agus leis an bheannacht a thug an Pápa do Shéarlas, bronnadh air an ról de chosantóir a’ chreidimh agus na gcreidmheach den domhan iomlán. Luann siad fosta, le n-a dteoiric a thacú, go dtug Séarlas Mór aitheantas d’Írín mar impire na hImpireachta Rómhánaí, agus go mbítí le léamh ann gur aithin sé difear eadar cúrsaí creidimh agus gnó an domhain shaolta. Seans go raibh seift eile ann fosta. Sheol sé ceiliúr pósta uirthi timpeall an ama céanna, agus is dócha gur phósadh polaitiúil a bhí á bheartú aige, le sprioc a údarás saoghalta a neartú. Cé b’é an fhírinne de, cuireadh i neamhábhartha plean ar bith chun na corónacha a dh’aontú trí mheán pósta. Ag an t-aon uair a tháinig teachtaí Shéarlais i gCathair Chonstaintín leis an cheiliúr a thabhairt d’Írín, gabhadh í ag lucht na treascartha, agus cuireadh an ginearál Nícéipheoras ina háit.

An Rí-shliocht Amóiriánach (820-867)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh luath agus a cuireadh Írín as an ríchathaoir, fógraíodh go n-insealbhófaí an seanadóir Nícéipheoras i n-a háit. Bhí an iomaíocht eadar é agus Séarlas Mór ar na gnéithe lárnacha de réimeas an impire seo. Bhí an teideal “Impire an Iarthair” tógtha ag rí na bhFranc, agus ba mhian le Séarlas go dtabharfaí dó tíortha an iarthair leis. Chloígh Nícéipheoras, áfach, leis an maíomh gurbh é fhéin an t-aon impire, mar an chomharba ba dheireanaí de réim impirí a thoisigh le hOctáivian ag bunús na hImpireachta Rómhánaí. Tar éis a lán margála, aontaíodh go dtréigfeadh Níceipheoras a chuid éileamh ar roinnt tíortha san Iodáil agus ar chósta na Dalmáitia. Le síniú an chonartha, caitheadh ar leataobh dóchas ar bith go mbeadh an impireacht aontaithe arís.

Cailleadh Nícéipheoras i mbun catha. Chuaidh a chomharba Mícheál ní b’fhaide maidir le ceansú Shéarlais Mhóir. Thréig Mícheál a theideal de basileus, agus chuir sé ceiliúr pósta ar nighean Shéarlais ag an am céanna. Tháinig críoch dá réimeas de dheasca anachaine míleata. Faoi bhrú na círe tuathail sin, thug sé an choróin do Leon a Cúig, a mhair cúig bliana sular feallmharaíodh é sa mhór-eaglais.

Toisíodh ré ní ba shona faoi réimeas Mhíchíl a Trí. Cha raibh ach trí bliana aige agus é ag teacht don ríchathaoir agus, mar sin, fágadh rialú na himpireachta dá mháthair, Téadóra, agus an ardchomhairle Teoictisteo. Neartaíodh an nasc eadar an impireacht agus an Eaglais faoi rialú na leasríochta seo, a tháinig chun crích nuair a shroich Mícheál ceithre bliana déag d’aois, agus cuireadh Téadóra i gclochar.

Bhí rath go leor ar an Impire Mícheál ag dtús a réimis, ó thaobh cúrsaí míleata chomh maith leis an tionchar cultúrtha agus reiligiúnach a d’imir an impireacht. Thug sé ruaig ar na Rúis nuair a d’fhéach siad a chur léigir ar Chathair Chonstaintín. Sheol sé misinéirí (an naomh Ciril, san áireamh) chun Móraivia, agus iad ag tabhairt aistriúcháin Shlavaigh den Bhíobla Naomhtha leotha do chreidmhigh a’ réigiúin. Thug sé ní ba mhó aird do na tíortha ní b’fhaide ó thuaidh fosta, agus bhunaigh sé caidreamh leis na Rúis a mhair le céadta.  

Ach sa bhaile, tháinig iomaíocht agus formad eadar beirt na bhfear ba ghaire do Mhícheál: a dhlúthchomhairle, an uaillmhianach Basailias, agus a chomh-impire, Bardas. Cé gur dheartháir a mháthar é Bardas, thaobhaigh Mícheál le Basailias, agus thug sé cead dá chomhairle a uncail a mharú. Agus an dúnmharú déanta aige, d’fhill Basailias chun na cúirte ríoga mar a ndearna Mícheál socrú tubaisteach nuair a d’ainmnigh sé Basailias mar chomh-impire. Níor rith an smaoineadh ariamh le Mícheál go mb’fhéidir go mbraithfí é ag an scéiméir marbhthach a raibh sé i ndiaidh a chur i gcothrom leis, agus bhí a chosa nite cheana fhéin.

Le linn cóisire sa bhliain dár gcionn, chuir Mícheál é fhéin ar dheargmeisce, agus d’fhill sé dá sheomra sa drochbhail sin. Tar éis tamaill bhig, chuaidh Basailias isteach i n-a dhiaidh, agus a chuid giollaí gualainne aige. Scoith fear acu na lámha den impire, sular chuir sé críoch leis an ainghníomh agus an impire le goin a chlaidhimh trí ucht Mhíchíl.

An Rí-shliocht Macadónach (867-1057)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn réimis Mhíchíl, faoi stiúradh an tsaoidh Théactastós, cuireadh bunchloch na hAthbheochana Macadónaí. Ardaíodh cáil na hImpireachta Biosántaí le scaipeadh an chreidimh Ortadocsaigh. Casadh glacadh ní ba chairdiúla ar mhisinéirí Eaglais an Oirthir ná mar a d’fhaigheadh iompaitheorí na Róimhe, ó bhí an dream Ortadocsach ábalta cumarsáid a choimeád sna teanganna áitiúla. Mar sin, rinneadh tús maith don saothar sin, a thoisigh roinnt blianta roimh Bhaisteadh na Rúise.

Cuireadh i bhfeidhm athleasú an chóras talaimh faoin ríshliocht Macadónach. Ba nós sean-ghlactha é go mbíodh úinéirí talaimh faoi chomaoin ag an choróin le seirbhís mhíleata a thabhairt don impireacht. Ó ba chothromóid shimplí gurbh ionann ní ba mhó úinéirí agus ní ba mhó saighdiúirí a bheith le fáil, thaobhaigh an rialtas leis na feirmeoirí beaga chun a dtacaíocht a chintiú sa bhfeachtas in aghaidh na nArabach.

Coimhlint leis na Moslamaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cailleadh an Afraic Thuaidh do na hArabaigh sa seachtú haois, agus den réigiún sin seoladh armáidí Moslamacha chuig cuanna na hIodáile agus na Dalmáite. I meán na naoú haoise, cuireadh an tSicil, chomh maith le cuid theas den Iodáil, faoi smacht na nArabach, agus cuireadh dlíthe agus srianta ar na daoine dúchais. Casadh bac láidir leis na hArabaigh ní b’fhaide soir, áfach. Sheas na Biosántaigh an fód nuair a tháinig na hairm Arabacha sa Dalmáit, agus luath go leor ba iad na Gréagaigh a bhí i dtóir ar na hArabaigh. Neartaíodh cosaintí a’ réigiúin, agus ag deireadh na naoú haoise d’iompaíodh cuid mhaith dá ndaoine don Chríostaíocht Ortadocsach. Lean an choimhlint leis na hArabaigh i gcaoi na sáinne ar feadh na chéad choda den deichiú haois, gus gur casadh an taoide i rith réimeas Nícéipheorais, a chloí an Chréit sula raibh sé i n-a impire, agus cuid mhaith den Mheánoirthear i ndiaidh a chorónaithe.

Buineadh rathanna breise amach sna laethanta de chomharba Nícéipheoras, an t-Impire Seán Tzimiskes. Tar éis dó an ruaig a chur ar arm measctha de Rús agus de Mhaigiaraigh sa bhliain 971, d’fhill sé go Cathair Chonstaintín mar a frasaíodh fáilte a' laoich dhó. Dhírigh sé ansin a chuid fórsaí soir chun tíortha Arabacha a ghabháil. Thit cathair Arabach i ndiaidh cathrach Arabaí: Emesa, Heliopolis, Damaisc, Tibéirias, Nasareit, Caesaréa, Siodón, Béiriút, Bíoblós, agus Tripilí, agus ba bheag nár tógadh Iarúsailéim.

Bhí scéal doiligh don impire i réigiúin eile, agus beag rath a bhí air san iarthar. Dhaingnigh sé an tionchar Biosántach sna tíortha imeallacha an tuaiscirt, áfach, agus nuair a tháinig daoine na Tráice reibiliúnach, phlandáil Seán pobal eachtrannach i n-a measc, leis na daoine dúchais a lagú.

Éigeandáil agus Scaradh (1025-1057)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a cailleadh Basalas sa bhliain 1025, corónaíodh a dheartháir mar Chonstaintín a hOcht. Bhí sé 65 bliain d’aois ag an am sin, agus fuair sé bás tar éis trí bliana. Meascán comóntach agus intleachtóirí a bhí sa tsraith rialtóirí a stiúir an Impireacht Bhiosántach ar feadh tréimhse 32 bhliain i n-a dhiaidh sin, ré a dtugtar “Rialtas na bhFeallsúnach” uirthi.

Bhí trí nighean ag Constaintín a hOcht. Ar a dhé deiridh, thug sé ar a treas nighean, Zóé, go bpósfadh sí an patrarc Rómhánas Argarós. (Chuaidh an nighean ba shine sna mná rialta, agus dhiúltaigh an nighean eile pósadh.)

Bhí sé de chliú ar Rómhánas gur gharsún umhal a bhí ann, agus dúradh gurbh é sin an fáth ar roghnaíodh é: le bheith mar fhear géilliúil do Zóé, an bhan-impire Mhacadónach, agus b’fhéidir gurbh é an míchliú seo a spreag sé chun a fhiúntas a chruthú don domhan. Sa bhliain 1030, d’fhéach sé a chur stad do na hionraithe Arabacha faoi dheireadh agus faoi dheoidh. D’eagraigh Rómhánas a chuid fórsaí, agus le harm ollmhór thrasnaigh sé isteach dúiche Arabacha le gabháil Aleppo mar chuspóir aige. Cuireadh deireadh leis an fheachtas taobh astoigh de cheithre sheachtaine nuair a gabhadh é ag na Moslamaigh, agus bhí feidhm ann airgead fuascailte a dh’íocadh le go scaoilfí saor é.

Le cois an chailleadh mhíleata, rinne Rómhánas praiseach de chiste a’ rialtais fosta. Fágadh cúrsaí airgeadais ní ba mheasa ná mar a bhí siad roimh eadarghabháil Rómhánais. Tháinig sé slán as roinnt iarrachtaí dúnmharaithe (a raibh a dheirbhiúr cleamhnais, Téadóra, lastiar den mhórchuid, de réir ráfla), ach, ins an bhliain 1034, cuireadh críoch dá shaol, agus dúradh go raibh lámh a bhean fhéin ann an tráth úd.

Chan aontaíonn na foinsí ar ádhbhar bhás Rómhánais. Dar roinnt staraithe gur cailleadh an t-impire ar nós nádúrtha; de réir údar eile, ba nimhiú mall a bhí i gceist. Bhí scéal ann, fiú, gur báthadh é. Cé b’é, cailleadh Rómhánas i Meán Fómhair den bhliain 1034, agus phós a bhean fear eile an lá céanna. I gcaitheamh oídhche amháin, rinneadh baintreach agus brídeach de Zóé, agus rinneadh impire den ghiolla Mícheál nuair a thug Zóé breab de 50 phunt d’ór don phatrarc Alacsas le go gcorónódh sé a fear úr mar Mhícheál a Ceathair.

Dúradh gur fhorbair an dáimh eadar Zóé agus Mícheál tamall ní ba luaithe, agus é i n-a ghiolla na cúirte. Malartóir airgid a bhí ann, dóighiúil, dealbhach de dheagh-bhéasa. Chomh maith leis na buanna sona, bhí sé buailte de chás trom titimis, agus de bharr sin, rinneadh beag de ráfla fá chaidreamh sheachphósta eatarthu.

Lig Mícheál air gurbh fhíorghrá a bhí aige dá bhrídeach, a bhí 32 bliain ní ba shine ná é. Ach chomh luath agus a corónadh é, chuir sé Zóé i gclochar, agus é fhéin i n-a chompord sa phálás. Bhí sé meáite aige go rialódh sé an impireacht ina aonar, ach tháinig eachtraí aduaidh air. Níor chuir sé i gcunntas an meas agus an dáimh a bhí ag na gnáthdhaoine dá mbanríon, agus cuireadh é amach luath go leor i gclabhsúr threascairt a’ rialtais a spreagadh de bhrígh na drochíde a dtug sé do Zóé.

Ní raibh sí ar ais ar an ríchathaoir ach trí mhí sular phós Zóé fear eile, a treas, an t-uasal Constaintín Mónómachós (nó Constaintín a Naoi, i ndiaidh a chorónaithe). Cor cinniúnach na hImpireachta Biosántaí a bhí i réimeas an Chonstaintín seo, ina ndeachaidh an impireacht in olcas go gasta. Bhí an impireacht i ndiaidh leathnú róthapaidh, agus cloíodh tíortha fairsinge gan riail Bhiosántach a bheith daingnithe ionntu. Tháinig naimhde ní ba éifeachtaí in ionad na sean-naimhde agus, ag an am céanna, bhí amhais eachtrannacha tagtha in áit na saighdiúirí proifisiúnta Biosántacha a rinne seirbhís i dtréimhsí ní ba rathúla.

Ag deireadh réimeas Chonstaintín a Naoi, scaradh an dá thaobh den Eaglais ní b'fhaide óna chéile ná riamh. Faoin am sin, bhí na Normannaigh ag gabháil dúiche san Iodáil le tamall, agus i ndiaidh catha inar gabhadh agus cuireadh i gcimíocht é, thuig an Pápa nach mbeadh a chuid fórsaí míleata ábalta cosaint a chinntiú don Róimh. Ins an eadarlinn, bhí na Normannaigh ag bagairt ionnsaithe ar na Biosántaigh. Mar sin, chonacthas do na Rómhánaigh rud nádúrtha go n-aontódh an dá thaobh chun aghaidh a thabhairt dá namhaid comhchoiteann: na Normannaigh.

Tháinig an toscaireacht phápach i gCathair Chonstaintín le comhghuaillíocht a eagrú, ach casadh fáilte fuar leotha. In ainneoin an mhéid a bhí ag brath ar na cainteanna, theip orthu de bharr achrainn agus aighnis ó thaobh cúrsaí creidimh agus na bpearsantachtaí so-spreagtha de na fir i gceist. Sheachaid na cléirigh Ladineacha–go pearsanta–litir coinnealbháite na bPatrarc Ortadocsach, agus d’fhreagair an patrarc Ortadocsach go láithreach le fógra ar an chuma chéanna ar na cléirigh Laidineacha. Ainmníodh an Patrarc Mícheál Ceileairias, chomh maith leis an Ardeaspag Léó d’Orchid agus a ghiollaí; ach chan é gur choinnealbhá ginearálta a bhí i gceist. Cé nár bh’é go raibh sna heachtraí seo scaradh dearbhtha eadar Iarthar agus Oirthear, tháinig eascairdeas as an tarlú, agus lean an caidreamh eatarthu ag dul i ndonacht.

Comnaeneos agus na Crosáidí (1057-1081)

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alacsaías a hAon, Sinsear Rítheaghlach Comnaeneos

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir a nighean, Anna, a scríobh beath-fhaisnéis faoi, bhí an Impireacht Bhiosántach ar tí titime faoin am ar corónadh Alacsaías (c. 1057 – 15 Lúnasa 1118), fear míleata ag a raibh cleachta cogaidh in aghaidh na dTurcach sul a dtáinig sé ina impire. Lean sé ar aghaidh le feachtais mhíleata agus an choróin air. Ruaig sé na Normannaigh nuair a lainseáil siad ionradh ar an Ghréig thiar. Leis na Normannaigh curtha ar ais, dhírigh sé a chuid fórsaí ansin ar na Turcaigh, a bhí ag cur a súile thar cailc na teorann thoir. Bhí sé mar thairne sa bheo na mBiosántach go raibh na Turcaigh ag sárú ar iomall na himpireachta, a fhad agus a bhí na Normannaigh ag bagairt ionsaithe ar an taobh eile.

Tharla go bhfuasclófaí na fadhbanna seo nuair a cailleadh dís a dhearbh-naimhde taobh astoigh de sheacht mbliana. Bhí deis ag Alacsaías i mbás Robert Guiscard agus an sultáin Mailíc, agus níor chuir sé amú léithe. Chinntigh sé síocháin agus sábháilteacht na coda thoir den impireacht le conradh síthe a thug sé ar chomharbaí an tsultáin le síniú, agus bhunaigh sé comhaontas leis an uasal Anraí in Iodáil theas.

Deirtear gur cheannaire míleata láidir, Alacsaías, ach gurbh é scéal níos measctha ann ó thaobh a bhainistíochta de chúrsaí polaitíochta. Chuir sé i bhfeidhm airgeadra nua, a bhí rathúil go leor. Ach cáineann staraithe a straitéis fhiníochais, a mheasann siad a bheith mar chúis trioblóide do himpirí ní ba dheireanaí.

I rith a réimis, d’athbhunaigh Seán cuid mhaith na glóire a cailleadh ins na haoiseanna roimhe sin. Cha raibh sé sásta leis an status quo den impireacht lagaithe laghdaithe a fágadh dó ar a theacht don ríchathaoir, agus theann sé ar sprioc áirithe: an Anatóil a athghabháil de na Turcaigh. Chuir sé na Turcaigh faoi mhíbhuntáiste agus cuid mhaith an oirthir faoi smacht Biosántach. Thug sé buadh ar na hairm Úngaracha agus Seirbiacha fosta, sula ndeachaidh sé i gcomhar leis an Impire Lothair a Trí chun na Normannaigh a choimeád i sáinn.

Bhí sé de chliú ar Sheán gur rialtóir míleata láidir a bhí ann, agus é ainmnithe as a bheith cóir, cothrom ó thaobh a riail intíre. Cuirtear é i gcomparáid le Marcas Áiréilias as a bheith i n-a cheannaire prionsabálta tuigseanach i ré bhrúidiúlachta. Cailleadh é sa bhliain 1142, de bharr goin a d’fhulaing sé de shaighead nimhithe le linn thuras seilge.

Eachtraí san Éigipt

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shocraigh Seán comharbas ar a cheathrú mac, Manúil, agus lean an mac sin treocht a athar i gcúrsaí míleata. Chruthaigh sé é fhéin a bheith mar thacaí iontaobhtha do chúis na gcrosáidí nuair a sheol sé armáid don Mheánoirthear. Bhí a chomhghuaillí Amalraic, rí na Iarúsailéime, ar tí ionradh na hÉigipte a scaoileadh, agus sa bhfómhar den bhliain 1169, tháinig an cabhlach Biosántach san Éigipt le n-a thacú a thabhairt don eachtra: fiche long chogaidh mór, 150 rámhlong faoi stiúradh an megas doux, Andronacas Contosteipheanós. Chomh mór agus a bhí an flít gur cuireadh ionntas fiú ar Uilliam de Tyre.

Shocraigh na comhghuaillí ar ghabháil Dhamietta mar an chéad chéim den fheachtas, agus chuadar i ngleic le réiteach léigir ar an chalafort. De dheasca easpa pleanála agus theip cumarsáide, casadh tubaiste agus anachain ar na crosáidí. Bhí lóistíocht chogadh fásaidh ní ba chasta ná mar a mheasadar, agus roimh fhada b’éigean dóibh an léigear a thréigeadh. Leis a gcuid soláthairtí ag dul in éag, rinne siad iarracht díchéille leis an chathair a ghabháil trí tréan urra. Nuair a theip sin orthu, réitigh Amalraic sos cogaidh agus conradh síochána leis na hArabaigh, agus d’fhill na Biosántaigh abhaile. Níor shroich an leathchuid acu go caladh, áfach, óir tháinig stoirm fhiach go tobann ar an fhlít a mharaigh mórán de na saighdiúirí.

Cé gur cuireadh críoch chomh náireach don eachtra, aithníodh Manúil go foirmiúil ag ríthe a’ réigiúin (Raynauld d’Aintíoc agus Amalraic d’Iarúsailéim san áireamh) mar thaoiseach na stát crosáidí, ó ba mhó ansin a spleáchas ar chosaint Bhiosántach i ndiaidh a’ gríosaithe ná mar a bhí roimhe.

Ins an oirthear, ath-eagraíodh an t-arm Biosántach tar éis dóibh a bheith buailte i ndóigh chomh dona ag cath Myriokeohalon. Chomh mór agus a bhí an urraim ar chliú Mhanúil go ndeachaigh sluaití d’óglaigh isteach san arm a bhí sé a dhíriú chun na fórsaí Turcacha a scriosadh. Ansin, threoir Manúil é fhéin a mharcshlua le ruaig a chur ar na Turcaigh ó dheas de Pharnasam le n-a smacht a dhearbhú ar na críocha d’Anatoil athgaibhte.

In ainneoin a dhícheall, ní bheadh i gcumas Mhanúil an scaradh reiligiúnach i measc na heaglaise a shlánú, cé gur oibrigh sé le cumhachtaí Laidineacha an iarthair agus gur réitigh sé go maith leis an Phápa.

Athbheochan na Dara hAoise Déag

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh ré cogaidh, tháinig aois síochána a mhair go dtí deireadh an chéid. Mar thoradh na fola doirte agus na sábháilteachta a tuilleadh tríthi, tugadh do na Biosántaigh fáil forbartha ar fud fairsinge a n-impireachta, a bhí i ndiaidh neartú agus leathnú. Leis an méadú dúiche, chuaidh cuid mhaith den tír chun cinn mar thalamh feirme. Lig sin do na bailte a dh’fhás agus, dá réir sin, bhisigh na nascanna trádála a bhaineadh dhóibh. Chan amháin na trádálaithe a bhuin tairbhe as an tréimhse shaibhrithe seo, ó tharla an tionchar a bheith ní ba leithne de shroich. Tugtar creidiúint le forbairtí áirithe ealaíne don fheabhsú eacnamaíochta–stíle úra mósáice agus ailtireachta, mar shampla–agus foilsíodh leabharthaí nua le húdair a bhí spreagtha ag saothair na bhfealsúna clasaiceacha.  

Treascairt agus Míriail

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is mór an difear eadar na ríshleachta Comnaeneos agus Aingealas. Stuaim agus cúram na saintréithe a léirigh an chéad teaghlach, agus a malairtí ag an dream deireanaí. Ba é Constaintín Aingealas an sinsear a bhunaigh an ríshliocht a bheirfeadh a ainm. Fear misneach, beoghúil, agus go han-dóighúil a bhí ann, de réir na gcroiniceoirí. B’é rud nádúrtha, mar sin, go raibh Constaintín ábalta pósadh le Téadóra, nighean an Impire Comnaeneos, a bhaint amach.  

Tháinig Constaintín den mheánuaisle, agus b’fhéidir gurbh as an tsiocair sin gur choimeád an bhanríon Írín dearcadh chomh tarcaisneach i leith an Aingealais. Níor sháraigh Írín a hamhras fá Chonstaintín, agus chuaidh an caidreamh eadar í agus a neacht Téadóra in olcas de bharr a’ phósta. Ó thaobh an impire, áfach, cha raibh díth muiníne ag Manúil a Dó nuair a chinn sé an flít impiriúil a chur faoi cheannas Chonstaintín.  

Sa bhliain 1154, bhí na Biosántaigh ar tí cogaidh leis na Normannaigh, a bhí ag cruinniú a bhfórsaí cabhlaigh gar do chósta Lacóinia. Fuair Constaintín orduithe gan dul i ngleic leis na Normannaigh sula dtiocfadh trúpaí Biosántacha breise le h-é a thacú. Ach thug Constaintín neamhshuim d’orduithe an impire agus, de bhrí chomhairle astralaithe, dhírigh sé an flít Biosántach in aghaidh an chabhlaigh Normannaigh, a bhí i bhfad ní ba mhó ná a chabhlachán fhéin. Gabhadh an mhórchuid de na longa Biosántacha chomh maith le Constaintín fhéin sa ghníomh easurraime díchéillí, agus chaith sé roinnt bliana i mbraighdeanas i ndiaidh na hanachaine sin.

Léirigh Constaintín go bhféadfadh tubaiste míleata teacht mar thoradh de mhisneach gan chiall; ach léirigh a mhac Andronacas nach gá leis an mhisneach a bheith ann ach oiread. Ins an bhliain 1179, cuireadh Andronacas i gceannas feachtais in aghaidh na dTurcach sa réigiún de Characs. Oídhche éigin, chuala Andronacas scairteacha sa dorchadas. Níorbh ach scata beag scabhtaí a bhí ann, ach ba leor sin le geit a bhaint as Andronacas, agus d’imigh sé leis chomh tapaidh agus a d’iompródh an each é. Ag radharc na sceilmise, lean na saighdiúirí eiseamláir a gceannaire, agus chuirtí ruaig ar cholún Bhiosántach ag buidhean beag Turcach murach guaim Mhanuel Canracoseanos, a chuir aghaidh do na saighdiúirí teifeacha le léiriú dóibh nach raibh aon duine ar a dtóir.  

Bhí scéal mheatacht Andronacais scaipte go forleathan i mbéal a phobail, agus bhí an t-Impire Manúil ar buile fán mí-ionracas a tharraing a chol ceathrair ar an teaghlach impiriúil. Bhí sé meáite ag Manúil go gcuirfeadh sé éadaí ban ar Andronacas, agus go dtabharfadh sé an meatachán ag máirseáil sa riocht sin trí sráideanna Chathair Chonstaintín. I ndiaidh tamaill, d’imigh an oiread feirge den impire agus go raibh a chomhairleoirí ábalta áitiú ar go mb’fhearr an deasghnáth náireachta a chealú.

Anachain Andronacais

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh bhás Mhanúil ar 24 Meán Fómhair 1180, fágadh an impireacht le garsún-impire, Alacs a Dó. Roinnt bliana roimh a bhás, thug Manúil ar na huaisle mionn a ghlacadh go ngéillfidís dá bhean, Máire, dá gcaillfí é sula dtiocfadh a mhac Alacs i n-a aois céille; d’aontaigh na huaisle–ar an choingheall go rachadh Máire sna mná rialta dá dtarlódh na heachtraí amhlaidh.

De réir an tsocraithe, rinneadh bean rialta de Mháire, cé nach ndeachaidh sí i gclochar. D'fhan máthair an impire sa phálás mar a rialiaigh sí le cuidiú an ardchomhairle Alacs Comnaeneos, agus díríodh cúrsaí a’ stáit chun donachta faoi stiúradh na díse. Banleasrí agus bean Fhrancach a bhí i Máire, agus ba leor na buanna sin le hí a chur i staid neamhsheasmhach i ríocht a raibh olc do lucht Laidineach a dul chun cinn ann.

Bhí sí aineolach go raibh sí ag rith ar thanaí, áfach, agus thug sí neamhshuim don ghearán go raibh sí claonta i dtreo na Laidineach. Thuig sí méid an fhuath nuair a spreagadh círéibeacha i n-a héadan, agus thiontaigh corraíl a’ phobail in ainghníomh. Theith sluaite lucht Laidineach den bfhoréigean, ach cailleadh oiread mór ag an áir.

I lár na hanachaine, tháinig ansin Andronacas Comnaeneos, uasal óg dathúil deagh-chruthach a raibh gnaoi na ndaoine ar agus tacaíocht an airm aige. Nuair a corónaíodh é mar chomh-impire i Meán Fómhair den bhliain 1183, tugadh le fios go mbeadh sé i n-a chosantóir don impire óg. Is dócha go raibh Alacs ag súil go dtiocfadh sé slán den trioblóid faoi scáth dheagh-chliú a ghaoil ní ba shinsearaí. Bhí sé meáite ag Andronacas, áfach, go dtógfadh sé an choróin agus an bhean d’Alacs. Trí mhí ní ba dheireanaí, chuir sé amhlais chun an garsún a thachtadh, agus teilgeadh corpán an impire sa Bhosparas.

Rialtóir ciallmhar bríomhar a bhí in Andronacas Comnaeneos, a bhíodh i n-a chompord comhrá béasúil intleachtach a choinneáil, chomh maith le foréigéan brúidiúlach a dhéanamh. Dhírigh sé neart a chuid fuinneamh i dtreo leasú na himpireachta a bhí, ag an am sin, curtha de dhroim seoil ag an truailliú fear faillí. Cuireadh ceal ar an díolú oifige faoi riail Andronacais. Thug sé le fios go mbeadh cumas agus stuaime mar chrann tomhais maidir leis an earcaíocht den uair sin amach, agus go n-íocfaí turastal cuí do na hoifigí fiúntacha.[51] Le cois leasú na maoirseachta, d’eagraigh Andronacas athchóiriú talmhainn agus an chóras cánachais a bhain daoithe. Bhí na tuathánaigh buíoch as, cé go raibh na tiarnaí talaimh mí-shásta leis.

Ins an phríomhchathair, áfach, bhí na daoine trí chéile ag pearsantacht scoilte, dothuartha an impire, agus d’fhás an eagla faoi agus an fuath dhó. Scoite in iargúil a pháláis, chaill Andronacas teagmháil leis an phríomhchathair, chomh maith le cúrsaí eachtracha. Ghabh na Normannaigh an Chipir, oileáin straitéiseach, lárnach don impireacht, agus tharla an cailleadh dhi mar dhubh-ionntas ar na Biosántaigh agus comhartha dá bhfainne don domhan. I rith an mhí-ordaithe a bhí á scaipeadh i measc na mBiosántach, thapaidh na Normannaigh an deis ansin le críoch Bhiosántach breise a ghabháil. Thit Díraichíón do na Normannaigh go héascaidh, sular chuireadar Teasalóinicí faoi n-a smacht. Ansin, d’imir siad díoltas uathbhásach ar na Biosántaigh as an ár a rinne siad ar lucht Laidineach i gCathair Chonstaintín. Díbríodh daoine Theasaloinícé dá dtithe sular bhuin na Laidinigh a raibh de luach díobh. Creachadh na heaglaisí fosta, cé go raibh an Easpag Éustatias ábalta na Laidinigh a shuaimhniú go leor agus sléachtadh a sheachaint.

Lean na Laidinigh ar aghaidh chuig Cathair Chonstaintín, agus má tháinig siad mall is é gur tarraingíodh siar iad ag mealladh stóras na mbailte eadar Theasaloinícé agus an príomh-chathair. Leis an tubaiste ar casadh ar Theasaloinícé, chaill Andronacas aon roinnt tacaíochta a bhíodh fágtha dhó i measc na gnáthmhuintire, agus le cailleadh dheagh-ghean na ndaoine, chaith sé de ualach an deaghrialtóra. In ionad cothrom cúramach a choimeád eadar na faicsin agus eadar na haicme, scaoil sé an t-uathbhás ar an phobal iomlán.

Bhí Andronacas ag iarraidh na gnáth-dhaoine a chur faoi n-a chos, ó ba léir faoin uair sin go raibh an pobal i ndiaidh tionntú i n-a aghaidh. Dhírigh sé ar an uasalaicme fosta, ó chonacthas don impire go mb’ar cheann uasal a gcuirfí an choróin dá mbainfí í de. Cuireadh i bpríosún cuid mhór na n-uaisle ar leithscéal go raibh siad i n-a gceannaircigh, ach, i dháiríre, gabhadh iad mar ghialla le cosaint in aghaidh treascartha ó thaobh a dteaghlach. Chuaidh Andronacas thar cailc leis an straitéis seo nuair a bhagair sé go gcuirfí na huaisle siúd chun báis mar thréatúirí. Le caint chomh neamhshrianta, chinntigh an t-impire an treascairt a bhí sé chomh faitíos faoi, mar spreagadh na huaisle chun gnímh lena ngaolta a shábháil.

Ba bhuinnean na dteaghlach Comnaeneos agus Aingealas é, Íosác Aingealas, i measc na bhfear ab uaisle, agus, de réir a’ chritéir sin, ar na fir ab oiriúnaí don ríchathaoir. Ach in ainneoin fola goirme Íosáic, bhí sé de mhíchliú air gur mheatachán plobaireach a bhí ann. B’fhéidir gur chomhartha a’ bhig a measadh de gur fhág Andronacas ainm Íosáic as liosta de na huaisle le bheith gaibhte, agus is dócha nár scríobhtaí aon scéala breise faoi Íosác murach Stíofán Haigíochríostophóirítis. Feidhmitheoir an rialtais impiriúil a bhí ann, agus é chomh éilitheach i n-a dhualgas gur thóg sé air fhéin go ngabhfadh sé Íosác. Bhí eagla a’ tsaoghail Bhiosántaigh roimh Stíofán as an chéasadh agus as an mharú a dhéanadh sé i seirbhís don impire, agus bhí Íosác chomh croithte ag radharc an amhais seo go dtug sé ruathar ar Stíofán, agus mharaigh sé a thóraí ar an bpointe le buille a chlaidhimh.

Theith Íosác go láithreach chuig an Hagia Sóphia a dh’iarraidh tearmainn. Scaipeadh scéala éachta Íosáic timpeall na cathrach, agus thionntaigh an ardeaglais i lárionad na gceannairceach, agus iad ní ba dhána ansin tar éis bhás Stíofáin.[52] Cor deagh-chinniúna ab ea é gur san eaglais sin a bhí áit-taisce na corónach impiriúla, agus thug na huaisle reibiliúnacha ar Íosác í a ghlacadh. De réir a nádúir mheata, dhiúltaigh Íosác an choróin, an baol, agus an dualgas a bhainfeadh leotha. Ach, nuair a d’éiligh siad go dháiríre fán ádhbhar, cha raibh de mhisneach aige an dála d’uaisle a dhiúltú arís. Tháinig sé mar theifeach, agus d’imigh sé amach den eaglais mar an t-Impire Íosác a Dó Aingealas.

Tháinig slua na n-uaisle don phálás ríoga chun Andronacas a tharraingt amach. Bhí gardaí na múrtha cosanta ag tabhairt neamh-shuime don chuid orduithe a bhí ghá scairteadh ag an iar-impire, agus é ar bís, ag déanamh iarrachta scannraithe le hiad a spreagadh chun gnímh. Thuig na fir, is dócha, nach mbeadh ciall ná tairbhe i gcur in aghaidh an athrú réimis. Le heiseamláir a thabhairt, b’fhéidir, thóg Andonacas bogha de shaighdiúir, agus scaoil sé amach roinnt saighead i ndorchadas na hoídhche (gan éifeacht ar bith). Rith tuigsint uathbháiseacht a’ scéil tríd an tíoránach ansin, agus chaith sé de a róba ríoga, chuir sé air boinéad Rúiseach, agus théaltaigh sé amach den chaisleán le dís de na mná ab fhearr leis. Gabhadh é ag an slua, áfach, nuair a bhí sé ag feitheamh bhád éalaithe, agus cuireadh an t-impire treascartha i gcomhair an impire theagmhasaigh.

D’fhág Íosác don daoscar dán Andronacais a shocrú, agus d’imir siad an cineál ceartais is gnách le gráscar mire a léiriú. Teannadh Andronacas de chrann, agus tugadh greadadh i ndiaidh greadta dhó ar feadh trí lá. Scoitheadh an lámh dheis de, agus tarraingíodh na fiacla agus an ghruaig dá chlaigeann. Buineadh súil de, agus caitheadh uisce bruithte i n-a éadan. Ar dheireadh, streachlaíodh Andronacas don hipeadróm mar a crochadh é dá chosa eadar dhá cholún. Sa dóigh sin a fágadh é, le cráidh tuilleadh a dh'fheitheamh. Dúradh go raibh a mheabhair agus a mhisneach aige ar feadh fhad na brúidiúlachta, a chríochnaigh le beirt shaighdiúir Laidineach á chiorrú le buillí a gclaidhmhte.

Íosác a Dó agus Alacs a Trí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaidh an Impireacht in olcais faoi réimeas Íosáic a Dó agus a dhearthár, Alacs a Trí, agus thit a raibh fágtha d’inneall a’ rialachais lárnaigh. Léirigh na hAingealais Léiríodh laigeacht na himpireachta le linn na gcrosáidí. Leis an bhearna chumhachta i lár na hImpireachta, cuireadh misneach do cheannaircigh i gcearnaí éagsúla den impireacht chun údarás Biosántach a chaitheamh siar. De réir an staraí Alexander Vasiliev, “Thapaigh an rí-shliocht Aingealas bás na himpireachta, a bhí lagaithe amuigh agus scoilte astoigh cheana fhéin.”  

Faoi theacht a’ rí-shleachta seo, bhí na laethanta glórmhara caite ag an Impireacht Bhiosántach, agus is stair de mheatha agus truailliú a bhí i réimeas Alacs a Trí. Ligeadh na bealaí agus na droichidí i léig. Ní raibh airgead go leor le hinfreastruchtúr na himpireachta agus diomailteacht an impire a choinneáil ag an am céanna, agus cha dtigfeadh focal stuama mar rabhadh dó as na huaisle a bhí ag brath air. Ós rud gurbh fhir náireacha a bhí i gceannas, caitheadh an t-airgead ar shiamsaíocht agus oirfeid in ionad calaí agus droichead, cleasaithe agus damhsóirí in áit dúnta agus uiscerianta. Laghdaíodh gradam na himpireachta agus mórtas a’ phobail aisti agus, leis sin, d’ísligh mian na ndaoine chun í a chosaint.

Nuair nár leor maoiniú a athtreorú, thoisigh an rialtas ar fheachtas cánach a bhí chomh hiomarcach ar na daoine nárbh fhéidir leo maireachtaint faoi. Chomh cruaidh agus a bhí an cánachas agus na dlíthe carntha ar an phobal dúchais gur tréigeadh tráchtanna móra na himpireachta, agus leis an tír folmhaithe de dhaoine tháirgiúla mar sin, tháinig sluaite na mbarbarach a thógáil a’ spáis.

An Ceathrú Chrosáid

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ins an bhliain 1198, thoisigh an Pápa Innoicéintius a Trí ag seoladh litreacha ina dtug sé cead le crosáid nua a dhéanamh. Bhí mar phríomhaidhm na gcrosáidí ná gabháltas na hÉigipte, a bhí i n-a lár chumhacht na Moslamach sa Leiveaint. Tháinig arm na gcrosáidí ag Veinéis sa samhradh den bhliain 1202, ach ba lú a líon ná an méid saighdiúirí a bhí geallta. Ní ba mheasa ná sin, cha raibh an oiread airgid acu ar son chíos an fhlít Veinéisigh a dh’íocadh. In áit íoca, réitíodh go mbeirfeadh na Biosántaigh cabhair do na Veinéisigh a dh’athghabháil Zara–cala-chathair a dhiúltaigh smacht na Veinéiseach tamall beag roimhe sin. Bhí rath ag an chomhghuaillíocht Bhiosántach-Veinéiseach, agus thit Zara tar éis léigir.  

Bhí an chrosáid faoi cheannaireacht Bhonaifeas de Montferrat, cara do Philib de Suabia, agus bhí bean chéile de bhunadh a’ teaghlaigh ríoga Bhiosántaigh ag na comrádaithe araon. Nuair a thug Bonaifeas cuairt ar a chara Pilib, cuireadh é in aithne don Phrionsa Alacsaías Aingealas, mac Íosáic a Dó Aingealas, impire Biosántach treascartha. Chaith Alacsaías a leanbaíocht i mbraighdeanas baile i gCathair Chonstaintín, sular éalaigh sé don iarthar mar a fuair sé fáilte i bpálás a dheirféar agus a fear céile, Pilib.

Rinne an prionsa óg moladh dána do Bhonaifeas. Gheall Alacsaías go dtabharfadh sé tacaíocht na hImpireachta Biosántaí do na crosáidí dá gcuideodh Bonaifeas leis é fhéin a chur ar ríchathaoir Chathair Chonstaintín. D’ofráil Alacsaías 200,000 punt d’airgead do na crosáidí agus an oiread soláthairtí a bheadh de dhíth orthu. Chomh maith leis sin, gheall sé go gcuirfeadh sé a bhrú impiriúil ar an Phatrarc Ortadocsach ionas go n-aithneodh an cléireach údarás a’ Phápa ar an domhan Críostaí iomlán.

Cuireadh an Pápa in eolas den phlean ionraidh ar Chathair Chonstaintín, agus sheol sé litir inar chuir sé cosc ar na crosáidí an chathair a dh’ionnsaí. A scríobh sé: “Ná bíodh in aigne d’aon duine agaibh go gceadófaí dhaoibh creachadh a dh’imirt ar thíortha na nGréagach, le cúis nach ngéilleann siad don Hagia Sophia, ná ar an leithscéal gur threascairt an t-impire a dheartháir leis an rí-chathaoir a ghabháil dó fhéin. Cé go ndearna an t-impire na peacaí sin, agus peacaí sa bhreis, ní gá dhaoibhse breitheamhnas a thabhairt air. Níor thóg sibh an chros leis an pheacadh seo a cheartú. Gheall sibh go n-imreodh sibh díoltas ar iad a thug dímheas don chros.”

Níor léigh na crosáidí fógra a’ Phápa. Faoin uair a shroich an litir an caladh, bhí an armáid imithe cheana fhéin chuig Chathair Chonstaintín. Cha raibh aon chosaint curtha in áit ann nuair a dtáinig na crosáidí ar an 24 Meitheamh. Theith an t-Impire Alacsaías III, agus cuireadh Íosác ar ais ar an ríchathaoir, le n-a mhac Alacsaías Aingealas (Alacsaías IV) mar chomh-impire. Thug an Pápa iomardú do cheannairí na crosáide, agus d’ordaigh sé go leanfaidís ar aghaidh don Talamh Naofa.

Faoi dheireadh mhí na Samhna, thug an t-Impire Alacsaías IV le fios nach n-íocfadh sé an dara chuid den mhéid gheallta–200,000 bonn airgid–ar an leithscéal de ghanntanas maoinithe. Chuir Alacsaías na Veinéisigh trí chéile fosta nuair a d'aidmhigh an t-impire neamh-iontaofa nach raibh sé ábalta cíos an fhlít a dh’íocadh ach oiread.

Le leathíoc na suime, chruthaigh Alacsaías naimhde dó fhéin i ngach uile phointe a thimpill, ó nach ligfeadh ceannaire na nguaillíochta iad fhéin a bheith feallta, agus gur cruinníodh an oiread a d'íoc sé as leá frámaí íocón agus díonta na n-eaglaisí.

Oídhche amháin, tháinig an cúirteoir Alacsaías Múrtsúphlós chuig áras an Impire Alacsaías IV le scéim chliste a chur i bhfeidhm. Bhí a fhios ag an impire go raibh an pobal ar tí reibiliúin, agus bhí fhios ag an chúirteoir gur mheatachán an t-impire. D’inis Múrtsúphlós scéalta bréaga uathbhásacha fá bhuíonta comóntach fuilteach ag sceimhliú tríd an chathair agus an mearadh acu chun eirleach a dhéanamh. Bhí an t-impire buartha cheana fhéin, ach chuir tuairisc a’ chúirteora eagla a’ domhain air. Croitheadh an seomra go tobann ansin le buillí ag an doras agus screadanna de shlua taobh amuigh den seomra. Grúpa comrádaithe Mhúrtsúphlós a bhí ann, ag déanamh a’ róil de chíréibeoirí rímharfóireacha. Le cuma sábhálaí, d’ofráil an cúirteoir slí éilimh don impire, agus threoraigh sé é tríd an lúbra pasáistí den chaisleán. Chríochnaigh an turas ag an doinsiún, áfach, mar a tachtadh Alacsaías tamall ní ba dheireanaí, ar an 25 Eanair, sa bhliain 1204.

Corónaíodh an forghabhalaí Alacsaías Múrtsúphlós mar Alacsaías V ar an 5 Feabhra. Ach leis an treascairt dhána, thuill an t-impire nua fearg na gcrosáidí, agus thoisigh siad ag beartú ionsaithe Chathair Chonstaintín, an chóras rialtais a chuirfidís i bhfeidhm ann, agus na dóighe a roinnfidís an impireacht eatarthu. Shocraigh ceannairí na comhghuaillíochta go dtoghfaí impire nua ag comhairle de 12 acu, agus go mbeadh cothromaíocht eadar sé crosáidí agus sé Veinéisigh ag an chomhairle sin.

Ar an 12 Aibreán, thoisigh na crosáidí ionsaí cabhlaigh ar Chathair Chonstaintín. Tháinig siad ar an chósta le flít de longa dúbláilte (is é sin, bhí na longa nasctha le chéile i bpéire le hiad a dhéanamh ní ba láidire mar ullmhúchán don dúshlán a bhí rompu). Cath catapalt a bhí ann, leis an teicneolaíocht sin á úsáid ar an dá thaobh. Bhí an buntáiste ag na cosantóirí áit ní ba dhaingnithe a bheith acu, agus buntáiste na so-iomrámháilteachta ag na seoltóirí crosáidí. Dhírigh na hionsaitheoirí a mbaráiste ar thúr áirithe ar nós comhordaithe, agus b’éigean do na cosantóirí Biosántacha dul ar foscadh leis an stoirm chloiche a sheachaint. Le postanna an túir tréigthe ag na saighdiúirí, bhí an deis ann do na crosáidí na rampair a thógáil. Gabhadh an chéad túr agus trí eile go tapaidh i n-a dhiaidh. Rúid na fir ab fhearr de na crosáidí ansin chun na geataí cosanta a dh’oscailt le n-a gcomrádaithe den mharcshlua a chur i dtír.

Ag radharc thógáil bhratach na gcrosáidí, theith an t-Impire Alacsaías Múrtsúphlós den champa. Chruinnigh a phobal tréigthe sa Hagia Sóphia leis an éigeandáil a phlé agus plean a réiteach. Toghadh impire nua ag an chruinniú sin: Téadór Lascairís. Theip air i n-a chuid iarrachtaí le fir na cathrach a spreagadh chun cogadh in aghaidh na saighdiúirí cleachta proifisiúnta de na crosáidí, agus d’imigh sé leis le breacadh an lae arna mhárach.

Le n-a gcathair agus a misneach caillte acu, agus trócaire geallta dhóibh, lig na Biosántaigh síos a n-airm. B’ansin a pléascadh an t-uathbhás. Scaoileadh fir fhuathmhara na gcrosáidí amach trí na sráideanna. Rinneadh uirísliú beag agus mór ar an phobal chloíte den chathair. Creachadh tithe na sibhialtachta; éigníodh na mná, agus tógadh a gclann mar sclábhaí. Truaillíodh a creideadh a bheith naomhtha de na heaglaisí, agus goideadh a bhí de luach airgid díobh. Cuireadh corónacha d’ór; scrínte taisí; dealbha clasaiceacha, agus seodra Biosántacha leis na boinn d’ór a bhí goidte den taisce impiriúil agus na hearraí ar tógadh amach de thrádstórais agus de thithe na cathrach. Scríobh an staraí Geoffroy de Villehardouin, “ní dhearnadh an leithéid creachta ar chathair ariamh.” Mheas Baudouin i litir a scríobh sé gur mhó an luach a bhuin siad amach de Chathair Chonstaintín ná an méid a bhí sna stórais den Eoraip Thiar in éineacht.

Nuair a tháinig tuairisc a’ scéil náirigh don Róimh, scríobh an Pápa litir don leagáid Peadar, inar chuir sé friotal ar a chorraíl maidir le gníomhaíochtaí na gcrosáidí agus a dhubhionntas gur ofráil an sagart sin absalóid dóibh, rud, dar leis an Phápa, nach raibh in údarás Pheadair a dhéanamh. “Cad é a chuir an smaoineadh i do chlaigeann?”, a cheistigh sé an sagart. “Conas a cuireadh thú ar seachrán?”.

Baineadh an Pápa siar ag an drochscéal, agus cháin sé go dian na crosáidí as an ainghníomh. Dúirt sé go raibh ní ba shuim acu i maoin shaolta agus in íospairt a dhéanamh ar Chríostaithe ná mar a bhí acu in athtógáil Iarúsailéime agus i gcosaint na gcreidmheach. Cha raibh na crosáidí ná na Veinéisigh ró-buartha faoi focla a' Phápa, agus leanadar ar aghaidh leis an phlean a bhí beartaithe acu: tóghadh Baudouin mar impire, agus roinneadh an mhórchuid den impireacht eadar na huaisle. Tarraingíodh an forghabhálaí Alacsaías Múrtsúphlós as comhair cúirte na gceannairí nua. D’áitigh sé gur bh’fhealltóir a réamhtheachtaí, agus gur thoradh bínse dlisteanaigh an cinneadh é a thachtadh. Níor chuir an chosaint sin i n-a luí ar aon duine, áfach, agus teilgeadh Múrtsúphlós de cholún i gcearnóg Thabhrós.

Athghabháil Chathair Chonstaintín

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh Cathair Chonstaintín a bheith tógtha dhíobh, bhunaigh na Biosántaigh dhá stát comharba: an Impireacht de Nícaea agus an Forlámhas d’Eipíreos. (Bunaíodh stát Biosántach eile, an Impireacht Treabaesiún, roinnt seachtainí roimh chreachadh Chathair Chonstaintín.) Ón dtús, bhí na stáit Bhiosántacha i gcoimhlint leis na Laidinigh agus na Turcaigh. Sa bhliain 1075, tháinig an taoiseach cogaidh Súlaidhmeán ibn Cútalmais ar an bhfód i ndiaidh dó a smacht a chur ar na sléibhte Tabhrós, agus sa bhliain 1080, le cuidiú an fhealltóir Nícéipheoras, géilleadh Nícaea dó. Thug an Sultán Máilíc Seá aitheantas do Shúlaidhmeán mar rialtóir iarthar na hImpireachta Seilsiúc sa bhliain dar gcionn.

De bhreis ar na naimhde áitiúla, bhí cumhacht eile ag teacht, cumhacht ní ba mhó, ní ba láidire ná na faicsin eile in éineacht, agus iad ag trasnú na sléibhte agus ag rásáil ar thaobh a’ chósta le mian an Eoraip go léir a ghabháil.

Ré ionraí na Mongólach a bhí ann, agus eadar na blianta 1204-1243 (blianta ina raibh na ríochtaí Críostaí ag déanamh cogaidh ar a chéile i ndiaidh bhriseadh na hImpireachta Biosántaí), thogh na Mongólaigh Geingeas Chán mar impire, thoisigh siad feachtas gabhála uathbhásaí, agus leathanaigh siad a n-impireacht go dtí gur shínigh a dteorainneacha ó Vítneam don tSibéir, agus ó Mhuir na Seapáine go dtí, faoin bhliain 1243, an Anatóil, mar a bhuaigh arm na Mongólach ar fhórsaí na hImpireachta Seilsiúc.

Cé gur ghéill na Turcaigh go tapaidh agus go hiomlán do na Mongólaigh, d’fhág na hionróirí arm san Anatóil le n-a smacht sa réigiún a chinntiú. Bhí eagla ann go mbeadh na stáit Bhiosántacha na céad tíortha eile a d’fhulaingeodh uathbhás na Mongólach. Ach bhí na Mongólaigh sínte fada tanaí go leor faoin uair sin agus, le tuigsint an fhiúntais a mbeadh i gcomh-ghuaillíocht áitiúil, socraíodh póstaí eadar roinnt ógmhná na mBiosántach d’fhir uaisle na Mongólach. Leis na Turcaigh cloíte agus, mar sin, gan iad a bheith á n-ionsaí a thuilleadh, bhí na Biosántaigh ábalta a n-iarrachtaí míleata a dhíriú ar na Laidinigh ó thuaidh agus athtógáil na ndúichí caillte dhóibh.

Nuair a corónaíodh Seán a Ceathair, Dúcas Lascairís, (1250-1305) cha raibh ach seacht mbliana d’aois aige agus, mar sin, ainmníodh cara a athar, Seoirse Músalón, mar leasrí dhó. Bhí neart naimhde ag an chúirteoir sin, agus dúnmharaíodh é ar feadh Aifrinn naoi lá ní ba dheireanaí. I ndiaidh an ainghnímh sin agus éiginnteachta dá bharr, thapaigh Mícheál a hOcht a dheis chun údarás a thógáil. Oidhre den trí theaghlach ba ríoga den domhan Biosántach a bhí i Mícheál, an leasrí nua, le cois a bheith in a ghinearál maith le lán tacaíocht na bhfórsaí míleata. Tugadh ardú céime i ndiaidh ardaithe céime dhó; rinneadh aimiréal a’ chabhlaigh de, agus, tamall ní b’fhaide, ainmníodh é mar Thíoránach na hImpireachta. Agus é ina Thíoránach, bhí an t-impire agus a mhuinntir ró-lag a chur i ndiaidh a dhánachta. Sa bhliain 1259, shocraigh Mícheál go gcorónófaí é mar chomh-impire agus, trí mheascán tosca agus stuaime, thuill sé an chliú mar an impire a d’athbhunaigh an Impireacht Bhiosántach.

Le linn na nglúnta tar éis na tubaiste den bhliain 1204, tháinig na Biosántaigh i staid nirt, ag eagrú agus ag forbairt de réir a chéile. Thóg siad ar ais cuid mhaith na ndúichí a chaill siad agus, ón bhliain 1230 (seachas roinnt oileán agus úrphost), bhí impireacht na Laidineach agus na Veinéiseach teoranta go dtí iomall Chathair Chonstaintín í fhéin, faoi shúile ghéara na nGréagach. Ó thaobh na Laidineach, is dócha go raibh rialú Chathair Chonstaintín mar dhúshlán thar cumas na Laidineach.

In ionad fhorbairt tionscail agus infheistíochta stuama, bhí eacnamaíocht na Laidineach ag brath ar an mhéid a mbíodh siad ábalta a bhladar as an Phápa agus an oiread arbh fhéidir leotha a bhuaint as an phobal. Bhí an stát agus na daoine ag dul i mbochtanas de dheasca na bpolasaithe truaillithe, agus faoin bhliain 1261 bhí an scéal chomh dona agus go raibh na Laidinigh ag leagan agus ag leá na ndíonta órga de na heaglaisí.

I measc na mBiosántach, mhéadaigh mian Chathair Chonstaintín a athghabháil agus an dóchúlacht go gcuirfidís an dúshlán sin i gcrích. Bhí na Biosántaigh eolach nár tógadh Cathair Chonstaintín ariamh gan smacht na n-uiscí dá timpeall a bheith ag na gabhálaithe, agus d’eagair siad plean ghabháil na cathrach le cuidiú a gcomh-ghuaillithe den ríocht Geineoch, leis a raibh ceann de na cabhlaigh ba mhó den aois.

Bhí oifigigh an airm Bhiosántaigh i dteagmháil leis na Teileamatóirí le roinnt blianta. Saorálaithe de mhíliste Gréagach neamhspleadhach a bhí ionntu, agus iad ag oibriú san eadrána ar an teorainn. Bhí siad in ainm a bheith faicsean neodrach agus, go dtí an uair seo, níor throid siad ar thaobh amháin ná an taobh eile. Gréagaigh go léir ab iad, áfach, agus le blianta bhí siad ag baint tairbhe as a suite uathúil chun fhaisnéis staide na cathrach agus tuairisc fá ghluaisteachtaí trúpaí a chruinniú leis an eolas sin a thabhairt dá gcomhthírigh. Thug na saorálaithe Gréagacha scéala do Strataigeapólós–ginearál na hImpireachta de Nícaea–go raibh an flít Veinéiseach imithe chun Daphnúisia le sprioc an oileán sin a réiteach mar chaladh cosanta in ullmhúchán don ionnsaí Geineoch a bhí siad á fheitheamh.

Tháinig Straiteagopólós agus a chuid trúpaí chuig poinnte áirithe de bhalla cosanta na cathrach mar a raibh roinnt saighdiúirí den Teileamatóirí á bhfeitheamh ar an taobh eile den mhúr. Ag meán oídhche, cuireadh na dréimeirí agus toisíodh an iontráil fáilí isteach i gCathair Chonstaintín. Chomh ciúin cúramach agus a bhí na fir ag dul thar na ballaí ollmhóra nár braitheadh aon duine acu roimh an mhóimint a dhruideadar de rúid ar fhairtheoir de Gheata na Foinse. Leagadh amach an garda sin, agus osclaíodh an geata chun an t-arm Biosántach a ligint isteach.

Rinne na trúpaí Laidineacha a dhícheall in iarracht an bealach chun an pháláis a bhlocáil, ach sléachtadh iad go tapaidh. Ag radharc na ruaige, dheifrigh an t-Impire Baudouin chun a’ chalaidh. Cé gurbh fhéidir leis an impire Normannach cath a dhéanamh ansin–bhí a ghardaí cosanta leis agus an flít Veinéiseach ag teacht–léirigh Baudouin a chladhaireacht nuair a thóg sé an bád ba ghaire, agus d’imigh sé leis ón dainséar.

Faoin uair ar fhill an cabhlach Veinéiseach, bhí an chathair chaillte dhóibh. Bhí na Gréagaigh ag gardáil na múrtha cosanta, agus iad i ndiaidh tinte a lasadh i measc tithe na cathrach. Bhí na teaghlaigh Laidineacha agus Veinéiseacha i mbun tréan-iarracht an baol sin a dh’éalú, a gcuid seodra a shábháil, agus an oiread earraí a bhí siad ábalta a dh’iompar amach.

Ar an chúig lá déag de mhí Lúnasa, rinne an t-Impire Mícheál filleadh glórmhar isteach Cathair Chonstaintín chun an Impireacht Bhiosántach a dh’athbhunú. Coisriceadh an Hagia Sóphia don chreideamh Ortadocsach. Corónaíodh Mícheál agus a bhean, agus rinneadh comh-impire dá mhac, Andronacas. Dalladh Seán, agus cuireadh i bpríosún é. Mar sin a bunaíodh an ríshliocht Pailéalógós, an teaghlach ríoga a rialaigh an Impireacht Bhiosántach le tréimhse ní b’fhaide ná aon teaghlach eile.  

Cogaí Cathartha agus Cinsealacht na n-Otamánach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gabhadh Cathair Chonstaintín ar ais, ach bhí glóir chinseal na himpireachta chaillte fós. Bhí na sean-tíortha Biosántacha i seilbh a sean-naimhde, agus cuireadh trí chéile trádáil chuig an phríomhchathair de bhrí neartú smacht na Veinéiseach sa Mhuir Aeigéach. Tugadh neamhshuim don bhagairt Thurcach. Ó thaobh cúrsaí inmheánacha, chuaidh na caidrimh eadar na haicme in olcas. Bhí na huaisle ag seasamh talaimh agus ag loiceadh a ndualgas maidir le hearcaíocht mhíleata. Ins an ré sin, leantaí cogadh cathartha de chogadh cathartha eile, agus bhí gach aon de na hanachainí úd mar chéim eile i dtreo bhás na hImpireachta Biosántaí.

Nuair a corónaíodh Mícheál a hOcht, ní raibh i bhfairsingeacht na hImpireachta Biosántaí ach an cósta thiar d’Anatóil; codanna na Tráicia agus na Macadóine; roinnt oileán sa Mhuir Aeigéach, chomh maith le cuid tíre comhionann le taobh thiar na Gréige den lá atá inniubh ann. Shocraigh Mícheál go bhfeabhsódh sé an méid a bhí fágtha dhó, agus thoisigh sé ar fheachtas athtógála agus ath-dhaonraithe. Mhaoinigh sé forbairt mhíleata trí cánachas cruaidh agus díluacháil an airgeadra.  

In ainneoin na staide éiginnte den impireacht, láinseáil Mícheál ionsaithe in iarracht críoch a ghabháil, ach ba bheag an rath a bhuin sé as na feachtais, den chuid is mó. Le cosaint in aghaidh chreachta eile ar Chathair Chonstaintín, thug sé ar an Eaglais Ortadocsach a ghéilleadh don Róimh, cé gur thuill sé fuath na ndaoine leis an straitéis sin.

Tharla cogadh cathartha eile i ndiaidh bhás Andronacais a Trí sa bhliain 1341, a mhair sé bliana. Bhí mac Andronacais, Seán Pailéalógós, faoi stiúradh Áine de Shaváí. Cé gur mhian le Andronacas a Trí go gceapfaí Áine mar leasrí a mhic, bhí cara an impire sin, Seán Cantacúiseanas, míshásta leis an socrú, agus thug sé é fhéin in iomaíocht leis an bhean uasal Áine. Cha raibh rath ar a chuid iarrachtaí chun smacht na leasríochta a bhuint d’Áine, cé go bhfuair sé tacaíocht go leor i dTráicia. Coimhlint aicmeach a bhí ann, ina dtug na huaisle agus na daoine saibhre a dtacaíocht don tiarna talaimh Cantacúiseanas, nuair a bhí na gnáth-dhaoine ar son Áine.

Bhí na Biosántaigh i mbun cogaidh ar a chéile, agus bhuin an rí Stiofán Úrós a Ceathair leas as an scéal sa bhliain 1345, nuair a chloígh sé cuid mhaith na Gréige. Chuir Cantacúiseanas Cathair Chonstaintín faoi n-a smacht ins an bhliain 1347, agus cuireadh i gcrích an cogadh cathartha. D’úsáid Cantacúiseanas amhais Thurcacha le linn a’ chogaidh, agus bhí sé ag brath orthu fós le n-a údarás a choimeád. D’fheall na Turcaigh ar luath go leor, agus thóg siad gCallaípoil (Gallipolí) de na Biosántaigh sa bhliain 1354. Lagaíodh an Impireacht Bhiosántach de dheasca na gcogaí cathartha, agus fágadh í soleonta d’ionsaithe a gcomharasan.  

  B’ainnis an staid inar fágadh an impireacht i ndiaidh a’ chomhraic. Le hoiread mór de na fir óga Gréagacha caillte sna cogaí cathartha, bhí a dtír dúchais ansin soghonta ag a naimhde éagsúla–na Turcaigh i dtús báire den áireamh. Tar éis coimhlinte inmheánaí eile, a tháinig eadar na bliana 1373-1379, agus an suaitheadh den bhliain 1390, bhí an Impireacht Bhiosántach beagnach timpeallaithe ag na Turcaigh Otamánacha.

Le linn a’ chogaidh chathartha, scriosadh Dún Ghallipolí ag crith talún, rud a lig do na Turcaigh a thrasnú isteach san Eoraip an chéad lá eile. Faoin am a cuireadh críoch leis an chogadh, bhí na Seirbiaigh cloíte ag na hionróirí agus curtha i sclábhaíocht. Neartaíodh fós smacht na dTurcach i ndiaidh chath Chosaive.

D’iarr na himpirí Gréagacha cuidiú na n-iartharach, ach mhínigh an Pápa go soléir nach bhfaigheadh na Biosántaigh cabhair as cumhachtaí an iarthair muna ngéillfidís don Eaglais Rómhánach. Cuireadh toscairí na cúirte Biosántaí don dara chomhairle de Lyon le litreacha ó pheann Mhíchil agus ceannairí Eaglais an Oirthear, inar aithin siad údarás a’ Phápa.

D’fhoghlaim an t-impire gurbh fhusa scríobh litreach ná iompú pobail, agus thuill sé fuath ó gach uile aicme den tsochaí Bhiosántach as an bhfeall a d’imir sé ar an Eaglais Ortadocsach. Spreagadh agóidí, agus buineadh an teanga den mhanach Mheileiteos, ceannaire na ngríosóirí; dalladh manach eile, agus gealladh bás d’aon duine ar a bhfaighfí paimphléad frith-impireach. Tugadh bóthar do shaighdiúirí a bhí claonta go hoscailte don taobh Ortadocsach. Bhí roinnt saighdiúirí eile nár aontaigh le cinneadh an impire, agus iad ag coimeád a míshástachta faoi ceilt, ach thug siad droim a láimhe don arm ansin.

Bhí an suite céanna ann i rith réimis Sheáin a Cúig. Faoi bhrú bhagairt na dTurcach, d’amharc sé don Róimh le cuidiú a fháil, agus d’ofráil an Pápa den uair sin na téarmaí céanna agus a d’ofráil an Pápa don Impire Mícheál caoga bliain ní ba luaithe. D’fhógair Seán géilleadh d'údarás na Róimhe ar an 17 Meán Fómhair sa bhliain 1369. Ach ba lú an cabhair mhíleata a fuair sé ná an méid a tugadh do Mhícheál caoga bliain ní ba luaithe. Le teann éadóchais, shocraigh Seán ansin nach raibh rogha fágtha dhó ach conradh a dhéanamh leis na Turcaigh Otamánacha. Drochmhargadh a bhí ann, leis na Biosántaigh faoi oibleagáid airgead agus trúpaí a sheoladh do na Turcaigh mar chíos-cháin bhliaintiúil.

Tréatúireacht Teaghlaigh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1370, pléascadh sraith streachailte eadar an t-Impire Seán a Cúig agus a mhac Andronacas. Bhí an t-impire i ndiaidh Andronacas a chur as a oidhreacht, agus chuir sé a dara mhac, Manúil, i n-a áit. Ansin, chuaidh Andronacas i gcomhar le mac a’ tsultáin Otamánaigh, an prionsa Daivcí, ag a raibh fuath dá athair fhéin. Bhí an dís acu tógtha le díoghrais díoltais, agus thoisigh siad ag pleanáil treascartha in aghaidh a n-aithreacha. Nuair a fuarthas amach an bhrathadóireacht, d’ordaigh an sultán Múrad a hAon go ndallfaí a mhac Daivcí, agus thug sé ar an Impire Mícheál go gcinnteodh sé an ciorrú céanna dá mhac, Andronacas. Bhí an t-ádh ag Andronacas ach súil amháin a chailleadh sular cuireadh é i gcarcair san oileán Leimneos. 

B’ann a bhí sé sáinnithe gus go bhfuair sé cabhair ó na Geinéivigh agus na hOtamánaigh. Bhí sé soléir do na náisiúin sin, dís sean-naimhde do na Biosántaigh, go mbeadh sé dá dtairbhe an cogadh náireach a chothú, agus chuidigh siad leis an bhfealltóir éalú ó phríosún. D’fhill Andronacas go Cathair Chonstaintín, mar a bhuin sé amach a shean uaill-mhian. Mhair sé trí bliana mar impire, agus i rith a réimis fhealltaigh, chuir sé a athair i bpriosún, agus ghéill sé Gallipolí do na Turcaigh Otamánacha. Le cuidiú na Veinéiseach, scaoileadh Seán a Cúig amach, agus cuireadh ar ais mar impire é.

San eadarlinn, d’éalaigh Andronacas i dtearmann na nGeinéiveach; agus é fós dírithe go míréasúnta ar an ríchathaoir, threoir sé a leantóirí chun cogaidh eile leis an impireacht a athghabháil. I ndiaidh cúpla bliain, cealadh an cogadh, agus síníodh conradh síochána. Cé go raibh sé geallta d’Andronacas i dtéarmaí an chonartha go n-aithneofaí arís é mar oidhre na himpireachta, rinne sé cogadh nua ar a athair sa bhliain 1385. Ba í a dhíth foighidne údar a bháis, agus cailleadh é i gcath sa bhliain céanna. Bhí tuilleadh tréatúireachta roimh an Impire Seán, áfach, nuair a fógraíodh cogadh eile fós air, agus a gharmhac agus chomhainmneach, Seán mac Andronacais, an fealltóir den bhabhta seo. Thimpeallaigh Seán Óg a chuid fórsaí ar Chathair Chonstaintín, agus osclaíodh na geataí dó tar éis léigir ghairid. Bhí an t-Impire Seán a Cúig amuigh ag an am, agus cha raibh morán de bhac curtha eadar an t-éilitheoir agus an ríchathaoir, a thóg sé mar impire Seán a Seacht. Cuireadh as é cúig mhí ní ba dheireanaí, áfach, nuair a tháinig an Prionsa Manúil, mac Sheáin a Cúig, le flít lán de shaighdiúirí Bhiosántacha agus Veinéiseacha le hoiread rídirí de Ródas. Ghlac Manúil cabhair Thurcach i n-a eachtra fosta agus, mar chostas a’ chuidithe sin, b’éigean dó cónaí i gcúirte a’ shultáin Béasúd a hAon, mar vasailleach.

D’éiligh Béasúd fosta go gcuirfí ceantar ar leith do na trádálaithe Turcacha, agus go n-aithneofaí udarás an Chadaí, is é sin, breitheamh Moslamach, a chinnteodh aon chás a mbainfí le Moslamach ar bith i gCathair Chonstaintín. Chomh maith leis sin, bheadh údarás an impire teoranta don taobh astoigh de Chathair Chonstaintín.

Ins na blianta céanna, bhí na Turcaigh ag neartú a smachta sa réigiún. Bhí cuid mhór na mBalcán cloíte acu chean fhéin, agus cailleadh an chuid eile dhóibh tar éis chath Chosaiv, mar ar rugadar buadh ar fhórsa aontaithe de Bhosnaithe agus Albánaigh, cé gur cailleadh an rí Turcach sa chath. Ainmníodh a mhac, Meithmeit, mar rí nua na dTúrcach, agus d'éiligh sé den Chailif de Chaireo go gceadófaí dó Cathair Chonstaintín a ghabháil agus go dtabharfaí dó an teideal “Sultán na Róimhe”. Thaitnigh leis na Moslamaigh an nóisean iad a bheith i n-a ngabhalaí na hImpireachta Romhánaí agus an oidhreacht stairiúil a bhain léithe.

Ag deireadh na bliana 1393, ghair an sultán Béasúd ar gach uile dá vasáilleacha Críostaí–an t-Impire Manúil a Dó san áireamh–chuig chruinniú le n-a ndíoltas don sultán a mhionnú agus a ath-dhearbhú. Dúradh go raibh rún ag Béasúd na vasáilligh uilig a shléachtadh chomh luath agus a bheadh siad cruinnithe le chéile, ach gur athraigh sé a intinn ag an móimint deiridh.

Bhí an t-Impire Manúil mí-shásta cheana fhéin leis a staid mar vasáilleach don sultán Otamánach, agus i ndiaidh a’ chruinnigh chinniúnaigh chuaidh sé ar turas trí chúirteanna ríoga d’iarthar na hEorpa ag lorg chuidiú na ríthe Críostaí chun na hOtamánaigh a ruaigeadh agus glóire Bhiosántach a athbhunú. Cé gur cuireadh fáilte an laoich don impire, cha raibh fonn ar na monarcaí siúd dul i gcomhrac i n-éadan na nOtamánach, agus d’fhill Manúil abhaile sa bhliain 1403, fós ag lorg fuascailte don bhfadhb Thúrcach.[53]

Seán a hOcht agus Streachailt in Aghaidh na n-Otamánach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir a chéile, chuaidh Manúil ar scor, agus d’ainmnigh sé a mhac Seán mar impire na hImpireachta Biosántaí sa bhliain 1421. Mar an gcéanna le n-a athair, bhí mian ag Seán srian na nOtamánach a chaith de agus, i mbliain a chorónaithe, chonaic Seán deis i Mústafá, éilitheoir don rí-chathaoir Otamánach. Mac an iar-shultáin Béasúd a bhí ann, a bhí i gceannas ar cheannairc den bhliain 1416 in aghaidh a dhearthár, Meithmeit a hAon, an sultán Otamánach ag an am. Díbríodh Mústafá i ndiaidh na treascartha teipthe, agus d’eagraigh Meithmeit go gcuirfeadh an prionsa reibiliúnach i mbraighdeanas ar oileán Leispeos faoi coimhead Mhanúil a Dó.

Agus é sáinnithe ar deoraíocht, bhí Mústafá ar bís leis an Impireacht Otamánach a thógáil den sultán úr, Múrad a Dó, mac a dhearthár, agus bhí Seán ag iarraidh roinnt deimhnithe sula scaoilfeadh sé Mústafá saor i dtreo cogaidh. D’aimsigh an t-impire gealltanas an éilitheora sin go ngéillfí críocha áirithe do na Biosántaigh dá dtiocfaí le Mústafá na tailte a ghabháil–Gaillipoli agus na cathracha cois chósta den Mhuir Dhubh san áireamh.

Le tacaíocht mhíleata agus cabhair airgeadais den impire Biosántach, seoladh Mústafá do Gallipolí, a thóg sé go héasca, agus thit cathair i ndiaidh cathrach don phrionsa dhána. Gabhadh Geilibeolú gan chath mór, agus bhí smacht ar chaol na Dardainéile ag na fórsaí treascracha tar éis an bhua sin. Luath go leor, ghéill na gobharnóirí de Rúiméalia do Mhústafá, agus nuair a chuir Múrad arm le dul i ngleic leis an reibiliún, thréig na trúpaí arm an tsultáin le dul i bpáirt leis an éilitheoir.

Le n-a shlua agus a mhisneach méadaithe, thrasnaigh Mústafá caol na Dardainéile le dul i gcomhrac cinniúnach le Múrad a Dó. I gceannas ar arm ollmhór de 18,000 fear, thug Mústafá cath in aghaidh Mhúrad ag Loch Uluabat. Nuair a thuig Mústafá go raibh an cath caillte aige, theith sé go Gallipolí. Bhí trúpaí an tsultáin ag druidim go dlúth air, agus roimh fhada chuir siad léigear ar an chathair. Bhí Mústafá ansin ag súil le háit shabháilte a dh’fháil i gCathair Adriain, ach cloíodh an chathair sin ag fórsaí a naimhde, agus gabhadh é.

Básaíodh Mústafá i ndóigh náireach mar go mbeadh coirpeach coiteann ann, in áit an bháis uasail a bhíodh prionsa ag súil leis. Bheadh an caitheamh sin oiriúnach más fíor maíomh an tsultáin agus na croiniceoirí Otamánacha gur phasadóir Mústafá. Ach níl an scéal soléir, agus maireann an chonspóid i measc na staraithe don lá atá inniubh ann.

D’imir an sultán Murad a Dó díoltas ar na Biosántaigh nuair a chuir sé léigear ar Chathair Chonstaintín agus scrios sé an Forlamhaí de Mhóiréa. Íslíodh na Biosántaigh ar nós ní ba náirí fós faoi théarmaí conartha nach raibh rogha acu ach a shíniú sa bhliain 1424. Socraíodh go n-íocfadh na Biosántaigh cíos-cháin de 300,000 bhonn bhliaintúil agus go ngéilfí geataí na Mara Duibhe don Impireacht Otamánach.

Bhuin Múrad II tairbhe as móiminteam an fheactais, agus rinne sé cogadh ansin ar an tSeirbia, ar an Úngair agus ar na Veinéisigh. Thit an-chuid na mBalcáin do na hOtamánaigh, agus chuireadar i gcrích gabháil na Seirbia sa bhliain 1439. Bhí an Impireacht Otamánach ag leathnú a dteorainneacha agus ag deimhniú a smachta i dtíortha nua-chloíte, nuair a bhí an Impireacht Bhiosántach íslithe, soleonta, scoite, agus ciorclaithe ag na Turcaigh.

An Sultán Múrad a Dó.

Thuig Seán go soléir tabhacht a’ cháis. Uair amháin eile, d’fhill impire Biosántach go Pápa le cuidiú a iarraidh, agus dhearbhaigh Pápa eile nach dtabharfaí an cuidiú sin muna mbeadh aitheantas Biosántach tugtha dá údarás reiligiúnach. Gaireadh comhairle i bhFerrara ar an ochtú lá de mhí Eanáir, ach cuireadh siar na cainteanna nuair a bhris amach an Phlá sa chathair. Aistríodh an eadarbheartaíocht go Flórans an chéad bhliain eile, mar a shocraigh na ríthe ar chrosáid nua a dhéanamh. Fógraíodh, ar dheireadh, aontú na n-Eaglaisí Thiar agus Thoir, agus arís eile spreagadh suaite i measc na mBiosántach dá dheasca.

Tháinig an t-impire agus na patrarcaí ar ais i gCathair Chonstaintín lán sásta le n-a saothar, cinnte dearbhtha go raibh an Eaglais uilíoch ath-bhunaithe ar nós a gcloífeadh leis na traidisiúin den Eaglais Ortadocsach, agus iad siúráilte go mbeadh siad slán sábháilte ó na Turcaigh ansin faoi chosaint arm an Iarthair. Bhí dearmad faoi dhó orthu, áfach. Ní raibh siad ábalta aontú na n-Eaglaisí a dh’fhógairt sa Hagia Sóphia, chomh díoghraiseach agus a bhí na daoine in aghaidh a’ mhéid a bhí socraithe ag an chomhairle. Chomh maith leis sin, thréig na ríthe den Iarthar na pleanannaí chun cogadh a dhéanamh ar na Turcaigh.

Léiríodh an misneach chun dúshlán a thabhairt ar Mhúrad as cearn eile nuair a d’eagraigh an Rí Vladislav a Trí na hUngáire meascán fórsaí chun cogadh a dhéanamh ar na Turcaigh. Spreagadh mothúchán dóchais as na buanna a rug Seán Húiniadaí de Thransalváin ní ba dheireanaí, ach theip air teacht i dtír ar an rath luath sin, agus cuireadh deireadh ar an bhfeachtas de dheasca easpa comh-ordaithe le n-a chomh-ghuaillí Veinéiseacha agus Ungáracha. D’imir an prionsa Seán Húiniadaí a dheis deiridh agus an Albánach Skanderbeg taobh leis nuair a thug siad aghaidh d’arm Mhúrad a Dó i gCosaiv. Throid na hairm ar feadh trí lá, agus i ndiaidh a’ chomraic fhuilltigh dhíograisigh, ba Mhúrad a thug an lá leis.      

Titim Chathair Chonstaintin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Múrad a Dó bás ar an 2 Feabhra sa bhliain 1451, agus rinneadh sultán dá mhac, Meithmeit a Dó. Bhí an sultán nua go díoghraiseach dírithe ar aidhm amháin, is é sin, gabháil Chathair Chonstaintín. In ainneoin a óige agus déine a mhéine, chuaidh Meithmeit i mbun na scéime sin le plean stuaime a chuir sé i gcrích le oiread mór foighidne.

Meithmeit á threorú an airm Turcaigh.

Thoisigh sé an próiseas i ndóigh pholaitiúil, inar chinntigh an sultán leislisiú na mBiosántach trí shíniú conarthaí leis na Veinéisigh. Agus é sásta siúráilte nach rachadh aon náisiún i gcabhair ar na Biosántaigh, thug Meithmeit an t-ordú chun dún chladaigh a thogáil ar bhruach a' Bhosparais le go mb’ fhéidir le n-a arm an sruth solártha a stopáil. Bhí an chathair i gcaoi náireach faoin bhliain sin, a sráideanna seanchaite agus tréigthe. Ar an darna lá de mhí Aibreáin sa bhliain 1453, thoisigh léigear Chathair Chonstaintín. Cé go raibh sí in ainm a bheith i n-a príomhchathair impireachta fós, i dháirire, bhí a ré órga caite faoin lá úd, agus b'ach 7,000 fhear aici a thógfadh arm chun an chathair a chosaint. Nuair a bhí na trúpaí truacanta ghá gcruinniú in ullmhú don chath scáthmhar, bhí ambasadóirí Biosántacha i mbun iarrachta práinní trí chuirtí an Iarthair, ag agair agus ag iompú ar na ceannairí Laidineacha go gcuirfidís saighdiúirí le Cathair Chonstaintín a shábháil.

Ar taobh amuigh de na múrtha, bhí arm ollmhór Moslamach grupáilte, 80,000 saighdiúir proifisiúnta, le cois comhraiceoirí breise mar chathlán tacaíochta. Trí stuaime, trí fhoighdne agus trí stratéis chiallmhar, tháinig na Turcaigh ar tí na buaidhe, agus cha chuirfeadh Meithmeit an buntáiste i bhfiontar ag an phoinnte sin den bhfeachtas.

D’ordaigh an sultán go dtógfaí droichead ollmhór snámha le cumarsáid eadar an t-arm agus an cabhlach a dh’éascú. Tógadh túr ionsaithe fosta, chun aidhm ní ba chruinne a fháil ar mhúrtha Chathair Chonstaintín. Lá agus oídhche, dhírigh na Turcaigh gunnaí móra ar na múrtha cosanta go dtí go bhfacthas bearna ag Geata Naomh Rómanós. Agus an chathair ar tí titime, seoladh téarmaí géillte don Impire Constaintín. D’ofráil Meithmeit post mar vasailleach de chaladh éigin dá ngeillfeadh Constaintín an chathair dó. Dhiúltaigh an t-impire an tairicsint náireach, cé go raibh fhios aige go raibh an chathair chaillte. Thóg sé an Eocairist ag an Hagia Sóphia, sular fhill sé don phálás den uair dheireanach. Chruinnigh Constaintín a chuid freastálaí, agus d’iarr sé go dtabharfaidís a maithiúnas dó as aon chion a d'fhéadfadh a bheith déanta aige in a n-aghaidh. D’imigh sé leis ansin ar dhroim eich le n-a bhás a dh’fháil.

An oídhche roimh ghabháil na cathrach, bhí guthanna na mílte Moslamach aontaithe in adhradh le clos do na cosantóirí, agus an toradh de ag léiriú aontachta agus dhisclipín an namhad. Mhínigh an sultán dá arm go gcuirfeadh na foirgnimh mhóra i leith dó fhéin, ach, seachas sin, go raibh cead acu an chathair go léir a chreachadh, agus na mná uile a thógáil dóibh fhéin.

Roimh bhreacadh lae, thoisigh an ionnsaí deiridh, agus thug na hOtamánaigh ruathar ar gach taobh na cathrach. Bhí na múrtha clúdaithe le hionraitheoirí ar feadh a n-imlíne, a fhad’s a bhí a gcomrádaithe ag teacht isteach tríd an bhearna a rinneadh an lá roimhe. Throid na cosantóirí go cróga díograiseach agus, ar dtús, bhí an chuma ann go d’fhéadfaidís an lá a bhaint amach. Thit colún i ndiaidh colúin de na Moslamaigh, ach cuireadh saighdiúirí nua in a n-áit chomh luath agus a cailleadh iad. I ndiaidh chúpla uaire, gortaíodh Iústainiánaí, marascal an airm Bhiosántaigh, tubaiste a chuir a chuid trúpaí trí chéile.

D’aithin an sultán an mí-eagar a chruthaigh cailliúint a gceannaire i measc na mBiosántach, agus thug sé an t-ordú don bhfathach Hasán d’Uluabad chun an balla a ionsaí. Shroich an fathach agus a chuid fear barr a’ túir, a bhí os cionn an bhearna a rinne na hOtamánaigh sa mhúr cosanta. Bhí an t-impire ann, ag díriú a thrúpaí, agus chaith sé de ansin a fheisteas ríoga, agus chuaidh sé i mbun comhraic ucht le hucht leis na Moslamaigh. Maraíodh an fathach agus a íochtaráin a bhí sé ghá dtreorú sa chomhrac uathbhásach, ach bhí míllte dá chomrádaithe ag rúid tríd an bhealach chéanna. Throid na cosantóirí go fíochmhar in aghaidh slua ollmhóir d’Otamánaigh, ach sléachtadh iad go léir, Constaintín fhéin san áireamh. Leis sin, cailleadh an múr do na hOtamánaigh, a bhrúigh ansin isteach sa chathair, agus iad ag saitilt thar corp an impire mhartraithe.  

Leis na múrtha cloíte ag na Moslamaigh, theith na sibhialtaigh chuig an Hagia Sóphia. Bhí siad plódaithe astoigh sa mhór-eaglais sin nuair a bhí na hOtamánaigh a sléachtadh trí sráideanna na cathrach. Roimh fhada, bhris na hionsaitheoirí isteach san eaglais mar a rinne siad ainghníomh náire uathbhásach. Na mná agus na páistí a mhair an foréigean, tógadh iad mar sclábhaí. Faoi mheán lae, bhí an chathair iomlán faoi smacht na Moslamach, agus chuaidh an sultán ag marcaíocht trí Chathair Chonstaintín. Nuair a shroich sé an Hagia Sóphia, d’ordaigh sé go bhfógrófaí as balcóin na heaglaise go mbeadh an foirgneamh naofa i n-a mhosc as an uair sin amach. Bhí scéal bhás an impire ghá scaipeadh tríd an chathair, ach dhiúltagh na daoine don tuairisc mar ráfla mhearbhall cogaidh. Leis an drochscéal a chruthú, thaispeáin na Moslamaigh claigeann an impire do phobal Chathair Chonstaintín, sular seoladh é ar turas na gcathracha móra den domhan Gréagach.

Bhí 100,000 Biosántach i n-a gcónaí sa chathair ag an uair a gabhadh í. Den phobal sin, sléachtadh 40,000 duine, eadar shaighdiúirí a cailleadh i rith a’ chomhraic agus shibhialtaigh ar dúnmharaíodh san aingníomh i n-a dhiaidh. Tógadh 50,000 mar sclábhaithe. Spáráladh tuairim 10,000 saothraithe lathaí den sléachtadh agus den sclábhaíocht. D’éalaigh siad na tragóidí a d’fhulaing an mhórchuid dá muinntir de bhrígh gur bhraith glaineacht agus sláinte na cathrach orthu. Cathair Mhoslamach a bheadh ann den lá sin go dtí an lá a thá inniubh ann, ar dtús mar lárionad chumhacht na hImpireachta Otamánaí, agus, ní b’fhaide, mar phríomhchathair Phoblacht na Tuirce.

  1. Panagiotis Theodoropoulos (2021-02-02). "Did the Byzantines call themselves Byzantines? Elements of Eastern Roman identity in the imperial discourse of the seventh century". Byzantine and Modern Greek Studies 45 (1): 25–41. doi:10.1017/byz.2020.28. ISSN 0307-0131.
  2. https://www.britannica.com/question/How-did-the-Byzantine-Empire-get-its-name
  3. Franklin Lewis (2001). "Rumi: past and present, east and west ; the life, teaching and poetry of Jalâl al-Din Rumi". Oxford: Oneworld.
  4. Charles A. Frazee (1992-06). "The Oxford Dictionary of Byzantium. Edited by Alexander P. Kazhdan , New York: Oxford University Press, 1991. 3 vols. xxxi + 2232 pp. $225.00.". Church History 61 (2): 241–243. doi:10.2307/3168272. ISSN 0009-6407.
  5. María María Sanz Julián (2021-11-25). "Historia de Alejandro Magno / Curcio Rufo, Quinto". Catálogo de obras medievales impresas en castellano 2021 (2021): 1–--. doi:10.26754/uz_comedic/comedic_cmdc040. ISSN 2530-1985.
  6. "Diadochoi | Greek history | Britannica" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2026-01-19.
  7. Edward A. Foord; Pratt - University of Toronto (1911). "The Byzantine Empire". London : Black.
  8. Charles Matson Odahl (1944). "CONSTANTINE AND THE CHRISTIAN EMPIRE". Abingdon, UK: Taylor & Francis.
  9. Mango, Cyril (1991). "Constantinople". In Kazhdan, Alexander (ed.). The Oxford Dictionary of Byzantium. Oxford and New York: Oxford (1991). "The Oxford Dictionary of Byzantium. Oxford and New York: Oxford": pp. 508-512.
  10. Treadgold, Warren (1997). A History of Byzantine State and Society. Stanford, CA: Stanford University Press. p. 89.
  11. R. Gerberding and J. H. Moran Cruz, Medieval Worlds (New York: Houghton Mifflin Company, 2004) pp. 55–56.
  12. Richards, Jeffrey. The Popes and the Papacy in the Early Middle Ages 476–752 (London: Routledge & Kegan Paul, 1979) pp. 15–16.
  13. Christopher S. Lightfoot (2000-10-01). "The Roman Empire (27 B.C.–393 A.D.) - The Metropolitan Museum of Art" (en). www.metmuseum.org. Dáta rochtana: 2026-01-19.
  14. Réamonn Ó Muireadhaigh (2010). "Naomh Pádraig agus Eaglais Iarthar na hEorpa". Comhar 70 (3): 10–11. ISSN 0010-2369.
  15. Orosius. "Historiae adversum paganos": (vii.43.4-6).
  16. Edward A. Foord; Pratt - University of Toronto (1911). "The Byzantine Empire". London : Black.
  17. Meaghan Anne McEvoy (2013). "Child emperor rule in the late Roman West, AD 367-455". Oxford: Oxford University Press.
  18. Douglas Boin (2020). "Alaric the Goth: an Outsider's History of the Fall of Rome". Erscheinungsort nicht ermittelbar: W. W. Norton & Company, Incorporated.
  19. Zosimus. "New History," 5.40.
  20. The Cambridge Ancient History Volume 13, (Cambridge University Press, 1998), p. 125.
  21. Gibbon, Edward (2 May 2013). The history of the decline and fall of the Roman Empire. Eighteenth Century Collections Online Text Creation Partnership. p. 302. ISBN 978-0-19-966481-8.
  22. https://www.britannica.com/biography/Clovis-I
  23. Salzman 2021, pp. 148, 152–153.
  24. Edward A. Foord; Pratt - University of Toronto (1911). "The Byzantine Empire". London : Black.
  25. Timothy E. Gregory (2010). "A history of Byzantium": p.145. Chichester, U.K. ; Malden, MA: Wiley-Blackwell.
  26. "Belisarius | Biography, Military Campaigns, & Facts | Britannica" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2026-01-19.
  27. "Belisarius | Biography, Military Campaigns, & Facts | Britannica" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2026-01-19.
  28. John Henry Merryman and Rogelio Pérez-Perdomo, The Civil Law Tradition: An Introduction to the Legal Systems of Europe and Latin America, 3rd ed. (Stanford: Stanford University Press, 2007), pp. 9–11
  29. "Belisarius | Biography, Military Campaigns, & Facts | Britannica" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2026-01-19.
  30. Leif Inge Ree Petersen (2013). "Siege warfare and military organization in the successor states (400-800 AD): Byzantium, the West and Islam" (volume 91). Leiden ; Boston: Brill.
  31. John Julius Norwich (1988). "Byzantium. 1: The early centuries". London: Viking.
  32. Procopio di Cesarea - Istoria delle guerre gottiche (VI secolo) Traduzione dal greco di Giuseppe Rossi (1838)
  33. Giorgio Ravegnani, I Bizantini in Italia, Bologna, il Mulino, 2004, p.24. ISBN 978-88-15-09690-6.
  34. Procopio, De Bello Gothico, III, 24.
  35. Wolfgang Kaiser (2015-02-16). "Justinian and theCorpus Iuris Civilis". The Cambridge Companion to Roman Law: 119–148. Cambridge University Press.
  36. Kaiser, Wolfgang (2015). The Cambridge Companion to Roman Law. pp. 119–148.
  37. Charles River Editors (2014). The Dark Ages 476–918 these taxes were levied against the rich. Justinian the Great: The Life and Legacy of the Byzantine Emperor. CreateSpace Independent Publishing Platform. ISBN 9781503190375.
  38. George Finlay (1854). "History of the Byzantine and Greek empires from DCCXVI to MCCCCLIII" (as English). Edinburgh ; London : W. Blackwood,.
  39. John Malalas, Chronicle, 18.71
  40. Diehl, Charles. Theodora, Empress of Byzantium (1972). Frederick Ungar Publishing (translated by S. R. Rosenbaum from the original French Theodora, Imperatice de Byzance), p. 87.
  41. J. Evans, "The 'Nika' rebellion and the empress Theodora", in: Byzantion 54 (1984), pp. 380–382.
  42. Norwich, John Julius (1999). A Short History of Byzantium. New York: Vintage Books, A Division of Random House, Inc. p. 64. ISBN 0-679-77269-3.
  43. History of the Byzantine Empire, 324-1453, Vasiliev (1958), p. 157.
  44. John Julius Norwich (1988). "Byzantium. 1: The early centuries". London: Viking.
  45. Louis Bréhier, , Éditions Albin Michel, coll. « Bibliothèque de l'évolution de l'humanité », 1946
  46. https://www.britannica.com/biography/Phocas
  47. Timothy E. Gregory (2011). "A history of Byzantium". Malden, Mass.: Wiley-Blackwell.
  48. Timothy E. Gregory (2011). "A history of Byzantium": p.2. Malden, Mass.: Wiley-Blackwell.
  49. George Finlay (1854). "History of the Byzantine and Greek empires from DCCXVI to MCCCCLIII" (as English): p.50. Edinburgh ; London : W. Blackwood,. (1854). "History of the Byzantine and Greek empires from DCCXVI to MCCCCLIII": p.50.
  50. "The Byzantine Empire 1025-1402" (2012-11-01). History of the Byzantine Empire, 324–1453, Volume I: p.92. University of Wisconsin Press.
  51. G. Ostrogorsky, History of the Byzantine State
  52. J.Harris, Byzantium and the Crusades, 124
  53. Thomas Walsingham, David Preest, James G. Clark (2005). "The Chronica maiora of Thomas Walsingham, 1376-1422": p. 319. Woodbridge, Suffolk, England ; Rochester, NY: Boydell Press.