Cathair Chonstaintín
Ba í Cathair Constaintín (Sean-Ghréigis: Κωνσταντινούπολις Konstantinoúpolis, Béarla: Constantinopole) príomhchathair impireacht oirthearach na Róimhe, is é sin, príomhchathair na hImpireachta Biosántaí. Sa bhliain 324, athbhunaíodh Biosántiam mar phríomhchathair nua Impireacht na Róimhe ag an Impire Constaintín a hAon, óna bhfuair sí a hainm, agus tiomnaíodh í ar 11 Bealtaine, 330. Sa naoú haois déag, bhí an chathair ar an cheann ba mhó agus ba shaibhre de chathracha na hEorpa, agus bhí an-tionchar aici ar an Chríostaíocht i rith réanna Impireachtaí na Róimhe agus na mBiosántach.
Tar éis di a tailte fairsinge a chailiúint, laghdaíodh an Impireacht Bhiosántach go léir lasmuigh den phríomhchathair agus na dúiche máguaird, agus faoi dheireadh thit sí agus scriosadh í ag na hOtamánaigh sa bhliain 1453. Tar éis Choncas na Moslamach, d'athraigh lárionad na Críostaíochta san oirthear, Cathair Chonstaintín, nuair a rinneadh príomhchathair na hImpireachta Otamánaí di, agus tháinig sí i mbláth arís, mar Iostanbúl.
| Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi thíreolaíocht na Tuirce é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
