An Ghréigis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Gréigis)
Infotaula de llenguaAn Ghréigis
ελληνική agus νέα ελληνικά‎

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais13,100,000 (2019)
Dúchasach doan Albáin, an Ghréig agus an Chipir
Stáitan Ghréig, an Chipir, an Astráil, an Albáin, an Airméin, an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin, an tSeoirsia, an Éigipt, Iosrael, an Iodáil, an Chasacstáin, Ceanada, an Rúis, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Tuirc, an Úcráin, an tSualainn, An Abcáis, an Asarbaiseáin agus an Rómáin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Heilléanacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaan aibítir Ghréagach
Institiúid caighdeánaitheCenter for the Greek Language (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Cóid
ISO 639-5grk
Glottologgree1276
ASCL2201
IETFgrk

Is í an Ghréigis (Ελληνικά, /eliniˈka/) an teanga Ind-Eorpach is sine dá maireann. Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RCh. An dream sin a chuir cathair Mhicéanae ar bun agus tugtar na Micéanaigh orthu dá bhrí sin. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá an ceithre chéad bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar aibítir a úsáid i rith na tréimhse sin. Scríobh siad a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Chum Hóiméar an Íliad agus an Odaisé, deirtear. Faoin am sin a thosaigh Ré Ársa na Sean-Ghréige.

An tSean-Ghréigis agus a réamhstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is gnách trí thréimhse a aithint ar stair na Sean-Ghréigise: an tréimhse ársa (ón 9ú go dtí an 6ú haois RC), an tréimhse Chlasaiceach (ón 5ú go dtí an 4ú haois RC) agus tréimhse an Heilléanachais (tréimhse an Koiné, ´go dtí an 4ú haois AD). Is ionann Gréigis na tréimhse ársa agus Gréigis Hóiméir. Maidir leis an tréimhse Chlasaiceach, b'ansin a breacadh síos saothair mhóra liteartha na sibhialtachta Gréagaí a chuaigh go domhain i bhfeidhm ar an tsibhialtacht Iartharach go léir, ach tá sé tábhachtach a thuiscint nach raibh aon chaighdeán amháin i bhfeidhm san am. Ba í canúint na hAtaice ba mhó a d'úsáidtí sa phrós, ach san am chéanna bhí canúintí eile á saothrú le haghaidh cuspóirí liteartha éagsúla: ba í an chanúint Dhórach teanga na gcór sna traigéidí, mar shampla.

Éabhlóid aibítir na Gréigise

De thoradh na gconcas a rinne Alastar Mór, chuaigh an Ghréigis in úsáid i bhfad thar theorainneacha na Gréige féin, agus ansin cruthaíodh canúint nua—é koiné dialektos nó an Chanúint Choitianta, canúint mheasctha mhadrúil, cé gurbh í canúint na hAitice ba mhó a d'fhág a sliocht uirthi. Is í an Koiné canúint an Nua-Thiomna mar shampla. Go bunúsach ba í an Koiné caint na ndaoine san am, agus theastaigh ó na luath-Chríostaithe an creideamh a chraobhscaoileadh i dteanga a bheadh intuigthe go coitianta, cé go raibh lucht na hardliteartha ag saothrú sheanchanúint na hAitice ina gcuid scríbhinní i gcónaí, agus ba bheag a meas ar "bhéarlagair" an daoscarshlua.

Gréigis na Meánaoise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í Gréigis na Meánaoise an cineál Gréigise a bhí á shaothrú in Impireacht na Biosáinte go dtí gur tháinig deireadh léi sa bhliain 1453. Sa Bhiosáint a thosaigh débhéascna na Gréigise i gceart. Is éard is ciall leis an téarma "débhéascna" ná go n-úsáidtear dhá theanga sa tsochaí, an ceann acu san litríocht ardealaíonta, an ceann eile le haghaidh gnóthaí laethúla. Sa chás seo ba leaganacha éagsúla den Ghréigis iad. Bhí an leagan ard bunaithe ar an leagan Clasaiceach de chanúint na hAitice, ach má bhí, teanga shaorga ar fad a bhí ann faoin am seo nach raibh ó dhúchas ag aon duine. Timpeall ar an mbliain 1100 thosaigh na chéad scríbhneoirí ag breacadh síos ábhair sa leagan íseal, is é sin i gcaint na ndaoine. Ba é an scéal laochais Digenis Akritas nó "Tiarna Teorainne na Fola Measctha" an chéad saothar tábhachtach i gcaint na ndaoine.

Chuaigh an chuid is mó de na canúintí Clasaiceacha in éag faoi thionchar an Koine, amach ó chanúintí beaga sna coilíneachtaí (an Ghréigis Phontach agus an Ghréigis Chapadócach). An chuid is mó de chanúintí na Gréigise inniu is as an Koiné a d'fhorbair siad.

An Nua-Ghréigis[cuir in eagar | athraigh foinse]

██  Réigiúin ina bhfuil an Ghréigis ina teanga oifigiúil - an Ghréig agus codanna den Chipir.

██ Áit ina labhraítear í go neamhoifigiúil.

Is gnách a rá gur sa bhliain 1453, nuair a chuir ionradh na dTurcach deireadh leis an mBiosáint, a thosaigh stair na Nua-Ghréigise. Na forbairtí teangeolaíocha a rinne Nua-Ghréigis den teanga, thosaigh siad i bhfad roimhe sin, agus cuid mhaith acu le haithint sa Koiné. Tá Gréagach an lae inniu in ann adhmad éigin a bhaint as an Koiné, ach is beag a thuigfeadh sé de na canúintí Clasaiceacha gan oideachas ar leith a tharraingt air féin.

Maidir leis an débhéascna, mhair sé beo go dtí le déanaí sa Nua-Ghréigis féin, nó bhí lucht na teanga idir eatarthu faoin gcineál Gréigis ba chóir dóibh a úsáid sa litríocht. Ní raibh sé réalaíoch an tSean-Ghréigis a athbheochan mar theanga liteartha, ach sa 19ú haois d'oibrigh an náisiúnaí Adamantios Korais (1748–1833) amach a leagan féin den Ghréigis, a bhí idir eatarthu idir caint na ndaoine agus an Ghréigis sheanársa. Is gnách Gréigis íonghlanta nó katharevousa a thabhairt ar an leagan seo.

Ba í an katharevousa an teanga oifigiúil sa Ghréig nuair a bhain an tír amach a neamhspleáchas. San am chéanna ba í an Ghréigis Choiteann, an dimotiki, ba mhó a bhí á saothrú ag na scríbhneoirí agus ag na filí comhaimseartha. Sa bhliain 1976, i ndiaidh do junta míleata na Gréige titim as a chéile, d'ordaigh an rialtas daonlathach nua teanga oifigiúil a ghairm de chaint na ndaoine. Chuaigh an katharevousa as úsáid, cé go maireann iarsmaí áirithe de in úsáid liteartha an dimotiki féin.

An Ghréigis taobh amuigh den Ghréig[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Airméin[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir dhaonáireamh na hAirméine sa bhliain 2011 bhí idir 700-1000 cainteoir dúchais Gréigise ina gcónaí san Airméin.

An Albáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is mionteanga aitheanta í an Ghréigis san Albáin. Is í an mhionteanga is mó cainteoirí dúchasacha san Albáin agus í á labhairt ag 3% de dhaonra na tíre. Tá eolas ar an nGréigis ag 40% de dhaonra ná hAlbáine, a bheag no a mhór. In aice le teorainn na Gréige is mó a labhraítear Gréigis, timpeall na gcathrach úd Vlorê, Gjirokastër, agus Korçë. An cineál Gréigise a labhraítear tá sé cosúil leis na canúintí is cóngaraí ar an taobh eile den teorainn, cé go bhfuil tréithe seanaimseartha agus focail iasachta Albánacha in úsáid fosta.

An Astráil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2001 bhí an Ghréigis ó dhúchas ag 252,220 duine san Astráil.

Ceanada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2011 bhí an Ghréigis ó dhúchas ag 108,925 (0.3% de dhaonra Cheanada) duine i gCeanada, síos ó 117,285 (0.4%) sa bhliain 2006.

An Chipir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teanga oifigiúil í an Ghréigis sa Chipir (chomh maith leis an Tuircis). Is í an Ghréigis liteartha chéanna a chleachtann na cainteoirí sa Ghréig féin agus sa Chipir, ach tá canúint shoaitheanta ag muintir na Cipire agus fuaimeanna iontu nach gcluinfeá sa mhórthír. Tháinig a lán focal iasachta isteach ón Tuircis agus ó theangacha Rómánsacha na dtíortha timpeall na Meánmhara, an tSean-Fhraincis agus an Iodáilis mar shampla. Úsáidtear focail Araibise fós a fuarthas tríd an Tuircis.

An Iodáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stádas oifigiúil ag an nGréigis mar theanga mionlach in áiteanna áirithe san Iodáil. I ndeisceart na tíre a labhraítear í, i gcúige Salento agus i gcúige Calabria. Is gnách leis na cainteoirí GrikoGreko a thabhairt ar an gcanúint s'acu. De réir teoiric amháin téann an Griko siar go dtí na coilíneachtaí Gréagacha a bunaíodh i ndeisceart na hIodáile, ach ón taobh eile de dealraíonn sé go bhfuil an chuid is mó de ghramadach an Griko bunaithe ar an Koiné, siúd is gur féidir sliocht na canúna Dóraí a aithint uirthi chomh maith. Is léir go ndeachaigh an Iodáilis, nó na canúintí Rómánsacha i ndeisceart na hIodáile, i bhfeidhm ar an nGréigis áitiúil freisin, agus focail iasachta Rómánsacha ag fluirsiú sa chanúint.

An Rómáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2002 bhí 4,146 cainteoir dúchasach Gréigise ina gcónaí sa Rómáin.

S.A.M.[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir shuirbhé ó 2006-2010 bhí an Ghréigis ó dhúchas ag 321,144 duine i S.A.M..

An Úcráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2000 bhí an Ghréigis ó dhúchas ag 5,829 duine san Úcráin, síos ó 7,210 sa bhliain 1970.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]