Iliad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iliad VIII 245-253 in cod F205, Milan, Biblioteca Ambrosiana, 5ú - 6ú haois

Ba é an t-Iliad (an tIliadan Íliadan tIlias; i nGréigis: Ἰλιάς) an chéad eipic i litríocht na hEorpa. Cumadh é san ochtú haois RCh. Tugtar cur síos ar Chogadh na Traí sa scéal seo, ag tagairt do mhórlaochra na Sean-Ghréige, mar shampla, Aichilléas agus Agaiméamnón. Deirtear gur Hóiméar a scríobh é.

Scéal[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is eipic bhéil í eipic Hóiméir. Tá an scéalaí i mbun luas na hurlabhra, dá bhrí sin. Tá teicnící áirithe ag teastáil chun 1) cabhrú leis an éisteoir coinneáil leis an scéalaí 2) cabhrú leis an scéalaí an scéal a leanúint agus an snáithe smaointe a choinneáil 2) an dán a fhadú[1].

Meadaracht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhain Hóiméar úsáid as an heicsiméadar dachtaileach (sé troithe). Is troigh mheadarachta í an dachtail (a tháinig ón bhfocal Gréagach a chiallaíonn ‘méar’).

Naisc[athraigh | athraigh vicithéacs]

An t-Iliad. Air chogadh na Tróighe. Aisdríghthe o Ghreag-Bhearla go ran Gaoidhilge, le Seághan, Árd-easbog Thúama. (a foilsíodh sa bhliain 1844)

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]