Aeinéas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aeinéas
B. PINELLI, Enea e il Tevere.jpg
Saol
Muintir
AthairAnchises
MáthairAfraidíté
Céile/CéilíLavinia (en) Aistrigh
Creusa (en) Aistrigh
Páirtí/PáirtitheDido (en) Aistrigh
Páistí
liosta iomláin
Gairm
Gairmceannaire míleata
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí agCogadh na Traoi
Rutulian War (en) Aistrigh

Sa mhiotaseolaíocht Ghréag-Rómhánach, ba laoch Traíoch é Aeinéas (Gréigis: Αἰνείας, Aineías, ainm a thagann ó Αἰνή - "mol"). Ba é mac an phrionsa Ainchiséas agus an bhandé Afraidíté é. Tugann Aeinéid Veirgil cuntas dúinn ar thuras Aeinéas ón Traí (le cabhair ó Afraidíte), rud a raibh bunú na Róimhe mar thoradh air. Tá eachtraí Aeinéas le léamh ar Iliad Hóiméar.

San Iliad is é Aeinéas ceannasaí na dTraíoch agus iad ag troid leis na Gréagaigh, agus tá sé mar thánaiste ag Eachtar, mac an Rí Priam. Is minic Afraidíte ag cuidiú leis sa chogadh, agus tá an-dáimh ag Apalló leis. Tagann an bheirt úd i gcabhair air nuair a éiríonn le Diaiméidéas Argos é a mharú beagnach, agus beireann siad leo chun Peirgeamas é lena leigheas. Poiséadón féin, dia ar gnách leis cuidiú leis na Gréagaigh, tugann sé Aeinéas saor nuair a leagann Aichill é, á rá go ngairmfear rí na dTraíoch d'Aeinéas cé gur de mhionghéag an teaghlaigh ríoga é.

Nuair a fhorghabhtar an Traí deir na déithe le hAeinéas éalú. Cruinníonn é díorma le chéile agus tugann siad a n-aghaidh ar an Iodáil. Tugann Aeinéas Lares agus Penates na Traí leis, agus is iad na Traígh sinsir na Rómhánach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]