Aitéiné
Aitéiné | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Sliabh Oilimpeas, |
Áit chónaithe | Sliabh Oilimpeas |
Muintir | |
Athair | Séas |
Máthair | Metis, Coryphe |
Páistí |
liosta iomláin
|
Siblíní |
liosta iomláin
|
Gairm | |
Gairm |
war deity (en) ![]() ![]() ![]() ![]() |
Is pearsa bainte leis an mhiotaseolaíocht na Gréige agus reiligiún Sean-Ghréig í Aitéiné nó Aitéine[4] nó Ataene (Athena nó Athene as Béarla[1]) ón Ghréigis.
Ainmneacha Gréagacha ar Aitéiné[2]:
- Ἀθηνᾶ, Athēnā, nó Ἀθηναία, Athēnaia
(Gréigis Aiticeach)
- Ἀθηναίη, Athēnaiē
(Gréigis Eipiciúil)
- Ἀθάνα, Athānā nó Athene
(Gréigis Dórach)
- Ἀθήνη, Athēnē
(Gréigis Iónach)
Is ainmfhocal dílis baininscneach í an t-ainm Aitéiné[3].
Tugtar buafhocal Pallas (nó Palas) go minic uirthi. Tugadh Palas Aitéine uirthi [4].
Ba í bandia cogaidh (cogadh), na heagnaíochta (eagna), ceardaíocht agus na healaíona[2], í Aitéiné.
Siombailí Aitéiné: clogad, sleá, Aegis le Meadúsa, crann ológ.
Ba iad Séas agus Metis a tuismitheoirí[5]. Mhaíonn foinsí éigin a raibh rugadh Aitéiné ón cheann Shéas[2] (ó cheann Shéasa).
Mhaíonn foinsí is mó a raibh sí ina maighdean síoraí agus ní raibh aon clann aici.
D'fhoghlaim Proiméitéas an tabhartas tine agus eolas eile ó Aitéiné do dhaoine.
Táthar dealbh chré-umha ollmhór Aitéiné le Cath Mharatóin a chomóradh. Táthar dealbh eile Aitéiné Lemnia freisin.
Ba siad dealbha a bhí ar an tAcrapolas i dtús báire[6].
Séadchomhartha ársa sa Ghréig is ea an Partanón (Gréigis: παρθενών / parthenón, 'áras na maighdin' .i. 'áras na hAitéiné'[7]. Tógadh an Partanón ar an tAcrapolas sa 5ú Céad R.C. in ómós an Bhandé Aitéiné, éarlamh chathairstát na hAithne agus rinneadh na fríosanna mar chuid de dhearadh an fhoirgnimh[8].
Ba é an Partanón, teampall Ataene, an t-áras ba mhó sa chathairstát, agus dealbh Ataene a bhí timpeall ar 10 méadar ar airde in aice leis. Rinne an dealbh seo é Féidias.
Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína), príomhchathair na Gréige agus príomhbhaile réigiún na hAtaice. Baineann an ainm leis an mbandia Aitéiné, cosantóir na cathrach. Meastar go bhfuil baint idir ainm na cathrach agus an bandia Aitéiné[9].
Bhí comórtas ann idir Aitéiné agus Poiséadón le haghaidh rialú na hAtaice. Bhuaigh Aitéiné rialú na hAtaice.
Ceaptar a bhfuil Aitéiné cosúil leis an Bhandé Rómhánach Minéirve[10].
Tagairtí
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |