An Aithin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Aithin
Αθήνα (el) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAitéiné Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 37°59′03″N 23°43′41″E / 37.9842°N 23.7281°E / 37.9842; 23.7281
Stát ceannasachan Ghréig
Gníomhaireacht rialtaisDecentralized Administration of Attica (en) Aistrigh
Administrative region of Greece (en) AistrighAttica Region (en) Aistrigh
Regional unit of Greece (en) AistrighCentral Athens Regional Unit (en) Aistrigh
Municipality of Greece (en) AistrighAthens Municipality (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán643,452 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús16,498.77 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghréigis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla39 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde170 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Aithin Chlasaiceach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthúc. 7 mílaois "RCh"
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhDionysius the Areopagite (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist104 xx-106 xx, 111 xx-118 xx agus 121 xx-124 xx Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód210 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincityofathens.gr Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína) príomhchathair na Gréige. Le trí mhilliún ina gcónaí ann, is í an t-ochtú ceantar chathrach is mó san Aontas Eorpach. Is í an Aithin príomhchathair réigiúin na hAtaice, ina bhfuil sí an ghné is suntasaí. Is í ceann de na cathracha is sine ar domhain; bhuail na chéad daoine fúthu san áit am éigin idir an 11ú agus an 7ú mílaois RC. Ainmníodh an chathair as Aitéiné, bandia shean-Ghréagach na heagna. Tá fréamhacha an daonlathais le fáil sa chathair seo ó Ré Órga na Sean-Ghréige.

Ba chathairstát cumhachtach í an Aithin Chlasaiceach. Ba ionad mór litríochta, léinn agus fealsúnachta í, ina raibh Acadamh Phlatóin agus Licéam Arastotaile. Luaitear í go fairsing mar an tobar de shibhialtacht an Iarthair agus cliabhán an daonlathais, go mór is go fada de bharr a tionchair ar pholaitíocht agus ar chultúr na hEorpa - an tSean-Róimh go háirithe. Sa lá atá inniu ann, is ardchathair mhór iltíreach atá croílár i saol geilleagrach, airgeadúil, tionsclaíoch, muirí, polaitiúil agus cultúrtha na Gréige. I 2023, bhí thart ar 3.8 milliún duine ina gcónaí i gceantar chathrach na hAithne chomh maith leis na bailí bardais ina timpeall.

Is cathair domhanda le stádas béite í an Aithin dar leis an "Globalization and World Cities Research Network", agus is í ceann de na láithreacha geilleagracha is mó in Oirdheisceart na hEorpa. Tá earnáil airgeadais mór aici chomh maith agus is é an tríú port paisinéara is gnóthaí san Eoraip agus an 26ú port coiméadáin is gnóthaí ar domhain é port na cathrach, Piréas. I gCathair na Aithne, aonad beag riaracháin den cheantar chathrach iomlán, bhí daonra 643,452 (i 2021) taobh istigh dá teorainn oifigiúil, le hachar de 38.96 km2. Síníonn ceantar cheannchathrach na hAithne, nó an Aithin Mhór amach thar a limistéar bardasach agus riaracháin chomh maith lena ceirtleán uirbeach, le daonra 3,638,281 (i 2021) ar fud achair 2,928.717 km2. Is í an Aithin an phríomhchathair is fada ó dheas ar mhór-roinn na hEorpa fosta.

Tá oidhreacht Chlasaiceach na cathrach fós soléir, mar a léiríonn na séadchomharthaí ársa, is na saothair ealaíne, dá bhfuil an Partanón an ceann is cáiliúla, luaitear mar shainchomhartha barrthábhachtach de luathchultúr an Iarthair. Tá cuid shéadchomharthaí Rómhánacha is Biosántacha agus cuid níos lú sheádchomharthaí Otamánacha sa chathair, agus tá rianta de leanúnachas na mílte blianta le feiceáil ina croí stariúil uirbeach.

Tá 4.5 milliún duine ina gcónaí sa chathair faoi láthair, níos mó ná an tríú cuid de dhaonra na Gréige. Bhí na chéad Cluichí Oilimpeacha nua-aimseartha ar siúl sa chathair sa bhliain 1896 agus iad ar siúl ann den dara huair sa bhliain 2004.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Partanón

Is e an láithreacht de chuid an duine is luaithe atá ar eolas ná Uaimh Schist, a théann siar go dtí an trimhse idir an 11ú agus an 7ú mílaois RC. Tá cónaí ar daoine san Aithin ar feadh 5,000 bliain ar a laghad (3,000 RC). Faoi 1400 RC, bhí an lonnaíocht ina hionad tábhachtach de chuid na Mícéanach, agus ar an suíomh ina bhfuil an Acrapail bhí dún Mícéanach, ar féidir a iarsmaí a fheiceáil i gcodanna de na ballaí Chioclópacha shaintréitheacha. Murab ionann le hionaid Mhícéanacha eile ar nós Mícéiné agus Pylos, níl a fhios ar scriosadh an Aithin thart ar 1200 RC, eachtra atá curtha síos do na Dóraigh, agus d'áitíodh na hAithinigh i gcónaí gurbh Iónaigh iomlána iad, gan thionchar Dórach ar bith. Bíodh sin mar atá, tháinig meath ar gheilleagar na hAithne ar feadh 150 bliain i ndiaidh sin. Tá reiligí Iarannaoise, sa Kerameikos agus in áiteanna eile, maisithe go maith go minic, rud a thaispeáineann gur chathair mhór thrádála agus rathúnais sa cheantar í an Aithin ó 900 RC ar aghaidh.

Faoin séú haois RC, b'é corraíl shibhialta fhairsing a spreag athchóiriú Solon. Réitigh seo an bealach do Cleisthenes an daonlathas a chur i bhfeidhm sa chathair i 508 RC. Faoin am seo bhí cabhlach cumhachtach ag an Aithin agus chuidigh siad leis na cathracha Iónacha éirí amach in aghaidh na bPeirseach. Sna cogaí i gcoinne na bPeirseach a leanas, bhí an Aithin, chomh maith le Sparta, i gceannas ar chomhghuaillíocht na nGréagach a ruaig na Peirsigh, á gcloí go géar ag Maratón i 490 RC agus arís go cinniúnach ag Salamis i 480 RC. Mar sin féin, ghabh agus scrios na Peirsigh an Aithin dhá huaire i mbliain amháin, i ndiaidh do na Spartaigh agus Gréagaigh eile a chur in aghaidh na bPeirseach ag Thermopylae faoi cheannas an Rí Leonidas, agus tar éis an Bhéóitia agus an Ataic a chailleadh leis na Peirsigh.

Ba é Ré Órga de Dhaonlathas na hAithine sa tréimhse a leanas seo, tréimhse ina ndearnadh an chathair ba thábhachtaí sa tSean-Ghréig den Aithin, agus na gaiscí cultúir a rinneadar inti mar chloch bhoinn de shibhialtacht an Iarthair. Tháinig na drámadóirí Aescaileas, Sofaicléas agus Eoiripidéas i mbarr a maitheasa san Aithin le linn an ama seo, chomh maith leis na staraithe Héaradatas agus Thucydides, an lia Hipeacraitéas agus an fealsamh Sócraitéas. Faoi threoir Peiricléis, duine a chuir an ealaín chun cinn agus a chothaigh an daonlathas, thosaigh an Aithin ar thionscadal ardaidhmeannach tógála as a tháinig Acrapail na hAithine (an Partanón san áireamh), chomh maith le gníomhaí impireachta cosúil le Conradh Delos. Ba chomhaontas de chathairstáit Ghréagacha é an Conradh a raibh cur in aghaidh na Peirsigh mar chuspóir aige ar dtús, ach níorbh fhada go ndearna bealach chun aidhmeanna impireachta na hAithine a chur i gcrích as. Tháinig mórán teannais as seo, arbh ea Cogadh na Peilipinéise mar toradh air, cogadh ina fuair céile comhraic na hAithine, Sparta, an bua tharstu.

Faoi lár an cheathrú aois RC bhí méadú mór tagtha ar an tionchar a bhí ag Ríocht na Macadóine, i dtuaisceart na Gréige, ar an Aithin agus a gnó. I 338 RC rug airm Pilipe II an bua thar chomhaontas de chathairstáit Ghréagacha, an Aithin agus an Téibh ina measc, ag Cath Chaeronea. Nuair a bhí an Aithin faoi réim na Róimhe, bronnadh an stádas de chathair shaor ar an Aithin, mar gheall ar a scoileanna ar a raibh clú agus cáil. Sa dara haois AD, d'ordaigh impire na Róimhe, Haidrian, a bhí ina shaoránach de chuid na hAithine é féin, go dtógfaí leabharlann, giomnáisiam, uiscrian a údáidtear fós, cuid mhaith teampaill agus neimhidh, droichead agus sholáthraigh sé airgead chun Teampall Shéas Oilimpigh a chríochnú.

Ó thosach an cheathrú aois AD, rialaíodh Impireacht Rómhánach an Oirthir as Cathair Chonstaintín, agus mar a bhí an chathair impireachta á tógáil agus á mhéadú, rug na himpirithe cuid mhór de shaothair ealaíona na hAithine dá maisiú. Tugadh an tImpireacht chun na Críostaíochta agus tháinig laghdú ar úsáid na Laidine de rogha ar an Ghréigis; in aois Impireacht na Róimhe, baineadh úsáid as an dá theanga. In aois níos déanaí na Róimhe, rialaíodh na himpirí an chathair go dtí an tríú haois déag, agus aithnaíodh na saoránaigh a chéile mar saoránaigh de chuid impireacht na Róimhe ("Rhomaioi"). Tháinig athrú mór ar an Aithin nuair a d'iompaigh an t-impireacht ar an Chríostaíocht, agus tháinig laghdú ar an mheas a bhí ag daoine ar an chathair. Aistríodh seadchomharthaí ársa cosúil leis an Phartanón, an Erechtheion agus an Hepheisteion (Theseion) ina séipéil. De réir mar a d'éirigh ar an ghráin fhrith-pháganta san impireacht, chuiagh an chathair i laghad go dtí go raibh sí ina baile tuaithe ar a raibh ádh iontach athraitheach.

Téann stair na cathrach siar go dtí an Chlochaois.[1] Bhí an Aithin ar na cathairstáit ba chumhachtaí i gcaitheamh Ré Órga na Sean-Ghréige, idir na blianta 500 is 336 RCh. Ba í an Acrapail nó dún ard áit mhór na ndeasghnáth. Ba é an Partanón, teampall Ataene, an t-áras ba mhó sa chathairstát, agus dealbh Ataene a bhí timpeall ar 10 méadar ar airde in aice leis. Ba é Peiricléas ceannaire na hAithine nuair a bhí an chathair i mbuaic a réime.

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar go bhfuil baint idir ainm na cathrach agus an bandia Aitéiné. An Àithne a deirtear i nGaeilge na hAlban, agus Yn Atheen i nGaeilge Mhanann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]