An Aithin Chlasaiceach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Aithin Chlasaiceach
Αθήναι (grc) Cuir in eagar ar Wikidata
Owl of Minerva.png
View of the Acropolis Athens (pixinn.net).jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map athenian empire 431 BC-en.svg Map
 37°58′00″N 23°43′00″E / 37.9667°N 23.7167°E / 37.9667; 23.7167
Stát ceannasachAn Ghréig
Administrative region of Greece (en) AistrighAttica Region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Reiligiúncreideamh sa tSean-Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Aithin Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú508 "RCh"
7 haois "RCh":  (Dracón)
Á leanúint agAn Aithin Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisdemocracy in Athens (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
AirgeadraGreek drachma (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Cathair na hAithne, le linn tréimhse chlasaiceach na Sean-Ghréige (508-322 RC), ina hionad uirbeach mhór (An tSean-Ghreigis: (/ˈpɒlɨs/; πόλις [pólis], nó cathairstát) shuntasach den ainm céanna, lonnaithe san Aitic, an Ghréig, agus bhí sí ina ceannaire ar an Léig Dhéileas i Chogadh na Peilipinéise, in aghaidh [An Sparta|Sparta]] agus na Léige Peilipinéise. Bunaíodh daonlathas na hAithne sa bhliain 508 RC, faoi Chleisthenes (''An tSean-Ghréigis: /ˈklaɪsθəˌniːz/; Κλεισθένης), tar éis tíorántachta Isagorais (Ἰσαγόρας). D'fhan an córas seo thar a bheith cobhsaí, agus cúpla bhriseadh síos gearr, d'fhan mhórcheannais Aithnig i bhfeidhm go ceann 180 bliain, go dtí 322 RC (de thoradh Chogadh Lamia). Baineadh a buaic phointe amach idir na blianta 440 go 430 RC, ar a dtugtar Ré Pheiricléas.

Sa tréimhse chlasaiceach, bhí an Aithin ina lárionad ealaíona, léinn agus fealsúnachta, agus is ann a thosaigh an tAcadamh Platónach nó 'Akademia Phlatóin', agus Licéam Arastatail. Freisin, is anseo a rugadh Sócraitéas, Peiricléas, Sophoclés, agus go leor fealsúna,scríbhneoirí agus polaiteoirí mór le rá eile de chuid an domhan ársa. Tugtar go forleathan 'Cliabhán Shibhialtacht an Iarthair' uirthi, agus áit bhreithe an daonlathais, den chuid is mó mar gheall ar tionchar a gnóthachtálacha cultúrtha agus polaitiúla, i rith an 5ú agus 4ú haois RC ar an chuid eile de mhór-roinn na hEorpa.