An Bhruiséil
| Bruxelles (fr) Brussele (wa) Brussel (nl) Brussel (vls) Brussel (li) Brusselle (pcd) | |||||
|
|||||
Atomium | |||||
| Siombail oifigiúil | flower of Brussels (en) | ||||
| Ainmnithe in ómós | An Bhruiséil | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Bheilg | ||||
| Iamhchríoch laistigh de | Réigiún Fhlóndras agus Brabant Fhlóndras | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Príomhchathair | luach ar iarraidh agus an Bhruiséil | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 1,255,795 (2025) | ||||
| • Dlús | 7,781.6 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | an Ollainnis an Fhraincis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | limistéar geografach an Bheilg | ||||
| Achar dromchla | 161.38 km² | ||||
| Airde | 13 m-23 m | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Brussels Agglomeration (en) | ||||
| Cruthú | 12 Eanáir 1989: cúis leis seo Special Law on the Brussels Institutions (en) | ||||
| Saoire phoiblí | |||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Government of the Brussels-Capital Region (en) | ||||
| Comhlacht reachtach | Parliament of the Brussels-Capital Region (en) | ||||
| • Minister-President of the Brussels-Capital Region (en) | Rudi Vervoort (2013–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .brussels | ||||
| Glaochód | 02 | ||||
| Cód ISO 3166-2 | BE-BRU | ||||
| Cód NUTS | BE1 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | be.brussels | ||||
Is í An Bhruiséil príomhchathair na Beilge.[1] Tá an Bhruiséil i gcroílár na tíre. Tá an chathair tábhachtach sa domhan polaitiúil, mar tá ceanncheathrú an Aontais Eorpaigh aici, ceanncheathrú ECAT agus ceanncheathrú Pharlaimint na hEorpa.

Meascán mearaí teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cathair chosmapolaiteach, tá an uile chineál sa Bhruiséil. Sí an Bhruiséil príomhchathair an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann go bhfuil meascán mearaí de theangacha, ciníocha agus cultúr ann.[2]
Tháinig ardú suntasach ar líon na dteangacha a bhíonn á labhairt sa Bhruiséil idir 2000-2024. De réir an ‘Taalbarometer’ (baraiméadar teangacha) a rinneadh sa chathair sa bhliain 2024, is iad na teangacha is mó a labhraítear sa chathair ná an Fhraincis, an Phléimeannais, an Béarla, an Araibis, an Spáinnis, an Iodáilis, an Ghearmáinis agus an Phortaingéilis.
Labhraíodh 104 teanga sa chathair in 2024, i gcomparáid leis an 72 a taifeadadh in 2000. Bíonn an Béarla ina dhroichead idir cainteoirí Fraincise agus cainteoirí Pléimeannaise na cathrach ó am go chéile
Tháinig titim shuntasach ar líon na ndaoine a raibh ceachtar de dhá theanga oifigiúla na cathrach acu mar theanga dhúchais. Bhí an Fhraincis agus an Fhraincis amháin mar theanga dhúchais ag 52% de mhuintir na cathrach agus bhí an Phléimeannais agus an Phléimeannais amháin mar theanga dhúchais ag 9% in 2000. Thit líon na bhFrainciseoirí dúchais go 41% agus líon na bPléimeannaiseoirí dúchais go 7.5% in 2024. Bhí an Fhraincis sa bhaile ag 71% den daonra agus an Phléimeannais sa bhaile ag 19% in 2000. 24 bliain dár gcionn ní raibh ach 64% den phobal ina gcainteoirí dúchais Fraincise agus 12% ina gcainteoirí dúchais Pléimeannaise. Bhí 81% de mhuintir na Bruiséile in ann an Fhraincis a labhairt “go maith” in 2024 – titim ó 95% in 2000 – agus bhí 22% acu in ann an Phléimeannais a labhairt “go maith” – titim ó 33% in 2000.[3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair an péintéir Pieter Brueghel Mór bás anseo sa bhliain 1569 .
Le feiceáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Teach Naomh Cyr
- Teach Nelissen
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Brussels i mBéarla". téarma.ie. Dáta rochtana: 2024-06-13.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (8 Meán Fómhair 2024). "Cuairt thaitneamhach ag Baz ar an mBruiséil agus ar Ghaeilgeoirí na Beilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-08.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (13 Meitheamh 2024). "Ardú suntasach ar líon na dteangacha a bhíonn á labhairt sa Bhruiséil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-13.
