An Iodáilis
| italiano | |
|---|---|
| Cineál | teanga nádúrtha agus teanga bheo |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 64,800,000 (2019) |
| Dúchasach do | cantún Graubünden, cantún Ticino, an Istria Chrótach, an Iodáil, Izola, Piran agus San Mairíne |
| Stáit | an Iodáil, San Mairíne, an Eilvéis, Cathair na Vatacáine, an Chróit, an tSlóivéin, an Ghréig, an Albáin, an Aetóip, an Libia, an Eiritré agus an tSomáil |
| Comhordanáidí | 43° N, 13° E / 43°N,13°E |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Iodáilice teangacha Rómánsacha teangacha Iodál-Iartharacha Italo-Dalmatian (en) Italo-Romance (en) | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | aibítir na hIodáilise agus Italian Braille (en) |
| Institiúid caighdeánaithe | Accademia della Crusca |
| Staidéar ag | Italian studies (en) |
| Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
| Stair | history of Italian language (en) |
| Cóid | |
| ISO 639-1 | it |
| ISO 639-2 | ita |
| ISO 639-3 | ita |
| Glottolog | ital1282 |
| Linguasphere | 51-AAA-q |
| Ethnologue | ita |
| ASCL | 2401 |
| IETF | it |
Is í an Iodáilis (Iodáilis: italiano) teanga náisiúnta na hIodáile, agus aithnítear í go hoifigiúil sna tíortha eile ina labhraítear an Iodáilis go dúchasach: Cathair na Vatacáine, San Mairíne, agus an Eilvéis.
Ar feadh na gcéadta, tháinig neart daoine Iodálacha i dtíortha eile (i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i Meiriceá Laidineach, go sunntasach), agus d'fhág na hinimirceoirí Iodálacha a lorg ar chultúr na dtíortha sin, i SAM agus an Airgintín, ach go háirithe.

Tá an Iodáilis chaighdeánaithe bhunaithe ar chanúint na Toscáine, don chuid is mó, cé gur saothar teangeolaithe atá innte, a forbraíodh i ndiaidh bhunú an stáit Iodálaigh le sprioc teanga chruinn ghalánta a chruthú.

An Iodáilis taobh amuigh den Iodáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seachas an Iodáil, tá an Iodáilis scaipthe i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.
an Airgintín
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go bhfuil an Spáinnis an teanga oifigiúil, tá an Iodáilis ó dhúchas ag timpeall 1,500,000 duine san Airgintín.

An Astráil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2001, bhí Iodáilis ó dhúchas ag 316,890 duine san Astráil. Is í an tríú teanga dhúchais is coitianta san Astráil tar éis an Bhéarla agus na Sínise.
Ceanada
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 2011 bhí Iodáilis ó dhúchas ag 407,485 duine (1.2% de dhaonra na tíre) i gCeanada. Bhí an líon ag dul i laghad, nó bhí an teanga ó dhúchas ag 455,040 duine (1.5%) duine sa bhliain 2006.
An Chróit
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá stair fhada ag an Iodáilis sa Chróit, go háirithe in Istria. Tá sí ó dhúchas ag 0.43% de dhaonra na Cróite. Sa lá atá inniu ann tá stádas mar theanga oifigiúil mionlaigh aici in Istria, agus í ó dhúchas ag 6.83%. Suisse italiene.png|250px|Léarscáil ag taispeáint na n-áiteanna ina labhraítear Iodáilis
- Céatadán na gcainteoirí dúchasacha Iodáilise in Istria sa bhliain 2001
- Na bardais ina bhfuil stádas oifigiúil ag an Iodáilis
An Eilvéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceann de na teangacha oifigiúla í an Iodáilis san Eilvéis. Sa bhliain 2011 ba í an Iodáilis an phríomhtheanga ag 545,274 duine san Eilvéis, is é sin 8.2 % de dhaonra na tíre. Is í an tríú teanga is mó a labhraítear san Eilvéis. Is iad na cantúin is mó Iodáilis ná Ticino agus Graubünden (Grissons, Grigione, Grischun) - deisceart an chantúin.
Poblacht na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir an daonáirimh ón mbliain 2011 bhí Iodáilis ar an dara teanga déag is mó a labhraítí i bPoblacht na hÉireann san am, amach ó na teangacha oifigiúla. Bhí an Iodáilis ó dhúchas ag 10,344 duine sa Phoblacht. Rugadh 3,624 duine acu, nó 35 %, sa Phoblacht féin, agus tháinig an chuid eile acu, 6,720 duine nó 65 %, as tíortha eile.
an Nua-Shéalainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2013 bhí an Iodáilis ó dhúchas ag 8,214 duine sa Nua-Shéalainn.
San Mairíne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Iodáilis an t-aon teanga oifigiúil i San Mairíne, agus is í atá ó dhúchas ag an gcuid is mó de mhuintir na tíre.
an tSlóivéin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Meastar go bhfuil Iodáilis ag tuairim is 15 % de dhaonra na Slóivéine mar theanga neamhdhúchais. Ceann de na céatadáin is airde san Aontas Eorpach atá ann. Sa bhliain 2002 bhí an teanga ó dhúchas ag 3,672 duine sa tSlóivéin. Bhí cónaí ar 2,853 duine, nó 75.8 %, acu i gceann de na trí bardais ina bhfuil stádas oifigiúil ag an Iodáilis in éineacht leis an tSlóivéinis. Is iad Piran, Koper agus Izola na trí bardais sin. Meastar go mbaineann 5 % de dhaonra na Slóivéine úsáid as an Iodáilis go laethúil.
Stáit Aontaithe Mheiriceá
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2010 bhí an Iodáilis ó dhúchas ag 764,236 duine de mhuintir na Stát Aontaithe. Bhí cónaí ar 28 % acu, nó 213,785 duine, i Nua-Eabhrac.
Aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Berloco, Fabrizio (2018). "The Big Book of Italian Verbs: 900 Fully Conjugated Verbs in All Tenses. With IPA Transcription, 2nd Edition". Lengu.
- Palermo, Massimo (2015). "Linguistica italiana". Il Mulino.
- Simone, Raffaele (2010). "Enciclopedia dell'italiano". Treccani.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |