An Ollainnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Ollainnis
Nederlands, Hollands agus Vlaams

Eapainmtheodisk (en) Aistrigh agus Na Tíortha faoi Thoinn
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais23,100,000 (2019)
Dúchasach doCúige Antuairp, Brabant Fhlóndras, Flóndras, Réigiún Fhlóndras, Limburg, Flóndras Thoir, an Ísiltír, An Bhruiséil, Flóndras na Fraince, Kleve, Brabant Vallúnach agus Hainaut
Stáitan Ísiltír, an Bheilg, Suranam, an Fhrainc, an Ghearmáin, Arúba, Oileáin Ísiltíreacha Mhuir Chairib, Curaçao, Ríocht na hÍsiltíre agus Sint Maarten
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
Gearmáinic an Iarthair
teangacha Francóiniacha
teangacha Francóiniacha Íochtaracha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus Braille Ollannach
Institiúid caighdeánaitheNederlandse Taalunie
Stairleathnú na hOllainnise
Cóid
ISO 639-1nl
ISO 639-2dut
ISO 639-3nld
Glottologdutc1256
Linguasphere52-ACB-a
Ethnologuenld
ASCL1401
Linguist Listnld
IETFnl
Ceantar na hOllainise san Eoraip Thiar. (Ceantar oifigiúil i ndúghorm)

Teanga Gearmáinice Iartharach is ea an Ollainnis, nó an Ísiltíris (Fuaim Nederlands), agus í á labhairt ag 24 mhilliún duine, a bheag nó a mhór, san Ísiltír, Suranam agus sa Bheilg don chuid is mó. Pléimeannais a thugtar ar chanúint Fhlóndrais sa Bheilg. Is deacair a rá, cé acu teanga ar leith nó canúint Ollainnise atá sa Phléimeannais. Is é an caighdeán céanna a úsáidtear sa dá thír, cé go bhfuil an teanga labhartha an-difriúil sa Bheilg. Labhraítear an Afracáinis san Afraic Theas agus sa Namaib. Teanga í a d'fhorbair as an Ollainnis faoi bhrú theangacha eile an réigiúin - canúint a shaothraítear mar theanga ar leith inniu.

Mar oidhreacht choilíneach, tá stádas oifigiúil ag an Ollainnis in Aintillí na hÍsiltíre, in Aruba, agus i Suranam. Is mar theanga iasachta is mó a shaothraítear an Ollainnis sna tíortha seo.

Tá gaol réasúnta dlúth ag an Ollainnis leis an nGearmáinis, go háirithe leis an Íseal-Ghearmáinis, is é sin, canúint thraidisiúnta Thuaisceart na Gearmáine. Tá gramadach na hOllainnise níos simplí ná gramadach na Gearmáinise, áfach, nó tá an difríocht idir an bhaininscneach agus an fhirinscneach beagnach imithe san Ollainnis.

Dutch a thugtar ar an Ollainnis as Béarla, ainm atá an-chosúil le hainm na Gearmáinise sa Ghearmáinis féin - Deutsch. (Is é is bunbhrí leis an bhfocal ná "teanga na cosmhuintire", is é sin, caint na ndaoine - le hí a scaradh ón Laidin, teanga na naomh is na n-ollamh.) Bhí na hOllannaigh ag tabhairt an ainm chéanna - dietsduutsch - ar a dteanga féin sna Meánaoiseanna, agus le fírinne, níor aithin siad ach de réir a chéile gur dhá theanga éagsúla a bhí i gceist leis an nGearmáinis agus leis an Ollainnis.

Tugtar Sean-Ollainnis ar an gcineál Ollainnise a bhí á labhairt taobh istigh de chríocha na hOllainne agus na Beilge i dtús na Meánaoiseanna. Níl ach iarsmaí scaipthe fágtha den leagan seo den teanga. Ón 12ú go dtí an 16ú haois, bhí leaganacha éagsúla den teanga á scríobh i gcúigí éagsúla, agus iad faoi thionchar na gcanúintí réigiúnda. Thosaigh caighdeánú na teanga sa chúigiú haois déag, agus sa bhliain 1618 a tháinig an chéad Bhíobla amach sa teanga.

An Ollainnis taobh amuigh den Ísiltír[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seachas na 16.7 milliún cainteoirí dúchasacha san Ísiltír, tá an Ollainnis labhartha sna tíortha seo a leanas:

An Astráil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2001 bhí Ollainnis mar phríomhtheanga ag 40,188 duine san Astráil.

An Bheilg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is teanga oifigiúil í an Ollainnis sa Bheilg. Is í an mháthairtheanga do thart ar 55% de dhaonra na Beilge. Cónaíonn an chuid is mó de na cainteoirí Ollainnise i bhFlóndras (an réigiúin ina bhfuil Ollainnis mar mháthairtheanga ag formhór an daonra).

Ceanada[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2011 ba í an Ollainnis an mháthairtheanga do 110,490 duine i gCeanada, síos ó 128,900 duine sa bhliain 2006.

An Nua-Shéalainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2013 bhí Ollainnis mar phríomhtheanga do 24,006 duine sa Nua-Shéalainn.

S.A.M.[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2010 bhí Ollainnis mar phríomhtheanga do 136,000 duine i S.A.M..

Suranam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an Ollainnis an t-aon teanga oifigiúil i Suranam. Is í an mháthairtheanga do thart ar 60% agus tá sí mar dara teanga ag an chuid eile den daonra. Is í an t-aon tír a labhraíonn Ollainnis i Meiriceá Theas.

An Foghareolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Consain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is neamhchosúil le teangacha Gearmánacha eile í an Ollanais mar níl análú na gconsain aice. Chomh an formhór na teangacha Gearmáineachas, níor ghlac Ollainnis páirt i rith an Dara Iompú Consan Gearmánach. Úsáideann an Ollainnis na faiceasaigh coghóisiagh na nGearmáinic Ársa, ach caillte nó modhnaithe in a lán teangacha Gearmánacha eile. Chomh an Rúisis, an Ghearmáinis nó an Bhriotáinis, tá deiridheamhghlóracha ag Ollainnis. Sna focail na hOllainis, is neamhghlórach é an deiriadhfuaim. Tugann an ghné seo a lán téarma comhfhuaimneach don Ollainnis, Mar Shampla "hard" (crua) agus "hart" (croí), agus "Golf" (tonn) agus "Golven" (tonnta).

  Débhéalach Béaildeadach Ailbheolach Iarailbheolach Coghóisiach/

Sine Siain

Glotasach
Srónach m n ŋ
Pléascach p b t d k (ɡ)
Cuimilteach  f v s z ( ʃ) (ʒ) x ɣ ɦ
Crá r
Faiceasach ʋ l j

Úsáidtear ( ʃ) (ʒ) agus (g) i bhfocail iasachta amháin.

Gutaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gutaí Gearr
Tosaigh

Neamhchuimsitheach

Tosaigh

Cuimsitheach

Lár Cúil
Neas ɪ ʏ
Lár ɛ ə ɔ
Oscailte ɑ

 

Gutaí Fada
Tosaigh

Neamhchuimsitheach

Tosaigh

Cuimsitheach

Cúil
Neas i ~ iː y ~ yː u ~ uː
Láirneas øː
Lároscailte (ɛː) (œː) (ɔː)
Oscailtr

Úsáídtear (/ɛː œː ɔː/) i bhfocail Fraincis iasachta den chuid is mó.

Foghairtheaicticí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is (C)(C)(C)G(C)(C)(C)(C) é an siollastruchtúr na hOllainis. An focal le an uimhir consain atá brúite le chéile is mó is é "slechtstschrijvend " /ˈslɛxtstˌsxrɛi̯vənt/ (ag scríobh is measa)

An Ghramadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roinneann an Ollainnis a lán cosúlachtaí le an ghramadach na nGearmáinis, agus méid níos lú le an ghramadach na mBéarla.

Tuiseail agus Inscní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na tuiseal gramadach díofa in Ollainnis den chuid is mó agus tá siad in úsáid le hainmneacha, forainmneacha agus i bhfrásaí de ghnáth.

Tá dhá inscní ag Ollainnis inniu, an neodar agus an comhchoite. (I mBeilg, úsáidtear neodar, baininscne agus an fhirinscne/ comhchoite.)

Úsáideann Ollainnis dhá altaí cinnte, "de" agus "het", tá sin neamhchosúil le na "an" agus "na" i nGaeilge. Ní léiríonn na haltaí uimhir, léiríonn siad inscne

Tuiseal Uatha firinscne Uatha baininscne Uatha neodar Iolra (aon inscne)
Ainmneach de de het de
Ginideach van de / [des] van de / [der] van het / [des] van de / [der]
Tabharthach (aan / voor) de (aan / voor) de (aan / voor) het (aan / voor) de
Cuspóireach de de het de

[Seanfhoirm]

Ord na bhFocal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is teanga ainmní - cuspóir - briathar (ACB) é an Ollainnis. Tá riail bhreise ag ord na bhfocal san Ollainnis. Gluaistear an briathar finideach don dara focal san abairt.

Sna habairtí le briathar amháin úsáideann Ollainnis an tord ABC nó BAC.

Jan hielp zijn moeder

Ian chuidigh a máthair

"Chuidigh Ian lena mháthair."

Gisteren hielp Jan zijn moeder

Inné chuidigh Ian a máthair

"Chuidigh Ian lena mháthair inné."

Foclóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is Gearmáinic den chuid is mó é an foclóir na hOllainis (timpeall 80%), agus tá 20% focail iasachta ag an stór focail na hOllainis. Is as an Fhraincis iad timpeall 6,8%, os cionn trian don iomlán na bhfocail iasachta. Is as an Laidin iad 6,1%, focail eolaíocht agus reiligiúin de ghnáth. Is as an Ghearmáinis iad 2,7%, ach tá a lán astu i litriú na hOllainis anois. Mar Shampla; Gearmáinis Fremdling → Ollainnis vreemdeling. Is as an Bhéarla iad 1,5%, ach tá ag meadú an uimhir seo.

Litriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobhtar an Ollainnis le an chló Rómhánach.

Aibítir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aibítir na hOllainis (1560)

Úsáideann an aibítir na hOllainis na 26 litrí don bunaibítir Rómhánach, uaireanta is litir an déghreaf "IJ, ij". Mar scríobhtar é mar cheannlitir, Mar Shampla IJsland "an Íoslann", agus tá sé eochair deighilte ar an méarchlár na hOllainis.

Idirdhealaitheagh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideann Ollainnis an fada a léiríonn béim voor/vóór "roimh" agus an idirphonc idirdhealú a dhéanamh idir gutaí scríofa reëel "réalaíoch" . Úsáidtear Idirdhealaitheagh eile uaireanta i bhfocail iasachta, Mar Shampla; garçon "gasúr", bèta "béite", enquête "suirbhé".

Uaschamóg[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léiríonn an uaschamóg litrí scriosta.

'k (ik)
m'n (mijn) mo
z'n (zijn) a
's avonds (des avonds) san oíche
's winters (des winters) sa gheimhreadh
's-Gravenhage (des Gravenhage) an Háig
A'dam (Amsterdam) Amstardam