An Fhraincis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An Fhraincis
(français)
Á labhairt: sa Fhrainc, i gCeanada, sa Bheilg, san Eilvéis
Réigiún: An Afraic, An Eoraip, na Críocha Mheiriceá
Cainteoirí san Iomlán: 77 milliún (128 milliún, agus daoine a labhraíonn í mar dara teanga san áireamh)
Rang: 11
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Iodáilic
  Rómánsach
   Teangacha Rómánsacha an Iarthair
    Fraincis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: na Fraince agus 24 tír eile
Foras Pleanála Teanga: Académie française (Acadamh na Fraincise)
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 fr
ISO 639-2 fre (B)/fra (T)
ISO 639-3 fra
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is teanga Rómánsach í an Fhraincis (français, fuaimniú [fʁɑ̃sɛ]) a áirítear ar theangacha móra an domhain. Tá sí ó dhúchas ag 76 milliún duine,[1] chomh maith le tuairim is 280 milliún duine a d'fhoghlaim ar scoil í. Tá pobal suaithinseach Frainciseoirí le fáil i gceithre thír is caoga ar fud an domhain, ach is í an Fhrainc an tír is líonmhaire cainteoirí dúchais, agus is ansin a tháinig an teanga ar an bhfód i dtús báire. Thairis sin, tá go leor cainteoirí i Québec i gCeanada, sa Bheilg, agus san Eilvéis.

As an Laidin a d'eascair an Fhraincis, ar nós na Portaingéisise, na Spáinnise, na hIodáilise, na Catalóinise, na Rómáinise agus na dteangacha Rómánsacha eile. Deirtear gurbh fhéidir gur tháinig Laidin chomónta na Gaille faoi anáil na Gaillise, rud a d’fhágfadh lorg ar an bhFraincis féin. Tháinig a lán focal nua isteach san Fhraincis ón teanga Gearmáinice a bhí á labhairt ag na Frainc, dream a rinne ionradh ar an tír nuair a mheath cumhacht na hImpireachta Rómhánaí.[2]

Teanga oifigiúil í an Fhraincis in aon tír déag is fiche, agus iad ina mballstáit de chomhphobal na náisiún Fraincise, La Francophonie. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis sna Náisiúin Aontaithe agus ina lán eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

Tá an Fhraincis á saothrú mar mheán scríbhneoireachta ag a lán scríbhneoirí agus fealsúna san Fhrainc féin agus i dtíortha eile, agus ní háibhéil a rá go bhfuil sí ar ceann de na teangacha is tábhachtaí ó thaobh na litríochta de. Bhí Jean Racine ar duine de dhrámadóirí móra an domhain sa tseachtú haois déag. Bhí Voltaire ar an gcéad fhealsamh mór de chuid na hEagnaíochta, agus chuidigh áitiú a leithéidí le réabhlóidí mhóra an 18ú haois - réabhlóid Mheiriceá agus réabhlóid na Fraince - a chur ar siúl. Duine de mhórfhealsúna na fichiú haoise ba ea Jean-Paul Sartre, fear a bheartaigh fealsúnachtl an eiseachais. Bhí an-tionchar ag Charles Baudelaire , Arthur Rimbaud agus Mallarmé i gcúrsaí filíochta sa 19ú haois, gan trácht ar phrós-scríbhneoirí móra na linne. Scríbhneoirí suntasacha iad an Francach Michel Déon agus an Ceanadach Jacques Godbout inniu.

Stádas na Fraincise ar fud an Domhain[athraigh | athraigh vicithéacs]

An Fhraincis san Fhrainc féin[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir Bhunreacht na Fraince is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil amháin i bPoblacht na Fraince ón mbliain 1992 i leith, ach, le fírinne, tá an stádas sin aici le fada an lá. Is gnách a rá gurbh é Reacht Villers-Cotterêts thiar sa bhliain 1539 a bhronn stádas oifigiúil ar an teanga an chéad lá riamh. Roimhe sin, ba í an Laidin an teanga ab airde stádas san Fhrainc.

Tá polasaithe oifigiúla i bhfeidhm ag an Stát leis an teanga dhúchais a chur chun cinn agus le bac a chur ar thionchar an Bhéarla trí théarmaí dúchasacha a sholáthar. Cuireann náisiúnachas oifigiúil na Fraince an-bhéim ar an teanga mar shiombail d'aontas na tíre, agus dá bhrí sin bíonn an scothaicme pholaitiúil, intleachtúil agus riaracháin doicheallach go leor roimh theangacha réigiúnacha na Fraince, ar nós na Briotáinise.

Eolas ar Fraincís San A.E.

An Fhraincis san Eilvéis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Teanga oifigiúil í an Fhraincis san Eilvéis. Tá sí ar an dara teanga is mó a labhraítear san Eilvéis, agus í ó dhúchas ag duine as cúigear.

An Fhraincis sa Bheilg[athraigh | athraigh vicithéacs]

Teanga oifigiúil í an Fhraincis sa Bheilg chomh maith. Tá sí ó dhúchas as 40 % de mhuintir na tíre, agus í foghlamtha go maith ag 60 % den chuid eile.

An Fhraincis i Monacó agus in Andóra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil i Monacó, cé go bhfuil teanga ag muintir na háite atá níos cosúla le canúint Liguria san Iodáil ná leis an bhFraincis.

Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil Andóra, ach is í an Fhrainc a sholáthraíonn an teagasc scoile i gcuid mhaith de scoileanna Andóra, de réir na gconarthaí idir an Fhrainc agus an Spáinn faoi dheighilt na cumhachta sa tír. An curaclam Francach agus an teanga Fhraincise atá i bhfeidhm sna scoileanna sin, rud a fhágann go bhfuil Fraincis go paiteanta ag cuid mhór de mhuintir Andóra.

An Fhraincis ar fud an domhain

██ an Fhraincis á labhairt mar theanga dhúchais

██ an Fhraincis á húsáid i gcóras an riaracháin

██ an Fhraincis á saothrú mar theanga chultúrtha

██ an Fhraincis á labhairt mar theanga mhionlaigh

An Fhraincis san Iodáil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Teangacha oifigiúla iad an Fhraincis agus an Iodáilis in éineacht i nGleann Aosta in aice le teorainn na Fraince. Labhraíonn cuid mhór de mhuintir an ghleanna Franca-Phrovansáilis (nó Arpitan, mar a thugann lucht a hathbheochana uirthi inniu), ach ós rud é go nglacann a lán leis an teanga seo mar chanúint Fraincise, is é dearcadh oifigiúil na hIodáile gurb í an Fhraincis chaighdeánach is fearr a fhreastalaíonn ar riachtanaisí cultúrtha na ndaoine seo.

An Fhraincis i Lucsamburg[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá trí theanga oifigiúla i Lucsamburg, mar atá, an Lucsambuirgis, an Ghearmáinis agus an Fhraincis. Is í an Lucsambuirgis teanga dhúchasach na Lucsamburgach, agus is canúint de chuid na Gearmáinise í. Ós rud é go bhfuil an Ghearmáinis an-chóngarach di, cleachtar mar theanga chultúrtha í, ach is í an Fhraincis an t-aon teanga amháin a úsáidtear i gcúrsaí reachtaíochta. Ainmneacha Fraincise amháin atá ar na forais phoiblí. Is í an Ghearmáinis teanga na nuachtán ach is í an Lucsambuirgis caint na ndaoine.

An Fhraincis in Oileáin Mhuir nIocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhíodh canúintí áitiúla Fraincise á labhairt in Oileán Gheirsí agus in Oileán Gheansaí ach is fada ag géilleadh don Bhéarla iad. Tá na canúintí seo á saothrú ag lucht athbheochana, agus baintear úsáid áirithe astu mar theangacha liteartha. Maidir leis an bhFraincis chaighdeánaithe, tá cineál stádas oifigiúil aici i gcúrsaí riaracháin. Tá difríochtaí áirithe idir Fraincis chaighdeánach Gheirsí agus caighdeán na Fraince: tá cuid mhaith téarmaí dlí dá gcuid féin ag muintir an oileáin, rud a chuirfeadh i gcuimhne duit an dóigh a n-úsáidtear téarmaí dlí Albanacha i mBéarla caighdeánach na hAlban.

An Fhraincis in Éirinn[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ba í an Fhraincis an dara teanga iasachta is mó labhairt mar phríomhtheanga tí in Éirinn sa bhliain 2011. Ba í an phríomhtheanga ag 56,430 duine (1.2% do daonra na tíre). Ba í an ceathrú teanga is mó labhairt san iomlán. De réir suirbhé a dhein Eurobarometer sa bhliain 2006 dúirt 20% go raibh ar a gcumas comhrá a bheith acu as Fraincis.

An Fhraincis i gCeanada[athraigh | athraigh vicithéacs]

Teanga oifigiúil í an Fhraincis i gCeanada, agus is í an t-aon teanga oifigiúil amháin i Québec ón mbliain 1974 i leith. Tá sí ó dhúchas ag ceathrar as gach cúigear i Québec féin, agus tá canúintí dá gcuid féin ag New Brunswick, ag Ontario, ag Manitoba, ag Albain Nua agus ag Oileán Phrionsa Éadbhard. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i New Brunswick, in éineacht leis an mBéarla, agus an teanga ó dhúchas ag aon duine amháin as an triúr ansin. Maidir le hOntario, tá leathmhilliún Frainciseoirí ansin, cé nach bhfuil stádas oifigiúil ag an teanga sa stát. Tá sé mhilliún cainteoir dúchais ina gcónaí i Québec, agus breis is dhá chéad míle i New Brunswick.

Cé nach bhfuil stádas oifigiúil ag an teanga ach i dhá chúige i gCeanada, cuireann na húdaráis caol orthu seirbhísí a sholáthar sa teanga in aon áit ina bhfuil pobal substaintiúil Fraincise le fáil. Tugann an trí Chríoch Thuaidh i gCeanada, mar atá Yukon, Nunavut, agus Críocha an Iarthuaiscirt, aitheantas oifigiúil don Fhraincis freisin, toisc go bhfuil rialtas Cheanada féin dátheangach go hoifigiúil.

An Fhraincis i Háití[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil amháin i Háití, cé nach labhraíonn ach an uasaicme í. Is í an teanga úd Kreyòl caint na sráide. Is fásteanga í atá bunaithe ar an bhFraincis.

An Fhraincis sna Stáit Aontaithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cé go bhfuil an Fhraincis ar an tríú teanga is mó a labhraítear sna Stáit Aontaithe, níl stádas oifigiúil ar bith aici ansin. Tá sí ar an dara teanga is mó i New Hampshire, Louisiana, Maine, agus Vermont. Dhá chineál Fraincis atá á labhairt i Louisiana - Créole agus Cajun. Fásteanga í an teanga Créole agus í tar éis cuid mhór de ghramadach na Fraincise caighdeánaí a chailleadh faoi bhrú an Bhéarla, na Spáinnise, na dteangacha bundúchasacha agus na dteangacha Afracánacha. Is iad na Gormaigh is mó a labhraíonn í.


Fraincís i S.A.M.. Buí,6–12% don daonra ag labhairt Fraincís sa bhaile; donn, 12–18%; Dearg, thart ar 18%. Ní chuimsithear Criól Fraincise .

An Fhraincis san Afraic[athraigh | athraigh vicithéacs]

An chuid is mó d'Fhrainciseoirí an domhain, tá cónaí orthu san Afraic. De réir na tuairisce a d'eisigh eagraíocht idirnáisiúnta na dtíortha Fraincise (Organisation Internationale de la Francophonie), tá 115 mhilliún duine san Afraic a bhfuil Fraincis acu, ó dhúchas nó ón scoil. Tá cónaí orthu in aon tír déag is fiche ar fud na hilchríche.

De ghnáth caithfidh na hAfracánaigh an Fhraincis a fhoghlaim ar scoil mar theanga iasachta. In áiteanna, áfach, is féidir teacht ar chainteoirí dúchais. Tá an Fhraincis á labhairt mar theanga dhúchais timpeall ar Abidjan sa Chósta Eabhair agus i Libreville sa Ghabúin. Ní féidir a rá go mbeadh aon leagan amháin den Fhraincis ann a dtabharfaí "Fraincis na hAfraice" air. Tá leaganacha éagsúla den teanga ann, agus iad go léir faoi anáil na dteangacha bundúchasacha áitiúla.

An Fhraincis san Áise[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí an Fhraincis ina teanga oifigiúil sa Liobáin, nuair a bhí an tír á rialú ag an bhFrainc de réir shainordú Chonradh na Náisiún. Sa bhliain 1941 bhain an Liobáin amach neamhspleáchas ar an bhFrainc, agus ansin, níor bronnadh stádas oifigiúil ach ar an Araibis. Ina dhiaidh sin is uile, tá ardmheas ag muintir na Liobáine ar an bhFraincis i gcónaí, agus iad á foghlaim is á saothrú go dúthrachtach.

Baintear úsáid éigin as an bhFraincis sa Chambóid agus i Laos. Oidhreacht choilíneach is cúis leis, ar ndóigh. Labhraíonn cuid mhaith seandaoine i Vítneam í chomh maith, ó bhí sí á saothrú ag an scothaicme, ach rachadh sé rite leat teacht ar Fhrainciseoirí óga anois.

Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i bPondicherry san India, an t-aon áit amháin a choinnigh na Francaigh acu féin sa tír tar éis do na Sasanaigh teacht i dtreis. Tá lycée, nó meánscoil Fhrancach, ann fós. Is í an Tamailis an teanga is mó atá i réim ansin, áfach.

Stair na Fraincise[athraigh | athraigh vicithéacs]

An tSean-Fhraincis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig an Laidin go dtí an Ghaill le léigiúin Iúil Caesar, a d'fhorghabh an tír sna 50idí RC. Go dtí sin bhí canúintí Ceilteacha á labhairt sa chuid ba mhó den tír, agus dealraíonn sé fosta go raibh cineál sean-Bhascaise (Acatáinis) le cloisteáil sa deisceart. Thréig na Gailligh a gcuid Ceiltise de réir a chéile, áfach, agus níor mhair ach dornán focal Ceilteach san Fhraincis. Is ainmneacha iad ar ghnéithe den tír, ar phlandaí agus ar rudaí a bhaineann le talmhaíocht agus le feirmeoireacht. Maidir leis an gcineál Laidine a d'fhoghlaim na Gailligh, áfach, níorbh í Laidin ardnósach na scothaicme í ach caint chomónta na saighdiúirí.

B’fhéidir go bhfuil tionchar na Ceiltise le haithint ar ghramadach agus ar chomhréir na Fraincise. Is minic an cuspóir á chur in iúl i dtús abairte ar son na béime mar a dhéantar i nGaeilge le cúnamh an chopail: c'est lui qui parle = "is eisean atá ag labhairt". Is ionann an modh comhairimh sa dá theanga: quatre-vingt = "ceithre fichid", nó "ceithre scór" (ar ndóigh, chloisfeá "ochtó" i nGaeilge an lae inniu freisin). Nuair a tháinig meath ar impireacht na Róimhe, shealbhaigh na Frainc (treibh a raibh teanga Gearmáinice acu agus í cosúil leis na canúintí ba thús don Ollainnis agus don Ghearmáinis) an Ghaill, agus bhunaigh siad ríocht ansin faoi cheannas Chlóvais. D'fhág siad a n-ainm féin ar an teanga - français - agus rinne siad dearmad dá gcuid canúintí féin. Fuair an tSean-Fhraincis a lán focal ó chaint na bhFranc, leithéid téarmaíocht chogaidh (maréchal = marascal, cf. marskálkur na hÍoslainnise, marskmarskalk na Sualainnise, Marschall na Gearmáinise), ainmneacha na ndathanna (bleu "gorm", cf. blue an Bhéarla, blau na Gearmáinise, blár na hÍoslainnise, blå na Sualainnise), agus a lán eile. Sampla eile is ea guerre ("cogadh"), arb ionann é agus war an Bhéarla (chuaigh sé in éag sna teangacha Gearmáinice eile, áfach - styrjöld a deirtear as Íoslainnis inniu, Krieg an focal Gearmáinise, oorlog a deir na hOllannaigh). Tá gaol idir choisir ("togh, roghnaigh") agus choose an Bhéarla nó erkiesen na Gearmáinise.

Breacadh an Fhraincis, nó canúint a bhí gaolmhar léi, síos den chéad uair i móidí Strasbourg sa bhliain 842, nuair a tháinig Laoiseach Gearmánach, a bhí ag rialú na leithe thoir de Ríocht na bhFranc, agus Séarlas Maol, rí an Iarthair, le chéile i Strasbourg. Is minic a shíltear gurbh é sin an chéad chonradh síochána a shínigh an Ghearmáin agus an Fhrainc le chéile. Seo é an leagan Fraincise - más féidir Fraincis a thabhairt uirthi - den mhóid a mhionnaigh Laoiseach:

Pro Deo amur et pro Christian poblo et nostro commun salvament, d'ist di in avant, in quant Deus savir et podir me dunat, si salvarai eo cist meon fradre Karlo et in ajudha et in cadhuna cosa, si cum om per dreit son fradra salvar dift, in o quid il me altresi fazet, et ab Ludher nul plaid numquam prindrai, qui, meon vol, cist meon fradre Karle in damno sit.
"De ghrá Dé, ar son na Críostaíochta agus ar son shlánú na beirte againn, ón lá seo i leith, de réir mar a thabharfaidh Dia ciall agus cumhacht dom, beidh mé ag cosaint Shéarlais, an deartháir seo agam, ag tabhairt fortachta agus gach sórt tacaíochta dó, mar is cuí don deartháir cabhrú lena dheartháir, ionas go mbeidh sé ábalta an tacaíocht chéanna a thabhairt dom féin, agus ní shocróidh mé conradh choíche le Lothar [an tríú deartháir, agus Séarlas is Laoiseach ag cur ina choinne] a dhéanfadh dochar don deartháir seo agam, Séarlas."

I ndiaidh na móide seo, thosaigh an tSean-Fhraincis ag fás agus ag forbairt de réir a chéile. Ba iad na chansons de geste a rinne teanga liteartha di: laoithe eipiciúla laochais a rinne cur síos ar eachtraí na gCrosáidí, mar shampla.

An Mheán-Fhraincis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Glactar leis gur tháinig deireadh leis an tSean-Fhraincis sa tríú haois déag. Is gnách Meán-Fhraincis a thabhairt ar an gcéad chéim eile i stair na Fraincise. Ba í sin an teanga chaighdeánach ar bronnadh stádas oifigiúil uirthi nuair a d'achtaigh an Rí Proinsias a hAon an reacht atá ainmnithe as Villers-Cotterêts thiar sa bhliain 1539. I gceann aon bhliain déag foilsíodh an chéad ghraiméar caighdeánach, Tretté de la Grammaire française ("Tráchtas faoi ghramadach na Fraincise"). Louis Magret a scríobh é.

An Nua-Fhraincis[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa seachtú haois déag, bhí an Fhraincis chaighdeánach chomh cosúil le teanga oilte an lae inniu agus go bhfuil cuid de na teangeolaithe sásta Nua-Fhraincis nó Fraincis Nua-aimseartha a thabhairt uirthi. Is féidir Fraincis Chlasaiceach a thabhairt uirthi freisin - an cineál Fraincise a bhí á shaothrú ag scríbhneoirí na seachtú is na hochtú haoise déag. Sa seachtú haois déag a bhunaigh an Cairdinéal Richelieu Acadamh na Fraincise leis an teanga a phleanáil. Bhí an Fhraincis á saothrú taobh amuigh den Fhrainc agus í ina gnáth-theanga ag uaisle na Gearmáine agus na Rúise. Gach aon duine a rinne staidéar ar stair na Gearmáinise chuala sé trácht ar an litir a scríobh Voltaire sa bhliain 1750, agus é ar cuairt i gcúirt ríoga na Prúise: "San Fhrainc atá mé anseo. Tá gach duine ag labhairt ár dteanga féin, agus an Ghearmáinis fágtha ag na saighdiúirí agus ag na capaill."

D’fhódaigh an Fhraincis í féin san Oileán Úr fosta, i gcoilíneacht na Nua-Fhraince a bhí ann sna blianta 1663-1763. Is éard a bhí sa choilíneacht seo oirthear Cheanada (na cúigí a dtugtaí "Canada" agus "Acadie" orthu as Fraincis) agus an chuid de Stáit Aontaithe an lae inniu atá suite timpeall na lochanna móra agus cois Mississippi - "Louisiane". Bhí na críocha seo i bhfad ní b'fhairsinge ná stát Louisiana inniu, agus cheannaigh na Stáit Aontaithe an chuid ba mhó acu ó Napoléon Bonaparte i dtús na naoú haoise déag. Ní dhearna an Fhrainc mórán míntíreachais ar chríocha Louisiana riamh, agus dá bhrí sin ní mhaireann an Fhraincis ansin ach in áiteanna. Tá an teanga i bhfad níos láidre i Quebec, agus sin é an fáth a bhfuil stádas oifigiúil aici i gCeanada inniu in éineacht leis an mBéarla.

Go dtí le déanaí bhí a lán teangacha agus canúintí áitiúla á labhairt ar fud na Fraince, agus ní raibh an teanga chaighdeánach ach ag dornán beag daoine: bhí Ocsatáinis ag muintir an deiscirt, Briotáinis (teanga Cheilteach) ag muintir na Briotáine, canúintí Gearmáinise san Alsáis in aice leis an teorainn thoir, agus cineál Pléimeannaise nó Ollainnise cois na teorann thuaidh. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach. Ó laethanta na Réabhlóide anuas bhí na húdaráis ag iarraidh na teangacha réigiúnacha a dhíothú, agus thosaigh meath ag teacht orthu de réir a chéile, go háirithe nuair a d'fhoghlaim na fir go léir an teanga náisiúnta san Arm. Ar dtús níor éirigh leis na polasaithe seo ach go measartha, ach inniu is í an Fhraincis chaighdeánach an teanga is mó a labhraítear sa tír, agus na canúintí agus na teangacha mionlaigh ag lagú go tiubh téirimeach. Tá an Bhriotáinis, abair, á labhairt ag leathmhilliún duine ó dhúchas i gcónaí, ach seandaoine iad an formhór mór acu. Is díol spéise í, áfach, an athbheochan atá ar siúl i mbailte móra agus i gcathracha an réigiúin, rud a chuirfeadh rath na Gaelscolaíochta i do cheann.

Níl an Fhraincis féin faoi ghradam mar a bhí. Tháinig an Béarla faoi réim sa domhan san fhichiú haois, ach ní mór a admháil gur trí Fhraincis a dhéantar an dul chun cinn is suntasaí i gcúrsaí ardintleachta fós (ní gá ach cuimhneamh ar fhealsúna ar nós Baudrillard). San Afraic tá sí láidir go leor i gcónaí, agus tá draíocht chultúrtha ag baint leis an bhFraincis go fiú sa Bhreatain agus i Meiriceá.

Litriú agus fuaimniú na Fraincise[athraigh | athraigh vicithéacs]

Leis an aibítir Laidineach a scríobhtar an Fhraincis. Úsáidtear comharthaí idirdhealaitheacha áirithe: an agúid nó accent aigu, atá cosúil le síneadh fada na Gaeilge (é), an ghraif nó accent grave, atá cosúil le síneadh fada Ghaeilge na hAlban (à, ù), an cuairín nó accent circonflexe (ê), an déiréis nó an t-idirphonc atá cosúil leis an umlabht (ë, ï), agus an straithín nó cédille a chrochtar den c (ç). Thairis sin, úsáidtear dhá nasclitir - an t-æ agus an t-œ.

Tríd is tríd, tá ceartlitriú na Fraincise sách deacair ag an gcainteoir dúchais féin, nó tá sé bunaithe ar fhuaimniú na teanga mar a bhí sé na cianta cairbreacha ó sin. Nuair a caighdeánaíodh an litriú, is minic a tugadh isteach litreacha stairiúla nach raibh bunús ar bith acu i bhfuaimniú na teanga. Mar shampla, bhí an focal doigt ("méar") á scríobh gan -g- i ré na Meán-Fhraincise, ach nuair a caighdeánaíodh an Nua-Fhraincis tugadh an -g- isteach arís, ós rud é gurb é an focal Laidine digitus is tús dó. Tá sé díreach cosúil leis an dóigh a scríobhtar debt ("fiacha") sa Bhéarla inniu, cé nach bhfuil a dhath fágtha den b sin san fhuaimniú: fuair an Béarla an focal ar iasacht ón bhFraincis agus an b sin imithe le fada, ach nuair a cruthaíodh ceartlitriú nua-aimseartha an Bhéarla, tháinig an b ar ais, ó bhí a fhios ag ligeadóirí agus casadóirí an chaighdeáin gurbh é an focal Laidine debitum a bhí ann i dtús báire.

Ní síneadh fada í an agúid san Fhraincis. Úsáidtear an comhartha seo os cionn na litreach e le taispeáint go bhfuaimnítear mar [e] é. I dtús an fhocail, is guta próistéiteach é go minic. Is é is brí le guta próistéiteach ná guta a cuireadh roimh chonsan ar leith i dtús an fhocail - agus, sa chás seo, mhair an guta próistéiteach i ndiaidh don chonsan imeacht. Sampla den é- próistéiteach é an focal écouter "éisteacht, cloisteáil". Escouter an fhoirm a bhí ann ar dtús, rud is féidir a aithint ar an mbriathar gaolmhar Spáinnise fosta - escuchar.

Má úsáidtear an ghraif os cionn na litreach "e", ciallaíonn sé go bhfuil an guta seo níos cosúila le "ä" na Gearmáinise san fhuaimniú. An ghraif a chuirtear os cionn na ngutaí eile, níl ann go bunúsach ach idirdhealán le focail aon fhuaime a aithint thar a chéile, cf ou "nó" agus "cén áit", mar shampla.

Maidir leis an gcuairín, athraíonn sé fuaimniú an ghuta beagáinín freisin, ach de ghnáth, tugann sé le fios gur ligeadh -s- nó guta éigin ar lár: sûr < seur, mar shampla, nó maître < maistre.

Gramadach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ainmfhocail[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tuisil Ainmfhocail[athraigh | athraigh vicithéacs]

Níl ach tuiseal ainmfhocail amháin sa Fhraincis: le tuiseal ginideach na Gaeilge a aistriú, úsáidtear an réamhfhocal de, cosúil le de sa Ghaeilge. Dá bhrí sin, más mian cluasa na ba a rá, deirtear les oreilles de la vache – focal le focal, "na cluasa de an bhó". Is tábhachtach tabhairt faoi dheara go n-úsáidtear an t-alt dhá uair san abairt seo sa Fhraincis. Is féidir smaoineamh ar an ndifríocht seo trí mheán an Bhéarla: sa Bhéarla, is féidir the cow's ears a rá, foirm a úsáideann an comhdhéanamh gramadúil céanna mar an Ghaeilge (is é an focal cow's an tuiseal ginideach ar an mbunfhocal cow) nó is féidir an abairt céanna a rá le comhdhéanamh gramadúil céanna leis an Fhraincis: the ears of the cow – gan tuiseal ginideach, agus amhlaidh leis an alt dhá uair. Taispeántar é seo sa tabla thíos:

An Fhraincis An Ghaeilge An Béarla
les oreilles de la vache cluasa na ba the cow's ears the ears of the cow
les oreilles de vache na cluasa ba the cow ears
des oreilles de vache cluasa ba cow ears

Níl freisin aon tuiseal gairmeach nó tabhartach sa Fhraincis: mar atá sa Bhéarla, níl aon difriúlacht gramadúil idir abairt ina cuirtear glaoch ar duine ("a Sheáin, cuir an bosca ar an mbord!" = "Jean, pose la boîte sur le table!") agus abairtí eile ('Chuir Seán an bosca ar an mbord' = 'Jean a posé la boîte sur le table.')

Ailt[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cosúil leis an Ghaeilge, tá dhá inscne ghramadúil sa Fhraincis: baininscneacht agus firinscneacht. Baineann an inscne leis na focail ar nósanna beagán difriúla ná mar a bhaineann sa Ghaeilge: cosúil leis an nGaeilge, tá baint idir an ainmfhocal agus an alt a thógann sé, ach cé go bhfuil ról don tuiseal leis an alt a shocrú sa Ghaeilge (deirtear 'an mhuc' (bain.), ach 'bia na muice'), níl a leithéid sa Fhraincis. Mar sin, tógann ainmfhocal uatha baininscneach an t-alt baininscneach ('la') i gcónaí, agus vice versa do na hainmfhocail fhirinscnigh ('le'). Tá freisin alt iolra, 'les', nach n-aithríonn de réir na hinscne.

Chomh maith leis an alt cinnte (mar atá sa Ghaeilge), tá freisin an t-alt éiginnte, nach bhfuil sa Ghaeilge ach atá sa Bhéarla (an focal 'a' san abairt 'I ate a horse'. Sa Fhraincis, is é an leagan baininscneach de seo 'une', agus is é an firinscneach ná 'un'. Tá freisin leagan iolra, nach bhfuil sa Bhéarla, ar 'des' é.

Cinnte Éiginnte Aistriúchán leis an t-alt cinnte Aistriúchán leis an t-alt éiginnte
Je mange la fenêtre Je mange une fenêtre Ithim an fhuinneog Ithim fuinneog
Je mange le cheval Je mange un cheval Ithim an capall Ithim capall
Je mange les fenêtres Je mange des fenêtres Ithim na fuinneoga Ithim fuinneoga

Nuair a bhíonn ainmfhocal uatha a thosaíos le guta agus alt cinnte le chéile, bánn an t-alt agus an t-ainmfhocal a chéile: dá bhrí sin, an damhán alla = l'araignée = la + araignée.

Leis an iolra a thaispeáint, cuirtear i gcónaí beagnach s ag deireadh an ainmfhocail scriofa, ach ní fhuaimnítear é mura dtosaí an chéad focal eile le guta. Go hiondúil, is leor na hailt 'les' agus 'des' le taispeáint gur iolra atá ann nuair a bhítear ag caint.

Briathra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá trí aimsir briathra simplí (déanta d'aon fhocal amháin) sa Fhraincis, chomh maith le cuid mhaith aimsirí coimpléascach (déanta de dhá fhocal nó níos mó). Tá freisin ceithre mhodh ar éagsúil go gramadúil iad. Liosta díobh seo a leanas:

An tInfinideach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Modh briathair nach bhfuil i láthair sa Ghaeilge é an infinideach (cé go bhfuil sé sa Bhéarla). Tá sé an-chosúil leis an ainm briathartha sa Ghaeilge: más mian 'is maith liom úlla a ithe' a rá as Fraincis, deirtear j'aime manger des pommes' (nó, sa Bhéarla, I like to eat apples'). Go neamhchosúil le hainm briathartha na Gaeilge, is é an t-infinideach (agus ní an modh ordaitheach, 'ith') a úsáidtear mar bhun leis na briathra a chur ina bhfoirmeacha eile. Sa Fhraincis, críochnaíonn gach infinideach le ceann amháin de thrí dheireadh: -er, -ir, nó -re.

An Aimsir Láithreach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Úsáidtear an aimsir láithreach ar an nós céanna mar a úsáidtear an dá aimsir láithreach sa Ghaeilge: deirtear 'Je mange une pomme' in áit 'Ithim úll' agus freisin in áit 'Táim ag ithe úill'. Tá trí phatrún réimnithe ag na briathra Fraincise − de réir cineál deiridh an infinidigh − agus leis an aimsir láithreach a chruthú, gabhtar an deireadh seo agus cuirtear na deiridh eile seo thíos ina áit:


Pearsa Infinideach -ER, m.s. parler -IR, m.s. choisir -RE, m.s. attendre
1ú uath. je parle je choisis j'attends
2ú uath. tu parles tu choisis tu attends
3ú uath. elle parle elle choisit elle attend
1ú iol. nous parlons nous choisissons nous attendons
2ú iol. vous parlez vous choisissez vous attendez
3ú iol. ils parlent ils choisissent ils attendent

Mar shampla, is ionann parler agus labhairt. Le 'labhraím' a rá, deirtear 'je parle' − leis an deireadh -er curtha ar ceal, agus an deireadh nua e curtha ina áit.

An Aimsir Chaite (Passé Composé)[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa Fhraincis, déantar an aimsir chaite de dhá fhocal le chéile: briathar cúnta (.i. avoirêtre) agus an participe passé, nó an rangabháil chaite (m.sh. J'ai fait [= Dhein mé] nó Je suis allé [= Chuaigh mé]). Tá participe passé na Fraincise cosúil le haidiacht bhriathartha na Gaeilge (mar shampla, ite don bhriathar ith), agus ar ionann é le past participle an Bhéarla (mar shampla, eaten don bhriathar to eat). Amhlaidh, le 'd'ith mé' a rá as Fraincis, déarfaí 'j'ai mangé', go litriúil 'I have eaten' sa Bhéarla (je = I, ai = have, mangé = eaten). Go neamhchosúil leis an mBéarla, áfach, úsáidtear an fhoirm seo fiú nuair nach ndéarfaí é sa Bhéarla: amhlaidh, aistreofaí'D'ith mé ceapaire inné' mar 'Hier j'ai mangé un sandwich', cé nach féidir 'I have eaten a sandwich yesterday' a rá sa Bhéarla. Tá na foirmeacha éagsúla den aimsir seo sa tábla a leanas:

Pearsa -ER, m.s. manger -IR, m.s. choisir -RE, m.s. attendre
1.uath j'ai mangé j'ai choisi j'ai attendu
2. uath. tu as mangé tu as choisi tu as attendu
3. uath elle a mangé elle a choisi elle a attendu
1.iol nous avons mangé nous avons choisi nous avons attendu
2. iol vous avez mangé vous avez choisi vous avons attendu
3. iol ils ont mangé ils ont choisi ils ont attendu

An Aimsir Ghnáthchaite (Passé Imparfait)[athraigh | athraigh vicithéacs]

Uair arís, úsáidtear an aimsir ghnáthchaite sa Fhraincis go cosúil mar sa Ghaeilge. I ngach cás ina n-úsáidfí an ghnáthchaite sa Ghaeilge, úsáidtear í sa Fhraincis; amhlaidh deirtear 'Labhraínn le mo chuid bréagán nuair a bhí mé óg' 'Je parlais avec mes jouets quand j'étais jeune' (ní an passé composé, 'j'ai parlé...', atá i gceist). Áfach, úsáidtear an fhoirm seo freisin leis an modh coinníollach Gaeilge a aistriú ag barr frásaí a thosaíos le 'dá' as Gaeilge:

Si je tombais, je mangerais une pomme.

dtitinn, ithinn úll.

Sa Ghaeilge, is sa mhodh coinníollach atá 'titinn', ach sa Fhraincis, is sa ghnáthchaithe atá 'tombais'. Sa fhrása seo, tá 'ithinn' freisin sa mhodh coinníollach, ach san áit seo úsáidtear an coinníollach fosta sa Fhraincis. Is ionann é seo agus an chomhréir Béarla: 'If I fell, I would eat an apple' (ní 'If I would fall...').




Seo hiad a leanas foirmeacha na haimsire seo:

Pearsa -ER, m.s. parler -IR, m.s. choisir -RE, m.s. attendre
1.uath je parlais je choisissais j'attendais
2. uath. tu parlais tu choisissais tu attendais
3. uath elle parlait elle choisissais elle attendait
1.iol nous parlions nous choisissions nous attendions
2. iol vous parliez vous choisissiez vous attendiez
3. iol ils parlaient ils choisissaient ils attendaient

An Aimsir Fháistineach Simplí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is féidir aimsir fháistineach simplí na Fraincise a úsáid beagnach go hionann le haimsir fháistineach na Gaeilge. Seo hiad a réimnithe:

Pearsa -ER, m.s. parler -IR, m.s. choisir -RE, m.s. attendre
1.uath je parlerai je choisirai j'attendrai
2. uath. tu parleras tu choisiras tu attendras
3. uath elle parlera elle choisira elle attendra
1.iol nous parlerons nous choisirons nous attendrons
2. iol vous parlerez vous choisirez vous attendrez
3. iol ils parleront ils choisiront ils attendront

Tá le cur faoi dheara, don aimsir seo, nach bhfuil ort an deireadh -er, -ir nó -re a chur ar ceal roimh an deireadh nua a chur ar an mbriathar.

An Aimsir Ghar-Fháistineach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is féidir freisin an aimsir ghar-fháistineach a úsáid, go ginearálta do rudaí atá chun tarlú le gairid. Tá sí cosúil leis an nGaeilge 'bheith chun rud a dhéanamh'; sa Fhraincis, úsáidtear an briathar 'aller' ('téigh'), amhlaidh déarfaí 'tá mé chun úll a ithe' 'je vais manger une pomme' (go litríocht, 'téim úll a ithe').

Pearsa An Ghar-Fhaistineach
1.uath je vais manger
2. uath. tu vas manger
3. uath elle va manger
1.iol nous allons manger
2. iol vous allez manger
3. iol ils vont manger

An Modh Coinníollach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá modh coinníollach sa Fhraincis, ach go hiondúil ní an fhoirm seo a úsáidtear le modh coinníollach na Gaeilge a aistriú. Úsáidtear an fhoirm seo le haghaidh an dara cuid d'fhrasa 'dá' a aistriú:

Si je tombais, je mangerais une pomme.

Dá dtitinn, ithinn úll.

Seo hiad a foirmeacha:

Pearsa -ER, m.s. parler' -IR, m.s. choisir' -RE, m.s. attendre'
1.uath je parlerais je choisirais j'attendrais
2. uath. tu parlerais tu choisirais tu attendrais
3. uath elle parlerait elle choisirait elle attendrait
1.iol nous parlerions nous choisirions nous attendrions
2. iol vous parleriez vous choisiriez vous attendriez
3. iol ils parleraient ils choisiraient ils attendraient

Uair arís, don mhodh seo níl ort an deireadh -er, -ir nó -re a chur ar ceal roimh an deireadh nua a chur ar an mbriathar.

An Modh Foshuiteach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Mar sa Ghaeilge, tá modh foshuiteach sa Fhraincis. Úsáidtear é sna áiteanna céanna mar sa Ghaeilge (Go dté tú slán = Que tu ailles bien; Sula n-ithe tú an t-úll sin = Avant que tu manges cette pomme-là), ach úsáidtear é níos minice in áiteanna ina n-úsáidtear an modh coinníollach sa Ghaeilge: le haghaidh rudaí ar hipitéiseach iad:

Ba mhaith liom go rachfá ar scoile = J'aimerais que tu ailles a l'école

Tá mé faoi eagla go n-íosfadh úll mé = J'ai peur qu'une pomme me mange

Úsáidtear an modh foshuiteach in áiteanna fiú ina nach bhfuil sé coitianta an foshuiteach a úsáid sa Ghaeilge:

Tá uaim duine atá (nó: a bheadh) cairdiúil agus cineálta = J'ai besoin de quelqu'un qui soit amical et gentil

Seo hiad a foirmeacha tabhair faoi dheara go bhfuil a lán deireadh go céanna leis an aimsir láithreach nó leis an aimsir ghnáthchaite:

Pearsa -ER, m.s. parler -IR, m.s. choisir -RE, m.s. attendre
1.uath je parle je choisisse j'attende
2. uath. tu parles tu choisisses tu attendes
3. uath elle parle elle choisisse elle attende
1.iol nous parlions nous choisissions nous attendions
2. iol vous parliez vous choisissiez vous attendiez
3. iol ils parlent ils choisissent ils attendent

Briathra Neamhrialta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá freisin méid tábhachtach briathra neamhrialta - briathra nach leanas iomlán na rialta réimnithe seo thuas. Ar liosta Wiktionnaire na mbriathra seo, tá 475 iontráil, cé go bhfuil na briathra -re, a meastar gur patrún rialta iad san alt Vicipéid seo, freisin ar an liosta. I bhfírinne, is féidir an chuid is mó de na briathra neamhrialta seo a ghrúpáil le céile i ngrúpaí a leanas na rialta céanna; mar sin, ní hé go bhfuil ar an bhfoghlaimeoir na céadta briathra neamhrialta a fhoghlaim ceann amháin faoi cheann amháin.

Forainmneacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is féidir a rá go bhfuil seacht gcineál forainm phearsanta sa Fhraincis (cé nach ró-dhian an sainmhíniú seo). Seo hiad a leanas na seacht gcineál seo:

Sujet Ainmní Objet Directe Cuspóir Díreach Objet Indirecte Cuspóir Neamhdhíreach Pronom Disjoint Forainm Dícheangailte
je mange ithim tu me manges itheann tú tu me parles

tu me donnes

labhraíonn tú liom

tugann tú dom

tu vas avec moi téann tú liom (lit. 'le ')
tu manges itheann je te mange ithim thú je te parle

je te donne

labhraím leat

tugaim duit

je vais avec toi téim leat (le thú)
elle mange itheann il la mange itheann sé í il lui parle

il lui donne

labhraíonn sé léi

tugann sé di

il va avec elle téann sé léi (le í)
il mange itheann elle le mange itheann sí é elle lui parle

elle lui donne

labhraíonn sí leis

tugann sí

elle va avec lui téann sí leis (le é)
nous mangeons ithimid vous nous mangez itheann sibh muid vous nous parlez

vous nous donnez

labhraíonn sibh linn

tugann sibh dúinn

vous allez avec nous téann sibh linn (le muid)
vous mangez itheann sibh nous vous mangeons ithimid sibh nous vous parlons

nous vous donnons

labhraímid libh

tugaimid daoibh

nous allons avec vous téimid libh (le sibh)
elles mangent itheann siad (bain.) je les mange ithim iad je leur parle

je leur donne

labhraím leo

tugaim dóibh

je vais avec elles téim leo (le iad) (bain.)
ils mangent itheann siad (fir.) je vais avec eux téim leo (le iad) (fir.)
on mange itear / ithimid - - - - - -
'Adjectif Possessif' 'Nom Possessif' Pronom Réfléchi
mon stylo

ma vache

mes pommes

mo pheann (f.)

mo bhó (b.)

m'úlla (iol.)


c'est le mien

c'est la mienne

ce sont les miens

ce sont les miennes

is an ceann is liomsa é

is an ceann is liomsa í

is na cinn is liomsa iad (f.)

is na cinn is liomsa iad (b.)

je me lave ním mé féin
ton stylo

ta vache

tes pommes

do pheann

do bhó

d'úlla


c'est le tien

c'est la tienne

ce sont les tiens

ce sont les tiennes

is an ceann is leatsa é

is an ceann is leatsa í

is na cinn is leatsa iad

is na cinn is leatsa iad

tu te laves níonn tú thú féin
son stylo

sa vache

ses pommes

a p(h)eann

a b(h)ó

a (h)úlla

c'est le sien

c'est la sienne

ce sont les siens

ce sont les siennes

is an ceann is léi/leis é

is an ceann is léi/leis í

is na cinn is léi/leis iad

is na cinn is léi/leis iad

elle se lave níonn sí í féin
il se lave níonn sé é féin
notre stylo

nos pommes

ár bpeann (f. b.)

ár n-úlla

c'est le/la nôtre

ce sont les nôtres

is an ceann is linne é/í

is na cinn is linne iad

nous nous lavons nímid muid féin
votre stylo

vos pommes

bhur bpeann

bhur n-úlla

c'est le/la vôtre

ce sont les vôtres

is an ceann is libhse é/í

is na cinn is libhse iad

vous vous lavez níonn sibh sibh féin
leur stylo

leurs pommes

a bpeann

a n-úlla

c'est le/la leur

ce sont les leurs

is an ceann is leo é/í

is na cinn is leo iad

elles se lavent níonn siad iad féin
ils se lavent níonn siad iad féin

Forainmneacha Ainmneacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Úsáidtear an forainm ainmneach le hainmní an bhriathair an duine nó an rud atá ag déanamh ruda a thaispeáint. Sa Fhraincis, tá focal ar leith ar son gach pearsa, le feiceáil sa tábla thuas. Tá an focal on le nótáil go háirithe; tá dhá bhrí aige: an chéad cheann ionann leis an mbriathar neamhphearsanta sa Ghaeilge mar sin, is ionann on dit qu'il y a une pomme dans l'arbre agus deirtear go bhfuil úll sa chrann agus an dara ceann ionann le nous, nó muid/-mid sa Ghaeilge mar sin, on est en route agus tá muid faoi bhealach. Níl aon ainmfhocal cuspóireach a bheadh ar comhbhrí leis an ainmfhocal ainmneach on.

Forainmneacha Cuspóra Dírigh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Más 'cuspóir díreach' atá san ainmfhocal − is é sin, rud a bhfuiltear á dhéanamh − úsáidtear foireann forainmneacha (le feiceáil sa tabla thuas) a thagann i ndiaidh an fhorainm, ach roimh an mbriathar. Is sampla de seo é tu me manges ('itheann tú mé') − tagann an focal me roimh an mbriathar manges.

Forainmneacha Cuspóra Neamhdhírigh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Úsáidtear na cuspóirí neamhdhíreacha nuair a bhítear ag rá go bhfuil duine/rud ag déanamh ruda à duine/rud éigin − is réamhfhocal Fraincise é 'à' ar ciall dó do, lear, go ginearálta, sa Ghaeilge. Mar shampla, má táthar ag rá tá an bhean ag tabhairt ceachtanna don rang, deirtear:

la femme donne des leçons à la classe

agus má táthar ag rá "tá an bhean ag tabhairt ceachtanna dóibh", deirtear:

la femme leur donne des leçons

Ar an dóigh céanna leis na cuspóirí díreacha, aistríonn an forainm go háit roimh an mbriathar. Is ionann iad na foirmeacha díreacha agus neamhdhíreacha don chéad agus don dara pearsa; is ach amháin sa tríú pearsa a bhíonn difríochtaí eatarthu. Tá a bhfoirmeacha-sa féin freisin sa tábla thuas.

Forainmneacha Neamhcheangailte[athraigh | athraigh vicithéacs]

Má táthar ag úsáid forainm in éindí le réamhfhocal nach 'à' é, úsáidfear forainm neamhspleách. Tá a foirmeacha freisin sa tábla thuas: nuair atáthar ag úsáid na bhforainmneacha seo, coinnítear fós an réamhfhocal agus cuirtear an forainm ina dhiaidh (go hionann leis an mBéarla). Mar shampla:

tu vas avec moi = téann tú liom (Béarla: you go with me)

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. [1] Ethnologue
  2. Sampla de seo san Fhraincis (agus i dteangacha Rómánsacha eile) is ea na ceithre hairde: nord, sud, est agus ouest.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Flag of the United Nations.svg athraigh Teangacha oifigiúla na Náisiún Aontaithe
Araibis | Béarla | Fraincis | Rúisis | Sínis | Spáinnis
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil na NA
Flag of Europe.svg athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
BéarlaBulgáirisCróitisDanmhairgisEastóinisFionlainnisFraincisGaeilgeGearmáinisGréigisIodáilisLaitvis
LiotuáinisMáltaisOllainnisPolainnisPortaingéilisRómáinisSeicisSlóivéinisSlóvaicisSpáinnisSualainnisUngáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE
An Fhraincis
Vicipéid le fáil as An Fhraincis freisin