Parlaimint na hEorpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaParlaimint na hEorpa
(fr) Assemblée parlementaire européenne
(fr) Parlement européen
(it) Assemblea parlementara
(it) Parlemento europeo
(nl) Europees Parlement
(de) Europäisches Parlament Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Parlaimint na hEorpa (2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálinstitiúid de chuid an Aontais Eorpaigh
international parliament (en) Aistrigh Aontas Eorpach
eagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitCommon Assembly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1952
25 Márta 1957
Úsáideann sé/síThalys (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtRoberta Metsola Tedesco Triccas (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Cuir in eagar ar WikidataRoberta Metsola Tedesco Triccas Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe7,820 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Le cuid
Eile
Uimhir teileafón+32-22-842-111 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáineuroparl.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: europeanparliament Twitter: Europarl_EN Instagram: europeanparliament LinkedIn: european-parliament Snapchat: europarl Youtube: UCvU4p_w08osQsrNi_I4ZtDA Pinterest: epinfographics Flickr: 36612355@N08 Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Parlaimint na hEorpa institiúid pharlaiminteach dhírthofa an Aontais Eorpaigh.[1]

foirgneamh sa Bhruiséil

Cumhachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí phríomhchumhacht ag an bParlaimint:

  • An chumhacht reachtaíocht a dhéanamh. Roinneann sí an chumhacht seo le Comhairle an Aontais Eorpaigh.
  • Déanann an Pharlaimint, i dteannta leis an gComhairle, maoirsiú ar chaiteachas an AE.
  • An chumhacht um maoirsiú daonlathach. Déanann an Pharlaimint maoirsiú ar gach gníomhaíocht Chomhphobail.

Cuireadh i leith na parlaiminte ar feadh i bhfad nach raibh inti ach seomra mór comhrá agus nach raibh aon chumhacht phraiticiúil nó thábhachtach aici. Tá iliomad ábhar nach bhfuil aon chumhacht ag an Aontas ina leith – sláinte agus cáin, mar shampla – mar nach bhfuil rialtais na mballstát sásta cumhacht a thabhairt ar láimh don Aontas. Fágadh, mar a dhéantar i gcónaí, in go leor réimsí d’obair an Aontais na cinntí crua faoi Chomhairle na nAirí agus is fúthu sin a bhíonn sé athruithe móra polasaí a phlé, bunaithe ar mholtaí ón gCoimisiún.[2]

Tá forbairt tagtha air sin freisin i rith na blianta mar gur thuig ceannairí polaitiúla an Aontais go gcaithfidís a bheith in ann a rá go raibh cumhacht ag bParlaimint. Corruair ó bunaíodh í tá leas bainte ag an bParlaimint as na cumhachtaí is mó atá aici. Dhiúltaigh sí faoi dhó do na moltaí buiséid a cuireadh faoina bráid agus go deimhin d’éirigh an Coimisiún faoi cheannas Jacques Santer as oifig i ndeireadh na nóchaidí mar thoradh ar easaontas leis an bParlaimint faoin mbuiséad.[2]

Tá iarrachtaí go leor déanta i rith na mblianta ag maorlathas an Aontais tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Aontas agus na cumhachtaí sin a chur sa gcaoi go gcuirfeadh pobal an Aontais suim in obair na Parlaiminte. Comhréiteach agus comhaontú an modh oibre atá ag an Aontas. Ach ciallaíonn sé go mbíonn sé deacair go minic dul chun cinn a dhéanamh nuair a bhíonn tuairimí agus polasaithe ó sheacht gcinn fhichead de thíortha la cur san áireamh.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bunaíodh an comhphobal sna caogaidí cinneadh go mbeadh comhthionól ar cheann de na hinstitiúidí. Bheadh na ballstáít freagrach as na toscairí chun an chomhthionóil a cheapadh. In imeacht na mblianta rinneadh cáineadh fíochmhar ar an gcomhthionól mar gheall ar an easpa daonlathais a bhain leis, a dúradh.[2]

De réir mar a tháinig forbairt ar an struchtúr Eorpach agus ar líon na dtíortha, cinneadh go dteastódh fóram daonlathach leis an obair a phlé. I mí Meithimh 1979, reáchtáladh toghcháin chun Parlaimint na hEorpa don chéad uair trí vótáil chomhchoiteann dhíreach. Cúpla seachtain níos déanaí, toghadh Simone Veil, Giúdach a tháinig slán as an uileloscadh Naitsíoch. mar uachtarán trí thromlach glan sa dara ballóid.[3]

Bhí Antonio Tajani ina Uachtarán ar an pharlaimint ón mbliain 2017 go dtí 2019. Toghadh Iodálach eile, David Sassoli, ar 3 Iúil 2019 mar Uachtarán.

Tá líon na bhfeisirí ag méadú go leanúnach de réir mar atá líon na mballstát amhlaidh.[2] Ón 1 Feabhra 2020, tá 27 mballstát ann san Aontas Eorpach.[4] De réir mar atá an tAontas méadaithe tá an riachtanas go mbeadh ballstáit ar aon fhocal ag éirí níos deacra le cur i bhfeidhm.[5]

Tháinig deireadh le tréimhse oifige fheisirí na Ríochta Aontaithe. Tá Parlaimint na hEorpa comhdhéanta anois de 705 fheisire (i gcomparáid leis an 751 fheisire a bhí ann roimh Bhreaitimeacht).

Feisirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

2 Iúil 2019ː an naoú reachtas
Phil Hogan sa bhliain 2019... scannal sa bhliain 2020

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Maidir leis an bParlaimint" (ga). Maidir leis an bParlaimint. Dáta rochtana: 2020-06-07.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Máirín Ní Ghadhra (18 Eanáir 2024). "Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ‘fadhb’ an daonlathas" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  3. "In ómós do Simone Veil: bean cheannródaíoch amach is amach" (ga-IE). downloads.europarltv.europa.eu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-07. Dáta rochtana: 2020-06-07.
  4. "Amlíne Pharlaimint na hEorpa: san am a caitheadh agus mar atá faoi láthair" (ga). Parlaimint na hEorpa. Dáta rochtana: 2020-09-05.
  5. Níl againn ach cuimhneamh ar chinneadh Viktor Orbán in 2023 cosc a chur le hairgead breise don Úcráin.