Breatimeacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Agóideoirí le haghaidh an Bhreatimeachta

Is éard atá i gceist leis an bhfocal Breatimeacht (Béarla: ‘Brexit’) ná imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. Portmanteau is ea an focal Brexit (‘Br[itish]’ + ‘Exit > 'imeacht na Breataine'), portmanteau a deineadh de réir mhúnla an fhocail Grexit (‘Gr[eek]’ + ‘Exit’ > 'imeacht na Gréige'), focal a cumadh nuair a bhí imeacht na Gréige as limistéar an euro i mbéal an phobail.

De bharr reifreann a reáchtáladh ar an 23 Meitheamh 2016 agus inar vótáil 51.9% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le himeacht as an AE, tá rún ag rialtas na Breataine tús a chur le himeacht na tíre as an AE. Cuirfidh rialtas na Breataine tús leis an bpróiseas seo nuair a ghairfidh sé ar Airteagal 50 de Chonradh ar an Aontas Eorpach, uirlis le himeacht as an Aontas. De réir théarmaí an chonartha, má chuireann rialtas na Breataine tús leis an bpróiseas mar atá beartaithe aige, beidh an Ríocht Aontaithe imithe as an AE faoi 29 Márta 2019.

Oideachas agus % Imeacht

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

I ndiaidh an reifrinn, thogh an Páirtí Coimeádach, páirtí a bhí i gceannas ar an Ríocht Aontaithe ag an am, Theresa May mar Phríomh-Aire agus gheall sise bille chun an ‘European Communites Act 1972’ (Gaeilge: ‘Acht na gComhphobal Eorpach 1972’) a chur ar ceal agus chun dlíthe Eorpacha atá ann a chomhtháthú le córas dlíthe na Ríochta Aontaithe féin. Níl téarmaí an imeachta socraithe go fóill agus, idir an dá linn, fanann an Ríocht Aontaithe ina ballstát den Aontas Eorpach.

Ba i 1973 a ghlac an Ríocht Aontaithe ballraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), a bhí ann roimh an Aontas Eorpach, ballraíocht a dheimhnigh sí le reifreann sa bhliain 1975 inar vótáil 67% díobh siúd a chaith vóta ann i bhfách le fanacht sa Chomhphobal.

Agóid i 2015, i gCnoc an Anfa, Béal Feirste

De ghnáth, thugtaí pobalbhreitheanna idir 1973 agus 2015 le fios go raibh formhór ann a thacaigh le fanacht mar bhall den CEE, den CE nó den AE.

  • Le linn na 1970idí agus na 1980idí, ba iad baill de chuid Pháirtí an Lucht Oibre agus daoine a bhí páirteach i gceardchumainn a mholadh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a fhágáil.
  • Ó na 1990idí amach, ba iad polaiteoirí de chuid na gCoiméideach agus de chuid UKIP (Gaeilge: ‘Páirtí um Shaoirse na Ríochta Aontaithe’), páirtí a bunaíodh sa bhliain 1993, a mholadh an Aontas Eorpach a fhágáil.

Cainteanna [athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá idirbheartaíocht anonn is anall ar siúl idir an dá thaobh ó 2017.  Is comhchainteanna ar chúl doirse druidte iad. Tá páirt ghníomhach ag Éirinn san idirbheartaíocht chomh maith.

Tá an R-A ag iarraidh caibidlíocht trádála a thosú, ach tá an AE ag iarraidh cloígh leis an mbuiséad ar dtús (socrú neamhfhoirmiúil as a laghad).

Ar an 16 Lúnasa 2017, bhí plécháipéis foilsithe ag Rialtas na Breataine ina moltar[1]

  • comhpháirtíocht nua chustaim idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain féachaint le teorainn dhaingean chustaim a sheachaint.
  • dá mbeadh teorainn chustaim ann, go mbeadh sé chomh hoscailte agus ab fhéidir.
  • téimhse eatramhach ann ó thaobh riaracháin chustaim de nó go mbeadh deis acu socruithe nua trádála a dhéanamh.
Theresa May

Bhí an tAontas Eorpach agus Rialtas na hÉireann amhrasach faoi na moltaí seo. 

Flórans, Meán Fómhair 2017[athraigh | athraigh vicithéacs]

Thug Príomh-Aire na Breataine Theresa May, óráid i bhFlórans san Iodáil ar an 22 Meán Fómhair 2017. Mhol sí go mbeadh fáil ag an mBreatain ar na socruithe céanna sa mhargadh aonair agus a bhí acu roimhe sin tar éis dóibh dealú ón Aontas Eorpach, ar feadh dhá bhliain[2]. Mhol sí freisin go mbeadh conradh nua slándála idir an Bhreatain agus an tAontas le dul i ngleic le haon bhagairt a thiocfadh chun cinn.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]