Boris Johnson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Boris Johnson
Boris Johnson official portrait (cropped).jpg
Ball den 53ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 7, 2001 - Aibreán 11, 2005
Dúiche: Henley (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2001
Ball den 54ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 5, 2005 - Meitheamh 4, 2008
Dúiche: Henley (Toghcheantar na Ríochta Aontaithe)
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2005
2. Méara Londan

Bealtaine 4, 2008 - Bealtaine 7, 2016
Ken Livingstone - Sadiq Khan
Toghchán: 2008 London mayoral election (en) Aistrigh, 2012 London mayoral election (en) Aistrigh
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Bealtaine 7, 2015 - Bealtaine 3, 2017
Dúiche: Uxbridge and South Ruislip (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe

2016 -
Rúnaí Stáit do Ghnóthaí Eachtracha agus Comhlathais

Iúil 13, 2016 - Iúil 9, 2018
Philip Hammond - Jeremy Hunt
Ball den 57ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Meitheamh 8, 2017 - Samhain 6, 2019
Dúiche: Uxbridge and South Ruislip (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríocht Aontaithe, 2017
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh

Iúil 23, 2019 - Meán Fómhair 5, 2022
Theresa May - Liz Truss
77. Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe

Iúil 24, 2019 - Meán Fómhair 6, 2022
Theresa May - Liz Truss
Minister for the Civil Service (en) Aistrigh

Iúil 24, 2019 - Meán Fómhair 6, 2022
Theresa May - Liz Truss
Céad Tiarna an Státchiste

Iúil 25, 2019 - Meán Fómhair 6, 2022
Theresa May - Liz Truss
Minister for the Union (en) Aistrigh

Iúil 26, 2019 - Meán Fómhair 6, 2022 - Liz Truss
Ball den 58ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 12, 2019 -
Dúiche: Uxbridge and South Ruislip (en) Aistrigh
Toghchán: An chéad olltoghchán eile sa Ríocht Aontaithe
Saol
Ainm iomlán Alexander Boris de Pfeffel Johnson
Eolas breithe Nua-Eabhrac, 19 Meitheamh 1964 (58 bliain d’aois)
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
An Ríocht Aontaithe
Áit chónaithe Kensington Thiar
Islington
Crouch End
10 Downing Street (en) Aistrigh
Teanga dhúchais An Béarla
Muintir
Athair Stanley Johnson
Máthair Charlotte Johnson Wahl
Céile/Céilí Allegra Mostyn-Owen (en) Aistrigh  (1987 -  1993)
Marina Wheeler (en) Aistrigh  (1993 -  2018)
Carrie Johnson (en) Aistrigh  (Bealtaine 29, 2021 -
Páirtí/Páirtithe Carrie Johnson (en) Aistrigh
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma mater Coláiste Eton
Ashdown House School (en) Aistrigh
Coláiste Balliol 1986) Baitsiléir Ealaíon : Clasaicigh
European School, Brussels I (en) Aistrigh
Leibhéal oideachais Baitsiléir Ealaíon
Teangacha An Béarla
An Fhraincis
Gairm
Gairm iriseoir, polaiteoir, eagarthóir, scríbhneoir, scríbhneoir aistí, blagálaí agus staraí
Áit oibre Londain agus An Bhruiséil
Duaiseanna
Ig Nobel Prize  (Meán Fómhair 2020)
enllaç= Order of Liberty  (Lúnasa 23, 2022)
Ainmníodh é/í le haghaidh
[[British Academy Television Award for Best Entertainment Performance (en) ]]
(2004) : Have I Got News for You
Ballraíocht Bullingdon Club (en) Aistrigh
Beefsteak Club (en) Aistrigh
Cleamhnú
Reiligiúin Anglacánachas
Páirtithe polaitíochta An Páirtí Coimeádach
IMDb nm1296124
gov.uk…
Discogs ID 4317395
Instagram borisjohnsonuk
Twitter BorisJohnson
Boris Johnson's signature.svg

Is Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, pobalóir agus iar-iriseoir é an Ró-Onórach Alexander Boris de Pfeffel Johnson PC, ar a dtugtar Boris Johnson (a rugadh ar 19 Meitheamh 1964).

Agus é ina bhall den Pháirtí Choimeádach, d'fhreastail sé mar Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha agus an Chomhlathais ó 2016 go dtí mí Iúil 2018 agus Príomh-Aire ó mí Iúil 2019 ar aghaidh.

Ar 7 Iúil 2022, bhí sé dearbhaithe ag Johnson go bhfuil sé ag éirí as mar cheannaire an Pháirtí Chaomhaigh.[1] Dúirt sé go bhfanfadh sé ina Phríomh-Aire nó go gceapfaí ceannaire nua ar an bpáirtí.[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

2016

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é i Nua-Eabhrac ar an 19 Meitheamh 1964 i dteaghlach saibhir Sasanach den ard-mheán aicme. Fuair sé a chuid oiliúna sa Scoil Eorpach sa Bhruiséil, in Ashdown House School agus in Eton College. Rinne sé staidéar ar an Léann Clasaiceach in Balliol College, Oxford, agus toghadh é ina uachtarán den Oxford Union in 1986.

Iriseoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh sé a ghairm mar iriseoir ag obair in The Times ach briseadh as an bpost sin de bharr faisnéise bréige a chuir sé a chéile. Tamaillín níos déanaí ceapadh é mar chomhfhreagraí de The Daily Telegraph sa Bhruiséil agus bhí tionchar suntasach ag a chuid ailt ar an tuairim Eoraisceipteach de chuid eite dheis na Breataine a a raibh borradh fúithi ag an am sin.

B’eagarthóir cúnta é ó 1994 go 1999 sular éirigh leis cúraim an Eagarthóra a bhaint amach in The Spectator ó 1999 go 2005.

Feisire, 2001-2008[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Johnson ina Fheisire sa bhliain 2001, ag ionadú Henley, nuair a chuaigh sé isteach sa Pháirtí Coimeádach. Ansin bhí sé sa scáth-chomh-aireacht, faoi cheannasaíocht Michael Howard agus David Cameron araon. Chloígh sé le gnás an Páirtí Coimeádaí den chuid is mó ach thóg sé seasamh ní ba liobrálaí ar bhealach sóisialta maidir le ceisteanna dála cearta lucht Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach i vótaí na parlaiminte.

Jennifer Arcuri (2012-2016).[3]

Méara Londan, 2008-2016[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roghnaíodh Johnson le bheith an t-iarrthóir Coimeádach sa toghchán méara in 2008, d’éirigh leis an ceann is fearr a bhaint amach ar Ken Livingstone, an sealbhóir oifige as Páirtí an Lucht Oibre[4] agus d’éirigh as a suíochán sa pharlaimint. Le linn a chéad téarma mar mhéara, chuir sé cosc ar chaitheamh alcól ar an gcóras iompair agus rinne sé gaisce ar son na hearnála airgeadais i Londain, agus thug sé isteach busanna nua Routemaster, chomh maith leis an scéim rothair phoiblí ar cíos agus an carr cábla ar an Tamais.

In 2012 toghadh Johnson arís mar mhéara ag buachan Livingstone den athuair, agus rinne sé maoirsiú ar Cluichí Oilimpeacha an tsamhraidh le linn a dhara théarma san oifig.

Toghadh Johnson ina Fheisire mar ionadaí lucht Uxbridge agus Ruislip Theas ó 2015 ar aghaidh, agus d’éirigh sé as cúram an mhéara an bhliain ina dhiaidh sin, 2016.

le Simon Coveney, 2018

Breatimeacht, 2016[cuir in eagar | athraigh foinse]

Johnson le Carrie Symonds, 2020

Ba mhórphearsa é i bhfeachtas Vote Leave chun an Ríocht Aontaithe a tharraingt siar as an Aontas Eorpach agus ar éirigh leis in 2016. Ceapadh é mar Rúnaí Eachtracha faoi cheannasaíocht Phríomhaire Theresa May.

Carrie Symonds, 2020

Príomhaire, 2019-[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Johnson ina phríomaire ar 24 Iúil 2019 agus reáchtáladh olltoghchán ar 12 Nollaig 2019. Bhuaigh na Tóraithe os cionn 360 suíochán agus tromlach glan.

I ndeireadh na bliana 2021, bhí brú ag méadú ar Boris Johnson mar Phríomhaire agus suíochán parlaiminte caillte ag an pháirtí Caomhach i bhfothoghchán.[5] Ag an am céanna, bhí líon na gcásanna de Covid-19 sa Ríocht Aontaithe ag fás ag go tréan. Bhí cúrsaí achrannach ann chomh maith ó tháinig sé chun solais go raibh cóisirí ar bun i Sráid Downing an Nollaig 2020.[5] Ach bhí an tír faoi shrianta diana Covid-19 ag an am. Agus i mí na Nollag 2021, d'éirigh an tAire don Bhreatimeacht, Lord Frost, as. Ba phearsa lárnach laistigh den rialtas é.

2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí an Mheithimh 2022, tharla vóta mímhuiníne do Johnson. An phríomhchúis do mhíshástacht leis i measc na bhFeisirí agus an phobail ná briseadh na rialacha Covid-19 nuair a tharla cóisirí in 10 Downing Street i rith na dianghlasála.[6]

Mhair Johnson an vótal vótáil na Tóraithe 211 in aghaidh 148 i bhfabhar an Phríomh Aire, sin 41% de na Feisirí ina choinne. Ach rinneadh damáiste mór dá cháil agus dá chumhacht.

Coicís níos déanaí, chaill an Páirtí Caomhach dhá shuíochán parlaiminte i bhfothoghcháin agus d'éirigh cathaoirleach an Pháirtí Chaomhaigh, Olivier Dowden, as a phost mar gheall ar an mbuille a buaileadh ar an bpáirtí. Ach thug Johnson le fios go "leanfadh sé ar aghaidh".[7]

Ar 5 Iúil, thug an Seansailéir Rishi Sunak agus an Rúnaí Sláinte Sajid Javid le tuiscint go raibh siad ag éirí as; ní raibh muinín acu a thuilleadh as Johnson.[8] Baineann an scéal leis an bhfeisire parlaiminte Chris Pincher a d'éirigh as a chúram mar Leas-Phríomh-Aoire Rialtas na Breataine i bhfianaise líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis a bheith ar bun aige agus é ar meisce.[9]

Ar a shon sin ar fad, tuigeadh go raibh neart airí sinsearacha eile sásta tacú le Boris Johnson go fóill, leithéidí Michael Gove agus Ben Wallace. Ach an lá dár gcionn, thug Johnson an bóthar do Gove le teann feirge.

2019, Feachtas 'Led by Donkeys'

Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cliúsaí ban is ea Johnson. Phós sé Allegra Mostyn-Owen[10] sa bhliain 1987 agus anson Marina Wheeler sa bhliain 1993 [11]

Bhí caidrimh seachphósta ag Johnson le Petronella Wyatt (2000-2004),[12] Anna Fazackerley (2005), Helen MacIntyre (2009), agus Jennifer Arcuri (2012-2016).[3]

Phós Johnson agus Carrie Symonds[13] (33 ag an am) In Ard-Eaglais Westminster ar 29 Bealtaine 2021.[14]

Níl a fhios againn cé mhéad clainne atá ag Johnson.

Pearsa conspóideach[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’éirigh le Johnson a bheith ina dhuine de na polaiteoirí ba mór le rá sa Bhreatain de bharr an méid a bhí sé le feiceáil ar teilifís agus an tóir ar a shaothair scríofa, in irisí agus i leabhair freisin.

Johnson signed Brexit Withdrawal Agreement.jpg

Eanáir 2020ː An socrú maidir le tarraingt amach as an AE sínithe ag Johnson

Is pearsa conspóideach i measc lucht polaitíochta agus iriseoireachta na Breataine é. Tá a chuid tacadóirí tar éis é a mholadh mar phearsa greannmhar siamsaíochta a bhfuil a ainm in airde agus a mheallann vótaí ó dhaoine nach vótálann feisirí an pháirtí Choimeádaigh de ghnáth.

Ar an taobh eile den scéal, tá sé cáinte ag lucht na heite clé agus ag lucht na heite dheis agus cuirtear ina leith gur éilíteach mímhacánta leisciúil é atá tógtha leis an gcaint chiníoch. Tá roinnt mhaith beathaisnéisí scríofa faoi agus léirítear é mar phearsa i roinnt mhaith saothair ficseanúla freisin.  

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2022-07-07). ""Boris Johnson chun éirí as mar cheannaire an Pháirtí Chaomhaigh"" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2022-07-07). ""Sin mar a bhíonn!" - Boris Johnson maolchluasach ach stóchúil" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 "Jennifer Arcuri" (as en) (2021-05-01). Wikipedia. 
  4. "Johnson snatches Tories' biggest prize" (en). the Guardian (2008-05-03). Dáta rochtana: 2021-06-04.
  5. 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2021-12-17). "Boris Johnson go mór faoi bhrú" (as ga). 
  6. Conradh na Gaeilge (11 Meitheamh 2022). "Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-06-22.
  7. Nuacht RTÉ (2022-06-24). "Johnson le "leanacht ar aghaidh" ainneoin an bhuille is déanaí" (as ga). 
  8. RTÉ Nuacht (2022-07-05). "Seansailéir, Rúnaí Sláinte éirithe as Rialtas na Breataine" (as ga). 
  9. Nuacht RTÉ (2022-07-06). "Cos i bhfeac ag Johnson ach tuilleadh dílseánach á thréigean" (as ga). 
  10. "Allegra Mostyn-Owen" (as en) (2021-06-04). Wikipedia. 
  11. "Marina Wheeler" (as en) (2021-06-03). Wikipedia. 
  12. "Petronella Wyatt" (as en) (2021-05-31). Wikipedia. 
  13. "Carrie Symonds" (as en) (2021-06-04). Wikipedia. 
  14. Nuacht RTÉ (2021-05-30). "Príomh Aire na Breataine Boris Johnson, pósta" (as ga). 

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]




Príomh-Airí na Ríochta Aontaithe

Walpole | Wilmington | Pelham | Newcastle | Devonshire | Newcastle | Bute | Grenville | Rockingham | Chatham | Grafton | North | Rockingham | Shelburne | Portland | William Pitt Óg | Sidmouth | William Pitt Óg | Grenville | Portland | Perceval | Liverpool | Canning | Goderich | Wellington | Grey | Melbourne | Peel | Melbourne | Peel | Russell | Derby | Aberdeen | Palmerston | Derby | Palmerston | Russell | Derby | Disraeli | Gladstone | Disraeli | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Rosebery | Salisbury | Balfour | Campbell-Bannerman | Asquith | Lloyd George | Bonar Law | Baldwin | MacDonald | Baldwin | MacDonald | Baldwin | Chamberlain | Churchill | Attlee | Churchill | Eden | Macmillan | Douglas-Home | Wilson | Heath | Wilson | Callaghan | Thatcher | Major | Blair | Brown | Cameron | May | Johnson | Truss