Simon Coveney

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Síomón Ó Cómhanaigh)
Infotaula de personaSimon Coveney

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Síomón Ó Cómhanaigh
Beathaisnéis
Breith16 Meitheamh 1972
51 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta
17 Nollaig 2022 –
← Leo Varadkar
Aire Cosanta
27 Meitheamh 2020 – 17 Nollaig 2022 – Mícheál Ó Máirtín →
Ball de chomh-aireacht: Martin ministry (en) Aistrigh
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Tánaiste
30 Samhain 2017 – 27 Meitheamh 2020
← Proinséas Mhic GearailtLeo Varadkar →
An tAire Gnóthaí Eachtracha
14 Meitheamh 2017 – 17 Nollaig 2022
← Charles FlanaganMícheál Ó Máirtín →
An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
6 Bealtaine 2016 – 14 Meitheamh 2017
← Alan KellyEoghan Murphy →
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Aire Cosanta
11 Iúil 2014 – 6 Bealtaine 2016
← Éanna Ó CoinnighÉanna Ó Coinnigh →
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara
9 Márta 2011 – 6 Bealtaine 2016
← Brendan SmithMichael Creed →
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Feisire de Pharlaimint na hEorpa
Ina hionadaí do: Fine Gael

20 Iúil 2004 – 24 Meitheamh 2007
Téarma parlaiminte: Séú Parlaimint na hEorpa


Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Teachta Dála
23 Deireadh Fómhair 1998 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: Corcaigh Theas-Lár

Toghadh i: fothoghchán Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh
Royal Agricultural University (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Strasbourg
An Bhruiséil Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, feirmeoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
22 Eanáir 2019Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairHugh Coveney

Suíomh gréasáinsimoncoveney.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: simoncoveney Cuir in eagar ar Wikidata

Is polaiteoir Éireannach é Síomón Ó CómhanaighSimon Coveney as Béarla (ar 16 Meitheamh 1972 a rugadh é). Is Teachta Dála agus ceannaire tánaisteach ar Fhine Gael é.

Chaith Coveney 13 bliain in aireachtaí rialtais agus cuimhneofar go speisialta ar an ról a bhí aige mar Aire Gnóthaí Eachtracha le linn chainteanna an Bhreatimeachta.[1]

2008
2022

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh oideachas air freisin i gColáiste Choill Chluana Gabhann[2], i gContae Chill Dara; agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ar Choláiste Talmhaíochta an Ghoirtín, i gCo. Thiobraid Árann. Tá B.Sc. i dTalmhaíocht agus i mBainistíocht Talún ón gColáiste Talmhaíochta Ríoga, Gloucestershire aige. [3]

Toghadh chun na Dála é den chéad uair i 1998 i bhfothoghchán. Toghadh chuig Parlaimint na hEorpa é in 2004 áit a raibh sé ina bhall den ghrúpa EPP-ED. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnóthaí Eachtracha Pharlaimint na hEorpa agus den Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint Tomhaltóirí agus bhí sé ina chomhalta ionaid ar an gCoiste Iascaigh. Ba é an tUasal Coveney údar Thuarascáil Bhliantúil Pharlaimint na hEorpa ar Chearta Daona sa Domhan don bhliain 2004 agus arís don bhliain 2006.[3]

Bhí sé ina bhall de Chomhairle Contae Chorcaí agus de Bhord Sláinte an Deiscirt ó 1999 go 2003.

Aire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ina Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara (2011-2016), ina Aire Cosanta (2014-2016) agus ina Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil (2016-2017).

Athtoghadh Coveney in Olltoghchán 2016 le 14% de na vótaí céad rogha.

Bhí sé ina Aire Gnóthaí Eachtracha (2017-2022) agus ina Aire Cosanta (2020-2022). Idir mí na Samhna 2017 agus mí Meitheamh 2020, bhí oifig an Tánaiste aige chomh maith.[3]

Ceapadh Coveney ina Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta sa bhliain 2022.

D'éirigh Coveney as a chuid cúramaí mar aire i mí Aibreáin 2024. Bhí an tuairimíocht ann ag an am go ndearna Coveney an cinneadh mar gur bhraith sé nach n-ainmneodh ceannaire Fhine Gael, Simon Harris, é nuair a d'athraigh sé na hairí sa Rialtas.

TD[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Corcaigh Lár-Theas an dáilcheantar ina bhfuil Simon Coveney ina Theachta Dála ó 1998 tráth ar éirigh leis suíochán a athar a bhuachan i bhfothoghchán. Fuair a athair, Hugh Coveney (1935 – 14 Márta 1998) bás tobann nuair a thit sé le haill.[4][5]

In 1998, bhí Coveney mar cheann de na Teachtaí Dála is óige de chuid Fhine Gael. Idir 1998-2011, bhí scáth-aireachtaí aige sna réimsí seo a leanas: Drugaí agus Gnóthaí Óige; Cumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha; Iompar agus Muir.[6]

Bhí Coveney ina chathaoirleach ar Choiste Forbartha Beartais Fhine Gael, roimh Olltoghchán 2011.

Is é Corcaigh Lár-Theas an dáilcheantar ina bhfuil Coveney ina Theachta Dála. D'éirigh an dáilcheantar thar a bheith iomaíoch sna 2020idí, dáilcheantar ina bhfuil an tAire Airgeadais Micheal McGrath (FF) agus an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin (FF) chomh maith le Donnchadh Ó Laoghaire (SF).[1]

Nuair a ceistíodh Coveney i dtaca le bheith san iomaíocht don chéad olltoghchán eile (in 2024/2025) dúirt sé nach raibh a intinn socraithe ina thaobh sin go fóill.[1]

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’imir Coveney rugbaí do Gharraí Eoghain, Bunreacht Chorcaí agus Club Rugbaí Bun an Tábhairne.

I 1997/8 bhí sé i gceannas ar an "Tionscadal Seolta Chernobyl" a bhain le seoladh 30,000 míle timpeall an domhain ar son carthanachta.[6]

Tá baint i gcónaí ag Coveney le feirm teaghlaigh a reáchtáil i gContae Chorcaí.[6]

Tá Coveney pósta ar Ruth agus tá cónaí orthu i gCorcaigh lena dtriúr iníonacha.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-04-02). "An tAire Coveney le seasamh go leataobh" (as ga-IE). 
  2. Clongowes Wood College
  3. 3.0 3.1 3.2 "Simon Coveney" (en). enterprise.gov.ie. Dáta rochtana: 2024-04-02.
  4. Jim Doyle (2021-03-14). "Death of Hugh Coveney, Former Lord Mayor of Cork" (en). seamus dubhghaill. Dáta rochtana: 2024-04-02.
  5. Nuacht RTÉ (2024-04-02). "An tAire Coveney le seasamh go leataobh (2)" (as ga-IE). 
  6. 6.0 6.1 6.2 "Simon Coveney" (ga). www.gov.ie (2020-06-27). Dáta rochtana: 2024-04-02.



Feisirí Pharlaimint na hEorpa do Phoblacht na hÉireann (2004-2009)
L Aighleart | S Ó Cómhanaigh* | G De Mhistéal | P De Rossa | A Doyle | M Harkin | Jim Higgins | B Mac Amhlaidh | Mary Lou McDonald | M Nic Aonasa | S Ó Neachtain | E Ó Riain | K Sinnott
(* C Burke mar ionadaí Meitheamh 2007)