Frank Feighan
(2014) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 4 Iúil 1962 63 bliana d'aois Mainistir na Búille, Éire |
| 29 Samhain 2024 – Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil Toghcheantar: Sligeach–Liatroim Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2024 | |
| Minister of State at the Department of Health (en) | |
| 1 Iúil 2020 – 17 Nollaig 2022 | |
| 8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 33ú Dáil Toghcheantar: Sligeach–Liatroim Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2020 | |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 8 Meitheamh 2016 – 27 Márta 2020 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: Baill ainmnithe de Sheanad Éireann | |
| 9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 31ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin–Liatroim Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann 2011 | |
| 14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 30ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin–Liatroim Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2007 | |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 12 Meán Fómhair 2002 – 24 Bealtaine 2007 Téarma parlaiminte: 22ú Seanad Éireann Toghcheantar: An Rolla Riaracháin | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Is polaiteoir as Ros Comáin/Sligeach é Frank Feighan nó Proinsias Ó Fiacháin (a rugadh ar an 4 Iúil 1962). Ball d'Fhine Gael atá ann. Ceapadh Feighan mar aire stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí ar an 18 Samhain 2025.[1]

Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Feighan ina bhall den 22ú Seanad, 2002 go 2007..[2]
Sa bhliain 2006 ghlac sé páirt i seó de chuid RTÉ, You're a Star, chun airgead a bhailiú do charthanas do pháistí.
Sa bhliain 2007 ceapadh Feighan mar leas-urlabhraí an pháirtí d'Iompar agus Oideachas.
Toghadh Feighan mar TD in 2007, 2011, 2020 agus 2024. Bhí sé ina TD do Ros Comáin-Deisceart Liatroma ar dtús agus ansin Sligeach–Liatroim.[3] Níor ghlac sé páirt san Olltoghchán 2016.
I mí Iúil 2010, roghnaigh Enda Kenny Feighan mar urlabhraí Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.[4] Bhí go leor daoine míshásta le ceapadh Feighan mar urlabhraí Gaeltachta, mar ní raibh Gaeilge ar bith aige. Dúradh gur maslach an rud duine gan Ghaeilge a cheapadh mar Aire Gaeltachta, rud a rinneadh roimhe sin nuair a ceapadh Síle de Valera agus Michael Ring roimhe seo agus nuair a cheap Charles Haughey é féin ina Aire Gaeltachta. Dúirt Feighan go raibh sé ag foghlaim na teanga agus go raibh sé in ann a chuid oibre a chur i gcrích mar bhí Kenny agus an leas-urlabhraí Dinny McGinley as Gaoth Dobhair ag cabhrú leis.[5]

Ceapadh Feighan mar aire stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí ar an 18 Samhain 2025.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Simon Harris an t-aire airgeadais nua, Helen McEntee ina haire gnóthaí eachtracha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-18). Dáta rochtana: 2025-11-18.
- ↑ "Frank Feighan". ElectionsIreland.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Feabhra 2009. Dáta rochtana: 5 Lúnasa 2010.
- ↑ "Mr. Frank Feighan". Oireachtas Members Database. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Deireadh Fómhair 2010. Dáta rochtana: 5 Lúnasa 2010.
- ↑ "Bruton & Noonan return to Fine Gael frontbench". RTÉ News.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-04-29. Dáta rochtana: 2010-08-05.