Seán F. Lemass
Ba é Seán Francis Lemass (15 Iúil 1899 - 11 Bealtaine 1971), an tríú Taoiseach (ceannaire rialtais na hÉireann) agus ina cheannaire ar Fhianna Fáil, idir 1959 agus 1966. Leasaitheoir a bhí ann: bhí fonn ar Lemass cruth nua-aimseartha a chur ar chóras rialtais, eacnamaíocht agus sochaí na hÉireann.[1]


Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Seán Francis Lemass i mBaile Breac sa bhliain 1899 i mBaile Átha Cliath. An t-ainm a baisteadh air ná John Francis Lemass. Ach thosaigh sé ag tabhairt Seán air féin agus é in ógánach tar éis páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ní raibh sé ach 17 mbliana nuair a d’iompair sé James Connolly amach as Ard-Oifig an Phoist ar shínteoir agus é gonta. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é ach scaoileadh saor é de bharr a aoise.
Leis na mBráithre Críostaí sa chathair a fuair sé a chuid oideachais, áit ina raibh sé in aon rang leis an bhfuirseoir mór le rá Jimmy O'Dea.
Tragóidí millteanacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scaoileadh marbh a dheartháir is óig de thaisme ina bhaile féin in Eanáir 1916; b’shin Seán féin a lámhachadh é.[2] Roimh an Éirí Amach agus Seán Lemass ag plé le gunna sa mbaile, gunna a raibh piléar ann, scaoil sé piléar marfach lena dhearthóir óg, Herbert, dhá bhliain d’aois.
Dúnmharaíodh deartháir eile, Noel, sa bhliain 1923 le linn Chogadh na gCarad. Rinneadh céasadh coirp air.
Fuair deartháir eile, Patrick, bás le hadhairt sa bhliain 1926.
Ghoill na heachtraí seo go mór ar Lemass; bhí buairt agus brón ar an bhfear i gcaitheamh a shaoil ina dhiaidh sin. Níos déanaí, níor labhair sé faoi Chogadh na Saoirse ná ar na scoilteanna ar fad a tharla sna 1920idí. B’in rún a choinnigh sé i gcaitheamh a shaoil, cé gur throid sé in Éirí Amach 1916.
Bhí sé de cháil air go raibh sé cineál borb agus nach raibh féith an chineáltais ann. Ach ní mar sin a chuimhníonn a chlann air.[3]

Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Lemass gníomhach i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha i 1922.
Toghadh Lemass mar theachta i nDáil Éireann i 1924 (san fhothoghchán "Dublin South" ar 18 Samhain 1924). Bhunaigh sé Fianna Fáil i 1926 le hEamon de Valera agus comhghleacaithe eile.
I 1932 rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de. I rith an Dara Cogadh Domhanda gníomhaigh sé mar Aire Soláthairtí. Rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de arís tar éis an chogaidh i rith na gcaogaidí (1951-1954 agus 1957-1959).

Taoiseach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1959 toghadh Lemass mar Thaoiseach. Sna blianta sin, bunaíodh RTÉ, tháinig John F. Kennedy go hÉirinn, agus bhí an geilleagar ag fás níos gasta.
Thug Lemass cuairt thábhachtach ar Terence O'Neill, Príomh-aire Tuaisceart Éireann i 1965. Ceapadh ag an am go mbeadh sé ina thús úrnua i stair chráite na tíre.
Geilleagar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an tír ag brath ar an bhfeirmeoireacht sna 1950idí. Chonaic Lemass go raibh gá le hathrú treo – go gcaithfeadh an tír breathnú amach, agus go raibh gá le hinfheistíocht ón taobh amuigh. Chuir sé tús, in éineacht le T.K. Whitaker, le ré nua eacnamaíochta a leag an bhunsraith don réabhlóid eacnamaíochta agus fostaíochta atá tarlaithe sa tír le leathchéad bliain anuas.[3]
Dlí bunreachtúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní raibh an oiread tionchair ar fhorbairt dhlí na hÉireann, agus go háirithe ar an dlí bunreachtúil, i ndiaidh an neamhspleáchais ag aon duine eile nach raibh ina dhlíodóir.[1]
Mar shampla, sa bhliain 1966, ghair Lemass an Coiste uile-pháirtí ar an mBunreacht, chun iniúchadh a dhéanamh ar na leasuithe ar Bhunreacht na hÉireann a d'fhéadfadh a bheith riachtanach. Leag an tuarscáil a rinne sé clár athchóirithe amach, ar cuireadh a lán gnéithe de i gcrích sna caoga bliain ina dhiaidh sin.
Is léir uaidh sin go raibh fonn ar Lemass cruth nua-aimseartha a chur ar chóras rialtais, eacnamaíocht agus sochaí na hÉireann.[4]
Tionchar ar na breithiúna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar is eol go forleathan, dúirt Lemass le Cearbhall Ó Dálaigh agus é á cheapadh ina Phríomh-Bhreitheamh sa bhliain 1961 agus le Brian Breatnach agus é á ardú go dtí an Chúirt Uachtarach ag an am céanna, gur mhian leat go mbeadh an Chúirt ní ba chosúla lena leithéid i SAM.[1]
Mar a léirigh Ruadhán Mac Cormaic ina leabhar,[5] is minic a dhéileáiltear leis na focail misnigh sin ar dhóigh mhí-aimseartha agus ní léir go beacht cad a bhí ar intinn ag Lemass an uair sin. Mar sin féin, bhí páirt mhór ag an dá cheapachán sin, gan aon agó, sa ról bunúsach a bhí ag an gCúirt Uachtarach maidir leis na hathruithe sóisialta agus dlíthiúla a tharla sna dá bhliain déag ina dhiaidh sin agus níos faide.[1]
Ceapadh Caoimhín Ó hEachach, Frederick Gardner Budd agus Liam Ó Mac Gearailt ar an gCúirt Uachtarach freisin le linn do Lemass a bheith ina Thaoiseach.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh Lemass as a phost mar Thaoiseach agus cheannaire Fhianna Fáil i 1966. Tháinig Jack Lynch i gcomharbas air.
Bhí Lemass trom ar an tobac[6] agus chuaigh a shláinte in olcas agus é ag dul anonn in aois. Níorbh fholáir é a chur san ospidéal Mater i Feabhra 1971 agus d'éag sé fá cheann trí mhí, in aois 71 bliain dó.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Baile Átha Cliath Theas-Lár
- Polaiteoirí i mBaile Átha Cliath Theas-Lár
- Noel Lemass, Óg (1929-1976)
- Seán Haughey, garmhac
- Cathal Ó hEochaidh, mac cleamhnais
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Seán Lemass". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Eunan O'Halpin. "Seán Lemass’s silent anguish" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2019-05-11.
- 1 2 Mairéad Ní Nuadháin (3 Aibreán 2026). "Seán Lemass – a scéal féin ina fhocail féin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-06.
- ↑ Scrúdaigh an tOllamh Brian Garbhain (Oilthigh Ghlaschu) bunús, obair agus tionchar díreach an Choiste in alt a foilsíodh sa bhliain 2013. Brian Girvin (2013). "'Lemass's brainchild': the 1966 Informal Committee on the Constitution and change in Ireland, 1965-73". Irish Historical Studies 38 (151): 406–421. ISSN 0021-1214.
- ↑ Ruadhan Mac Cormaic (2016). "The Supreme Court". Penguin Books Ireland, 9780241970331 www.omahonys.ie. Dáta rochtana: 2021-05-11.
- ↑ Maurice Curtis (2019-04-05). "The Little Book of Rathmines" (as en). History Press.
- ↑ "Death of Seán Lemass" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2019-05-12.
- Polaiteoirí as Baile Átha Cliath
- Baile Átha Cliath Theas-Lár
- Ceannairí Fhianna Fáil
- Baill Fhianna Fáil
- Baill den 4ú Dáil
- Baill den 5ú Dáil
- Baill den 6ú Dáil
- Baill den 7ú Dáil
- Baill den 8ú Dáil
- Baill den 9ú Dáil
- Baill den 10ú Dáil
- Baill den 11ú Dáil
- Baill den 12ú Dáil
- Baill den 13ú Dáil
- Baill den 14ú Dáil
- Baill den 15ú Dáil
- Baill den 16ú Dáil
- Baill den 17ú Dáil
- Baill den 18ú Dáil
- Daoine a rugadh i 1899
- Básanna i 1971