Fine Gael
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
|
|||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | FG ![]() | ||||
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | daonlathas Críostaí coimeádachas liobrálach Eorpachas ![]() | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar dheis ón lár ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | Meán Fómhair 8, 1933 | ||||
Bunaitheoir(í) | Liam Tomás Mac Cosgair, Frank MacDermot agus Eoin Ó Dubhthaigh ![]() | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | European People's Party (en) ![]() ![]() | ||||
Ballraíocht | 21,000 (2016) ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceannceathrú | |||||
Uachtaránacht | Martin Heydon Leo Varadkar (2017–) ![]() | ||||
Eile | |||||
Dath | ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | finegael.ie ![]() | ||||
Páirtí polaitíochta i bPoblacht na hÉireann is ea Fine Gael. Tá sé ar an dara páirtí is mó i rialtas na hÉireann: tá séúr airí sinsearacha acu as cúigear déag, agus de réir socrú idir pháirtithe an rialtais, toghfar ceannaire Fhine Gael, Leo Varadkar, ina Thaoiseach ag deireadh na bliana 2022. Fuair an páirtí 20.9% de na vótaí céad-rogha agus 35 suíochán Dála in Olltoghchán 2020, á chur ar an tríú páirtí is mó sa Dáil.
De réir a maíonn an páirtí féin, tá timpeall ar 30,000 duine ina mbaill d'Fhine Gael.[1] Inniu, dearctar go ginearálta ar Fhine Gael mar an páirtí is faide ar an eite dheis de na páirtithe a bhfuil ionadaíocht acu i nDáil Éireann ó thaobh na heacnamaíochta de, agus iad ag tacú go mór le cánacha ísle agus polasaithe a thacaíonn leis na gnóthaí.[2] Ar cheisteanna sóisialta, meastar go bhfuil Fine Gael níos liobrálaí ná príomh-pháirtí traidisiúnta eile na hÉireann, Fianna Fáil, ach níos coimeádaí ná an chuid is mó de pháirtithe eite chlé na hÉireann.[2] Tacaíonn an páirtí go láidir le ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, agus é ag cur in aghaidh Phoblachtánachas na láimhe láidre go tréan.
Tá siad ina mball de Pháirtí Eorpach an Phobail i bParlaimint na hEorpa, agus is iad na páirtithe Críost-daonlathacha, a bhíonn go ginearálta ins an ghrúpa seo chomh maith, na páirtithe is cosúla le Fine Gael i mór-roinn na hEorpa.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Téann stair Fhine Gael siar go dtí laethanta an Chogaidh Chathartha. Ach níor tháinig an páirtí ar an bhfód roimh an mbliain 1933, nuair a tháinig an Lár-Pháirtí Náisiúnta, Cumann na nGaedheal agus an Garda Náisiúnta (nó "Na Léinte Gorma" tráth dá raibh) le chéile.
Polasaí i dtaobh na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí baint áirithe ag Fine Gael leis an Language Freedom Movement nuair a bhí an ghluaiseacht sin ag cur in aghaidh na "Gaeilge éigeantaí" sna 1960idí/1970idí, rud a tharraing míchlú áirithe frith-Ghaeilgeoireachta ar an bpáirtí ag an am.
In Earrach na bliana 2006, d'éiligh Éanna Ó Cionnaith, ceannaire an pháirtí, go maolófaí ar stádas na Gaeilge sna scoileanna. Is í an chiall a bhain gluaiseacht na Gaeilge as an gcineál sin cainte ná gurbh é seandúchas an pháirtí ó laethanta an LFM a tháinig chun solais arís.
Leanadh den pholasaí seo go dtí an bhliain 2011, ainneoin gan tacaíocht aon fhianaise a bheith ag an impleachtaí an pholasaí dar leo. Mar sin féin is beag cainte a rinneadh faoi tar éis allagar an toghcháin agus tuigeadh go raibh Páirtí an Lucht Oibre tar éis cur ina choinne mar pholasaí.

Ceannairí an pháirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceannaire | Blianta | Toghcheantar |
---|---|---|
Eoin Ó Dubhthaigh | 1933–34 | Ceann ar bith. |
L. T. Mac Cosgair | 1934–44 | Ceatharlach-Cill Chainnigh |
Risteard Ó Maolchatha | 1944–59 | Tiobraid Árann |
Séamas Diolún | 1959–65 | Muineachán |
Liam Mac Cosgair | 1965–77 | Dún Laoghaire |
Gearóid Mac Gearailt | 1977–87 | Átha Cliath Theas Thoir |
Ailéin de Diúc | 1987–90 | Cill Dara |
Seán de Briotún | 1990–2001 | An Mhí |
Micheál Ó Nuanáin | 2001–02 | Luimneach Thoir |
Éanna Ó Cionnaith | 2002–17 | Maigh Eo |
Leo Varadkar | 2017– | Bhaile Átha Cliath Thiar |
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Join Fine Gael". Fine Gael. Dáta rochtana: 2019-12-25.
- ↑ 2.0 2.1 "Fine Gael vs Fianna Fáil: what's the difference?" (en). SpunOut.ie - Ireland's Youth Information Website. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-25. Dáta rochtana: 2019-12-25.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |