Risteárd Ó Maolchatha
Polaiteoir Éireannach, ceannaire de chuid Fhine Gael agus Aire Rialtais ab ea an Ginearál Risteárd Séamus Ó Maolchatha, (10 Bealtaine, 1886 - 16 Nollaig, 1971).[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac an Maolchathach páirt in Éirí Amach na Cásca; bhí sé mar leas-cheannasaí ar dhíorma d'Óglaigh a d'ionsaigh póilíní i gCill Dhéagláin. Bhí Tomás Ághas i gceannas an díorma sin.
D'éirigh Ó Maolchatha ina mhac léinn leighis i gColáiste na hOllscoile, BÁC i mí Meán Fómhair 1916[2] agus é 30 bliain d'aois.
Ceapadh Ó Maolchatha mar Cheann Foirne ar Óglaigh na hÉireann (na Volunteers ag an am) ar an 23 Márta 1918.[3][4][5][6] Choimeád sé oifig i halla na Ceimice i Roinn na Síceolaíochta ar Ardán Phort an Iarla, áit a chuir sé i gcrích a chuid cúraimí mar Cheann Foirne.[7]
Toghadh Ó Maolchatha mar Theachta Dála san olltoghchán i mí na Nollag 1918.
D''éirigh Ó Maolchatha as an staidéar i 1919. Bhí sé ina Cheann Foirne le linn Chogadh na Saoirse, mar aon le bheith mar Leas-Aire Cosanta.
Ghlac Ó Maolchatha leis an gConradh agus ceapadh mar Ard-Cheannasaí ar an Arm é nuair a maraíodh Micheál Ó Coileáin i mí Lúnasa 1922. Dar le Ó Maolchatha, ba cheart poblachtánaigh a chur chun báis chun deireadh gasta a chur leis an gCogadh Cathartha.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Gaeilge ar a thoil aige (chaith sé seal ag obair i gContae Chiarraí agus i gContae Corcaigh)[8].
Bhí an Maolchathach ina chathaoirleach ar Choimisiún na Gaeltachta i 1925 ach ba chionsiocair é "leis an réiteach liopasta agus an neamh-shainmhíniú Gaeltachta mar aonad teangeolaíoch i 1925".[9]
Ar an 6 Meitheamh 1928, shínigh Risteárd Ua Maolchatha, a bhí ina Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte ag an am, Ionstraim Reachtúil Uimhir 33 de 1928, Local Offices and Employments (Gaeltacht) Order, 1928. Faoi na rialacháin nua seo, bheadh tréimhse trí bliana ag aon fhostaithe nua a mbeadh cúraimí Gaeltachta orthu sna húdaráis áitiúla nó sna húdaráis sláinte le hoiread Gaeilge a shealbhú, le go bhféadfaidís a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na teanga sin[10]. Ach níor cuireadh an riail seo i bhfeidhm riamh.
-
Risteárd Ó Maolchatha
-
Mícheál Ó Coileáin & Risteárd Ó Maolchatha, 16 Lúnasa 1922.
-
Comhad faisnéise míleata ar Richard Mulcahy ó Arm na Breataine Móire
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó MAOLCHATHA, Risteárd (1886–1971) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- ↑ "Ernie O'Malley" le Richard English lch 126
- ↑ "Richard James Mulcahy | Irish soldier and politician" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ "1912 – 1923 Timeline – UCD Decade of Centenaries" (en-US). Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ "Mulcahy and Collins—a conjunction of opposites". History Ireland (2013-02-28). Dáta rochtana: 2021-03-23.
- ↑ Maryann Gialanella Valiulis (1992-01-01). "Portrait of a Revolutionary: General Richard Mulcahy and the Founding of the Irish Free State" (as en). University Press of Kentucky.
- ↑ centenaries.ucd.ie (2013). "Deich mBliana na gCuimhneachán i UCD". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Ronan Fanning, "Richard Mulcahy - UCD Decade of Centenaries" 1 Aibreán 2015 http://centenaries.ucd.ie/wp-content/uploads/2015/04/Mulcahy-Richard.pdf
- ↑ Ni Laoire, Siobhan agus Doyle, Aidan (2006). "Aisti ar an Nua-Ghaeilge: In omos do Bhreandan O Buachalla (Cois Life)". 1lib.us z library. Dáta rochtana: 2021-03-23.[nasc briste go buan]
- ↑ Seán Ó Cuirreáin, 3 Meán Fómhair 2013 "An fhírinne shearbh faoin stát is an Ghaeilge" https://antuairisceoir.com/2013/09/03/an-fhirinne-shearbh-faoin-stat-is-an-ghaeilge/ Curtha i gcartlann 2017-11-14 ar an Wayback Machine
- Leathanaigh a bhfuil nascanna briste le comhaid iontu
- Articles with dead external links from Samhain 2022
- Daoine a rugadh i 1886
- Básanna i 1971
- Airí Rialtais na hÉireann
- Baill Chumann na nGaedheal
- Baill Shinn Féin
- Baill d'Óglaigh na hÉireann (1917-1922)
- Baill de BPÉ
- Ceannairí Fhine Gael
- Baill den 1ú Dáil
- Baill den 2ú Dáil
- Baill den 3ú Dáil
- Baill den 4ú Dáil
- Baill den 5ú Dáil
- Baill den 6ú Dáil
- Baill den 7ú Dáil
- Baill den 8ú Dáil
- Baill den 10ú Dáil
- Baill den 12ú Dáil
- Baill den 14ú Dáil
- Baill den 15ú Dáil
- Baill den 16ú Dáil
- Baill den 2ú Seanad
- Baill den 4ú Seanad
- Daoine as Contae Phort Láirge
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Fir
- Pearsanra míleata