Jump to content

Kevin O’Higgins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Caoimhín Ó hUiginn)
Infotaula de personaKevin O’Higgins

(1922) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Kevin Christopher O'Higgins Cuir in eagar ar Wikidata
7 Meitheamh 1892
An Sráidbhaile Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Iúil 1927
35 bliana d'aois
Baile an Bhóthair Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
23 Meitheamh 1927 – 10 Iúil 1927
Téarma parlaiminte: 5ú Dáil

Toghcheantar: Contae Átha Cliath

An tAire Gnóthaí Eachtracha
23 Meitheamh 1927 – 10 Iúil 1927
← Deasún Mac GearailtLiam Tomás Mac Cosgair →
Teachta Dála
19 Meán Fómhair 1923 – 20 Bealtaine 1927 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 4ú Dáil

Toghcheantar: Contae Átha Cliath

Leas-Uachtarán Chomhairle Feidhmiúcháin Shaorstát na hÉireann
6 Nollaig 1922 – 10 Iúil 1927
← luach ar iarraidh – Earnán de Blaghd →
Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil

Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí

An tAire Dlí agus Cirt
30 Lúnasa 1922 – 10 Iúil 1927
← Éamon Ó DugáinLiam Tomás Mac Cosgair →
Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil

Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí

Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: Queen's County (en) Aistrigh

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Queen's County (en) Aistrigh

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Muire Cnoc Beag
Coláiste Crescent Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaCumann na nGaedheal Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Polaiteoir Éireannach ab ea Caoimhín Críostóir Ó hUiginnKevin Christopher O'Higgins (7 Meitheamh 1892 - 10 Iúil 1927), agus Leas-Phríomh Aire agus Aire Dlí & Cirt Shaorstát

Éireann nuair a feallmharaíodh é.

1922

Éirí Amach na Cásca

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí O'Higgins meáite le troid in Éirí Amach na Cásca ach nuair a shroich sé imeall Bhaile Átha Cliath, bhí na bóithre dúnta. Agus b'éigean dó filleadh abhaile (ní raibh sé in ann siúl timpeall is cosúil).

Cogadh na Saoirse agus Cogadh Chathartha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Éamon De Valera, Caoimhín Ó hUiginn agus Ruairí Ó Conchúir ag bainis an Uiginnigh (1921)

Bhí an tUiginneach ina Aire Cúrsaí Inmheánacha sa chéad rialtas i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann. Throid sé i gCogadh na Saoirse.

le John Lavery, 1923

I rith an Chogaidh Chathartha, nar Aire Dlí agus Cirt, bhí sé de dhualgas air Poblachtánaigh a chur chun báis.[1] Bhí Ruairí Ó Conchúir ar dhuine acu siúd a básaíodh ar a chuid orduithe, cé go raibh sé ina vaidhtéir ag a bhainis. Shínigh O'Higgins an t-ordú chun é a chur chun báis.

Booterstown Avenue agus Cross Avenue

Feallmharaíodh an tUiginneach féin sa bhliain 1927, nuair a bhí sé ag filleadh abhaile ón Aifreann. Ní bhfuarthas amach riamh cé a mharaigh é, ach glactar leis go coitianta gur Poblachtánaigh a bhí ann agus iad ag baint sásaimh as ar son an Chogaidh Chathartha.

Bhí sé ar a shlí go dtí an tAifreann i mBaile an Bhóthair, BÁC. Léim triúr fear amach as carr agus scaoil siad leis ocht n-uaire. Gortaíodh O’Higgins go dona agus fuair sé bás cúpla uair a chloig ina dhiaidh sin. Bhí Eoin Mac Néill, Aire Oideachais na tíre ina chuideachta ag an am agus rith sé chun cabhair a thabhairt dó.

Bhí beirt Aire eile de chuid an tSaorstáit, an tAire Hogan agus McGilligan, ag fanacht i dteach Uí Uigín ar feadh an deireadh seachtaine. Chuaigh siad sin ar Aifreann níos luaithe an mhaidin chéanna mar go raibh siad ag dul ag imirt gailf níos déanaí i rith na maidine. Ceaptar go raibh sé ar intinn ag na dúnmharaithe níos mó ná duine amháin a mharú. Phioc na feallmharaithe crosbhóthar ar a thugtar “An Cúinne Dorcha” air mar go bhfuil an méid sin crann ag fás sa cheantar.

D’fhág Ó hUigín a theach timpeall a ceathrú chun a dó dhéag chun dul ar Aifreann. Bhí an séipéal suite thart ar cheathrú míle óna theach. Fad is a bhí sé ag siúl ar an mbóthar sin tharraing carr liath isteach in aice leis agus léim an triúr fear amach. Chonacthas an carr ina dhiaidh sin ag tiomáint go han-tapa ar bhóthar Dhomhnach Broc. Ba iad na focail dheireanacha a dúirt sé, a deirtear, sula bhfuair sé bás ná “Fuair mé bás ar son na tíre. Beidh mé i gcuideachta Mhichíl Uí Choileáin”.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Físeán le British Pathé : aifreann éagnairce Hales agus portráid Higgins. "The Late Brigadier Sean Hales" (en-GB). www.britishpathe.com. Dáta rochtana: 2022-12-07.
  2. cogg.ie. "29 Saorstát Éireann". Dáta rochtana: 2024.