Baile an Bhóthair, Áth Cliath
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Booterstown (en) ![]() | |||||||||||
![]() ![]() | |||||||||||
| |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Baile beag cois farraige ar imeall Bhaile Átha Cliath is ea Baile an Bhóthair (Béarla: Booterstown). Baile fearainn agus paróiste sibhialta atá sa bhaile, agus é mar chuid de Dún Laoghaire-Ráth an Dúin. Seasann an baile seacht gciliméadar (4.3 míle) ó dheas ón ard-chathair.
Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Baile an Bhóthair suite ar bhruach Chuan Bhaile Átha Cliath in oirthear na tíre. Na bailte eile a bhfuil sé ag críochantacht leo ná Dumhach Thrá ó thuaidh i dtreo na cathrach, agus an Charraig Dhubh ó dheas i dtreo dheisceart an chontae. Trasnaíonn dhá bhothair an baile, mar atá Bóthar Mhuirfean agus Bóthar na Carraige.
Oideachais[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá dhá Ghaelcholáiste lonnaithe ann- Coláiste Eoin do bhuachaillí agus Coláiste Íosagáin do chailiní.
Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuireann Bus Átha Cliath seirbhís bhus agus Aircoach ar fáil do lucht an bhaile. Freastlaíonn Stáisiún Bhaile an Bhóthair ar rianta DART.
Rudaí le Feiceáil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Anaclann Dúlra Bhaile an Bhóthair suite ar riasc Bhaile an Bhóthair. Tearmann éan atá ann.
Féach ar[cuir in eagar | athraigh foinse]