Earnán de Blaghd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Earnán de Blaghd
Ernest Blythe.jpg
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 26, 1922
Dúiche: Muineachán Thuaidh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
Teachta Dála

Eanáir 21, 1919 - Bealtaine 10, 1921
Dúiche: Muineachán Thuaidh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1918
An tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta

Meitheamh 17, 1919 - Lúnasa 30, 1922 - Seosamh Mac Craith
Teachta Dála

Lúnasa 16, 1921 - Meitheamh 8, 1922
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1921
Aire Gnóthaí Eacnamaíochta

Iúil 17, 1922 - Meán Fómhair 9, 1922
Caoimhín Ó hUiginn
An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

Lúnasa 30, 1922 - Deireadh Fómhair 15, 1923
Liam Tomás Mac Cosgair - Séamus Búrc
Teachta Dála

Meán Fómhair 9, 1922 - Lúnasa 9, 1923
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1922
Teachta Dála

Meán Fómhair 19, 1923 - Bealtaine 20, 1927
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1923
An tAire Airgeadais

Meán Fómhair 21, 1923 - Márta 9, 1932
Liam Tomás Mac Cosgair - Seán Mac an tSaoi
Teachta Dála

Meitheamh 23, 1927 - Lúnasa 16, 1927
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, Meitheamh 1927
Leas-Uachtarán Chomhairle Feidhmiúcháin Shaorstát na hÉireann

Iúil 14, 1927 - Márta 9, 1932
Caoimhín Ó hUiginn - Seán Tomás Ó Ceallaigh
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1927 - Nollaig 17, 1931
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, Meán Fómhair 1927
Aire Poist agus Telegrafa

Deireadh Fómhair 12, 1927 - Márta 9, 1932
James Walsh - Joseph Connolly (en) Aistrigh
Teachta Dála

Márta 9, 1932 - Nollaig 22, 1932
Dúiche: Muineachán
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1932
Seanadóir na hÉireann

Eanáir 2, 1934 - Nollaig 6, 1934
Toghchán: fothoghchán
Seanadóir na hÉireann

Nollaig 6, 1934 - Bealtaine 19, 1936
Toghchán: Seanad Éireann 1934
Saol
Eolas breitheLios na gCearrbhach, 13 Aibreán 1889
NáisiúntachtÉire
Poblacht na hÉireann
Saorstát Éireann
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásBaile Átha Cliath, 23 Feabhra 1975
Oideachas
Alma materOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Teangachaan Béarla
an Ghaeilge
Gairm
Gairmpolaiteoir
Áit oibreLondain
BallraíochtBráithreachas na Poblachta
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaSinn Féin
Fine Gael

Polaiteoir, réabhlóidí, údar agus bainisteoir amharclainne Éireannach ab ea Earnán de Blaghd (de Blaghad uaireanta nó Ernest Blythe), a rugadh ar an 13 Aibreán 1889 agus a d'éag ar 23 Feabhra 1975. Bhí an sé ina bhall den IRB agus de Chonradh na Gaeilge agus ghlac sé páirt sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann. Ach ag an am céanna, bhí sé ar dhuine de na ceannairí ba ghníomhaí agus ba chonspóidí sa 20ú haois i ngluaiseacht na saoirse agus i ngluaiseacht na Gaeilge.[1]

1922

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Protastúnach as Machaire na gCeall[2] ab ea de Blaghd. Bhí feirm ochtó acra ann ag a athair James Blythe, ball d’Eaglais na hÉireann. Mar Phreispitéireach a tógadh a mháthair Agnes Thompson.

Ba é a ghrá don Ghaeilge a thug an Blaghdach isteach sa pholaitíocht ar dtús.[1]

Thosaigh sé ag taisteal don Bhráithreachas i gCúige Uladh timpeall 1910, agus ag freastal ar ranganna Gaeilge i gColáiste Chomhghaill, Béal Feirste. Ach in 1913 chuaigh an Blaghdach ó dheas go Corca Dhuibhne ina sclábhaí feirme (agus in aois 23 bliain dó) chun an Ghaeilge a fhoghlaim. An bhliain dár gcionn, bhí sé ina oibrí feirme ag muintir Thomáis Ághas i gCinn Aird. Bhí sé ina chaptaen ar Óglaigh Lios Póil chomh maith.

Sa bhliain 1915, fuair sé ordú a bheith ag taisteal arís don Bhráithreachas i gCúige Uladh. Ceapadh ina thimire do na hÓglaigh ansin é.[1]

I 1915 shuigh sé isteach i ngluaisteán den chéad uair ina shaol - ar a bhealach go príosún Bhóthar Chroimghlinne.[3]

Nuair a bhí Éirí Amach na Cásca faoi lán tseoil i mBaile Átha Cliath, bhí an Blaghdach díreach tar éis a bheith curtha sa phríosún.

Ina phríosúnach in Éirinn agus i Sasana a chaith de Blaghd an chuid is mó den am ó gabhadh é 21 Márta 1916 go dtí deireadh Feabhra 1919.[4] Tá mion chur síos ina leabhar "Gaeil Á Múscailt"[5] ar shaol an chime – ina aonar i bpríosún Brixton agus smaointe drúisiúla á chrá; ar stailc ocrais agus tarta i bpríosún Chorcaí agus é ag brionglóidí ar dheochanna dubha leanna agus ina cheannfort ar an mbuíon de phríosúnaigh ‘dhainséaracha’ i bpríosún Bhéal Feirste chomh maith lena ainmníú, ar mholadh Éamon de Valera, ina Stiúrthóir Trádála agus Tráchtála sa chéad Dáil Éireann.[5]

Aire rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug de Blaghd an-tacaíocht don Chonradh Angla-Éireannach. Toghadh é ina Theachta Dála do Mhuineachán Thuaidh sa bhliain 1918.

Ó shin go 1922, bhí an Blaghdach ina Aire ar an Roinn Tionscail agus Trádála. Ceapadh ina Aire Airgeadais é nuair a bhí rialtas Liam Tomás Mac Cosgair ann. Cáineadh go géar é nuair a d'ísligh sé an pinsean ó deich scilling go naoi scilling; chaill sé a shuíochán sa bhliain 1933.

Faisisteachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

an Blaghdach ar dheis, timpeall 1934

Faisistí go smior a bhí ann. Sna 1930idí bhí de Blaghd ina bhall sinsearach de na Léinte Gorma agus ina sheanadóir (1933-36).

D'éirigh an Blaghdach as an bpolaitíocht sa bhliain 1936 le dul le hamharclannaíocht. Bhí sé ina bhainisteoir ar Amharclann na Mainistreach ó 1941-67.

Amharclannaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 1925 thug de Blaghd, mar aire, fóirdheontas d’Amharclann na Mainistreach. Deirtear gurbh é an chéad uair i ndomhan an Bhéarla a ndearnadh a leithéid. Deich mbliana ina dhiaidh sin thug W.B. Yeats cuireadh dó a bheith ina stiúrthóir ar an amharclann.[1]

Bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta ar Amharclann na Mainistreach ó 1941 go 1967 agus ar dhuine de na stiúrthóirí go 1972.

D’aistrigh sé Le Bourgeois Gentilhomme le Moliere go Gaeilge faoin teideal Sodar i ndiaidh na nUasal agus léiríodh é 21 Bealtaine 1944.[1]

Chuirtí ina leith go ndiúltaíodh sé drámaí maithe, go nglacadh sé le drochdhrámaí, agus go gcuireadh sé aisteoirí ó dhoras mura mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge acu.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógra san iris 'Éire' i 1940; grianghraf timpeall 1922

Bhí an Blaghdach ina Ghaeilgeoir dílis. Is dó a thugtar an chreidiúint maidir le polasaithe Gaeilge an rialtais i gcoitinne idir 1922 agus 1932 agus maidir le bunú an Ghúim, Choláiste Mhuire, na gcoláistí ullmhúcháin, agus maoiniú Choláiste Ollscoile na Gaillimhe i dtreo go gcuirfí le tábhacht na teanga ann.[1]

Is eisean a rinne an cinneadh deontas stáit a thabhairt chun go mbunófaí Taibhdhearc na Gaillimhe, amharclann náisiúnta na Gaeilge, sa bhliain 1927.

Bhí sé in aghaidh Chonradh na Gaeilge i rith na tréimhse sin toisc, b’fhéidir, an tsíorghearáin a bhí ar siúl acu i dtaobh fhaillí an rialtais, dar leo, sa teanga.[1] Thug sé tacaíocht don chló rómhánach i ngnóthaí foilsitheoireachta an rialtais, rud nár mhéadaigh gean Gaeilgeoirí poblachtacha air.

D'fhoilsigh an Blaghdach trí leabhar dírbheathaisnéise sa Ghaeilge, mar atá, Trasna na Bóinne (1957)[6], Slán le hUltaibh (1971), agus Gaeil á Múscailt (1973).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 'Ernest Blythe', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd, 2003

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 "DE BLAGHD, Earnán (1889–1975)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-06-05.
  2. "Magheraliskmisk" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-06-05.
  3. DE BLAGHD, Earnán. "Slán le hUltaibh le Earnán de Blaghd | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-15. Dáta rochtana: 2020-06-05.
  4. "Gaeil á Múscailt | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-09. Dáta rochtana: 2020-06-05.
  5. 5.0 5.1 Earnán de Blaghad (1973). "Gaeil Á Múscailt" (as ga). 9780862895907. 
  6. "Trasna na Bóinne | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-09. Dáta rochtana: 2020-06-05.