Dan O’Rourke
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Contae Liatroma, Éire |
| Bás | 4 Lúnasa 1968 |
| Seanadóir na hÉireann | |
| 14 Iúil 1951 – 7 Iúil 1954 Téarma parlaiminte: 7ú Seanad Éireann Toghcheantar: Rolla Oibreachais | |
| 18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 13ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1948 | |
| Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael | |
| 1946 – 1949 ← Séamus Gardiner (en) | |
| 9 Meitheamh 1944 – 11 Nollaig 1947 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 12ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1944 | |
| 30 Meitheamh 1938 – 26 Bealtaine 1943 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 10ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1938 | |
| 21 Iúil 1937 – 25 Bealtaine 1938 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 9ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1937 | |
| 9 Márta 1932 – 22 Nollaig 1932 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 7ú Dáil Toghcheantar: Ros Comáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1932 | |
| 9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 3ú Dáil Toghcheantar: Maigh Eo Theas–Ros Comáin Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1922 | |
| 16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 2ú Dáil Toghcheantar: Maigh Eo Theas–Ros Comáin Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1921 | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Oiliúna De La Salle |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Fianna Fáil |
Polaiteoir as Contae Ros Comáin ab ea Daniel O'Rourke ( - 4 Lúnasa 1968). Bhí sé ina bhall de Shinn Féin ar dtús agus ansin d'Fhianna Fáil. Múinteoir, feirmeoir, Óglach, Oifigeach, Teachta Dála, Seanadóir, peileadóir, bainisteoir, tírghráthóir a raibh tionchar millteach aige ar an gceantar as ar sníodh é, An Caisleán Riabhach.
Sin-seanathair Aoife agus Lisa O'Rourke is ea é.[1]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]I ngar do Chluainín Uí Ruairsc i gcontae Liatroma a saolaíodh Dan O’Rourke. Tar éis dó cáiliú mar mhúinteoir bunscoile i 1908 thug sé trí bliana ag teagasc ar an bPointe i gcontae an Dúin.
Fuair sé post ansin ar an Tearmann i bhfoisceacht 5km den Chaisleán Riabhach. Ba ansin a d’fhan sé go ndeachaigh sé ar a phinsean i 1955.
Bheadh amhras ort faoi bhunús cuid de na scéalta atá sa seanchas áitiúil faoi éachtaí leithéid Uí Ruairc ach léiríonn an ceann seo, atá fíor, cuid mhaith faoina mhianach.[1]
Cogadh na Saoirse
[cuir in eagar | athraigh foinse]Comrádaí mór de chuid Thomáis Ághas ab ea é. Ba é a bhás siúd ar stailc ocrais i 1917 a thug ar an Ruairceach dul isteach i ngluaiseacht na Poblachta. Toghadh é ina chomhairleoir contae ag Sinn Féin i Ros Comáin agus ansin mar Theachta Dála dá gcuid i ndeisceart an chontae i 1921.
Lá dá raibh, tháinig buíon de na Dúchrónaigh chun na scoile ar a thóir. Fad agus a d’fhan an chuid eile acu sa leoraí, chuaigh a gceannasaí isteach sa seomra ranga ar thóir Dan. Níorbh é a gcineáltas ba mhó a bhí luaite leis na Dúchrónaigh céanna, ach b’fhéidir gur socraíodh go ndéanfadh sé sin ina aonar sa gcaoi nach scanrófaí na páistí. Mheasadar freisin is dóigh, gur ar éigean a bheadh an máistir scoile armáilte ach an oiread agus é i mbun a chuid oibre. Fós níor sáinníodh Dan a bhain an gunna den Tan agus a rith amach cúldoras na scoile go dtáinig sé ar chaladh sábháilte sa gceantar máguaird a raibh na seacht n-aithne aige air.[1]
CLG
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Dan O’Rourke a bhunaigh an chéad chumann peile ar an Tearmann (Naomh Caoimhín, an Caisleán Riabhach atá inniu orthu), d’imir sé dóibh agus do Ros Comáin agus ba é a thraenáil na foirne a thug Corn Mhig Uidhir chuig an gcontae sin i 1943 agus 1944, rud nach raibh déanta roimhe sin acu agus nach ndearna siad ó shin.
Toghadh mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael é i 1946 agus ba é a bhí sa bpost an bhliain dár gcionn nuair a imríodh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i Nua-Eabhrac.[1]
Fianna Fáil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac O’Rourke ballraíocht i bhFianna Fáil nuair a bunaíodh an Páirtí sin i 1926. Faoi dhó a bhuaigh sé suíochán dóibh siúd.[1]