Éamon de Valera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaÉamon de Valera

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Deireadh Fómhair 1882
Manhattan, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Lúnasa 1975
92 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisNiúmóine
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon 53°22′20″N 6°16′40″W / 53.37219°N 6.27781°W / 53.37219; -6.27781 Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán na hÉireann
25 Meitheamh 1959 – 24 Meitheamh 1973
← Seán Tomás Ó CeallaighErskine Hamilton Childers →
Teachta Dála
20 Márta 1957 – 23 Meitheamh 1959
Téarma parlaiminte: 16ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Taoiseach
20 Márta 1957 – 23 Meitheamh 1959
← Seán A Mac CoisdealbhaSeán F. Lemass →
Teachta Dála
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 15ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Taoiseach
13 Meitheamh 1951 – 2 Meitheamh 1954
← Seán A Mac CoisdealbhaSeán A Mac Coisdealbha →
Teachta Dála
13 Meitheamh 1951 – 23 Aibreán 1954 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 14ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

13 Lúnasa 1949 – 1 Feabhra 1951
Teachta Dála
18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 13ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
9 Meitheamh 1944 – 11 Nollaig 1947 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 12ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
1 Iúil 1943 – 10 Bealtaine 1944 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 11ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

An tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
15 Lúnasa 1941 – 18 Lúnasa 1941
← P. J. RuttledgeSeán Mac an tSaoi →
An tAire Oideachais agus Scileanna
27 Meán Fómhair 1939 – 18 Meitheamh 1940
← Seán Tomás Ó CeallaighTomás Ó Deirg →
Teachta Dála
30 Meitheamh 1938 – 26 Bealtaine 1943 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 10ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Taoiseach
29 Nollaig 1937 – 18 Feabhra 1948
← Uachtarán Chomhairle Feidhmiúcháin Shaorstát na hÉireannSeán A Mac Coisdealbha →
Teachta Dála
21 Iúil 1937 – 25 Bealtaine 1938 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 9ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
8 Feabhra 1933 – 14 Meitheamh 1937 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 8ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

An tAire Gnóthaí Eachtracha
9 Márta 1932 – 18 Feabhra 1948
← Patrick McGilliganSeán MacBride →
Uachtarán Chomhairle Feidhmiúcháin Shaorstát na hÉireann
9 Márta 1932 – 29 Nollaig 1937
← Liam Tomás Mac CosgairTaoiseach →
Teachta Dála
9 Márta 1932 – 22 Nollaig 1932 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 7ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
11 Deireadh Fómhair 1927 – 17 Nollaig 1931 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 6ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
23 Meitheamh 1927 – 16 Lúnasa 1927 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 5ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Ceannaire Fhianna Fáil
23 Márta 1926 – 23 Meitheamh 1959 – Seán F. Lemass →
Teachta Dála
19 Meán Fómhair 1923 – 20 Bealtaine 1927 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 4ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Teachta Dála
9 Meán Fómhair 1922 – 9 Lúnasa 1923 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 3ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

President of the Irish Republic (en) Aistrigh
26 Lúnasa 1921 – 9 Eanáir 1922 – Art Ó Gríofa →
Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil

Toghcheantar: An Clár

Príomh-Aire na Dála
1 Aibreán 1919 – 9 Eanáir 1922
← Cathal BrughaArt Ó Gríofa →
Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: East Clare (en) Aistrigh

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Clare (en) Aistrigh

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Mayo (en) Aistrigh

Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
10 Iúil 1917 – 25 Samhain 1918 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: East Clare (en) Aistrigh

Ball de Pharlaimint Thuaisceart Éireann
Ambasadóir
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ríoga na hÉireann
C.B.S. Charleville (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Baitsiléir Eolaíochta
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmatamaiticeoir, taidhleoir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil (1926–)
Sinn Féin (–1926) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Gairm mhíleata
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca, Cogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha na hÉireann
Teaghlach
CéileSinéad de Valera (1910–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBrian de Valera, Éamon (Óg) de Valera, Rúaidhrí de Valera, Máirin de Valéra, Emer de Valera, Vivion de Valera, Terry de Valera Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJuan Vivion de Valera  agus Catherine Coll
Gradam a fuarthas
Síniú

Musicbrainz: d079ba1a-a8d2-4611-95fb-5d7a42e416df Find a Grave: 4129 Cuir in eagar ar Wikidata

Trodaí saoirse agus polaiteoir ab ea Éamon de Valera (14 Deireadh Fómhair 1882 i Nua-Eabhrac - 29 Lúnasa 1975) a bhí ina Thaoiseach agus ina Uachtarán ar Éirinn.[1][2] Faoin ainm George de Valero a rugadh é.[3] Baisteadh 'Edward de Valera' air, agus ansin Éamon roimh 1901. B'iad na leasainmneacha a bhí air ná "Dev" agus "The Chief".[4]

Bhí De Valera ar dhuine de na polaiteoirí ba mhó cumhachta in Éirinn san fhichiú haois.[5] Bhí sé ar dhuine de cheannairí Éirí Amach 1916 agus throid sé in éadan an Chonartha le linn an Chogaidh Chathartha. Bhunaigh sé Fianna Fáil agus bhí sé ina Thaoiseach trí huaire. Bhí sé 76 bliain d'aois nuair a toghadh ina Uachtarán é in 1959 agus rinne sé dhá théarma san oifig, go dtí an bhliain 1973.[5]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh de Valera i gCathair Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1882. B'iad a thuismitheoirí an mháthair Éireannach Cáit Coll ón gCnoc Mór i gContae Luimnigh (ainm iomlán: Catherine Coll de Valera Wheelwright), agus an t-athair Spáinneach Juan Vivion de Valera. An t-aon eolas atá againn faoina athair, is ó de Valera féin a fuair muid é.

Dúirt sé gur dealbhóir Spáinneach ab ea Juan Vivion a tháinig go dtí na Stáit Aontaithe agus a casadh ar a mháthair Kate ansin. Phós siad sa bhliain 1881, ach cailleadh Juan Vivion ceithre bliana ina dhiaidh sin. Níor éirigh le Tim Pat Coogan, a scríobh beathaisnéis chuimsitheach faoi de Valera, an t-eolas seo a dhearbhú sna foinsí oifigiúla, nó níl a leithéid de phósadh cláraithe iontu. Mar sin, creideann acadúlaigh áirithe go bhfuil seans ann gur leanbh tabhartha a bhí in Eamon agus gur chum sé féin an scéal faoi Juan Vivion de Valera leis an náire seo a choinneáil ceilte.

De cheal eolais, ní féidir an teoiric seo a dhearbhú ná a shéanadh, ach is eol dúinn, ar fad, gur tógadh de Valera i gceantar bocht sa chathair mhór ar dtús, agus is dócha go raibh dea-chuimhní éigin aige ón tréimhse seo nó ar a athair, ar a laghad d'ainmnigh sé a chéad mhac féin, Vivion de Valera, as a athair. Nuair a fuair Juan Vivion bás, thug a uncail Ned é go hÉirinn, agus chuaigh de Valera chun cónaí ag a sheanmháthair Elizabeth Coll (máthair Cháit), ar fheirm i mBrú Rí, Contae Luimnigh.

Bhí saol réasúnta compordach ag an leaid óg ansin. Bhí sé ag obair ar an bhfeirm, ag freastail ar an scoil náisiúnta i mBrú Rí, ag éisteacht le scéalta seandaoine an tsráidbhaile, agus ag imirt rugbaí. Bhí an scoil ag éirí go maith leis, agus an mhatamaitic ag taitneamh leis thar na hábhair eile.

Fuair sé a chuid meánscolaíochta ag na Bráithre Críostaí san Ráth i gContae Chorcaí. Bronnadh scoláireacht air a cheadaigh dó aghaidh a thabhairt ar Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1898. Rinne sé dianstaidéar ar an matamaitic, agus rinneadh ollamh le matamaitic de i gColáiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1903.

Bhain sé amach a chéim sa mhatamaitic ó Ollscoil Ríoga na hÉireann (Ollscoil na hÉireann inniu) sa bhliain 1905. Chuaigh sé ag obair i gColáiste Belvedere. Ghlac sé post nua sa bhliain 1906 i gColáiste Oiliúna Múinteoirí Carysfort sa Charraig Dhubh. Fuair sé ansin post páirtaimseartha i gColáiste Mhá Nuad mar léachtóir sa mhatamaitic.

Conradh na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí athbheochan Ghaelach ar siúl sa tír ag an am seo, i mBaile Átha Cliath ach go háirithe, agus de Valera sáite san obair seo chomh maith le duine. Chaith sé a sheal féin ina Ghaeilgeor, agus chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, eagraíocht nua a bhí bunaithe ag Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill le sracadh nua a chur sa tseanteanga.

Thosaigh de Valera ag freastal ar cheachtanna Ghaeilge sa chathair. An múinteoir a bhí aige ná Sinéad Ní Fhlannagáin, Gaeilgeoir ó Bhaile Brigín, agus í ceithre bliana níos sine ná de Valera. Thit siad i ngrá, agus chuaigh brat pósta orthu ar an 8 Eanáir, 1910 i séipéal ag Cé Arainn sa chathair. Ar an 25 Samhain 1913, chuaigh de Valera sna hÓglaigh. Bhí dúchas an cheannaire ann, agus rinneadh captaen de tar éis tamaill. San am sin, bhí na hÓglaigh faoi smacht Bhráithreachas na Poblachta (IRB), agus lean de Valera ar aghaidh san eagraíocht seo freisin.

Ráiteas, sínithe ag De Valera, i leith na Gaeilge, san irisleabhar 'Éire' Bliainiris Ghaedheal, leathanach 9, 1940.

Éirí Amach na Cásca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí na hÓglaigh agus Arm na Saoránach ag pleanáil éirí amach in Éirinn le tamall maith anuas, agus tháinig deis mhaith nuair a bhí an Chéad Chogadh Domhanda ar siúl. Thosaigh Éirí Amach na Cásca nuair a léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Poblachta amach ar Shráid Sackville (Sráid Uí Chonaill inniu) ar an 24 Aibreán sa bhliain 1916.

Bhí de Valera agus an Tríú Cathlán, a bhí faoina cheannas, lonnaithe i Muileann Uí Bheoláin, ar Sráid na Canála Móire sa chathair. Bhí siad ábalta an áit a choimeád go dtí deireadh na seachtaine, ach tá tuairimí difriúla faoi pháirt de Valera i rith an Éirí Amach. Níl aon dabht gur ceannaire láidir cliste a bhí ann agus é ábalta pleananna a dhéanamh agus cinneadh a ghlacadh. Dúirt daoine eile, áfach, gur theip na néaróga air, ionas go raibh sé ag rith timpeall ag tabhairt orduithe aisteacha nó ag déanamh dearmaid d'eolas tábhachtach.

Cé gur gabhadh i ndeireadh an Éirí Amach é, níor cuireadh chun báis é, mar a tharla do na príomhcheannairí i bPríosún Cill Mhaighneann. Glactar leis go coitianta go mbeadh an bás i ndán dó go cinnte, ach go bé gur saoránach Meiriceánach a bhí ann nach bhféadfaí a mharú mar sin gan trioblóidí dioplómaitiúla a fháil leis na Stáit Aontaithe. Bhí an Chéad Chogadh Domhanda díreach ar siúl, agus na Sasanaigh ag iarraidh na Meiriceánaigh a bhréagadh isteach go fóill. Mar sin, níor theastaigh trioblóid ar bith uathu leo siúd.

20 Márta 1918

Cibé scéal é, d'fhan de Valera faoi ghlas i bpríosún eile seachas Chill Mhaighneann, agus na húdaráis ag iarraidh ceist na saoránachta a réiteach. Nuair a tháinig freagairt láidir ón phobal tar éis na mbásuithe eile, cuireadh stad leis na básuithe go tobann.

Chaith sé bliain fosta faoi ghlas i Sasana, agus ansin scaoileadh saor ina laoch é i mí Meitheamh, 1917.

Sinn Féin agus an Chéad Dáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tacaíocht Shinn Féin ag fás go géar gasta díreach tar éis an Éirí Amach. Ar dtús, bhí cosmhuintir na hÉireann in aghaidh na ceannairce, ach nuair a cuireadh chun báis é, d'athraigh an port acu. Thosaigh siad ag dearcadh ar cheannairí an Éirí Amach mar laochra, agus bhí de Valera in ann buntáiste a ghlacadh air sin, ó bhí sé ar an gceannaire ab airde céim a tháinig slán as na básuithe.

Sa bhliain 1917, d'fhéach rialtas na Breataine an coinscríobh a chur i bhfeidhm ar Éirinn. Tharraing sé sin míghnaoi ar an rialtas.

Toghadh de Valera mar Fheisire Parlaiminte Shinn Féin ar son Oirthear an Chláir ar 10 Iúil 1917. Atoghadh de Valera mar ionadaí parlaiminte ar son an Chláir sna hOlltoghcháin ina dhiaidh sin go dtí gur toghadh mar Uachtarán é in 1959.

Chuaigh sé i gceannas ar Shinn Féin mar Uachtarán. D'éirigh go gleoite le Sinn Féin san olltoghchán sa bhliain 1918, nó bhain siad amach 73 cinn de na suíocháin Éireannacha, 104 cinn ar fad, agus 73 % den vóta. Ní dheachaigh aon duine de na Feisirí go dtí an Westminster, áfach. Ina ionad sin, tháinig siad le chéile i mBaile Átha Cliath, áit ar bhunaigh siad a bparlaimint féin, Dáil Éireann.

Chruinnigh na Teachtaí Dála nua i dTeach an Ardmhéara sa chathair ar an 21 Eanáir sa bhliain 1919, agus cuireadh an Chéad Dáil ar bun. Gabhadh de Valera arís i mí Bealtaine 1918, agus dá thoradh sin, toghadh Cathal Brugha ina Phríomh-Aire ina áit. D'éalaigh de Valera as Príosún Lincoln i mí Feabhra sa bhliain 1919, agus ansin chuaigh sé i mbun a sheanphoist arís. Is í an chéim a bhí aige san am ná Príomh-Aire, agus b'é ba chiall leis an teideal sin ná ceann comhairle ar an bparlaimint - is é sin, ní raibh sé go díreach ina Cheann Stáit.

Ní raibh aon mhoill ar rialtas na Breataine a fhógairt gur pharlaimint neamhdhlíthiúil ab ea an Dáil. Ansin, chuaigh Seán T. Ó Ceallaigh go Páras ar lorg aitheantas idirnáisiúnta d'Éirinn. Theip ar an iarracht seo, áfach, agus dá dheasca sin, chaithfeadh de Valera féin dul go Stáit Aontaithe Mheiriceá le haitheantas, cabhair airgid agus tacaíocht a iarraidh don Phoblacht nua. D'fhan sé sa tír sin ó Mheitheamh sa bhliain 1919 go dtí Mí na Nollag sa bhliain 1920, nuair a bhí Cogadh na Saoirse á chur in Éirinn. B'é Mícheál Ó Coileáin a bhí i gceannas sa bhaile agus de Valera as láthair, nó bhí an Coileánach ina Aire Airgeadais ag an am.

Conradh Angla-Éireannach[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Lúnasa 1921, d'athraigh de Valera bunreacht na Dála chun oifig nua a chruthú dó fhéin - Uachtaránacht na Poblachta. Nuair a tháinig deireadh leis na cathanna ar an 11 Iúil 1921 le sos cogaidh, cuireadh toscaireacht go Londain le dul i gcomhchainteanna leis na Sasanaigh. Cé gurbh é de Valera a bhí i gceannas ar an bPoblacht thar aon rud eile, ní raibh sé ar an toscaireacht.

De Valera, 1922

Chuaigh cúigear fear eile go Sasana ina ionad. D'áitigh de Valera gur cheart dó fanacht in Éirinn le haire a thabhairt don tír ar feadh na tréimhse deacra seo. Cuirtear ina leith freisin, áfach, go raibh a fhios aige nach raibh ach drochsheans ag na hÉireannaigh neamhspleáchas iomlán a bhaint amach dá dtír, agus gurbh fhearr leis gan an fhreagracht pholaitiúil a ghlacadh air as aon droch-chonradh síochána. Síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921, ach ní raibh de Valera sásta leis ar chor ar bith. Níor thug sé aitheantas don Chonradh, ós rud é gur fhág sé srianta le neamhspleáchas na hÉireann, ar nós Calafoirt an Chonartha, an chríochdheighilt, agus an mhóid dílseachta don Rí a chaithfeadh na Teachtaí Dála a thabhairt.

1932

Bhí díospóireacht bhinbeach ar an Dáil faoin gConradh, agus sa deireadh, chuaigh ceist an Chonartha ar vóta ar an 7 Eanáir 1922. Chaill de Valera agus na frith-Chonraitheoirí an vóta, nó ní bhfuair siad ach 57 vóta in aghaidh 64 cinn a fuair an Conradh. Shiúil de Valera agus lucht a thacaíochta amach as seomra cruinnithe na Dála tar éis an vóta lena míshástacht a léiriú.

Cogadh Cathartha na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh de Valera as an Uachtaránacht, agus ansin, thosaigh an Cogadh Cathartha in Éirinn. Bhí de Valera ag tacú leis na Poblachtánaigh, is é sin, iad siúd a bhí ag cur i gcoinne Arm an tSaorstáit, is é sin, na fórsaí armtha a bhí díreach á n-earcú agus á n-inleadh ag rialtas an stáit nua Éireannaigh. Thosaigh na cathanna ar an 28 Meitheamh 1922, nuair a ghlac na frith-Chonraitheoirí seilbh ar na Ceithre Chúirteanna i mBaile Átha Cliath. Cé gur thacaigh sé leis na frith-Chonraitheoirí, ní raibh aon chéimíocht oifigiúil ag de Valera san IRA agus mar sin liostáil sé san eagraíocht arís mar ghnáth-Óglach. Deirtear gur bhuail de Valera le Risteard Ó Maolchatha faoi rún i mBaile Átha Cliath ar an 8 Meán Fómhair sa bhliain chéanna, agus iad ag iarraidh stad a chur leis an troid. Theip orthu, áfach, agus lean an slad ar aghaidh.

Bhí an chuma ar an scéal gurbh é de Valera a bhí ina cheannaire ar na frith-Chonraitheoirí, ach ní raibh mórán tionchair ná cumhachta aige i rith an chogadh. I bpáirc an áir, b'é Liam Ó Loingsigh, Ceann Foirne an IRA a bhí i gceannas, agus níor chuir de Valera a ladar sa ghnó seo. Ar an 25 Deireadh Fómhair, bhunaigh de Valera agus roinnt de na teachtaí dála frith-Chonartha eile "rialtas Poblachtach" dá gcuid féin, a bheadh i bhfeidhm mar rialtas sealadach. Ní raibh aon údarás aige arís, ámh.

Lean an cogadh ar aghaidh, chomh fuilteach is a bhí sé riamh, agus cailleadh cuid de na ceannairí móra - Micheál Ó Coileáin, Art Ó Gríofa agus Robert Erskine Childers ina measc. I mí Márta 1923, ghlac de Valera páirt i gcruinniú an IRA agus rinne siad iarracht socrú a dhéanamh ar thodhchaí an chogadh. Ceaptar go raibh de Valera i bhfabhar le deireadh a chur leis, ach ní raibh aon vóta aige agus mhair an troid fós. Maraíodh an Loingseach ar 10 Aibreán, agus tháinig Proinsias Mac Aodhagáin i gcomharbas air mar Cheann Foirne.

"Dev", timpeall 1918 - 1920

B'eisean a d'fhógair sos cogaidh ar an 30 Bealtaine, agus d'aontaigh de Valera leis an socrú seo. Thóg sé óráid cáiliúil ansin ina ndúirt sé: "Ní féidir an Phoblacht a chosaint go rathúil as seo amach le bhur gcuid arm". Ag deireadh an chogadh, gabhadh a lán de na frith-Chonraitheoirí agus iad ag teacht abhaile ón troid. hAimsíodh de Valera féin i gContae an Chláir, agus cuireadh faoi ghlas é.

Fianna Fáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bhí an tIRA éirithe as an gcogaíocht, bhí de Valera réidh chun dul le polaitíocht arís eile. Ar dtús, áfach, gabhadh arís é in Iúr Chinn Trá, nuair a thrasnaigh sé an teorainn isteach go Tuaisceart Éireann gan cheadúnas dlíthiúil. Chaith sé mí i mbraighdeanas aonair i bPríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste. Ar ais leis le Sinn Féin, agus dhearbhaigh Dev gur ba cheart dóibh bunreacht an tSaorstáit nua a ghlacadh, ar acht go gcaithfí an mhóid dílseachta i dtraipisí. Chuaigh an cheist ar vóta, ach ní raibh an bua aige an turas seo.

Dá dheasca sin, d'éirigh de Valera as uachtaránacht an pháirtí. Ina áit sin, chuir sé bun le páirtí nua, mar atá, Fianna Fáil, sa bhliain 1926, agus chuaigh sé féin i gceannas air. D'éirigh leis an bpáirtí nua go maith ar fud na tíre, agus thosaigh de Valera ag cur i gcoinne na móide dílseachta arís. Bhain sé triail as na cúirteanna leis an móid a chur ar ceal. Tháinig athrú cuma ar na cúrsaí go léir ar an 10 Iúil, 1927 nuair a maraíodh Caoimhín Ó hUiginn, Leas-Chathaoirleach na hArdchomhairlí. Tar éis na heachtra seo, rith an rialtas bille nua a chuir d'fhiachaibh ar na Teachtaí go léir agus, fiú, ar na hiarrthóirí, an mhóid dílseachta a thabhairt. Ní raibh Fianna Fáil sásta leis, ach ní raibh an dara suí sa bhuaile acu. D'aontaigh de Valera agus Fianna Fáil an mhóid a thabhairt sa bhliain 1927, agus iad ag áitiú nach raibh ann ach briathar gan bheart.

Sa bhliain 1932 b'é Fianna Fáil an páirtí ba láidre sa Dáil, agus toghadh de Valera ina Uachtarán ar an Ardchomhairle an tSaorstáit. Ní raibh an troid i gcoinne na móide thart ar chor ar bith, agus thosaigh de Valera ag iarraidh é a chur ar ceal go hiomlán. Cúis eile a bhí aige ná na hanáidí feirme a bhí le híoc leis an mBreatain Mhór. Chuir sé stad leis na híocaíochtaí seo, agus chuir na Breatanaigh smachtbhannaí eacnamaíocha ar onnmhairí Éireannacha mar dhíoltas.

Cuireadh tús le Cogadh Eacnamaíoch idir an dá thír a mhair go dtí an bhliain 1938.

1946

Ba mhaith le de Valera fáil réitithe de Sheanascal Shaorstát Éireann freisin, nó siombail thábhachtach eile a bhí ann d'fhorlámhas na Breataine Móire. Bhí sé ag iarraidh an oifig a chur ar ceal nó an bonn a bhaint de i gcónaí. Nuair a d'éirigh Séamus Mac Néill as an bpost, fuair de Valera seans fear dá chuid féin a roghnú don tSeanasclacht. Roghnaigh sé Domhnall Ua Buachalla, seanlaoch Éireannach a throid in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ba mhaith le de Valera Mac Uí Bhuachalla a choinneáil i bhfad ó shúil an tsaoil mhóir, agus dá thoradh sin, bhí an tSeanasclacht féin ina ceap magaidh ag na daoine. Ansin, bhí sé furasta ag de Valera an post a ghlacadh dó féin níos déanaí.

Ré na Práinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a phléasc an Dara Cogadh Domhanda amach, cuireadh rialtas éigeandála i bhfeidhm ar Éirinn, agus is gnách Ré na Práinne a thabhairt ar thréimhse an chogaidh, i bhfianaise an dóigh a ndeachaigh an cogadh i gcion ar na hÉireannaigh. D'fhógair de Valera, áfach, go bhfanfadh an tír amach ón gcogadh, agus an tír ag cloí le polasaí dian na neodrachta. Chuir Winston Churchill agus rialtas na Breataine an-bhrú air dul chun cogaidh i gcoinne na nGearmánach. Meastar go raibh de Valera ag iarraidh a thaispeáint don tsaol mhór gur tír neamhspleách í Éire, agus mar sin, ní fhéadfadh sé comhoibriú leis na Briotanaigh.

Ceaptar go raibh pleananna ag Adolf Hitler fórsaí armtha a chur ar garastún in Éirinn, agus is fíor go raibh craobh de chuid an IRA ag tacú leis an scéim seo. Bhí rialtas na hÉireann agus na Gearmánaigh i dteagmháil éigin le chéile leis an bhféidearthacht seo a phlé, ach sa deireadh thiar thall, chloígh de Valera leis an neodracht. Bhí a fhios aige go raibh seans ann go ndéanfadh na Gearmánaigh ionradh pé scéal é, agus dá réir sin, chuir sé na mílte Óglaigh de chuid an IRA faoi ghlas.

Bhí bagairt eile ann freisin, mar atá, ionradh na mBriotanach. Pléadh an cheist seo sa Dáil fosta. Mhair neodracht na hÉireann go dtí deireadh an chogaidh. Ar an taobh eile, is féidir a rá nárbh fhíor-neodracht í in aon chor, ach "neodracht i bhfabhar leis na Comhghuallaithe".

Príomhalt: An Éigeandáil

Nuair a cailleadh Hitler ag deireadh an chogaidh, thug de Valera cuairt ar Eduard Hempel lena chomhbhrón a chur in iúl. Chuir an eachtra seo iontas ar a lán daoine, go háirithe ó tharla nár shínigh de Valera an leabhar comhbhróin nuair a fuair Franklin Roosevelt bás.

Na blianta i ndiaidh an chogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh cumhacht de Valera agus Fianna Fáil ag dul i laghad sna blianta iarchogaidh. Cuireadh as oifig iad sa bhliain 1948, agus tháinig an chéad chomhrialtas ar an bhfód ina dhiaidh sin. B'é Seán A. Mac Coisdealbha a bhí ina Thaoiseach ar an gcomhrialtas. Ag an am sin, bhí sé bliana déag caite ag de Valera i gceannas ar an tír, agus na hÉireannaigh ag éirí tuirseach de. D'fhill de Valera ar an Dáil ina cheannaire ar an bhfreasúra, agus é ag iarraidh ceist na Críochdheighilte a choinneáil os comhair an tsaoil mhóir sa bhaile agus i gcéin. Ar an 18 Aibreán 1949, gaireadh Poblacht d'Éirinn, agus d'éirigh an tír as an gComhlathas.

Sa bhliain 1951, bhain de Valera amach oifig an Taoisigh arís, ach ní raibh tromlach aige sa Dáil. Meastar gurbh é sin an rialtas ba mheasa dá raibh sé air riamh, nó ní raibh ann ach na seanfhondúirí céanna nár rith aon smaoineamh nua leo idir an dá linn. Ní nárbh ionadh, chaill Fianna Fáil an t-olltoghchán sa bhliain 1954. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí de Valera ina Thaoiseach arís, agus é le fanacht i gceannas ar an tír an chéad sé bliana déag eile. Chuir Fianna Fáil beartas nua eacnamaíochta i bhfeidhm, an Chéad Chlár Forbartha Eacnamaíochta. Níor spáráil sé an lámh láidir ar an IRA ach an oiread, nó bhí sé sásta Óglaigh agus gníomhaithe Poblachtánacha a imtheorannú, is é sin, iad a chur faoi ghlas gan phróis cheart dlí.

circa 1964

Uachtarán na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1959, toghadh de Valera ina Uachtarán ar an tír don chéad uair. Ar an 25 Meitheamh 1959 insealbhaíodh é mar Uachtarán Éireann.[6]. Chaith sé dhá théarma san oifig[7].

D'éirigh sé as sa bhliain 1973, agus é deich mbliana is ceithre scór d'aois.

Fuair sé bás dhá bhliain ina dhiaidh sin ar an 29 Lúnasa 1975, i dteach altranais ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.

Cailleadh a bhean Síle i mí Eanáir sa bhliain chéanna, agus cuireadh in aice le chéile iad i Reilig Ghlas Naíon.

Uaigh de Valera i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • MAC AONGHUSA, Proinsias: Éamon de Valera, Na Blianta Réabhlóideacha. An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath, an chéad chló 1982

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. president.ie. "Childrens Section - Stair / Who Past". president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-19.
  2. 2.0 2.1 NICurriculum / CCEA. "Beatha le Bua (beathaisnéis ghearr as Gaeilge)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-29. Dáta rochtana: 2021.
  3. "Éamon de Velara - CSO - Central Statistics Office" (en). www.cso.ie. Dáta rochtana: 2021-08-29.
  4. "The day the Long Fella cut legendary JFK down to size" (en). independent. Dáta rochtana: 2021-08-29.
  5. 5.0 5.1 Office of the President of Ireland. "The President Eamon Devalera" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-06-25.
  6. "Inauguration of the President of Ireland" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2020-06-25.
  7. de Valera ina Uachtarán (1962). "Agallamh as Gaeilge". Dáta rochtana: 2020.