Seán Mac an tSaoi
Polaiteoir Éireannach de chuid Fhianna Fáil ab ea Seán Mac an tSaoi (Béarla: Seán MacEntee); (22 Lúnasa, 1889 – 10 Eanáir, 1984), Bhí sé ina Thánaiste ó 1959 go 1965, ina Aire Leasa Shóisialaigh ó 1957 go 1961, ina Aire Sláinte ó 1957 go 1965, ina Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí ó 1941 go 1948, ina Aire Tionscail agus Tráchtála ó 1939 go 1941, ina Aire Airgeadais ó 1932 go 1939 agus 1951 go 1954. Bhí sé ina Theachta Dála (TD) ó 1918 go 1969. Nuair a fuair sé bás, ba é an comhalta deireanach a mhair den Chéad Dáil é.[1]
Ball den pháirtí Fianna Fáil, bhí sé ina Thánaiste idir na blianta 1959 agus 1965.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh é mar John McEntee ag 47 Sráid an Rí, Béal Feirste ar 23 Lúnasa 1889, mac le James McEntee, tábhairneoir, agus a bhean chéile, Mary Owens, arbh as Muineachán an bheirt acu.[2] I 1901 agus 1911, ba é 49 Sráid an Rí seoladh an teaghlaigh. [3][4] Bhí James McEntee ina Náisiúnaí mór le rá de Bhardas Bhéal Feirste agus ina dhlúthchara leis an Teachta Parlaiminte Joe Devlin.[5]
Fuair Mac an tSaoi oideachas i Scoil na mBráithre Críostaí Naomh Muire, i gColáiste Naomh Maolmhaodhóg agus i gColáiste Bardasach Teicneolaíochta Bhéal Feirste áit ar cháiligh sé mar innealtóir leictreach.[6] Bhí a luathbhaint pholaitiúil le Páirtí Sóisialach Poblachtach na hÉireann i gcathair Bhéal Feirste. D'ardaigh sé go gasta trí chéimeanna ghluaiseacht na gceardchumann agus é ina ionadaí sóisearach i longchlóis na cathrach.
I ndiaidh a chuid oideachais d'oibrigh Mac an tSaoi mar innealtóir i nDún Dealgan, Contae Lú, agus bhí baint aige le cór áitiúil d'Óglaigh na hÉireann a bhunú sa bhaile. Shlóg sé i nDún Dealgan agus throid sé i nGarastún Ard-Oifig an Phoist in Éirí Amach na Cásca i 1916. Gearradh pionós an bháis air mar gheall ar an bpáirt a bhí aige san éirí amach. Laghdaíodh an breithiúnas seo ina dhiaidh sin go príosúnacht saoil. Scaoileadh Mac an tSaoi saor san maithiúnas ginearálta i 1917 agus toghadh ina dhiaidh sin é ina bhall d'Fheidhmeannaigh Náisiúnta Shinn Féin agus d'Óglaigh na hÉireann araon i nDeireadh Fómhair 1917. Toghadh Mac an tSaoi ina dhiaidh sin mar Fheisire Parlaiminte Shinn Féin (FP) do Mhuineachán Theas in olltoghchán 1918.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Seán MacEntee". Oireachtas Members Database.
- ↑ "General Registrar's Office". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Meán Fómhair 2021. Dáta rochtana: 22 Meitheamh 2026.
- ↑ "National Archives: Census of Ireland, 1901" (en). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-22. Dáta rochtana: 2026-06-22.
- ↑ "National Archives: Census of Ireland, 1911" (en). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-05-06. Dáta rochtana: 2026-06-22.
- ↑ "How Unionist politician saved 1916 rebel Sean McEntee from firing squad" (en).
- ↑ "MacEntee, Sean (John) Francis". Dictionary of Irish Biography.
- Ailt le téacs sa Bhéarla
- Daoine a rugadh i 1889
- Básanna i 1984
- Airí Rialtais na hÉireann
- Baill d'Óglaigh na hÉireann (1917-1922)
- Baill d'Óglaigh na hÉireann (1922–1969)
- Baill den 1ú Dáil
- Baill den 2ú Dáil
- Baill den 5ú Dáil
- Baill den 6ú Dáil
- Baill den 7ú Dáil
- Baill den 8ú Dáil
- Baill den 9ú Dáil
- Baill den 10ú Dáil
- Baill den 11ú Dáil
- Baill den 12ú Dáil
- Baill den 13ú Dáil
- Baill den 14ú Dáil
- Baill den 15ú Dáil
- Baill den 16ú Dáil
- Baill den 17ú Dáil
- Baill den 18ú Dáil
- Baill Fhianna Fáil
- Baill Shinn Féin
- Baill Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Daoine a cuireadh i Reilig Ghlas Naíon
- Daoine as Béal Feirste
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Filí na hÉireann
- Fir
- Tánaistí na hÉireann
- Baile Átha Cliath Thoir Theas (roimh 2016)