Cumann na nGaedheal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCumann na nGaedheal
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrCnaG Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtacoimeádachas Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar dheis ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh27 Aibreán 1923
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1933
1932 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Páirtí polaitiúil ab ea Cumann na nGaedheal (Cumann na nGael a bheadh ann de réir litriú an lae inniu).

Liam T. Mac Cosgair, Ceannasaí

B'é ba bhunús leis an bpáirtí ná an chuid de Sinn Féin a bhí sásta glacadh leis an gConradh Angla-Éireannach, faoi Mhícheál Ó Coileáin. Bhí sé i gcumhacht sna blianta 1923 go 1932, ar dtús mar Rialtas Sealadach agus ansin mar rialtas tofa, go dtí gur chaill siad toghchán na bliana 1932 d'Fhianna Fáil.

Chomhcheangail siad leis an Lár-Pháirtí Náisiúnta agus le Lucht na Léinte Gorma chun Fine Gael a bhunú i Meán Fómhair 1933.

Roimh an gConradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Art Ó Gríofa eagraíocht darbh ainm Cumann na nGaedhael sa bhliain 1900. Sa bhliain 1905, chuaigh an cumann seo agus a lán eagraíochtaí eile le chéile le Sinn Féin a bhunú.

An Páirtí tar éis an Chonartha Angla-Éireannaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

4ú Dáil, 19 M.F. 1923. Gorm : Cumann na nGaedheal agus "Businessmen's Party"

Tháinig an dara leagan de Chumann na nGaedheal ar an bhfód tar éis na scoilte a chuaigh ar Shinn Féin, de thoradh an Chonartha Angla-Éireannaigh sa bhliain 1921. Ghlac an tromlach leis an gConradh i nDáil Éireann, agus thréig an mionlach an Dáil faoi cheannas Eamon de Valera. Bhí Rialtas Sealadach na hÉireann i mbun chúrsaí na tíre idir 16 Eanáir - 5 Nollaig 1922.

Tugadh an t-ainm “Cumann na nGael” ar an dream a ghlac leis an Saorstát ó 1923 ar aghaidh (níor tugadh orthu go dtí sin ach 'Státairí' nó 'Sinn Féin ar son an Chonartha'). Tugadh an tArm Rialta nó Arm Shaorstát Éireann ar na daoine a chuaigh i muinín na ngunnaí chun an Saorstát a chosaint[1].

Sa bhliain 1923 bhunaigh na teachtaí a thacaigh leis an gConradh Cumann na nGaedhael mar pháirtí. Páirtí ar an eite dheis ab ea é don chuid is mó. I measc na gceannairí a thacaigh leis an gConradh bhí Art Ó Gríofa agus Micheál Ó Coileáin, ach tar éis dheireadh an Chogaidh Chathartha, bhí an bheirt acu ar shlí an fhírinne.

Fágadh Liam T. Mac Cosgair mar cheannasaí ar an bpáirtí, agus b'eisean a bhí ar an chéad Uachtarán ar Choiste Feidhmitheach Shaorstát Éireann. Ar an 27 Lúnasa 1923, bhuaigh Cumann na nGael an chéad olltoghchán i Saorstát Éireann. Ghnóthaigh LT Mac Cosgair 63 shuíochán vs Éamon de Valéra (Sinn Féin) 44.

Atógáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dóibh dul i gcumhacht, thosaigh an pháirtí ag tógáil bonneagair don Stát nua. Chuir siad an dlí i bhfeidhm arís le roinnt gníomhaithe sábháilte phobail. Cuireadh Óglaigh na hÉireann faoi chois, agus tháinig síocháin i bhfeidhm arís tar éis an Chogaidh Chathartha.

D'oibrigh Caoimhín Ó hUiginn go dian mar Aire Gnóthaí Inmheánacha chun na hÓglaigh nár ghlac leis an gConradh a chloí. Bhunaigh sé an Garda Síochána (in áit Chonstáblacht Ríoga na hÉireann) chun an dlí a choinneáil i bhfeidhm agus an tsíocháin a choimeád. Fórsa póilíneachta gan airm a bhí ann, rud a chuidigh leo gnaoi na cosmhuintire a fháil. Agus é ina Aire Gnóthaí Eachtracha, d'éirigh leis an Uiginneach níos mó féinrialtais a bhaint amach d'Éirinn ó Shasana.

Liam Tomás Mac Cosgair

Comhdhlúthú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar cheannasaí, thug an Cosgrach síocháin agus suaimhneas inmheánach don tír, agus d'éirigh leis aontas an Stáit a chosaint, cé go raibh an phobal scoilte go nimhneach tar éis an Chogaidh Chathartha.

Sa bhliain 1927, d'eagraigh an Rialtas scéim na Sionainne, scéim hídrileictreachais a bhain leas as cumhacht na habhainn chun aibhléis a chruthú agus fostaíocht a sholáthar.

Faoin am céanna, bhí scéimeanna forbartha ar an gcuma chéanna á gcur i gcrích san Eoraip (mar shampla, draenáil na riasc Pointíneach san Iodáil), ach cé gur thug sé fostaíocht don phobal in am an Spealta Mhóir, chuir sé an iomarca brú ar an ngeilleagar tar éis chostais an Cogadh Cathartha. Bhí ar an Rialtas beartais a thabhairt isteach nach raibh dúil ag na daoine iontu. Tháinig ísliú scillinge ar an bpinsean stáit agus bhí ar an bpáirtí polasaithe coimeádacha eacnamaíochta a leanúint. Thit seasamh an pháirtí in aigne an phobal de thoradh na mbeartas seo.

Caoimhín Ó hUiginn

Meath an Pháirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh go dona le Cumann na nGaedheal san olltoghchán a bhí ann i Mí an Mheithimh, 1927. Thit an méid suíochán a bhí acu ó 63 cinn (39% den iomlán) go 47 gcinn (27% den iomlán), ach bhí siad ábalta fanacht i gceann na tíre toisc gur dhiúltaigh Fianna Fáil a suíocháin a líonadh de dheasca na mionn dílseachta a chaithfeadh na Teachtaí Dála a mhóidiú do Rí Shasana.

Nuair a feallmharaíodh Caoimhín Ó hUiginn, dhearc an páirtí air mar fheillbheart mór. B'iad na Poblachtánaigh a mharaigh an tUiginneach agus é ar a shlí abhaile ón Aifreann go luath tar éis an toghcháin.

Mar fhreagra ar an ngníomh sin, reachtaíodh an tAcht um Shlándáil Phoiblí a chuir tús le pionós an bháis sa Saorstát. Thairis sin, chuir siad Acht eile i bhfeidhm a bhain na cearta ionadaíochta d'aon Teachta Dála nach dtabharfadh an Mionn Dílseachta. Mar sin, ní raibh de rogha ag na Poblachtánaigh ach a suíocháin a ghlacadh sa Dáil. Bhí freasúra ceart ag an Rialtas don chéad uair riamh.

15 Feabhra 1932, Port Láirge

Ón am sin ar aghaidh, bhí meath ag teacht ar an bpáirtí, agus cuid mhór den tacaíocht ag dul go Fianna Fáil, an páirtí nua a bhunaigh Eamon de Valera tar éis scoilt eile a theacht ar Shinn Féin. I súile an pobal, bhí Cumann na nGaedheal róthógtha leis an gConradh agus ró-ghafa le cúram na slándála pobail.

Bhí sé mar pholasaí airgeadais acu freisin treisiú leis an tsaorthrádáil. Ag an am céanna, bhí Fianna Fáil ag moladh polasaí caomhnaitheach eacnamaíochta. Buile mór ab ea an Spealadh Mór do rialtas Chumann na nGaedhael freisin.

Bhuaigh Fianna Fáil orthu i dtoghchán na bliana 1932. Ní bhfuair siad ach 57 suíochán, i gcoinne an 72 cheann a bhí ag Fianna Fáil.

Cónascadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaill an páirtí níos mó suíocháin san olltoghchán in Eanáir na bliana 1933, agus chuaigh sé i ndáil chomhairle leis an Lárpháirtí agus leis na Léinte Gorma faoi chónascadh an trí pháirtí seo. Timpeall ar Mheán Fómhair sa bhliain 1933, tháinig páirtí nua as an gcónascadh seo. Fine Gael an t-ainm a bhí air, ach i ndáiríre ní raibh ann ach leagan fairsingithe de Chumann na nGaedheal.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cowman, Des - Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach (An Gúm 1991).