Fianna Fáil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fianna Fáil
Fiannafail.jpg
Ceannasaíocht Mícheál Ó Máirtín
Bunaithe 23 Márta, 1926
Ceanncheathrú 65-66 Sráid an Mhóta Íochtarach
BÁC 2
Idé-eolaíocht Lárnachas
Poblachtánachas Éireannach
Pobalachas
Dáil Éireann
44 / 158
Seanad Éireann
14 / 60
Rialtas Áitiúil na hÉireann
262 / 949
Parlaimint na hEorpa
(Poblacht na hÉireann)
1 / 11
Cleamhnas Alliance of Liberals and Democrats for Europe
Dathanna Teimpléad:Colourbox Glas
Teimpléad:Colourbox Bán
Gréasáin www.fiannafail.ie

Is pairtí polaitiúil é Fianna Fáil i bPoblacht na hÉireann.

An páirtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaíodh an páirtí le trí bhunaidhm -

  • An tír a athaontú
  • Tír féin-chothaithe a chruthú
  • An Ghaeilge a neartú

srl

Bhí an páirtí i gcumhacht i 23 Dáil as an 29 a bhí ann roimh 2009. Ba rialtas Fhianna Fáil é an rialtas is faide, ó 1932-1948, nuair a tháinig comhrialtas i gcomharba orthu, a thit ceithre bliain níos déanaí nuair a bhuaigh Fianna Fáil olltoghchán eile faoi Eamon de Valera.

Ainm[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagann an t-ainm ón seanchas mar ba bhuíon laochra iad na Fianna faoi cheannas Fhinn Mhic Cumhaill. B'ainm "Inis Fáil" a glacadh mar ainm eile ar Éirinn.

Is ar an 2 Aibreán 1926]] a rinne an páirtí cinneadh ar a ainm. Bhí Seán Lemass i bhfabhar an ainm 'The Republican Party', ach is Éamon De Valera, ceannaire an páirtí a rinne an cinneadh, agus is é an t-ainm 'Fianna Fáil' a phioc sé.

Is minic An Páirtí PoblachtachThe Republican Party mar fhotheideal ar ainm an pháirtí.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cúlra[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí scoilt i Sinn Féin tar éis an conradh i 1922 idir Éirinn is an Bhreatain Mhór a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse. D'fhág Eamon de Valera Sinn Féin i 1925 mar níor mhaith leis an bpáirtí a suíocháin a ghlacadh sa Dháil mar gheall ar an mionn dílseachta do na Breataine. Ag an am sin, dúirt Seán Lemass gur 'páirtí leath-bhunreachtúil' ab ea an páirtí mar ní raibh siad ach ag féachaint cad ab fhéidir leo a fháil trí mheáin pholaitiúla agus dá mbeadh gá ann, d'fhillfidís arís ar an bhforéigean.

Bunú[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bunaíodh an páirtí ar an 23 Márta 1926. Ar an 16 Bealtaine 1926, reáchtáladh an chéad cruinniú an páirtí san amharclann 'La Scala' i mBaile Átha Cliath.

I gCumhacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhunaigh an páirtí a gcéad rialtas i Mí na Márta 1932 le cabhair ón Lucht Oibre. Ghéill rialtas Chumann na nGaedhael riarachán na tíre dóibh agus ba chéim mhór í seo do dhaonlathas na hÉireann mar bhí na daoine céanna á marú i gCogadh Cathartha cúpla bliain roimhe sin. I mí Eanáir 1933 d'fhógair de Valera toghchán agus bhuaigh an páirtí móramh sa Dáil.

1960idí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig a lán scannal chuig Fianna Fáil trína bliana. An Triail na nArm sa seachtóidí, nuair a cúisíodh Cathal Ó hEochaidh agus aire eile ó bheith ag tabhairt airm don tIRA, agus díbríodh iad ón gcaibinéid. Fuair an triail amach nach raibh baint acu le airm soláthar agus d'éirigh leis an Eochaigh a bheith ina Thaoiseach níos déanaí. Sna nóchaidí, bhí cúpla scannal faoi thabhairt conradh pleanála. Mar thoradh, chuaigh daoine chuig príosún agus chuir an rialtas a lán binse fiosrúcháin ar bhun.

Géarchéim, 2007-2016[athraigh | athraigh vicithéacs]

I mí Meitheamh 2009 chaill Fianna Fáil a lán suíocháin sna toghcháin áitiúla.

Ceannairí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is é Eamon de Valera an ceannaire a mhair an t-am is faide.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]