Poblachtánachas in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is idé-eolaíocht é an poblachtánachas Éireannach (nó an poblachtachas Éireannach) atá ag éileamh athaontú na hÉireann ar fad mar Phoblacht neamhspleách.

Sna blianta 1169-1603, bhí codanna d'Éirinn á rialú ag tiarnaí Normannacha nó go díreach ag coróin na Breataine Móire. I ndiaidh na bliana 1603, tháinig an t-oileán ar fad faoi fhorlámhas Shasana mar a bheadh coilíneacht ann. Sa bhliain 1801, d'aontaigh Acht na hAontachta Éire agus an Bhreatain Mhór le chéile i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. Ar lorg an náisiúnachais agus an daonlathais a bhí ag forbairt i mór-roinn na hEorpa, thosaigh an poblachtánachas ag cur bachlóg in Éirinn. Ó ba dóigh le cuid mhór de na hÉireannaigh go rabhthas ag imirt cos ar bholg orthu i gcúrsaí eacnamaíochta agus ar chúiseanna creidimh, tháinig borradh ar an bhfreasúra a bhí ag cur in aghaidh fhorlámhas na nGall.

I gcúrsaí stair na hÉireann, is gnách an náisiúnachas agus an poblachtánachas a aithint thar a chéile. Tugtar náisiúnachas ar aon dóigh a dtagann an mórtas cine nó na mothúcháin náisiúnta chun solais, mar iarrachtaí chun an cultúr náisiúnta a chur chun cinn, gluaiseachtaí measartha nach raibh ach ag éileamh rialtas dúchais d'Éirinn seachas neamhspleáchas iomlán, agus, uaireanta, gluaiseachtaí scarúnachais a bhí sásta leis na modhanna bunreachtúla oibre, in áit na gleice armtha. Is é is poblachtánachas ann ná go bhfuiltear ag éileamh neamhspleáchas iomlán faoi rialtas poblachtánach.