Jump to content

Eite dheis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaEite dheis
Sonraí
Cineálailíniú polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Cuspóir an tionscadail nó na gníomhaíochtasocial hierarchy (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Codanna
Cuid deleft–right politics (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar an eite dheispolaitíocht na heite deise ar réimse idé-eolaíochtaí ina gcreidtear go bhfuil an t-ord sóisialta agus céimlathas nadúrtha nó inmhianta. Is minic go bíonn daoine a bhfuil idé-eolaíocht na heite deise acu i bhfábhar an choimeadáchais, an dlí nádúrtha, an údaráis, an reiligiúin nó an traidisiúin. Is minic go mbraitear ar an gcéimlathas agus an neamhionannas mar thorthaí nádúrtha a thagann chun cinn mar gheall ar dhifríochtaí sóisialta.

Úsáideadh na téarmaí "eite dheis" agus "eite chlé" den chéad uair sa 18ú haois, le linn Réabhlóid na Fraince, bunaithe ar leagan amach Parlaimint na Fraince. Go traidisiúnta, an tráth sin, shuígh na daoine a bhí i bhfábhar na monarcaithe ar thaobh deas an tí.

Go traidisiúnta, tacaíonn gluaiseachtaí na heite deise leis an tradisiúin, an céimlathas, an náisiúnachas agus an t-ord sóisialta. Is minic go mbíonn na dearcthaí seo a leanas ag gluaiseachtaí den sórt sin.

Frithchumannachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is minic go dtacaíonn gluaiseachtaí ar an eite dheis leis an réadmhaoin phríobháideach, leis an gcaipitleachas agus leis an bhféiniúlacht náisiúnta. Ní thagann na smaointe sin leis an gcumannachas, ina leagtar béim ar an stádas aicmeach.

Is minic go dtacaíonn idé-eolaíocht na heite deise leis an eacnamaíocht, agus leis an ord sóisialta. Go tradisiúnta, chuir gluaiseachtaí na heite deise i gcoinne an chapitleachais, ach le himeacht ama thosaigh siad ag tacú leis an bhfás tionsclaíoch. Sa lá atá inniu ann, tá roinnt gluaiseachtaí ann ar an eite dheis a chuireann i gcoinne an chaipitleachais toisc go gcreideann siad go gcuireann an fás eacnamaíoch isteach ar an gcobhsaíocht cultúrtha agus sóisialta.

Náisiúnachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth, tacaíonn an eite dheis le córais shóisialta atá bunaithe ar an traidisiúnta nó ar an gcéimlathas sóisialta. Is minic go gcuireann traidisiúnaithe i gcoinne athruithe sóisialta agus smaointe liobrálacha, nua-aimseartha. Ina ionad sin, leagtar béim ar an leanúnachas cultúrtha agus ómos d'institiúidí traidisiúnta.

Bíonn gluaiseachtaí na heite deise i bhfábhar an reiligiúin, toisc go gcuireann sé ord morálta agus ord sóisialta ar fáil don phobal. Is minic go dtacaíonn an eite dheis le stuchtúir thraidisiúnta sa teaghlach, agus luachanna cultúrtha atá bunaithe go láidir ar an reiligiún. Tá roinnt gluaiseachtaí ar an eite dheis atá go láidir i gcoinne an ghinmhillte agus an phósta chomhghnéis. Uaireanta, leagtar béim ar an nasc idir an bhféiniúlacht náisiúnta agus an bhféiniúlacht reiligiúnach.