Luke 'Ming' Flanagan
Luke 'Ming' Flanagan | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||
Márta 9, 2011 - Bealtaine 26, 2014 Dúiche: Ros Comáin–Liatroim Theas Toghchán: Olltoghchán na hÉireann 2011
Iúil 1, 2014 - Meitheamh 30, 2019 Dúiche: Iarthuaisceart-Lár na Tíre Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2014
Iúil 2, 2019 - Dúiche: Iarthuaisceart-Lár na Tíre Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 2019 | |||||||
Saol | |||||||
Eolas breithe | Ros Comáin, 22 Eanáir 1972 (51 bliain d’aois) | ||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||
Teanga dhúchais | an Béarla | ||||||
Oideachas | |||||||
Teangacha | an Béarla | ||||||
Gairm | |||||||
Gairm | polaiteoir | ||||||
Áit oibre | Strasbourg agus An Bhruiséil | ||||||
Cleamhnú | |||||||
Páirtithe polaitíochta | luach ar iarraidh | ||||||
IMDb | nm1731831 | ||||||
lukemingflanagan.ie | |||||||
lukemingflanagan | |||||||
lukeming |
Is polaiteoir Éireannach agus Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) ó 2014 é Luke 'Ming' Flanagan.
Is as an Caisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é.
Bhí sé ina Theachta Dála neamhspleách idir 2011 agus 2014 sular toghadh é mar Fheisire Eorpach. Is Iarchomhairleoir agus Méara de chuid Comhairle Ros Comáin é freisin. Bhain sé cáil amach ar dtús le linn na 1990idí lena chuid iarrachtaí an druga cannabas a dhéanamh dleathach in Éirinn. Tugtar an leasainm Ming air mar gheall ar chosúlacht a bhíodh idir é is carachtar darbh ainm Ming the Merciless sa chartún Flash Gordon.
Pointí Pionóis[cuir in eagar | athraigh foinse]
Mí Márta sa bhliain 2013 tharraing sé cáineadh géar tar éis gur tháinig sé chun solais gur glanadh pointí pionóis óna cheadúnas tiomána. Baineadh 4 cinn san iomlán, as dhá eachtra éagsúla, óna cheadúnas, péire acu nuair a d'úsáid sé dlí a thugann cosaint dóibh siúd atá ag obair ar son na Dála, agus péire eile a ndúirt sé gur chinntigh duine ó chomhairle Ros Comáin a mbaint. Tharla seo tar éis go ndúirt sé sa Dáil nár baineadh aon phointí uaidh is tar éis dó camastaíl ar an gcaoi seo a cháineadh.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |