2011
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Blianta: 2008 2009 2010 - 2011 (MMXI) - 2012 2013 2014 |
|
| Deichniúra: 1980í 1990í 2000í - 2010í - 2020í 2030í 2040í |
|
| Aois: 20ú haois - 21ú haois - 22ú haois |
|
Bliain choitianta ab ea an bhliain 2011. (MMXI)
Clár ábhair
Eachtraí[athraigh | edit source]
- 1 Eanáir - Tháinig an Eastóin isteach sa limistéar euro[1]
- 10 Eanáir - Breis is 30 maraithe ag tuilte san Astráil
- 10 Eanáir - Maraíodh Micheala Harte (iníon Mickey Harte) ar Oileán Mhuirís
- 10 Feabhra - Maraíodh seisear i dtimpiste eitleáin i gCorcaigh
- 11 Márta - Cailleadh na mílte i gcrith talún agus tsunami sa tSeapáin
- 2 Bealtaine - Maraíodh Osama bin Laden sa Phacastáin
- 17 Bealtaine - Thug Eilís II cuairt ar Éirinn
- 23 Bealtaine - Thug Barack Obama cuairt ar Mhuine Gall i gContae Uíbh Fhailí
- 23 Bealtaine - Stopadh eitiltí in Albain de thoradh ar luaithreamhán nuair a phléasc bolcán Grímsvötn san Íoslainn
- 22 Iúil - Maraíodh 77 duine in dhá ionsaí san Ioruaidh
- 6 Lúnasa - 10 Lúnasa - Círéibeacha Shasana 2011, inar bhásaigh cúigear agus inar gortaíodh a lán eile
- 4 Meán Fómhair - Fuair iománaithe Chill Chainnigh an ceann is fearr ar churaidh 2010 Tiobraid Árann i gcraobh sinsir na hÉireann
- 27 Deireadh Fómhair - Toghadh Mícheál D. Ó hUiginn mar naoú huachtarán na hÉireann
Breitheanna[athraigh | edit source]
Básanna[athraigh | edit source]
- 2 Eanáir - Pete Postlethwaite, aisteoir Sasanach (r.1946)[2]
- 28 Feabhra - Jane Russell, aisteoir agus mainicín (r.1921)
- 23 Márta - Elizabeth Taylor, aisteoir Sasanach (r.1932 )
- 2 Bealtaine - Osama bin Laden, príomhcheannaire al-Qaeda, an grúpa sceimhlitheoireachta a rinne an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda sa bhliain 2001 (9/11) (r.1957)
- 7 Bealtaine - Seve Ballesteros, imreoir gailf Spáinneach (r.1957)
- 19 Bealtaine - Gearóid Mac Gearailt, 7ú Taoiseach (r.1926)
- 27 Bealtaine - Gil Scott-Heron, ceoltóir agus file (r.1949)
- 6 Meitheamh - Declan Costello, polaiteoir Éireannach (r.1926)
- 10 Meitheamh - Brian Seosamh Ó Luineacháin, polaiteoir Éireannach (r.1959)
- 23 Meitheamh - Peter Falk, aisteoir Meiriceánach (r.1927)
- 4 Iúil - Otto von Habsburg, uasal agus polaiteoir na hOstaire (r.1912)
- 23 Iúil - Amy Winehouse, amhránaí (r.1983)
- 7 Lúnasa - Harri Holkeri, polaiteoir Fionlannach (r.1937)
- 5 Deireadh Fómhair - Steve Jobs, príomhoifigeach feidhmiúcháin Apple (r. 1955)
- 9 Deireadh Fómhair - Dennis Ritchie, eolaí ríomhaireachta (r. 1941)
- 17 Nollaig - Kim Jong-il, ardcheannaire ar an gCóiré Thuaidh (r. 1941)
Duaiseanna Nobel[athraigh | edit source]
- Síocháin - Ellen Johnson Sirleaf, Leymah Gbowee agus Tawakel Karman
- Fisic – Saul Perlmutter, Adam G. Riess agus Brian P. Schmidt[3]
- Ceimic - Dan Shechtman
- Eacnamaíocht - Thomas J. Sargent agus Christopher A. Sims
- Fiseolaíocht nó Leigheas – Bruce A. Beutler, Jules A. Hoffmann agus Ralph M. Steinman[4]
- Litríocht - Tomas Tranströmer
Teilifís[athraigh | edit source]
- 27 Márta - Bhuaigh Sam Attwater le Brianne Delcourt an séú sraith Dancing on Ice ar ITV
- 25 Bealtaine - Bhuaigh Scotty McCreery an deichiú sraith American Idol ar Fox
- 4 Meitheamh - Bhuaigh Jai McDowall an cúigiú sraith Britain's Got Talent
- 29 Meitheamh - Bhuaigh Javier Colon an chéad sraith The Voice (SAM)
- 11 Nollaig - Bhuaigh Little Mix an ochtú sraith The X Factor (RA)
- 17 Nollaig - Bhuaigh Harry Judd le Aliona Vilani an naoiú sraith Strictly Come Dancing
- 22 Nollaig - Bhuaigh Melanie Amaro an chéad sraith The X Factor (SAM)
Cláir teilifíse nua[athraigh | edit source]
- 1 Eanáir - Mrs. Brown's Boys ar RTÉ a hAon
- 21 Feabhra - Mrs. Brown's Boys ar BBC One
- 26 Aibreán - The Voice ar NBC
- 23 Meitheamh - Suits ar USA
- 21 Meán Fómhair - The X Factor ar Fox
Cláir theilifíse ag deireadh[athraigh | edit source]
- 26 Eanáir - The Panel ar RTÉ a Dó
- Amhráin is Ansa Liom ar TG4
- Ceol na nOileán ar TG4
- Údar ar TG4